Básanna de bharr drugaí – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)

Cover of the European Drug Report 2025: Drug-induced deaths

Tá sé ríthábhachtach meastachán a dhéanamh ar an mortlaíocht a bhaineann le húsáid drugaí chun tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag úsáid drugaí ar shláinte phoiblí agus ar an gcaoi a bhféadfadh sé sin a bheith ag athrú le himeacht ama. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar bhásanna de bharr drugaí san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le básanna ródháileoige, substaintí a bhaineann leo agus tuilleadh. 

Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.

An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025

Léargas níos fearr ar na tosca atá taobh thiar de threochtaí de dhíth chun feabhsú freagairtí ar mhortlaíocht a bhaineann le drugaí a bhaint amach

Tá sé ríthábhachtach meastachán a dhéanamh ar an mortlaíocht a bhaineann le húsáid drugaí chun tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag úsáid drugaí ar shláinte phoiblí agus ar an gcaoi a bhféadfadh sé sin a bheith ag athrú le himeacht ama. Is dócha go mbeadh tuiscint ar na tosca atá taobh thiar de threochtaí sa réimse seo ríthábhachtach freisin agus freagairtí éifeachtacha á bhforbairt. Mar sin féin, in ainneoin feabhsuithe a bheith tugtha faoi deara le deich mbliana anuas, fós tá teorainneacha tábhachtacha leis an bhfaisnéis atá ar fáil dúinn faoi láthair, agus a bhuíochas de sin cuirtear bac ar fhorbairt beartas agus freagairtí araon.

Úsáidtear an téarma básanna de bharr drugaí le haghaidh táscaire atá beartaithe chun na básanna sin atá inchurtha go díreach le húsáid drugaí a ghabháil, ar a dtugtar básanna ródháileoige drugaí uaireanta. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil i meastacháin ar bhásanna de bharr drugaí ach sciar den mhortlaíocht fhoriomlán a bhaineann le húsáid drugaí, toisc nach n-áirítear sa bheart sin mortlaíocht mar thoradh ar thimpistí mótarfheithicle agus timpistí eile, foréigean, féinmharú ar bhealaí eile seachas nimhiú drugaí nó galar ainsealach, i gcás ina bhféadfadh ról a bheith ag úsáid drugaí. Dá bhrí sin, tá gá ann, trí staidéar cohóirt agus cur chuige eile, ár dtuiscint a leathnú sna réimsí tábhachtacha eile seo de mhortlaíocht a bhaineann le drugaí.

D’ainneoin na dteorainneacha sin, is príomhbheart fós é measúnú a dhéanamh ar bhásanna de bharr drugaí chun tuiscint a fháil ar an díobháil a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar úsáid drugaí aindleathacha, ach is beart dúshlánach é freisin le léirmhíniú mar gheall ar shaincheisteanna modheolaíocha, agus infhaighteacht agus cáilíocht sonraí. Is fíor an méid sin go háirithe agus treochtaí le déanaí i mbásanna de bharr drugaí á léirmhíniú, i gcás nach bhfuil sonraí don bhliain tuairiscithe is déanaí (2023) ar fáil ach do 21 as na 29 tír a chumhdaítear leis an táscaire seo, agus dá bhrí sin, ní mór luachanna measta a ríomh má tá meastachán foriomlán AE le díorthú. I bhfianaise cé chomh tapa is féidir le bagairtí drugaí nua teacht chun cinn, is tosaíocht thábhachtach don todhchaí é tráthúlacht agus iomláine na sonraí sa réimse a fheabhsú.

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, ar chúiseanna modheolaíocha, gur dócha gur meastacháin íosta a bheidh i líon na mbásanna de bharr drugaí a sainaithníodh toisc go n-athraíonn an acmhainneacht tuairiscithe idir tíortha, rud a fhágann nach mór comparáidí náisiúnta a dhéanamh go cúramach. Ina theannta sin, ciallaíonn easpa faisnéise mionsonraithe tocsaineolaíoch i roinnt tíortha faoi láthair go bhfuil ár dtuiscint fhoriomlán ar an ról a bhíonn ag drugaí difriúla chomh fada is a bhaineann sé le dlús a chur le rátaí básanna de bharr drugaí le himeacht ama teoranta. Is féidir leis an easpa faisnéise mionsonraithe tocsaineolaíche cur isteach freisin ar thuiscint ar an ról a bhíonn i gceist le drugaí éagsúla nuair a úsáidtear iad i dteannta a chéile. Ós rud é go mbíonn níos mó ná substaint amháin in úsáid i bhformhór na ródháileog marfach, agus de réir mar a éiríonn patrúin úsáide drugaí níos casta, tá gá méadaitheach ann freisin, dá bhrí sin, le feabhas a chur ar ár dtuiscint ar an gcaoi a dtéann athruithe ar phatrúin úsáide ilsubstaintí i bhfeidhm ar mhortlaíocht. Neartaigh cruthú EUDA an acmhainneacht chun mearmheasúnú a dhéanamh ar bhagairtí, luathrabhadh agus foláirimh a eisiúint, agus tacú le bearta chun gnáthacmhainneacht tuairiscithe sa réimse seo a fheabhsú. Pointe tábhachtach is ea go gcomhordóidh EUDA líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha, rud lena méadaítear an acmhainneacht anailíseach atá ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag drugaí éagsúla agus ag cumaisc drugaí ar threochtaí mortlaíochta.

