Rioscaí nua sláinte do mhuintir na hEorpa i margadh drugaí atá ag athrú go tapa

TUARASCÁIL EORPACH UM DHRUGAÍ 2026: BUAICPHOINTÍ

Tá rioscaí nua sláinte ann do dhaoine a úsáideann drugaí san Eoraip de réir mar a fhorbraíonn margaí drugaí go tapa agus de réir mar a éiríonn siad níos casta. Tagann an rabhadh seo ó Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) ina Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2026: Treochtaí agus Forbairtí, arna heisiúint inniu (1).

De réir sonraí ó 29 dtír (AE-27, an Iorua agus an Tuirc), leagtar béim san athbhreithniú bliantúil ar na rioscaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le raon leathan substaintí atá ag éirí níos éagsúla a bheith ar fáil agus á n-úsáid, ar substaintí iad r minic a bhíonnl neart ard nó íonacht ard ag baint leo. Leanann táirgí nua cannabais de bheith ag teacht ar an margadh, agus tá an éagsúlacht táirgí ópóideacha agus spreagthach a dhíoltar ag méadú. Is coitianta freisin úsáid il-substaintí, agus daoine ag meascadh drugaí ar bhealaí a mhéadaíonn an riosca agus a chuireann castacht le freagairtí. Beidh cumas na hEorpa aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta sin ag brath ar chórais soláthair seirbhísí níos láidre agus ar infheistíocht mharthanach sa chosc, sa chóireáil, i laghdú díobhála agus san ath-imeascadh sóisialta.

Tá substaintí sícghníomhacha nua á mbrath fós ar ráta thart ar cheann amháin sa tseachtain. In 2025, tuairiscíodh 50 substaint shícghníomhach nua den chéad uair san Eoraip, rud a thug líon iomlán na gcásanna a raibh EUDA ag déanamh faireacháin orthu go 1 050. Ina measc sin tá táirgí ópóideacha sintéiseacha láidre nua, a bhfuil riosca méadaithe nimhithe a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha ag baint leo. Is gné choitianta anois é an galú nó úsáid r-toitíní, lena mbaineann táirgí ina bhfuil nicotín, d’úsáid substaintí i measc déagóirí san Eoraip (ESPAD, 2024). Urghabhadh gairis vápála ina bhfuil substaintí eile, amhail foirmeacha sintéiseacha agus leathshintéiseacha cannabais, i mBallstáit an Aontais, rud a léiríonn imní go bhféadfaidís a bheith ina meán le haghaidh substaintí díobhálacha eile, a bhféadfadh táirgí ópóideacha sintéiseacha nua a bheith iontu.

Sa bhreis ar an díobháil don tsláinte agus an leochaileacht shóisialta, leagtar béim sa tuarascáil ar an tionchar leanúnach a bhíonn ag margaí drugaí ar shlándáil na hEorpa. Tá imeaglú agus foréigean a bhaineann le drugaí fós ina n-ábhar imní, lena n-áirítear dúshaothrú agus earcú daoine óga leochaileacha ag grúpaí coiriúla chun gáinneáil a dhéanamh ar dhrugaí agus chun foréigean a dhéanamh.

An tráth céanna, tá líonraí gáinneála ag dul in oiriúint go tapa d’iarrachtaí forfheidhmiúcháin. I ndiaidh oibríochtaí póilíneachta níos déine ag príomhchalafoirt na hEorpa, tá coirpigh tar éis a gconairí agus a modhanna a éagsúlú chun brath a sheachaint.

Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann siad as calafoirt bheaga, as aistrithe ar muir lena mbaineann báid ‘thapa’ agus soithí eile, chomh maith le leaththumadóirí, dróin agus teicnící sofaisticiúla ceilte. Mar gheall ar na forbairtí sin, tá sé ag éirí níos deacra gáinneáil a bhrath agus cuirtear éilimh níos mó ar údaráis forfheidhmithe dlí agus ar údaráis chustaim.

Is cuid de fhreagairt chuimsitheach an Aontais ar fheiniméan na ndrugaí atá ag teacht chun cinn iad Straitéis Drugaí nua an Aontais agus Plean Gníomhaíochta nua an Aontais um chomhrac na gáinneála ar dhrugaí, mar aon le rialacha nua atá beartaithe chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar réamhtheachtaithe drugaí.

