An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2026: Treochtaí agus Forbairtí: sonraí foinseacha

Sa chuach sonraí seo tá na táblaí sonraí foinseacha uile le haghaidh na Tuarascála Eorpaí um Dhrugaí 2026: Treochtaí agus Forbairtí. Úsáidtear na táblaí sonraí seo chun na léirshamhluithe sonraí agus táblaí eile sa tuarascáil a ghiniúint. Tá naisc chuig na táblaí sonraí foinseacha chun amharcléirithe sonraí a chruthú le haghaidh rannáin shonracha le fáil freisin ag bun gach leathanaigh, agus, i bhformhór na gcásanna, faoi bhun gach grafaice.

Nótaí:

  • Tabhair faoi deara nach bhfuil sa tacar sonraí a chuirtear i láthair ar an leathanach seo ach fothacar beag de na sonraí a bhailítear trínár n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta. Chun tuilleadh sonraí agus staitisticí a fháil, chomh maith le nótaí modheolaíochta mionsonraithe agus foláirimh, féach Feasachán Staidrimh 2026, a seoladh in éineacht leis an tuarascáil seo.
  • Mura luaitear a mhalairt, tá na tacair shonraí go léir go hiomlán comhoiriúnach leis an gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Fágann sé seo go bhfuil tú saor chun ár gcuid sonraí agus staitisticí a athúsáid i do chuid oibre agus i do thaighde ar choinníoll go n‑aithnítear an fhoinse.
  • Tá gach comhad i bhformáid CSV (luachanna camógdheighilte), ar formáid í a bhféadann an chuid is mó de bhogearraí scarbhileoige nó staitistiúla í a oscailt.

Nótaí modheolaíochta

Sonraí maidir le leitheadúlacht úsáide drugaí

  • Tá na sonraí leitheadúlachta a chuirtear i láthair anseo bunaithe ar shuirbhéanna ar an bpobal i gcoitinne arna gcur faoi bhráid EUDA ag pointí fócasacha náisiúnta Reitox. Chun teacht ar na sonraí is déanaí agus ar fhaisnéis mhionsonraithe mhodheolaíoch, féach Feasachán Staidrimh 2026: Leitheadúlacht úsáide druga.
  • Na grafaicí ina léirítear na sonraí is déanaí ar leibhéal na tíre, tá siad bunaithe ar staidéir a rinneadh idir sa tréimhse ó 2015 go 2024.
  • Cumhdaítear leis an gcoincheap ‘amfataimíní’ amfataimín agus meitiolamfataimín araon. Tá na sonraí leitheadúlachta a chuirtear i láthair anseo bunaithe ar shuirbhéanna ar an bpobal i gcoitinne arna gcur faoi bhráid EUDA ag pointí fócasacha náisiúnta.
  • Meastacháin ar leitheadúlacht cannabais don daonra i gcoitinne: is iad na haoisraonta 18-64 agus 18-34 don Ghearmáin, don Ghréig, don Fhrainc, don Iodáil agus don Ungáir; 16-64 agus 16-34 don Danmhairg, don Eastóin, don tSualainn agus don Iorua; 18-65 agus 18-34 do Mhálta.
  • Meastacháin ar leitheadúlacht cócaoin: is iad na haoisraonta 18-64 agus 18-34 don Ghearmáin, don Ghréig, don Fhrainc, don Iodáil agus don Ungáir; 16-64 agus 16-34 don Danmhairg, don Eastóin agus don Iorua; 18-65 agus 18-34 do Mhálta; 17-34 don tSualainn.
  • Meastacháin ar leitheadúlacht amfataimíní don daonra i gcoitinne: is iad na haoisraonta 18-64 agus 18-34 don Ghearmáin, don Ghréig, don Fhrainc, don Iodáil agus don Ungáir; 16-64 agus 16-34 don Danmhairg, don Eastóin agus don Iorua; 18-34 do Mhálta; 17-34 don tSualainn.
  • Meastacháin ar leitheadúlacht MDMA / eacstaise don daonra i gcoitinne: is iad na haoisraonta 18-64 agus 18-34 don Ghearmáin, don Ghréig, don Fhrainc, don Iodáil agus don Ungáir; 16-64 agus 16-34 don Danmhairg, don Eastóin agus don Iorua; 18-65 agus 18-34 do Mhálta; 17-34 don tSualainn.