Patrúin úsáide ilsubstaintí nasctha le formhór na mortlaíochta a bhaineann le drugaí

In 2023 tháinig méadú beag ar líon na mbásanna de bharr drugaí a tuairiscíodh i roinnt Ballstát den Aontas agus tháinig laghdú air i dtíortha eile. Is ionann an meastachán foriomlán sealadach de thart ar 7 500 bás de bharr drugaí in 2023 agus méadú beag i gcomparáid le figiúirí athbhreithnithe 2022, ach ba cheart a bheith cúramach agus an figiúr sin á léirmhíniú, toisc nár soláthraíodh go fóill aon sonraí i gcás roinnt tíortha ina bhfuil pobail mhóra sonraí, agus toisc go n-úsáidtear luachanna measta chun an figiúr iomlán sealadach a ríomh. Tuairiscíodh na méaduithe ba mhó ar líon na mbásanna de bharr drugaí in 2023 sa Ghearmáin, sa Laitvia, san Fhionlainn, san Iorua agus sa Tuirc.

Tarraingítear aird san fhaisnéis atá ar fáil ar an bpointe gurb iad ópóidigh, in éineacht le substaintí eile de ghnáth, an grúpa substaintí is coitianta a bhaineann le básanna de bharr drugaí fós. Tríd is tríd tá an chuma ar an scéal go bhfuil na treochtaí maidir le básanna a bhfuil baint ag ópóidigh leo cobhsaí, ach tá méadú ag teacht ar chion na mbásanna in aoisghrúpaí níos sine. Meastar go raibh baint ag hearóin le beagán ní ba lú básanna in 2023, thart ar 1 200 acu (1 300 in 2022) san Aontas, meastachán íosta bunaithe ar shonraí ó 18 mBallstát den Aontas a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir leis an dá bhliain sin. Fós is í hearóin an druga a aithnítear go coitianta mar dhruga a mbíonn baint aige le básanna a bhaineann le hópóidigh i roinnt tíortha in iarthar na hEorpa. Mar sin féin, tugtar le fios sna sonraí atá ar fáil nach mbíonn hearóin i láthair anois i bhformhór na mbásanna ródháileoige ach i líon beag tíortha, agus go mbíonn ról níos tábhachtaí ag ópóidigh eile agus ag drugaí eile araon. Tá baint ag ópóidigh seachas hearóin, lena n-áirítear meatadón agus, go pointe níos lú, búipreanoirfín, cógais faoisimh ó phian ina bhfuil ópóidigh, agus ópóidigh shintéiseacha eile, le sciar suntasach de bhásanna ródháileoige i roinnt tíortha.

Cé nach bhfuil faisnéis thocsaineolaíoch mhionsonraithe ar fáil maidir le gach cás báis, tugtar le fios san fhaisnéis sin gurb í tocsaineacht ilsubstaintí an norm. I gcás ina bhfuil faisnéis thocsaineolaíoch mhionsonraithe ar fáil, is iondúil go dtuairiscítear láithreacht níos mó ná substaint amháin inti. D’ainneoin go dtuairiscíonn go leor tíortha drugaí aonair a shainaithnítear i scrúduithe tocsaineolaíochta iarbháis, is beag tír ina dtuairiscítear conas a mheasctar na drugaí le chéile agus líon na mbásanna a bhaineann le cumaisc drugaí. Léirítear in anailís ar shonraí maidir le cásanna mortlaíochta ón Ostair, ón tSlóivéin agus ón Iorua in 2023 pictiúr níos mionsonraithe,is é sin go raibh baint ag formhór na mbásanna de bharr drugaí le hilsubstaintí. Ba iad ópóidigh an grúpa drugaí ba mhinice a braitheadh ar an iomlán, agus bhí baint ag hearóin le roinnt básanna a bhain le hópóidigh. Is annamh a sainaithníodh hearóin ina haonar nó le halcól amháin, agus bhain cumaisc dhifriúla de shubstaintí le formhór na gcásanna a bhain le hearóin (Fíor 11.1). Sainaithníodh alcól – ina aonar le hearóin nó i dteannta le substaintí eile – go minic freisin, chomh maith le beinsidhé-asaipíní. Sa Danmhairg, san Ostair, sa tSlóivéin agus san Fhionlainn, bhí baint ag beinsidhé-asaipíní le ní ba mhó ná leath na mbásanna de bharr drugaí in 2023.

Fíor 11.1. Dáileadh na gcásanna lenar luadh hearóin san Ostair, sa tSlóivéin agus san Iorua in 2023

Austria: 132 cases out of 199.
Slovenia: 34 cases out of 67
Norway: 77 cases out of 363.

Léirítear sna sonraí maidir le mortlaíocht drugaí freisin cohórt atá ag dul in aois agus a úsáideann ópóidigh san Eoraip, agus is iondúil go mbaineann formhór na gcásanna mortlaíochta de bharr úsáid drugaí le fir atá 40 bliain d’aois nó níos sine. Is léiriú é an méid sin freisin an méadú níos mó ná dhá oiread ar líon na mbásanna de bharr drugaí i measc daoine idir 50 agus 64 bliana d’aois idir 2013 agus 2023.

Tugtar le fios sna sonraí atá ar fáil freisin go bhfuil na básanna ina bhfuil baint ag spreagthaigh ag ardú i roinnt tíortha, d’ainneoin go bhfuil fainic thábhachtach le cur san áireamh maidir leis sin. Is dócha go ndéantar tearcthuairisciú ar bhásanna a bhaineann le spreagthaigh, agus is minic a bhíonn baint ag spreagthaigh le básanna de bharr drugaí eile, ópóidigh san áireamh. Tá roinnt faisnéise ann freisin ina dtugtar le fios gur cosúil go bhfuil spreagthaigh níos coitianta i mbásanna a thuairiscítear i measc aoischohórt níos óige.