Seo mar a labhair Magnus Brunner, an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Inmheánacha agus um an Imirce: Léirítear sa Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí an costas daonna a bhaineann le húsáid drugaí, agus léirítear sna figiúirí bliantúla is déanaí go bhfuair 7 600 duine ar a laghad bás de dheasca ródháileoige. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun cosc a chur ar tháirgí nua contúirteacha an margadh a phlódú agus leas iomlán a bhaint as an dlí chun a samhail ghnó a bhaint de na gáinneálaithe neamhdhleathacha. Trí úsáid a bhaint as Córas Luathrabhaidh an Aontais Eorpaigh, tá treochtaí nua á sainaithint againn ag céim luath. Trínár bPlean Gníomhaíochta um chomhrac na gáinneála ar dhrugaí, tá leabhar beartaíochta soiléir tugtha againn d’údaráis na hEorpa — agus trí dhlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta, tá fronta domhanda á thógáil againn chun dul i ngleic leis an trádáil choiriúil sin.’

Seo mar a labhair an Dr Lorraine Nolan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUDA: ‘Tá margaí na ndrugaí ag athrú go tapa, agus tá éagsúlacht na substaintí ar shráideanna na hEorpa ag éirí níos dothuartha i gcónaí. Tá riosca ag baint leis sin: d’fhéadfadh daoine a bheith ag glacadh drugaí ardnirt, i ngan fhios dóibh i gcuid mhór cásanna. Tá tábhacht níos mó ná riamh le fíorais nithiúla. Cuirtear an fhianaise ar fáil sa Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí chun a chinntiú go bhfuil ár lucht ceaptha beartas, ár gcleachtóirí agus ár bpobail ullmhaithe go maith. Ag an am céanna, tá an tAontas Eorpach ag neartú a chóras faireacháin agus ullmhachta chun cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa agus chun tacú le freagairtí éifeachtacha. Tá cur chuige cothrom fíor-riachtanach chun dul i ngleic leis an soláthar agus leis an éileamh araon. Chomh maith le bheith bunaithe ar an eolaíocht, ní mór é a bheith dírithe freisin ar chearta an duine agus ar an tsláinte phoiblí.’

Cannabas: bealaí atá ag athrú, táirgí níos láidre, rioscaí sláinte nua

Tá bealaí soláthair cannabais aindleathaigh agus modhanna gáinneála ag athrú, agus tá méadú ag teacht ar an méid cannabais luibhe a dhéantar a gháinneáil ó lasmuigh den Eoraip, go háirithe ó Cheanada agus ó na Stáit Aontaithe, agus ar bhonn níos lú, ón Téalainn. Mar thoradh ar rótháirgeadh, ar phraghsanna níos ísle agus ar iomaíocht láidir i margadh cannabais Mheiriceá Thuaidh tá barrachas táirgí ar luach níos saoire agus a bhfuil neart níos airde ag baint leo ann. Is iondúil go mbíonn lastais ó Cheanada go dtí an Eoraip folaithe i gcoimeádáin mhuirí, agus is minic a bhraitear lastais ó na Stáit Aontaithe i dtrácht poist.

Is léiriú iad urghabhálacha ag calafoirt mhóra ar an treocht. In 2025, ghabh na húdaráis thart ar 21 thona de channabas luibhe i ngach ceann de chalafoirt Rotterdam agus Antuairp, agus ba de thionscnamh Cheanada an chuid is mó de. Chomh maith leis na sreafaí sin, tá ábhair imní maidir leis an tsláinte ag teacht chun cinn. In 2025, d’eisigh EUDA a chéad teachtaireacht maidir le riosca tríd an gCóras Eorpach um Fholáireamh Drugaí i ndáil le cannabas Mheiriceá Thuaidh, inar leagadh béim ar na rioscaí a bhaineann le lotnaidicídí a d’fhéadfadh a bheith guaiseach. Leis sin, leagtar béim ar an ngá atá le freagairtí spriocdhírithe agus le comhar idirnáisiúnta leanúnach.

