Substaintí sícighníomhacha nua – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)
Saintréith de mhargadh na substaintí sícighníomhacha nua is ea líon mór na substaintí atá tagtha chun cinn, agus tá comhdhúile nua á mbrath gach bliain. Ar an leathanach seo, soláthraítear forléargas ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le substaintí sícighníomhacha nua, le tacaíocht ó fhaisnéis ó Chóras Luathrabhaidh an Aontais maidir le hurghabhálacha agus substaintí a braitheadh den chéad uair san Eoraip. I measc na substaintí nua a chlúdaítear tá cannaibionóidigh shintéiseacha agus leathshintéiseacha, cáitíonóin shintéiseacha, ópóidigh shintéiseacha nua agus níotaiséiní.
Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025
Méideanna nach bhfacthas riamh cheana, substaintí láidre nua agus úsáid neamhbheartaithe ina n‑ábhar imní
Saintréith de mhargadh na substaintí sícighníomhacha nua is ea líon mór na substaintí atá tagtha chun cinn, agus tá comhdhúile nua á mbrath gach bliain. Cumhdaíonn an téarma ‘substaintí sícighníomhacha nua’ raon leathan de chineálacha substaintí nach rialaítear le coinbhinsiúin rialaithe drugaí idirnáisiúnta, d’ainneoin go bhféadfadh cuid acu a bheith faoi réir beart rialála náisiúnta. Don dara bliain as a chéile, thuairiscigh gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí i mBallstáit den Aontas an chainníocht ab airde riamh de shubstaintí sícighníomhacha nua i gCóras Luathrabhaidh an Aontais, arbh ionann é agus 41.4 tona a allmhairíodh nó a urghabhadh.
Léirítear sna sonraí is déanaí go leanann táirgeoirí drugaí de shubstaintí nua a chruthú chun rialuithe dlíthiúla a sheachaint, agus tugadh fógra maidir le 47 substaint shícighníomhacha nua den chéad uair in 2024. Tá sé sin gar don líon bliantúil a tuairiscíodh de ghnáth idir 2016 agus 2022. Ina theannta sin, braitheadh thart ar 350 substaint nua ar an margadh in 2023 a tuairiscíodh roimhe seo, d’ainneoin gur méideanna beaga díobh a tuairiscíodh tríd is tríd.
Ar an mórgóir, ní thuigtear go maith na rioscaí don tsláinte de chuid na gcomhdhúl núíosach sin, cé gur léir go gcruthaíonn cuid acu riosca géar do thomhaltóirí i dtaobh nimhiú trom nó fiú nimhiú marfach nó fadhbanna sláinte eile. Le himeacht ama, is cosúil gur chuir rialuithe reachtacha agus bearta rialála eile a rinneadh san Eoraip agus i dtíortha foinseacha neamh-AE le laghdú ar líon na substaintí sícighníomhacha nua atá ag eacht chun cinn den chéad uair gach bliain, go háirithe iad siúd ar díríodh orthu go sonrach, amhail díorthaigh feantainile agus cannaibionóidigh shintéiseacha. Tá substaintí eile fós ag teacht chun cinn, áfach, atá ceaptha chun reachtaíocht a sheachaint, agus is tíortha foinseacha tábhachtacha le haghaidh na substaintí sin nó le haghaidh na réamhtheachtaithe a theastaíonn chun iad a tháirgeadh iad an tSín agus an India.
Nimhiú féideartha ó channaibionóidigh shintéiseacha fós ina ábhar imní
In 2024, shainaithin tíortha Eorpacha 20 cannaibionóideach nua, ar cannaibionóidigh leathshintéiseacha iad 18 gceann acu, arb ionann iad agus os cionn 40 % de na substaintí nua a tuairiscíodh ar dtús do Chóras Luathrabhaidh an Aontais an bhliain sin.
D’ainneoin go bhfuil fianaise ann go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar infhaighteacht cannaibionóideach sintéiseach in 2023, is ábhar imní don tsláinte phoiblí iad na substaintí sin fós i measc roinnt pobal leochaileach, lena n‑áirítear daoine atá i bpríosún. Is substaintí láidre iad cannaibionóidigh shintéiseacha go minic agus bíonn rioscaí nimhithe ag baint leo. Féadfar na comhdhúile seo a mhídhíol freisin nó a úsáid chun cannabas agus táirgí cannaibionóideacha leathshintéiseacha a thruailliú gan eolas a bheith ag úsáideoirí faoin méid sin, rud a mhéadaíonn rioscaí sláinte. D’fhéadfadh iteáin channabais a bheith ina measc, ar bianna iad, a fhaightear go minic i bhfoirm milseán atá insilte de ghnáth le húsc cannabais, atá ar fáil níos coitianta ar an margadh aindleathach san Eoraip ó 2021 i leith.
Tar éis don tSín bearta rialaithe dlíthiúla cineálacha a chur chun feidhme i mí Iúil 2021, cuireadh isteach ar sholáthar beagnach gach cannaibionóideach sintéiseach aitheanta san Eoraip, rud a laghdaigh infhaighteacht na gcomhdhúl ceannasach amhail MDMB-4en-PINACA agus ADB-BUTINACA. D’fhreagair táirgeoirí trí chomhdhúile nua a thabhairt isteach amhail OXIZIDanna, nach raibh in úsáid go forleathan riamh. Ina theannta sin, tá tásca ann lena dtugtar le fios go mbíonn na substaintí sin á monarú san Eoraip anois, agus tuarascálacha ann in 2023 maidir lena dtáirgeadh i líon beag saotharlann aindleathach urghafa agus maidir le hurghabháil os cionn 148 gcileagram den réamhtheachtaí MDMB-INACA (Fíor 7.1).