Ródháileoga agus básanna de bharr ópóidigh shintéiseacha fós ina n‑ábhar imní

Bíonn baint ag ópóidigh shintéiseacha ardnirt, amhail an díorthach feantainile cairfeantainil, agus ópóidigh níotaiséine, agus roinnt ráigeanna de nimhiú marfach agus neamh-mharfach tugtha faoi deara san Eoraip. Cé is moite de roinnt tíortha Baltacha, áfach, níl na drugaí sin go mór chun tosaigh sna gnáthshonraí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais i láthair na huaire. Mar sin féin, is cúis imní iad forbairtí sa réimse sin mar gheall ar an bhféidearthacht atá ann go mbeadh tionchar diúltach ag na substaintí seo ar an tsláinte phoiblí san Eoraip amach anseo.

Bhí baint ag ópóidigh níotaiséine le ráigeanna logánta de nimhiú in Éirinn in 2023 agus 2024, agus sa Fhrainc in 2023. In Éirinn, mídhíoladh níotaiséiní mar hearóin in 2023, agus mar bheinsidhé-asaipíní in 2024, rud a bhí mar bhonn le húsáid neamhbheartaithe agus ródháileoga iomadúla (féach Substaintí sícighníomhacha nua – an staid reatha san Eoraip). Tuairiscíodh braislí de bhásanna agus de ghéarthocsaineacht a bhain le níotaiséiní sa Fhrainc in 2023 agus sa Ghearmáin in 2024. Sa tSualainn, tuairiscíodh ní ba mhó ná 30 bás a bhain le meitiníotaiséin ó mhí Eanáir 2023 go dtí mí Mheán Fómhair 2024, ní ba mhó ná aon bhás amháin in aghaidh na míosa ar an meán, sular tugadh laghdú faoi deara i bhfómhar na bliana 2024. San Iorua, cláraíodh 34 bhás a bhain le níotaiséin (meitiníotaiséin den chuid ba mhó) idir mí an Mheithimh 2023 agus mí Lúnasa 2024, ba é sin ní ba mhó ná dhá bhás in aghaidh na míosa ar an meán, sular tháinig laghdú mór ar an minicíocht ó mhí Mheán Fómhair 2024 i leith. Is ann do chásanna de mheitiníotaiséin a bheith le fail i dtáibléid bhréige ar oideas. I measc na ngníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích le linn 2024 bhí rabhaidh ó na meáin, rabhaidh náisiúnta, rochtain mhéadaithe ar nalocsón, tosaíocht a thabhairt do níotaiséiní san aicmiú támhshuanach, agus breis iarrachtaí a bheith á ndéanamh ag póilíní d’fhonn díriú ar dhíoltóirí ar líne. Mar gheall ar a láidreacht ard agus a n‑úrnuacht, áfach, tá imní ann gur féidir gan ópóidigh níotaiséine a bhrath go rialta sna nósanna imeachta a úsáidtear go coitianta faoi láthair i scrúduithe tocsaineolaíochta iarbháis. Ardaítear leis sin an fhéidearthacht go bhféadfadh líon na mbásanna a thuairiscítear a bheith gannmheasta. Tá roinnt fianaise ina thaobh sin le fáil ó thíortha sa réigiún Baltach, áit a bhfuil méadú tagtha ar aimsiú na substaintí sin mar thoradh ar fheabhsuithe ar mhodhanna tástála. San Eastóin, tháinig méadú ar líon na mbásanna de bharr drugaí ó 82 chás in 2022 go 119 gcás in 2023, arb ionann é agus ráta mortlaíochta de bharr drugaí de 135 dhuine in aghaidh an mhilliúin duine den daonra (san aoisghrúpa idir 15-64 bliana d’aois), is é sin sé oiread níos mó ná meán an Aontais. Bhí baint ag níotaiséiní – meitiníotaiséin agus prótainíotaiséin den chuid ba mhó – le ní ba mhó ná leath (52 %) de na básanna sin. Sa Laitvia, tuairiscíodh go sealadach sa staidreamh náisiúnta agus sna cláir fhóiréinseacha araon go raibh méadú ar líon foriomlán na mbásanna de bharr drugaí, ó 63 bhás in 2022 go 154 bhás in 2023, arbh ionann é agus ráta mortlaíochta de bharr drugaí de 130 in aghaidh an mhilliúin duine den daonra (san aoisghrúpa idir 15-64 bliana d’aois), cúig oiread (5.3) ní ba mhó ná meán an Aontais. Sainaithníodh níotaiséiní in 101 (66 %) cheann de na cásanna sin, arbh é ba chúis leis an méadú. D’ainneoin nárbh fhéidir tástáil chórasach le haghaidh níotaiséiní a chur i gcrích in 2022, tháinig méadú suntasach ar líon na gcásanna de theacht i láthair chuig ospidéil de bharr géarthocsaineacht drugaí ina raibh baint ag ópóidigh (ó thart ar 2 400 cás in 2022 go breis agus 4 000 acu in 2023). De réir tuairiscí starógacha ó fhoirne cliniciúla, bhí gá le dáileoga ní ba mhó nalocsóin, rud lenar tugadh le fios go bhféadfadh ópóidigh shintéiseacha a bheith i gceist. Tá cásanna de láithreacht niotaiséiní tuairiscithe don Chóras Luathrabhaidh maidir le substaintí sícighníomhacha nua, atá anois i mbun faireachán á dhéanamh ar 22 níotaiséin dhifriúla, in 21 tír ar a laghad ó 2019 i leith.

