An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025: Treochtaí agus Forbairtí

cover of the European Drug Report 2025: Trends and Developments
An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025: Cuirtear i láthair in Treochtaí agus Forbairtí an anailís is déanaí atá déanta ag EUDA ar an staid drugaí san Eoraip. Agus í dírithe ar úsáid drugaí aindleathacha, díobhálacha gaolmhara agus ar sholáthar drugaí, soláthraítear sa tuarascáil tacar cuimsitheach de shonraí náisiúnta bunaithe ar na téamaí sin, agus ar shainchóireáil drugaí maille le príomh-idirghabhálacha laghdaithe díobhála.

Nóta réamhráiteach

Tá an tuarascáil seo bunaithe ar fhaisnéis a chuir Ballstáit den Aontas, an Tuirc (ina cáil mar thír is iarrthóir) agus an Iorua ar fáil do EUDA, mar chuid de phróiseas tuairiscithe bhliantúil.

Is é cuspóir na tuarascála seo forléargas agus achoimre a thabhairt ar an staid drugaí san Eoraip suas go dtí deireadh 2024. Dá bhrí sin, léirítear i ngach grúpáil, i ngach comhiomlán agus i ngach lipéad an staid bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil in 2024 i dtaca le comhdhéanamh an Aontais Eorpaigh agus na tíortha a bhí rannpháirteach i gcleachtaí tuairiscithe EUDA. Bíodh sin mar atá, ní chumhdófar an tréimhse ina hiomláine sna sonraí go léir. Mar gheall ar an méid ama a theastaíonn chun sonraí a thiomsú agus a chur isteach, is ón mbliain tagartha Eanáir go dtí Nollaig 2023 a bhaineann go leor de na tacair sonraí náisiúnta bhliantúla atá san áireamh. Tá anailís ar threochtaí bunaithe ar na tíortha sin amháin a sholáthraíonn dóthain sonraí chun cur síos a dhéanamh ar athruithe le linn na tréimhse sonraithe. Ba cheart go gcuirfeadh an léitheoir san áireamh go mbaineann dúshláin phraiticiúla agus mhodheolaíocha le faireachán a dhéanamh ar phatrúin agus ar threochtaí a bhaineann le hiompar atá folaithe agus stiogmataithe, amhail úsáid drugaí. Ar an gcúis sin, úsáidtear foinsí iomadúla sonraí chun críocha na hanailíse atá le fáil sa tuarascáil seo. Cé gur féidir feabhsuithe suntasacha a thabhairt faoi deara, go náisiúnta agus i dtaobh an méid is féidir a bhaint amach in anailís ar an leibhéal Eorpach, ní mór na deacrachtaí modheolaíocha sa réimse seo a aithint. Dá bhrí sin, ní mór a bheith cúramach agus léirmhíniú á dhéanamh, go háirithe nuair a chuirtear tíortha i gcomparáid le chéile bunaithe ar bheart aonair ar leith. Tá fainicí a bhaineann leis na sonraí le fáil ar líne ag Feasachán Staidrimh 2025, ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe faoi mhodheolaíocht, cáilíochtaí anailíse agus barúlacha maidir leis na srianta a bhaineann leis an tacar faisnéise atá ar fáil. Tá faisnéis le fáil ansin freisin maidir leis na modhanna agus na sonraí a úsáideadh le haghaidh meastachán ar an leibhéal Eorpach, a bhféadfaí tairbhe a bhaint as idirshuíomh agus iad á gcíoradh.

Ábhar

An staid drugaí san Eoraip suas go 2025

Baintear úsáid ar an leathanach seo as na sonraí is déanaí atá ar fáil chun forléargas a thabhairt ar an staid reatha agus ar shaincheisteanna drugaí nua a mbíonn tionchar acu ar an Eoraip, agus dírítear ann ar an mbliain suas go dtí deireadh 2024. San anailís a chuirtear i láthair anseo, leagtar béim ar roinnt forbairtí a bhféadfadh impleachtaí tábhachtacha a bheith acu ar bheartas drugaí agus ar chleachtóirí san Eoraip.
An staid drugaí san Eoraip in 2025 a thuiscint – príomhfhorbairtí

Soláthar, táirgeadh agus réamhtheachtaithe drugaí

Tugtar le fios in anailís ar na táscairí a bhaineann le soláthar drugaí aindleathacha san Aontas go bhfuil infhaighteacht gach cineáil substainte fós ard. Ar an leathanach seo, tugtar forléargas ar sholáthar drugaí san Eoraip bunaithe ar na sonraí is déanaí, le tacaíocht ó na treochtaí is déanaí ó thaobh ama de a bhaineann le hurghabhálacha drugaí agus cionta faoi dlíthe maidir le drugaí, mar aon le sonraí ó 2023 maidir le táirgeadh drugaí agus urghabhálacha réamhtheachtaithe.
Soláthar, táirgeadh agus réamhtheachtaithe drugaí – an staid reatha san Eoraip