Sonraí faoin éileamh ar chóireáil

  •  Seachas na treochtaí, baineann sonraí le gach iontrálaí cóireála a bhfuil an tsubstaint mar phríomhdhruga acu – 2024 nó an bhliain is déanaí atá ar fáil.
  • Tá treochtaí a bhaineann le hiontrálaithe céaduaire bunaithe ar fhaisnéis ó 26 thír. Ní áirítear san anailís treochtaí ach na tíortha a bhfuil sonraí le fáil ina leith ar feadh ar a laghad 6 de na 7 mbliana. Déantar luachanna atá in easnamh a idirshuí ó bhlianta cóngaracha. Mar gheall ar chur isteach ar sheirbhísí de thairbhe COVID-19, ba cheart sonraí do 2020, 2021 agus 2022 a léirmhíniú go cúramach. Rinneadh sonraí a bhí ar iarraidh a iontráil go barúlach le luachanna ón mbliain roimhe sin i gcás na Spáinne agus na Fraince (2024) agus na Gearmáine (2019). Sa Ghearmáin, déantar difear do na treochtaí toisc gur fíorbheagán duine a tharchuirtear ón gcóras ceartais choiriúil a thuilleadh, i ndiaidh an athraithe ar an reachtaíocht i mí Feabhra 2024. 
  • Bealaí riaracháin, hearóin: Áirítear le ‘bealaí eile’ ithe/ól, bolú agus príomhbhealaí neamhshonraithe tabhartha. Tá treochtaí bunaithe ar fhaisnéis ó 19 mBallstát den Aontas a chuireann sonraí ar fáil thar an tréimhse; ní áirítear ach na Ballstáit sin a bhfuil sonraí acu le haghaidh 9 mbliana ar a laghad as an 11 bhliain atá i gceist. Déantar luachanna atá in easnamh a idirshuí ó bhlianta cóngaracha. Mar gheall ar chur isteach ar sheirbhísí de thairbhe COVID-19, ba cheart sonraí do 2020, 2021 agus 2022 a léirmhíniú go cúramach.

Sonraí soláthair agus margaí

  • Léirítear leis na treochtaí innéacsaithe a chuirtear i láthair athruithe coibhneasta ar urghabhálacha drugaí thar thréimhse 10 mbliana, ach ní thugtar aon léiriú iontu ar na méideanna iarbhír.
  • Rinneadh táibléid MDMA a thiontú go maischoibhéisí trí ghlacadh le mais de 0.25 gram MDMA in aghaidh an táibléid.
  • Tagraíonn AE+2 do Bhallstáit AE móide an Iorua agus an Tuirc.
  • Praghas agus neart: meánluachanna náisiúnta – raon íosta, uasta agus idircheathairíle. Tá táscaire éagsúil luaite le tíortha.

Sonraí fuíolluisce

Sonraí Euro-DEN Plus

  • I gcás sonraí na n-athruithe bliain ar bhliain, meastar gur luachanna cobhsaí iad luachanna a bhfuil difríocht níos lú ná 10% eatarthu agus an luach roimhe sin. Ní dhéantar ionadaíocht ach ar ionaid ina dtuairiscítear 20 cur i láthair ar a laghad do gach bliain.
  • Sa Bhratasláiv, i mBúcairist, in Gdansk agus i Ríge, bhí 10 gcás nó níos lú de chásanna a bhain le cócaon ann in 2024, rud a chuireann teorainn leis an inchomparáideacht idir na blianta. Chun teacht ar na sonraí is déanaí agus ar fhaisnéis mhionsonraithe mhodheolaíoch, féach: Taiscéalaí sonraí Euro-DEN.

Sonraí maidir le seiceáil drugaí

  • An Líonra Faisnéise Drugaí Tras-Eorpach (TEDI). Sonraí ó 11 sheirbhís Eorpacha um sheiceáil drugaí i 7 mBallstát de chuid an Aontais, 2024 agus 2025.

Sonraí faoi bhásanna de bharr drugaí

  • Cion de na básanna ina luaitear ópóidigh: sonraí ó chláir mhortlaíochta speisialta. Cuimsítear tíortha a bhfuil 70 cás ar a laghad tuairiscithe iontu. Tá na tíortha ordaithe in ord íslitheach de réir an chionáin de chásanna a bhaineann le hearóin. I roinnt tíortha, tá na sonraí maidir leis na hópóidigh bheachta atá i gceist ar iarraidh. 
  • Sonraí treochtaí: níl sonraí inchomparáide don Ghearmáin ar fáil roimh 2021. Le haghaidh léirshamhlú an treochta, líonadh na blianta níos luaithe leis an gcéad phointe sonraí a bhí ar fáil. Mar sin féin, de réir an tsainmhínithe náisiúnta a úsáideadh ag an am, tháinig méadú ar líon na mbásanna de bharr drugaí sa Ghearmáin suas go dtí 2020. Níl sonraí ar fáil do roinnt tíortha le haghaidh 2023 nó 2024. Sna cásanna sin, baineadh úsáid as na sonraí is déanaí a bhí ar fáil in ionad na luachanna a bhí in easnamh (2022 don Bheilg, d’Éirinn, don Ghréig; 2023 don Spáinn, don Fhrainc, don Pholainn, don Phortaingéil).

Sonraí maidir le laghdú díobhála

  • Dáileadh snáthaidí agus steallairí agus cumhdach cóireáil le hagónaithe ópóideacha i ndáil le spriocanna 2025 na hEagraíochta Domhanda Sláinte: tá an cumhdach bunaithe ar na meastacháin náisiúnta is déanaí maidir le húsáid drugaí insteallta agus úsáid ópóideach ardriosca, meaitseáilte le sonraí gníomhaíochta um laghdú díobhála (laistigh de 2 bhliain ar a mhéad). Díorthaítear an meastachán maidir le cumhdach na cóireála le hagónaithe ópóideacha don Bheilg ó staidéar fonáisiúnta a rinneadh in 2019.
  • Nalocsón lena úsáid sa bhaile: Baineann na sonraí le Ballstáit an Aontais, leis an Iorua agus leis an Tuirc in 2024. Sa Ghréig in 2023, eisíodh dlí maidir le nalocsón a thabhairt abhaile; in 2025, eisíodh foraithne aireachta lenar ceadaíodh an clár a chur chun feidhme.
Top