Is é cannabas an druga aindleathach is mó a úsáidtear san Eoraip, agus meastar gur bhain 24,9 milliún duine fásta Eorpach (15–64 bliana d’aois) úsáid as an druga le bliain anuas. Tá infhaighteacht níos forleithne táirgí cannabais a bhfuil neart níos airde ag baint leo agus atá níos ilghnéithí ag méadú na rioscaí sláinte, rud a fhágann go bhfuil freagairtí níos casta. Is é cannabas is cúis le trian (33 %) de dhaoine a thosaíonn ar chóireáil drugaí san Eoraip, rud a léiríonn meastachán de 104 000 cliant in 2024. Díobh sin, fuair 62 000 cóireáil den chéad uair. Tá baint ag cannabas, lena n-áirítear táirgí ardnirt, eastóscáin agus táirgí inite, le cásanna éigeandála in ospidéil. Trí tháirgí cannabais a bhfuil cannaibionóidigh shintéiseacha láidre acu a thruaillmheascadh agus mar gheall ar infhaighteacht leathan cannaibionóideach leathshintéiseach, méadaítear an baol díobhálacha. Díoltar an dá cheann i bhfoirm leachta vápála agus earraí inite, rud a ardaíonn imní faoin nglacadh i measc tomhaltóirí nua, agus tomhaltóirí níos óige b'fhéidir.

Tá beartais maidir le cannabas fós á bhforbairt san Eoraip, agus tá roinnt Ballstát tar éis a gcur chuige maidir le húsáid agus soláthar cannabais chun críoch áineasa a athrú, nó athbhreithniú a dhéanamh air anois. Tá na hathchóirithe sin ag céimeanna éagsúla forbartha agus meastóireachta agus tá éagsúlacht ann ar fud na dtíortha éagsúla. Ceadaíonn an tSeicia, an Ghearmáin, Lucsamburg agus Málta saothrú teoranta sa bhaile. Ceadaíonn an Ghearmáin agus Málta díolacháin neamhbhrabúsacha le comhaltaí de chomhlachais fáis rialáilte freisin, agus tá turgnamh á dhéanamh ag an Ísiltír le cannabas a tháirgtear in áitribh rialáilte a dhíoltar trí shiopaí caife. Trína shraith straitéisí beartais Eorpach maidir le cannabas, cuideoidh EUDA leis an lucht ceaptha beartas trí fhaireachán agus meastóireacht inchomparáide a spreagadh maidir le gach cineál beartas rialaithe cannabais.

Táirgí Ópóideacha: is bagairt iad táirgí ópóideacha sintéiseacha nua ar an tsláinte phoiblí, agus tá margadh na hearóine fós athléimneach

Is iad na táirgí ópóideacha, a bhíonn i gcomhar le substaintí eile, de ghnáth, príomhchúis na mbásanna de bharr drugaí san Eoraip. Measann EUDA go bhfuair 7 600 duine ar a laghad 7 600 bás de bharr ródháileoige san Aontas in 2024, agus gurbh iad substaintí iolracha ba chúis leis an gcuid is mó díobh. Tá baint ag táirgí ópóideacha seachas hearóin, lena n-áirítear táirgí ópóideacha sintéiseacha ardnirt, cógais chóireála agónaithe ópóideacha agus cógais faoisimh ó phian, le sciar suntasach de bhásanna ródháileoige i roinnt tíortha.

Is cúis imní ar leith iad na táirgí ópóideacha sintéiseacha nua, a bhíonn an-láidir go minic, agus braitheadh 95 cinn díobh san Eoraip ó bhí 2009 ann. In 2025 amháin, tuairiscíodh seacht dtáirge ópóideacha shintéiseacha nua do Chóras Luathrabhaidh an Aontais, lena n-áirítear níotaiséiní agus oirfíní. Tuairiscítear go rímhinic freisin ar an gCóras Luathrabhaidh faoi chógais bhréige ina bhfuil níotaiséiní, a dhéanann aithris ar chógais dhlisteanacha ar oideas amhail ocsacódón nó déiseapam. D’urghabh 10 dtír níos mó ná 50 000 táibléad ina bhfuil níotaiséin in 2024, ar méadú é sin ó 23 000 in 2023 (380 in 2022). Tá imní ann go bhféadfadh táibléid den sórt sin scaipeadh i measc grúpaí nach bhfuil acmhainn acu ar tháirgí ópóideacha, daoine óga san áireamh. Comhordaíonn EUDA Líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha chun acmhainneacht anailíseach a mhéadú agus léargais túslíne a sholáthar. Tá measúnú bagartha á ullmhú ag an ngníomhaireacht faoi láthair ar tháirgí ópóideacha sintéiseacha nua atá ag teacht chun cinn san Eoraip, tar éis measúnú a dhéanamh ar tháirgí ópóideacha sintéiseacha an-láidir sna stáit Bhaltacha in 2025.