Cannabas

Is é cannabas an druga aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip fós. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le cannabas, lena n‑áirítear leitheadúlacht úsáide, éileamh ar chóireáil, urghabhálacha, praghas agus íonacht, díobhálacha agus tuilleadh. 
Cannabas – an staid reatha san Eoraip

Cócaon

I ndiaidh cannabais, is é cócaon an dara druga aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip, d’ainneoin gurb ann do dhifríochtaí móra idir na leibhéil leitheadúlachta agus na patrúin úsáide ó thír go tír. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le cócaon, lena n-áirítear leitheadúlacht úsáide, éileamh ar chóireáil, urghabhálacha, praghas agus íonacht, díobhálacha agus tuilleadh.
Cócaon – an staid reatha san Eoraip

Spreagthaigh shintéiseacha

Is spreagthaigh shintéiseacha lárchóras na néaróg iad amfataimín, meitiolamfataimín agus, le déanaí, cáitíonóin shintéiseacha, atá ar fáil ar an margadh drugaí san Eoraip. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le spreagthaigh shintéiseacha, lena n-áirítear leitheadúlacht úsáide, éileamh ar chóireáil, urghabhálacha, praghas agus íonacht, díobhálacha agus tuilleadh.
Spreagthaigh shintéiseacha – an staid reatha san Eoraip

MDMA

Is druga sintéiseach é MDMA ag a bhfuil gaol ceimiceach le hamfataimíní, ach a mbíonn tionchair beagán difriúil i gceist leis. San Eoraip, samhlaítear úsáid MDMA go ginearálta le patrúin eipeasóideacha úsáide i gcomhthéacs suíomhanna siamsaíochta oíche agus siamsaíochta i gcoitinne. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le MDMA, lena n‑áirítear leitheadúlacht úsáide, urghabhálacha, praghas agus íonacht agus tuilleadh. 
MDMA – an staid reatha san Eoraip

Hearóin agus ópóidigh eile

Tá hearóin fós ar an ópóideach aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip, agus tá sí freagrach as sciar mór den ualach cúraim sláinte a bhaineann le húsáid drugaí aindleathacha. Tá fadhb ópóideach na hEorpa de shíor ag forbairt, áfach, ar bhealaí ar dócha a mbeidh impleachtaí tábhachtacha acu maidir leis an gcaoi a dtugaimid aghaidh ar shaincheisteanna sa réimse sin. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le hearóin agus ópóidigh eile, lena n‑áirítear leitheadúlacht úsáide, éileamh ar chóireáil, urghabhálacha, praghas agus íonacht, díobhálacha agus tuilleadh. 
Hearóin agus ópóidigh eile – an staid reatha san Eoraip

Substaintí sícighníomhacha nua

Saintréith de mhargadh na substaintí sícighníomhacha nua is ea líon mór na substaintí atá tagtha chun cinn, agus substaintí nua á mbrath gach bliain. Ar an leathanach seo, soláthraítear forléargas ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le substaintí sícighníomhacha nua, le tacaíocht ó fhaisnéis ó Chóras Luathrabhaidh an Aontais maidir le hurghabhálacha agus substaintí a braitheadh den chéad uair san Eoraip. I measc na substaintí nua a chlúdaítear tá cannaibionóidigh shintéiseacha agus leathshintéiseacha, cáitíonóin shintéiseacha, ópóidigh shintéiseacha nua agus níotaiséiní.  
Substaintí sícighníomhacha nua – an staid reatha san Eoraip

Drugaí eile

Chomh maith leis na substaintí aitheanta atá ar fáil ar mhargaí drugaí aindleathacha, úsáidtear roinnt substaintí eile san Eoraip a bhfuil airíonna siabhraigineacha, ainéistéiseacha, dícheangail nó dúlagracha acu, ina measc LSD, beacáin draíochta, céataimín, GHB agus ocsaíd nítriúil. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid maidir leis na substaintí seo san Eoraip, lena n‑áirítear urghabhálacha, leitheadúlacht agus patrúin úsáide, dul faoi chóireáil, díobhálacha agus tuilleadh.
Drugaí eile – an staid reatha san Eoraip

