An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025: Treochtaí agus forbairtí: sonraí foinseacha

Sa chuach sonraí seo tá na táblaí sonraí foinseacha uile le haghaidh na Tuarascála Eorpaí um Dhrugaí 2025: Treochtaí agus forbairtí. Úsáidtear na táblaí sonraí seo chun na léirshamhluithe sonraí agus táblaí eile sa tuarascáil a ghiniúint. Tá naisc chuig na táblaí sonraí foinseacha chun amharcléirithe sonraí a chruthú le haghaidh rannáin shonracha le fáil freisin ag bun gach leathanaigh, agus, i bhformhór na gcásanna, faoi bhun gach grafaice.

Nótaí:

  • Tabhair faoi deara nach bhfuil sa tacar sonraí a chuirtear i láthair ar an leathanach seo ach fothacar beag de na sonraí a bhailítear trínár n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta. Chun tuilleadh sonraí agus staitisticí a fháil, chomh maith le nótaí modheolaíochta mionsonraithe agus foláirimh, féach an Feasachán Staidrimh 2025, a seoladh in éineacht leis an tuarascáil seo.
  • Mura luaitear a mhalairt, tá na tacair shonraí go léir go hiomlán comhoiriúnach leis an gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Fágann sé seo go bhfuil tú saor chun ár gcuid sonraí agus staitisticí a athúsáid i do chuid oibre agus i do thaighde ar choinníoll go n‑aithnítear an fhoinse.
  • Tá gach comhad i bhformáid CSV (luachanna camógdheighilte), ar formáid í a bhféadann an chuid is mó de bhogearraí scarbhileoige nó staitistiúla í a oscailt.

Nótaí modheolaíocha

Sonraí maidir le leitheadúlacht úsáide drugaí

  • Tá na sonraí is déanaí ar leibhéal na tíre bunaithe ar staidéir a rinneadh sa tréimhse idir 2013 agus 2024.
  • Meastacháin leitheadúlachta don daonra i gcoitinne: is iad na haoisraonta 18-64 agus 18-34 don Ghearmáin, don Ghréig, don Fhrainc, don Iodáil agus don Ungáir; 16-64 agus 16-34 don Danmhairg, don Eastóin agus don Iorua; 18-65 do Mhálta; 17-34 don tSualainn.
Top