D'fhéadfadh cosc iomlán na Síne ar níotaiséiní, a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2025, an margadh a atreorú i dtreo táirgí ópóideacha malartacha eile. Tá méadú tagtha ar líon na dtuairiscí ar oirfíní san Eoraip. Ó bhí 2024 ann, sainaithníodh naoi n-oirfín nua, agus tá dhá cheann acu (ciogloirfín agus spirchiogloirfín) faoi imscrúdú AE anois. Idir mí an Mheithimh 2024 agus mí Eanáir 2026, tuairiscíodh 18 mbás a bhain le hoirfíní.

Maidir le básanna a bhaineann le feantainil, ar ópóideach sintéiseach an-láidir í, cuireann siad i dtábhacht an gá atá le forairdeall. Sa Bhulgáir, bhí an tsubstaint sin nasctha le breis agus 100 bás a bhain le drugaí a tuairiscíodh idir 2024 agus 2025. Is príomhghné é fós rochtain ar chóireáil agónaithe ópóideacha, ar chláir snáthaide agus steallaire, agus ar nalocsón a ghlactar sa bhaile a fheabhsú ar mórscála, chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna ópóideacha reatha agus chun ullmhacht agus athléimneacht a chinntiú i gcoinne athruithe i margadh na dtáirgí ópóideacha. Tá méadú ag teacht ar líon na dtíortha a chuireann cláir nalocsóin a ghlactar sa bhaile ar fáil (19 dtír Eorpacha in 2025).

Idir an dá linn, tá teacht aniar i margadh hearóine na hEorpa. Maidir le hardchleachtais phróiseála agus truaillmheasctha, chomh maith le bainistiú soláthair straitéiseach ar stoc-chairn mhóra na hAfganastáine (a mheastar a bheith thart ar 12 000 tona óipiam in 2025) ag líonraí gáinneála, is cosúil gur mhaolaigh na nithe sin an meath géar ar shaothrú poipíní agus ar tháirgeadh óipiam a tháinig i ndiaidh thoirmeasc an Talaban in 2022. Tá an táirgeadh ag aistriú go háiteanna eile freisin. Tá an Phacastáin tagtha chun cinn mar fhoinse óipiam agus heoróine, agus rinneadh breis agus 9 000 heicteár de phoipíní óipiam a shaothrú sa tír sin in 2025, méid atá inchurtha le haschur na hAfganastáine. San Áise, in 2025, shroich saothrú poipíní óipiam i Mianmar buaic 10 mbliana, mar atá, breis agus 45 000 heicteár.

Cócaon: méadú ar dhíobhálacha, úsáid an chnagchócaoin agus beartaíochtaí gáinneála atá ag athrú

Léiríonn tuarascáil an lae inniu go bhfuil úsáid cócaoin fós ard ar fud na hEorpa, agus gur bhain thart ar 4,3 milliún duine fásta Eorpach (15–64 bliain d'aois) úsáid as le bliain anuas. Tá clúdach geografach cócaoin ag dul i méid freisin, mar aon leis an dochar a dhéanann sé. Léiríonn na hanailísí fuíolluisce cathrach is déanaí gur thuairiscigh 48 (57 %) as na 85 chathair a bhfuil sonraí acu le haghaidh 2024 agus 2025 araon méadú ar iarmhair chócaoin. Leanann líon na ndaoine a théann faoi chóireáil mar gheall ar fhadhbanna cócaoin de bheith ag méadú. Ba é cócaon an dara druga aindleathach ba choitianta i measc na ndaoine a chuaigh faoi chóireáil speisialaithe drugaí den chéad uair in 2024, rud a léirítear le meastachán gur thart ar 37 000 cliant a bhí i gceist leis sin (méadú 39 % ó 2018). Ar an iomlán, luaigh 74 000 duine a chuaigh i faoi chóireáil gurbh é cócaon an príomhdhruga a bhí in úsáid acu.