Usáid drugaí trí instealladh

In ainneoin laghdú leanúnach a bheith ag teacht ar úsáid drugaí trí instealladh le deich mbliana anuas san Aontas, tá an t‑iompar sin fós freagrach as leibhéal díréireach de ghéardhíobhálacha agus de dhíobhálacha ainsealacha sláinte a bhaineann le húsáid drugaí aindleathacha. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar úsáid drugaí trí instealladh san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le leitheadúlacht ar leibhéal náisiúnta agus i measc cliant a théann faoi shainchóireáil, chomh maith le léargas ó staidéar ar anailís iarmhair steallairí agus tuilleadh.
Úsáid drugaí trí instealladh – an staid reatha san Eoraip

Galair thógálacha a bhaineann le drugaí

Tá daoine a úsáideann drugaí trí instealladh i mbaol ionfhabhtuithe a tholgadh mar thoradh ar fheistí a bhaineann le húsáid drugaí a roinnt. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar ghalair thógálacha a bhaineann le drugaí san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le hionfhabhtuithe a bhaineann leis na víris VEID agus heipitíteas B agus C.
Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip

Básanna de bharr drugaí

Tá sé ríthábhachtach meastachán a dhéanamh ar an mortlaíocht a bhaineann le húsáid drugaí chun tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag úsáid drugaí ar shláinte phoiblí agus ar an gcaoi a bhféadfadh sé sin a bheith ag athrú le himeacht ama. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar bhásanna de bharr drugaí san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le básanna ródháileoige, na substaintí a bhaineann leo agus tuilleadh. 
Básanna de bharr drugaí – an staid reatha san Eoraip

Cóireáil le hagónaithe ópóideacha

Is iad úsáideoirí ópóideach an grúpa is mó a bhfuil sainchóireáil drugaí á cur orthu, i bhfoirm cóireála le hagónaithe ópóideacha den chuid is mó. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar sholáthar cóireála le hagónaithe ópóideacha san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le cumhdach, líon na ndaoine a bhfuil cóireáil á cur orthu, conairí cóireála agus tuilleadh.
Cóireáil le hagónaithe ópóideacha – an staid reatha san Eoraip

Laghdú díobhála

Cuimsítear i laghdú díobhála idirghabhálacha, cláir agus beartais a bhfuil sé mar aidhm leo na dochair shláinte, shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú chomh fada is a bhaineann sé le daoine aonair, pobail agus sochaithe. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar idirghabhálacha laghdaithe díobhála san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le cóireáil le hagónaithe ópóideacha, cláir nalocsóin, seomraí úsáidte drugaí agus tuilleadh. 
Laghdú díobhála – an staid reatha san Eoraip

Leagan PDF den tuarascáil iomlán

Ceapadh an Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 mar tháirge ‘tús áite don digitiú’, atá eagraithe i bhfoirm modúl, agus atá barrfheabhsaithe lena léamh ar líne. Is féidir leagan PDF de leathanach ar leith a íoslódáil laistigh de gach caibidil. Tá leagan PDF den tuarascáil iomlán ar fáil anseo freisin (gach modúl agus tábla iarscríbhinne i dteannta a chéile). Tabhair do d’aire go mb’fhéidir gur tharla roinnt earráidí le linn an phróisis aistrithe agus go bhfuil seans ann go mb’fhéidir nár cuireadh na ceartúcháin uile a rinneadh ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair i bhfeidhm ar an leagan seo (seiceáil an dáta a ndearnadh an nuashonrú is déanaí).

Íoslódáil leagan iomlán PDF den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 (an nuashonrú is déanaí: 6 Meitheamh 2025)

Is é an leagan HTML reatha a chuirfear ar fáil sa PDF a ghinfidh an cnaipe seo. Tabhair faoi deara go mb’fhéidir go dtógfadh sé ní ba mhó ná nóiméad chun an PDF a thiomsú agus chun an íoslódáil a chríochnú – coinnigh do bhrabhsálaí ar oscailt le linn phróiseas giniúna an chomhaid PDF.

 

Liosta na bhfíoracha

Tá liosta ar fáil de na fíoracha ar fad atá sa tuarascáil.

Léirshamhluithe sonraí

Táblaí iarscríbhinne

Cuirtear i láthair sna táblaí seo, a cuireadh i dtoll a chéile go sonrach don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí, sonraí náisiúnta le haghaidh meastacháin ar leitheadúlacht úsáide drugaí lena n‑áirítear úsáid fhadhbach ópóideach, cóireáil le substaint ionadaíoch, líon iomlán na n‑othar a bhfuil cóireáil á cur orthu, dul faoi chóireáil, úsáid drugaí trí instealladh, básanna de bharr drugaí, galair thógálacha a bhaineann le drugaí, dáileadh steallairí agus urghabhálacha drugaí. Is ionann na sonraí agus fothacar d’Fheasachán Staidrimh 2025 EUDA, ónar asbhaineadh iad, áit a bhfuil nótaí agus meiteashonraí le fáil freisin. Cuirtear na blianta dá dtagraíonn na sonraí in iúl. Ina theannta sin, i gcás táscairí áirithe, cuirtear ar fáil sna táblaí sonraí seo freisin luachanna iomlána do thíortha tuairiscithe an Aontais agus EUDA, ‘AE+2’ (Ballstáit den Aontas, an Iorua agus an Tuirc).