Idirghabhálacha riachtanach chun díriú ar fhéindochar d’aon ghnó de bharr nimhithe

D’fhéadfadh sé a bheith deacair rún duine a fuair bás mar thoradh ar ródháileog drugaí a chinneadh. Tuairiscítear go leor básanna ródháileoige mar bhásanna timpisteacha, agus tá rún neamhchinntithe luaite le básanna eile. I roinnt tíortha, áfach, tá tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le rún an té a fuair bás, agus i gcás cion réasúnta ard de bhásanna ródháileoige a tuairiscíodh (cás amháin as ocht gcás ar an iomlán), aicmíodh iad mar bhásanna d’aon ghnó in 2022 agus in 2023 (is é sin le rá go raibh rún féinmharfach i gceist leis an mbás). I ngach tír san Aontas, seachas i Málta, agus san Iorua, léirítear sna sonraí is déanaí atá ar fáil go raibh cion na mbásanna ródháileoige le rún féinmharfach ní b’airde i measc na mban. San Ísiltír agus sa tSualainn in 2022 agus in 2023, aicmíodh ní ba mhó ná aon trian de na básanna ródháileoige a tuairiscíodh i measc na mban mar bhásanna ina raibh baint ag rún féinmharfach. Sa tréimhse chéanna, sa Danmhairg, san Ungáir, sa Pholainn, sa tSlóivéin agus san Fhionlainn, taifeadadh rún féinmharfach don chúigiú cuid nó ní ba mhó de na básanna ródháileoige i measc na mban. Léirítear leis na torthaí sin an gá atá le hidirghabhálacha a dhíríonn ar fhéindíobháil d’aon ghnó agus ar rún féinmharfach i measc daoine a úsáideann drugaí, agus go háirithe le haitheantas a thabhairt don riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do mhná sa chomhthéacs sin.

Méadú ar sheirbhísí ag teastáil chun ródháileoga agus básanna de bharr ópóideach a chosc

I measc na bhfreagairtí atá dírithe ar bhásanna a bhaineann le hópóidigh a laghdú tá idirghabhálacha atá dírithe ar ródháileoga a chosc ar an gcéad dul síos agus ar bhás a chosc nuair a tharlaíonn ródháileoga i ndáiríre (féach Fíor 11.2). Cruthaíonn athruithe ó thaobh pobail daoine a úsáideann ópóidigh trí instealladh agus ar na cineálacha substaintí a bhíonn á n-úsáid acu araon dúshláin nua agus níos mó le haghaidh idirghabhálacha atá ceaptha chun básanna ródháileoige a laghdú. Áirítear orthu sin an dúshlán a bhaineann le cláir oiriúnaithe a fhorbairt d’fhonn díriú ar riachtanais grúpaí éagsúla agus chun seirbhísí a shaincheapadh ionas go mbeidh siad oiriúnach do riachtanais aoischohórt éagsúil. Tá fianaise láidir ann go bhfuil clárú i gcóireáil le hagónaithe ópóideacha ina thoisc chosanta i gcoinne ródháileog ópóideach agus roinnt cúiseanna báis eile, ach is ann fós do shaincheisteanna i dtaobh cumhdaigh agus rochtana in go leor Ballstát den Aontas ina a bhfuil soláthar faoi bhun na leibhéal atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte i ndáil le riachtanais mheasta.

Fíor 11.2. Idirghabhálacha chun básanna a bhaineann le hópóidigh a chosc, de réir rún beartaithe, i dteannta fianaise ar leasanna atá leo

  • Básanna ródháileoige a laghdú
    • Riar nalocsóin*
    • Dáileadh nalocsóin agus oiliúint maidir leis* (sainseirbhísí agus céadfhreagróirí, pobal)
    • Saoráidí úsáide drugaí*
    • Aipeanna um chosc ródháileog marfach
  • An baol go dtarlódh ródháileog a mhaolú
    • Cóireáil le hagónaithe ópóideacha, coinneáil agus leanúnachas cúraim*
    • Idirghabhálacha spriocdhírithe i gcás tulangacht laghdaithe (e.g. tar éis scaoileadh saor ón bpríosún nó le linn briseadh i gcóireáil)
    • Measúnú riosca ródháileoige, múscailt feasachta agus laghdú díobhála
    • Straitéisí um chosc ródháileoige
    • Cosc atreoraithe cógas
    • Seiceáil drugaí agus foláirimh sláinte poiblí
    • Tacaíocht don aistriú ó instealladh go caitheamh ópóideach
    • Cóireálacha spriocdhírithe (cóireáil nailtreacsóin, cóireáil hearóinchuidithe)
  • Laghdú leochaileachta
    • Cúram comhtháite le seirbhísí meabhairshláinte agus sláinte cineálaí mar chuid de
    • Idirghabhálacha chun rochtain ar chúram sóisialta agus sláinte a fheabhsú
    • Cláir thithíochta
    • Tacaíocht do chláir fostaíochta
    • Idirghabhálacha chun stiogma a laghdú nó a chosc

Tabhair faoi deara: Na hidirghabhálacha a bhfuil fianaise ar leas ar fáil ina leith agus ar féidir leibhéal ard nó réasúnta muiníne a bhunú ón bhfianaise atá ar fáil, tá siad i gcló trom agus tá réiltín (*) leo.