In 2024, tugadh le fios sna sonraí a bhí ar fáil ó 20 tír go raibh baint ag an druga le breis agus an ceathrú cuid (27 %) de bhásanna de bharr drugaí. Chomh maith leis sin, ba é cócaon an tsubstaint ba choitianta a tuairiscíodh i measc daoine a tháinig chuig seirbhísí éigeandála ospidéil táscacha - luadh é i 26% de chásanna. Tuairiscítear patrúin ardriosca úsáide cócaoin, lena n-áirítear instealladh agus úsáid in éineacht le táirgí ópóideacha, i gcláir anailíse ar iarmhar steallairí agus i seomraí úsáidte drugaí.

Tá imní ag méadú de bharr an chnagchócaoin. Tá úsáid an chnagchócaoin ag éirí níos feiceálaí i líon méadaitheach cathracha Eorpacha, go háirithe i measc grúpaí imeallaithe. D’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar infhaighteacht ard cócaoin agus ar a éasca atá sé é a thiontú go háitiúil ó chócaon i bhfoirm púdair. In 2024, chuaigh thart ar 11 400 duine faoi chóireáil le haghaidh fadhbanna a bhain le cnagchócaon (méadú ó 9 900 in 2023) — chuaigh 4 300 duine faoi chóireáil den chéad uair. Ar an iomlán, tá úsáid an chnagchócaoin ag cur brú níos mó ar sholáthraithe laghdaithe díobhála agus cóireála, agus iad ag freagairt do riachtanais grúpa a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha sláinte agus sóisialta acu. Tá an chóireáil le haghaidh fadhbanna cócaoin fós dírithe ar idirghabhálacha síceasóisialta, agus an tráth céanna tá taighde fós á dhéanamh ar chóireálacha féideartha cógaseolaíochta (e.g. tionscadal #ScaleUp). Tá imscrúdú á dhéanamh faoi láthair ag Córas Measúnaithe Bagairtí EUDA ar mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar úsáid an chnagchócaoin agus ar dhíobhálacha an chnagchócaoin.

Tar éis na n-urghabhálacha is mó riamh le blianta anuas, thit an méid cócaoin a idircheapadh san Eoraip go 330 tona in 2024, ar laghdú é sin ó 419 dtona in 2023. Mhéadaigh líon na n‑urghabhálacha, áfach, go 97 000 (95 000 in 2023), rud a thugann le tuiscint go bhféadfadh gáinneálaithe a bheith ag bogadh i dtreo coinsíneachtaí níos lú agus níos ilroinnte chun brath a sheachaint. Cé go gcoinníonn bulc-lastais trí chalafoirt farraige an ard-infhaighteacht ar bun, tá comharthaí ann go bhfuil bealaí agus modhanna na gáinneála ag éagsúlú. Tá níos mó tuairiscí ann go bhfuil leas á bhaint as calafoirt níos lú, mar aon le modhanna ceilte níos sofaisticiúla agus aistrithe ar muir.

Déantar próiseáil aindleathach táirgí cócaoin laistigh den Eoraip freisin, san Ísiltír den chuid is mó. In 2024, dhíchóimeáil sé Bhallstát den Aontas 42 láithreán ar a laghad a bhain le táirgeadh cócaoin (34 in 2023). Áiríodh leo sin saoráidí le haghaidh eastóscadh tánaisteach cócaoin a bhí folaithe go ceimiceach in ábhair eile, amhail plaistigh. Tríd is tríd, tá dúshláin atá ag éirí níos casta roimh údaráis chustaim agus údaráis forfheidhmithe dlí, rud a éilíonn comhar agus comhpháirtíochtaí idir-ghníomhaireachta agus trasteorann níos láidre.