Táblaí iarscríbhinne na Tuarascála Eorpaí um Dhrugaí 2025  

Sonraí foinseacha

Tá naisc chuig na táblaí sonraí foinseacha a úsáideadh sa tuarascáil chun léirshamhluithe sonraí a chruthú le fáil ag bun gach caibidle, agus, i bhformhór na gcásanna, ag bun gach grafaice freisin. Is féidir teacht ar an tacar sonraí foinseacha iomlán don tuarascáil, lena n-áirítear sonraí do tháblaí atá le fáil laistigh den tuarascáil, trí úsáid a bhaint as an nasc thíos. Tá na sonraí go léir go hiomlán comhoiriúnach le Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0).

Tacar iomlán de tháblaí sonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025

Seoladh Feasachán Staidrimh 2025 in éineacht leis an tuarascáil seo, lena dtugtar rochtain ní hamháin ar na bunsonraí arb iad bunús na tuarascála seo, ach freisin ar shonraí agus staidreamh breise, nótaí modheolaíocha agus fainicí.

Admhálacha

Ba mhaith le EUDA buíochas a ghabháil leis na daoine seo a leanas a chabhraigh le hullmhú na tuarascála seo:

Pointí fócasacha náisiúnta Reitox

Is é Reitox an líonra faisnéise Eorpach maidir le drugaí agus andúil i ndrugaí. Tá an líonra comhdhéanta de phointí fócasacha náisiúnta i mBallstáit den Aontas, sa tír is iarrthóir, an Tuirc, san Iorua agus sa Choimisiún Eorpach. Faoi fhreagracht a rialtais, is iad na pointí fócasacha na húdaráis náisiúnta a sholáthraíonn faisnéis maidir le drugaí do EUDA.

Feasachán Staidrimh 2025

Is é Feasachán Staidrimh 2025, a seoladh in éineacht leis an tuarascáil seo, príomhfhoilseachán sonraí bliantúil na gníomhaireachta. Tugtar le chéile ann an tacar iomlán de tháscairí náisiúnta – a chlúdaíonn leitheadúlacht úsáide drugaí, éileamh ar chóireáil, básanna de bharr drugaí, galair thógálacha, urghabhálacha, praghsanna, íonacht agus tuilleadh – agus, i dteannta leo sin, cuirtear ar fáil méadracht ar leibhéal cathrach ó líonraí speisialta amhail TEDI (seiceáil drugaí), Euro-DEN Plus (éigeandálaí ospidéil), ESCAPE (iarmhair steallairí) agus SCORE (anailís fuíolluisce). Tá gach tábla le feiceáil ar líne agus is féidir iad a íoslódáil i bhformáidí oscailte (CSV) agus tá modhanna, sainmhínithe agus fainicí mionsonraithe ag gabháil leo.

Feasachán Staidrimh 2025  

Leathanach imeachtaí seolta

Seoladh an Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 go hoifigiúil i gceanncheathrú EUDA i Liospóin ar an 5 Meitheamh 2025. Is féidir leat na hacmhainní ar fad a bhaineann le lá an tseolta a sheiceáil ar ár leathanach imeachta seolta tiomnaithe – lena n-áirítear an fístaifeadadh iomlán agus na buaicphointí, sceideal na gcainteoirí agus an clár oibre, eochair-óráidí, eisiúint nuachta, teagmhálaithe preasa agus tuilleadh.

Leathanach imeachta seolta Thuarascáil Eorpach um Dhrugaí   

Eagráin roimhe seo den tuarascáil

Is féidir teacht ar eagráin roimhe seo den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí inár mbunachar sonraí Foilseachán.

Maidir leis an leathanach seo 

Lua molta: Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (2025), An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025: Treochtaí agus Forbairtí, https://www.euda.europa.eu/foilseacháin/an-tuarascáil-eorpach-um-dhrugaí/2025_ga

Aitheantóirí (Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh):

HTML: TD-01-25-007-GA-Q
ISBN: 978-92-9408-074-5
ISSN: 2314-9086
DOI: 10.2810/3504283

Button for European Drug Report 2025 survey - click to take survey


Top