Nótaí: Na hidirghabhálacha a bhfuil fianaise ar leas ar fáil ina leith agus ar féidir leibhéal ard nó réasúnta muiníne a bhunú ón bhfianaise atá ar fáil, tá fráma thart orthu d’fhonn iad a aibhsiú. Tá cuid mhaith den fhianaise reatha maidir le hidirghabhálacha atá liostaithe san fhíor seo fós ag teacht chun cinn nó meastar nach leor í, i bpáirt mar gheall ar na deacrachtaí praiticiúla agus modheolaíocha a bhaineann le taighde a dhéanamh, go háirithe i ndáil le trialacha rialaithe randamaithe a fhorbairt (féach Spotsolas ar... Fianaise a thuiscint agus a chur in úsáid) agus freisin toisc go mbíonn difríochtaí móra ann idir samhlacha seachadta seirbhíse go minic.

Is ag dul i méid atá an fhianaise go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith i gceist leis an méadú atá ag teacht ar infhaighteacht freasaitheach gabhdóra ópóideach i dtaobh básanna de bharr ródháileoga ópóidigh. Arís, áfach, ní hionann a mhéid atá an cur chuige sin ar fáil idir tíortha agus laistigh de thíortha. Rinneadh tuairisciú i 15 thír Eorpacha ar chur chun feidhme clár nalocsóin chun básanna ródháileoige a chosc, treoirthionscadail san áireamh, suas go 2023. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar sheirbhísí prótacail seachadta a athbhreithniú chun rochtain agus úsáid chuí táirgí atá ar fáil a chinntiú mar gheall ar athruithe ar phatrúin úsáide agus infhaighteacht foirmlithe eile de nalocsón in-insteallta agus sprae sróine nalocsóin. D’fhéadfadh ródháileoga a bhaineann le hópóidigh shintéiseacha láidre, amhail níotaiséin nó díorthaigh feantainile, dúshláin a chruthú chomh fada is a bhaineann sé le haisiompú ródháileoige. I suíomhanna cliniciúla, deimhnítear i dtreoirlínte 2024 nach bhfuil aon athrú tagtha ar an mbainistíocht tosaigh ar ghéarthocsaineacht ópóideach, agus is é riar toirtmheasctha nalocsóin an cur chuige a mholtar i gcónaí. I suíomhanna pobail, cláir nalocsóin le húsáid sa bhaile san áireamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh ní ba mhó ná dáileog amháin ag teastáil. I gcásanna mar sin, tugtar comhairle sa treoir do dhaoine atá ar an láthair dáileoga a riar céim ar chéim, measúnú a dhéanamh ar fhreagairt an duine idir dáileoga a thabhairt agus análú tarrthála nó athbheochan chardascamhógach a sholáthar más gá. Ar an dóigh sin tarraingítear aird ar an luach a bhaineann le deis a thabhairt do dhaoine a d’fhéadfadh teacht ar ródháileog nó freagairt di dul faoi chúrsaí oiliúna garchabhrach, úsáid cheart a bhaint as nalocsón san áireamh. Léirítear i sonraí atá ar fáil ó shé Bhallstát den Aontas agus ón Iorua do 2023 go bhfuil oiliúint curtha curtha ar chúpla céad duine maidir le conas an cógas a riar i gceart. Mar sin féin is ann fós do shaincheisteanna i dtaobh cumhdaigh agus rochtana i roinnt tíortha ina bhfuil an idirghabháil sin á cur chun feidhme, agus tá gá le tuilleadh faisnéise maidir le hoiliúint, soláthar agus úsáid nalocsóin ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil araon d’fhonn tacú le húsáid an chógais seo a d’fhéadfadh beatha a shábháil. Cur chun feidhme ag leanúint i mbreis tíortha Eorpacha in 2024: chuir an Chróit, Lucsamburg agus an Fhionlainn tús le píolótú clár nalocsóin le húsáid sa bhaile.

I roinnt tíortha cuirtear seomraí úsáidte drugaí ar fáil i bpáirt freisin mar fhreagairt laghdaithe mortlaíochta de bharr ródháileoige. Tá saoráidí mar sin ag feidhmiú anois i 13 Bhallstát den Aontas agus san Iorua (féach Laghdú díobhála – an staid reatha san Eoraip). I gcás inarb ann do phobail ilchultúrtha agus inimirceach nua, tá sé inmhianaithe go mbeadh méadú ar theachtaireachtaí laghdaithe díobhála i dteangacha dúchais úsáideoirí drugaí ardriosca. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na freagairtí sláinte agus sóisialta chun básanna a bhaineann le hópóidigh a chosc, féach miontreoir EUDA.