Céatamín: méadú ar rioscaí sláinte, agus an druga á atreorú níos mó agus níos mó i dtreo an mhargaidh aindleathaigh

Tá méadú ag teacht ar an mí-úsáid a bhaintear as céataimín mar shubstaint shícighníomhach san Eoraip, ar cógas riachtanach é a úsáidtear le haghaidh ainéistéise agus faoiseamh ó phian. Cé go bhfuil an tomhaltas iomlán fós sách íseal, tá sé ag éirí níos coitianta i measc daoine óga áirithe agus i saol na hoíche, mar a ndéantar é a smúradh i bhfoirm púdair de ghnáth. I measc na rioscaí sláinte tá nimhiú géar agus díobhálacha ainsealacha, amhail damáiste tromchúiseach don lamhnán, rud atá nasctha le dianúsáid.

Tugann táscairí iomadúla le fios go bhfuil céataimín ag éirí níos leabaithe i dtírdhreach drugaí na hEorpa. I dTuarascáil 2024, thuairiscigh 14 % de fhreagróirí sa Suirbhé Gréasáin Eorpach ar Dhrugaí, ar freagróirí iad a d’úsáid drugaí le bliain anuas, go raibh céataimín in úsáid acu, de ghnáth in éineacht le halcól nó le drugaí eile (e.g. MDMA). Léirigh an anailís Eorpach is déanaí ar fhuíolluisce ó chathracha gur tháinig méadú ar iarmhair chéataimín i 40 de na 66 chathair a raibh sonraí ar fáil ina leith le haghaidh 2024 agus 2025.

Tá tionchar na treochta sin le feiceáil sna seirbhísí sláinte anois. Cé go bhfuil an líon daoine atá ag dul faoi chóireáil speisialaithe le haghaidh fadhbanna a bhaineann le céataimín fós íseal, tá méadú faoi cheathair tagtha air le blianta beaga anuas, méadú ó 413 chás in 2019 go 1 796 chás in 2024. Is i sé Bhallstát de chuid an Aontais a thuairiscítear formhór na gcásanna, rud is dócha a léiríonn stair níos faide infhaighteachta agus úsáid níos airde céataimín aindleathaigh i gcodanna áirithe den Eoraip. Tá infhaighteacht na cóireála fós neamhionann san Eoraip, rud a leagann béim ar an ngá atá le seirbhísí cuí agus le cosc spriocdhírithe agus leis na rioscaí a chur in iúl do dhaoine a d’fhéadfadh gan a bheith ar an eolas faoi na rioscaí sláinte.

Tagann an chuid is mó de chéataimín a dhéantar a urghabháil ar mhargadh na ndrugaí aindleathacha san Eoraip ó tháirgeadh dlisteanach cógaisíochta, go háirithe san India. Déantar é a allmhairiú go dleathach isteach san Aontas, tríd an nGearmáin den chuid is mó, sula ndéantar é a atreorú chuig bealaí aindleathacha (féach staidéar EUDA). Tá an cóineasú sin idir slabhraí soláthair dlíthiúla agus dáileadh aindleathach ag cur leis an dúshlán a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, le rialtóirí agus le forfheidhmiú an dlí.

Mar fhocal scoir, deir Cathaoirleach Bhord Bainistíochta EUDA, an Dr. Franz Pietsch: ‘Tugann an Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí léargas bliantúil ar fhéiniméan na ndrugaí san Eoraip, agus is bonn luachmhar í chun bonn eolais a chur faoi bheartais agus freagairtí. Le breis agus 30 bliain anuas, tá an tuarascáil ina tacú leis an lucht ceaptha beartas agus le cleachtóirí trí anailís láidir atá bunaithe ar fhianaise a thabhairt dóibh chun a gcuid cinnteoireachta a threorú. De réir mar a fhorbraíonn tírdhreach na ndrugaí, ní hamháin go dtugann an tuarascáil léargais ar na gníomhartha a dhéanaimid inniu, ach cuidíonn sí freisin le freagairtí na todhchaí a mhúnlú. Leis an eagrán seo, leagtar béim ar an gcaoi a bhfuil EUDA ag cur breisluacha ar fáil do Bhallstáit an Aontais agus ag neartú ár n-ullmhachta sa réimse seo, trí dhíriú ar thaighde eolaíoch agus ar mheasúnú riosca feabhsaithe.

Spotlight

Top