Príomhshonraí agus príomhthreochtaí

Rátaí mortlaíochta mar gheall ar ródháileoga

  • Meastar gurbh é 24.7 bás in aghaidh an mhilliúin duine idir 15 agus 64 bliana d’aois an ráta mortlaíochta mar gheall ar ródháileoga san Aontas in 2023.
  • De ghnáth bíonn na rátaí mortlaíochta mar gheall ar ródháileog idir trí agus ceithre huaire níos airde i measc na bhfear i gcomparáid le mná (Fíor 11.3), agus is iad fir idir 25 agus 39 mbliana d’aois is mó a bhíonn i gceist leis. Is féidir le rátaí mortlaíochta ródháileoige san aoisghrúpa sin a bheith i bhfad níos airde ná na rátaí a luaitear leis an daonra fireann idir 15 agus 64 bliana d’aois (aosaigh). Mar shampla, sa tSualainn, ba é 117 mbás in aghaidh an mhilliúin fear an ráta mortlaíochta a bhí luaite le fir idir 25 agus 39 mbliana d’aois in 2023, i gcomparáid le 89 mbás in aghaidh an mhilliúin aosaigh fir sa tír. San Eastóin, bhí na figiúirí inchomparáide cothrom le 264 bás in aghaidh an mhilliúin fear idir 25 agus 39 mbliana d’aois agus 209 mbás in aghaidh an mhilliúin aosaigh fir.
Fíor 11.3. Cion de bhásanna de bharr drugaí na bhfear san Aontas, san Iorua agus sa Tuirc in 2023, nó sa bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith (céatadán)
 

Básanna ródháileoige

Meastar gur tharla ar a laghad 7 459 mbás de bharr ródháileog a bhain le drugaí san Aontas in 2023 (7 145 in 2022). Is meastachán íosta é sin toisc go dtuairiscítear i roinnt tíortha nach ngabhtar cásanna áirithe ina gcóras faireacháin. Mar shampla, tugadh le fios i gcrosbhailíochtú sonraí 2022 ó na cláir éagsúla (cláir ghinearálta agus shainiúla araon) sa Spáinn, má tá siad bunaithe ar an gclár ginearálta amháin, gur féidir nach dtuairiscítear ach ceithre cinn as gach cúig chás. Sa Ghearmáin agus san Iodáil, ní chuirtear san áireamh sa chlár mortlaíochta ach cásanna a thagann ar aire na bpóilíní. Dá bhrí sin féadtar tearcthuairisciú ar chásanna nach dtagann ar aire na bpóilíní a bheith i gceist. Ní heol méid an ghannmheastacháin, áfach.

Tionchar ar phobail éagsúla ar fud na hEorpa

  • San Fhionlainn, tá básanna de bharr drugaí i measc daoine faoi bhun 25 bliana d’aois fós ard, tá siad cothrom le 29 % (91 as 310) de gach bás de bharr nimhiú drugaí in 2023; ba leis an aoisghrúpa seo a bhain 25 % (63 as 256) de na básanna de bharr drugaí a tuairiscíodh in 2023 san Ostair, 22 % (2 as 9) i Lucsamburg, agus 20 % (6 as 30) san Ungáir.
  • Meastar gur mhéadaigh líon na mbásanna ródháileoige a tuairiscíodh san Aontas i measc daoine a bhí idir 50 agus 64 bliana d’aois faoi dhó ar a laghad idir 2013 agus 2023 san iomlán, agus tugadh méadú 76 % faoi deara i measc na mban (ó 184 go 323 bhás) agus 159 % i measc na bhfear (ó 422 go1 094 bás) (Fíor 11.4).
Fíor 11.4. Líon na mbásanna de bharr drugaí a tuairiscíodh san Aontas in 2013 agus in 2023, nó sa bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, de réir aoisbhanda
 
 

Substaintí seanbhunaithe agus nua a bhaineann le básanna de bharr drugaí

  • Measadh go raibh ópóidigh, lena n-áirítear hearóin agus a meitibilítí, in éineacht le substaintí eile go minic, le fáil i seacht gcinn as gach 10 gcás de dháileog mharfach a tharla san Aontas in 2023 (Fíor 11.5 agus Fíor 11.6). Is iondúil go n‑aimsítear iomaí drugaí i dtuarascálacha tocsaineolaíochta i gcás básanna de bharr drugaí.
Fíor 11.5 a. Básanna de bharr drugaí
 

EU+2 refers to EU Member States, Norway and Türkiye.

Fíor 11.5b. Básanna de bharr drugaí san Aontas: aois tráth an bháis, 2023 nó na sonraí is déanaí atá ar fáil ina leith (céatadán)
 
Fíor 11.5c. Treochtaí i mbásanna de bharr drugaí san Aontas, san Iorua agus sa Tuirc
 

Note. For Germany, from the year 2021 the data fully comply with the European protocol defining cases to be extracted from special mortality registers such as those of police and forensic services. Comparable data for the previous years are not available. For this series and graph, the previous years were filled in with the first available data point (2021) in order to avoid mixing of different data series with different methods. However, it should be noted that Germany saw an increase in drug-induced deaths during this period, according to the national definition. No data are available for Spain and France for 2023, and the 2022 data were used as estimates for the missing 2023 data.

Fíor 11.5d. Dáileadh aoise (céatadán) na mbásanna de bharr drugaí a tuairiscíodh san Aontas, san Iorua agus sa Tuirc in 2023 nó don bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith
 
Fíor 11.6. Cion na mbásanna de bharr drugaí lena luaitear ópóidigh do 2023 nó don bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith
 

Information on toxicology is not available for Poland.

  • Tá baint fós ag hearóin le líon mór básanna i roinnt tíortha in iarthar na hEorpa: os cionn 678 gcás sa Ghearmáin, 132 acu san Ostair (hearóin nó moirfín), 83 acu sa tSualainn, 77 acu san Iorua agus 74 acu san Iodáil. Ar an iomlán, meastar go sealadach go raibh baint ag hearóin le 1 600 bás san Aontas. Tá teorainneacha ag baint leis na sonraí atá ar fáil maidir le cáilíocht agus cumhdach, áfach.
Fíor 11.7. Cion na mbásanna de bharr drugaí lena luaitear alcól agus beinsidhé-asaipíní
 

Note: Only countries with at least 30 deaths with reported toxicology in 2023 are included. Data for alcohol are not available for Sweden. The data may represent minimum estimates for some countries, due to limitations in the analytical procedures in place and in the reporting of data.

  • Bhí láithreacht hearóine i gceist le formhór na mbásanna ródháileoige i líon réasúnta beag de Bhallstáit den Aontas, eadhon an Ostair (hearóin nó moirfín) (66 %), Lucsamburg (hearóin nó moirfín) (56 %), an tSlóivéin (51 %) agus an Bhulgáir (50 %). Tuairiscíodh hearóin in thart ar dhá chúigiú nó aon chúigiú de bhásanna ródháileoige san Iodáil (45 %), sa Ghearmáin (37 %), sa Fhrainc (34 % in 2022), sa Phortaingéil (34 %), sa Chróit (29 %), sa Rómáin (28 %), sa Tuirc (20 %), sa Spáinn (20 % in 2022) agus san Iorua (21 %). In 2023 tuairiscíodh hearóin i ní ba lú ná aon bhás amháin as gach cúig bhás ródháileoige sa tSeicia, san Eastóin, sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Ungáir, i Málta, sa tSlóvaic, san Fhionlainn agus sa tSualainn.
  • I measc na 20 Ballstát den Aontas a chuir sonraí ar fáil i gcomhair 2022 agus 2023, bhí baint ag cócaon, i dteannta le hópóidigh den chuid ba mhó, le 1 051 (26 %) bhás ródháileoige in 2023 (956 nó 27 % in 2022).
  • Tá básanna a bhaineann le cócaon á dtuairisciú anois freisin i dtíortha nach raibh siad chomh coitianta céanna iontu roimhe seo, amhail an Danmhairg, an Chipir, an Ísiltír, an tSlóivéin agus an Fhionlainn.
  • Bhain cócaon le 30 % de na básanna ródháileoige sa Ghearmáin agus le 65 % de na básanna ródháileoige sa Phortaingéil in 2023.
  • Baineann spreagthaigh seachas cócaon, amfataimín agus meitiolamfataimín san áireamh, le go leor básanna, i dteannta le hópóidigh go minic. As na 19 dtír a raibh sonraí iarbháis ar fáil ina leith i gcomhair 2023, tuairiscíodh básanna a raibh baint ag spreagthaigh neamhchócaoin leo i 17 dtír. Tuairiscíodh an líon ab airde de bhásanna a bhain le spreagthaigh neamhchócaoin sa Ghearmáin (490), sa Tuirc (228), sa tSualainn (75), san Iorua (64), sa Danmhairg (61), san Fhionlainn (49), sa Laitvia (41), san Eastóin (32) agus san Ostair (30). Lasmuigh de bhásanna de bharr drugaí, d’fhéadfadh básanna eile a bhaineann le spreagthaigh, mar shampla iad siúd a bhaineann le fadhbanna cardashoithíocha, ach d’fhéadfaidís fosta gan bheith á mbrath.
  • In 2023, tuairiscíodh cáitíonóin i mbásanna de bharr drugaí i seacht dtír. San Ungáir, bhain 12 bhás as 30 bás a tuairiscíodh in 2023 le cáitíonóin. San Fhionlainn, bhain 12 bhás as 253 bhás le cáitíonóin, agus tuairiscíodh líon ní ba lú de bhásanna a bhain le cáitíonón sa Liotuáin, san Ostair, sa Rómáin, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic.
  • I seacht dtír as 18 dtír ina raibh sonraí tocsaineolaíocha iarbháis ar fáil i gcomhair 2023, bhí baint ag meatadón le bás amháin ar a laghad as gach ceithre bhás de bharr drugaí. Luadh an cógas le hagónaithe ópóideacha i 30 % nó ní ba mhó ná sin de chásanna ina raibh baint ag tocsaineolaíocht aitheanta a tuairiscíodh in Lucsamburg (56 %), sa Rómáin (40 %), sa Chróit (38 %), san Eastóin (37 %), sa Phortaingéil (36 %), sa Bhulgáir (35 %) agus sa Ghearmáin (31 %). Níl mórán faisnéise ar fáil maidir le cibé an ndearnadh na cógais a oideasú, a mhí-úsáid nó a fháil ar an margadh dubh. Mar sin féin, ní chiallaíonn tagairt don druga gurbh é an druga sin ba chúis leis an nimhiú, mar go minic bíonn úsáid ilsubstaintí le hópóidigh, le halcól agus le cógais eile amhail beinsidhé-asaipíní, i gceist le ródháileoga.
  • In 2023, sainaithníodh búipreanoirfín in 58 % (147) de na básanna de bharr drugaí a tuairiscíodh san Fhionlainn agus in 16 % (73) de na cásanna a tuairiscíodh sa tSualainn. I ngach tír eile ina raibh sonraí ar fáil, tuairiscíodh búipreanoirfín i ní ba lú ná 5 % de chásanna ródháileoige marfaí nó níor tuairiscíodh ar chor ar bith é.
  • Bhí baint ag tramadól, ar cógas ópóideach é a úsáidtear chun pian mheasartha agus dhian a chóireáil, le thart ar 5 % (173) de bhásanna ródháileoige a tuairiscíodh i 13 thír Eorpacha in 2023. Mar sin féin, bhí baint aige le 35 % den 136 bhás a tuairiscíodh i gclár na Fraince le haghaidh básanna a bhaineann le mí-úsáid cógas in 2022, rud a thugann le fios go bhféadfaí brath básanna a bhaineann le cógais ina bhfuil ópóidigh a mhéadú trí fhaireachas agus imscrúdú tocsaineolaíoch a fheabhsú. Bhí baint ag moirfín, ocsacódón agus feantainil le 25 %, le 20 % agus le 4 %, faoi seach, de na básanna a cláraíodh sa chlár le haghaidh básanna a bhaineann le mí-úsáid cógas a tuairiscíodh in 2022.
  • Léirítear i sonraí atá ar fáil ó 16 Bhallstát den Aontas go raibh líon na mbásanna a bhaineann le feantainil agus le díorthaigh fheantanaile fós réasúnta cobhsaí, agus go raibh na drugaí nasctha le 153 bhás ródháileoige in 2023 (159 in 2022). Thuairiscigh an Ghearmáin an líon ba mhó de bhásanna a bhain le feantainil (70). Mar sin féin, d’fhéadfadh baint a bheith ag go leor de na básanna seo le cógais feantainile atreoraithe seachas le feantainil aindleathach. Ba sa tSualainn (15), sa Danmhairg (10), san Ostair (7), san Eastóin (7) agus san Fhionlainn (6) a tuairiscíodh na cásanna eile in 2023.
  • Léiríodh i sonraí ón Eastóin agus ón Laitvia ó 2023 gur tháinig méadú breise ar líon na mbásanna de bharr drugaí a bhaineann le hópóidigh shintéiseacha nua. Ba iad prótainíotaiséin (40 de 119 gcás) agus meitiníotaiséin (32 de 119 gcás, 27 %) na níotaiséiní ba choitianta a braitheadh san Eastóin in 2023.
  • I dtíortha a bhfuil sonraí ar fáil ina leith i gcomhair 2023, tuairiscíodh go raibh baint ag ocsacódón le 151 bhás de bharr drugaí in ocht dtír: an tSualainn (88), an Fhionlainn (26), an Danmhairg (24), an Eastóin (7), an Ostair (3), an Liotuáin (1), Lucsamburg (1), an Phortaingéil (1).
  • Méadaíonn úsáid ópóideach i dteannta le beinsidhé-asaipíní an riosca ródháileoige. In 2023 braitheadh beinsidhé-asaipíní, in éineacht le substaintí eile – ópóidigh go príomha – i bhformhór na mbásanna ródháileoige sa Danmhairg, san Ostair, sa tSlóivéin agus san Fhionlainn.
  • Is beag tír a thuairiscíonn faisnéis maidir leis an mbaint a bhíonn ag réamhghabalain nó gabaipéintin le básanna de bharr drugaí. Ina measc na dtíortha a bhíonn i mbun a tuairiscithe thuairiscigh an Fhionlainn 87 mbás in 2023 (87 in 2022). Thuairiscigh dhá thír méadú ar líon na mbásanna ina ndearnadh tagairt do réamhghabalain nó do ghabaipéintin: an Danmhairg (ó 58 mbás in 2022 go 60 bás in 2023), an Ostair (ó 54 bhás in 2022 go 71 bhás in 2023).
  • Mhéadaigh líon na mbásanna a bhain le cannaibionóidigh shintéiseacha go 61 dhuine sa Tuirc in 2023 (ochtar in 2022).
  • Thuairiscigh seacht dtír a raibh sonraí ar fáil ina leith 39 mbás ina raibh baint ag cáitíonóin shintéiseacha in 2023: an Fhionlainn (12), an Ungáir (12), an Liotuáin (6), an tSlóivéin (4), an Ostair (2), an Rómáin (2), an tSlóvaic (1).

Mortlaíocht uile-chúise a bhaineann le drugaí

  • Rinneadh anailís i staidéar cohóirt ón Iorua in 2024 ar mhortlaíocht i ndiaidh scaoileadh saor i measc 92 000 duine a scaoileadh saor ó phríosúin idir 2010 agus 2022. Bhí baint shuntasach ag neamhoird mheabhairshláinte agus ag neamhoird úsáide ópóideach le riosca méadaithe mortlaíochta i ndiaidh scaoileadh saor. Léiríodh sa staidéar gur tháinig laghdú ar an ráta mortlaíochta uile-chúise agus ródháileoige araon i rith na chéad sé mhí tar éis scaoileadh saor i measc daoine a raibh cóireáil le hagónaithe ópóideacha á cur orthu.
  • In 2023 d’fhéadfaí leanúint de chóireáil le hagónaithe ópóideacha ón bpobal chuig an bpríosún in 28 gceann de thíortha as na 29 dtír ina ndéantar tuairisciú do EUDA, d’fhéadfaí í a thionscnamh i 24 thír, agus d’fhéadfaí leanúint ar aghaidh léi tar éis scaoileadh saor ó phríosúin i 23 thír (féach Laghdú díobhála – an staid reatha san Eoraip).

Tá faisnéis mhionsonraithe bhreise le fáil ag Básanna a bhaineann le hópóidigh: freagairtí sláinte agus sóisialta EUDA agus ag Freagraíonn EUDA príomhcheisteanna maidir le básanna ródháileoige.

Sonraí foinseacha

Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.

Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.

Ceartúchán: Rinneadh ceartúchán air seo ar an 2 Iúil 2025. Sonraíodh go mícheart i leagan roimhe seo go raibh líon na mbásanna a bhaineann le níotaiséin san Iorua cothrom le 35.

Button for European Drug Report 2025 survey - click to take survey


Top