Foinse: Póilíní na Gréige, an Láraonad Comhordúcháin Frithdhrugaí – an tAonad Náisiúnta Faisnéise (SODN-EMP), an tSaotharlann Ghinearálta Stáit um Cheimiceáin.
D’fhéadfadh roinnt tosca difear a dhéanamh d’infhaighteacht cannaibionóideach sintéiseach san Eoraip, lena n‑áirítear athruithe ar tháirgeadh intíre, teach chun cinn an athuair féideartha comhdhúl níos sine a raibh an-tóir orthu roimhe seo, agus teacht chun cinn suíomhanna táirgthe nua ar mhórscála lasmuigh den tSín. Ag an am céanna leis na forbairtí sa mhargadh cannaibionóideach sintéiseach, d’fhás infhaighteacht cannaibionóideach leathshintéiseach tar éis dlisteanú táirgthe agus díola cnáibe sna Stáit Aontaithe in 2018.
Gabhann rioscaí sláinte anaithnide le cannaibionóidigh leathshintéiseacha d’úsáideoirí
Is foirmeacha atá modhnaithe go ceimiceach de na cannaibionóidigh atá le fáil sa phlanda cannabais iad cannaibionóidigh leathshintéiseacha. Tuairiscíodh iad den chéad uair san Eoraip in 2022, áit ar cuireadh ar an margadh iad mar roghanna dlíthiúla eile seachas cannabas agus deilte-9-THC. Faoi dheireadh 2024, sainaithníodh 24 channaibionóideach leathshintéiseacha ar mhargaí drugaí san Eoraip. Tá na substaintí sin tar éis scaipeadh go tapa agus tá gníomhaíocht déanta chun iad a rialú, agus ba é HHC (heicsi-hidreacannaibionól), an chéad substaint a sainaithníodh, a tuairiscíodh i 27 dtír Eorpacha agus a liostaíodh mar dhruga rialaithe in 22 Bhallstát den Aontas ar a laghad. Mhol Coiste Saineolaithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Spleáchas ar Dhrugaí rialú idirnáisiúnta na substainte lena i mí na Samhna 2024. I measc na gcannaibionóideach leathshintéiseach eile atá ar fáil go forleathan san Eoraip freisin tá heicsi-hidreacannaibionól-O-aicéatáit (HHC-O), heicsi-hidreachannabaforól (HHC-P), deilte-9-teitri-hidreachannabaforól (deilte-9-THCP), agus heicsi-hidreachannabaforól aicéatáite (HHC-P-O-A).
Ar dtús, allmhairíodh cannaibionóidigh leathshintéiseacha ó na Stáit Aontaithe, ach tá siad á dtáirgeadh san Eoraip anois freisin, áfach (Fíor 7.2). Tá athrú tar éis teacht ar a dtáirgeadh; ó chomhdhúile a dhíorthaítear ó CBD ó channabas íseal-THC freisin, amhail HHC, go táirgí atá go hiomlán sintéiseach anois, amhail HHC-P.
Foinse: DIICOT – Seirbhís Chríochach Iasi, oibríocht ‘Dream Factory’.
Cé nach bhfuil mórán staidéir déanta fós ar éifeachtaí cannaibionóideach leathshintéiseach ar dhaoine, tugtar le fios i dtuarascálacha go bhfuil siad cosúil le héifeachtaí cannabais, agus go bhfuil rioscaí ann go mbeadh frithghníomhartha díobhálacha i gceist leo, idir nimhiú éadrom agus nimhiú tromchúiseach, agus go mbeadh cóireáil san ospidéal ag teastáil dá mbarr uaireanta. Tuairiscíonn roinnt tíortha go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcásanna nimhithe a bhaineann leis na substaintí seo, ach níl tuairisciú córasach ar fáil faoi láthair. Mar gheall ar chosúlacht chógaseolaíoch cannaibionóideach leathshintéiseach le deilte-9-THC, tá imní ann maidir leis an bhféidearthacht a ghabhann leo cur le heipeasóidí síocóiseacha, gan trácht ar shaincheisteanna i dtaobh mí-úsáide agus spleáchais.
Tá cannaibionóidigh leathshintéiseacha ar fáil go forleathan ar líne agus, i dtíortha áirithe, i suíomhanna miondíola fisiciúla, lena n-áirítear siopaí gaireas galaithe agus siopaí speisialtachta a dhíolann cannabas íseal-THC agus táirgí CBD. Is féidir iad a dhíol i siopaí áise (bothanna) agus i meaisíní díola i roinnt tíortha freisin. Is iteáin agus gairis galaithe blaistithe iad na príomhtháirgí, mar aon le cannabas íseal-THC atá spraeáilte nó measctha leis na cannaibionóidigh. D’fhéadfadh go meallfadh a n-inrochtaineacht agus a stádas dlíthiúil measta, úsáideoirí cannabais agus úsáideoirí céaduaire araon, lena n-áirítear daoine óga agus leanaí, b’fhéidir. Tá an chosúlacht atá idir iteáin agus bianna coiteanna, go háirithe milseáin, ina chúis mhór imní freisin faoi thomhaltas de thaisme, go háirithe i measc leanaí.
Fuarthas amach in anailís saotharlainne gur féidir le táirgí a bheith an-éagsúil i dtoabh thiúchaintí na gcannaibionóideach leathshintéiseach atá le fáil iontu, agus go bhfuil méideanna an-ard i gcuid acu. D’fhéadfadh cannaibionóidigh neamhdhearbhaithe, amhail deilte-9-THC nó deilte-8-THC, nó comhdhúile leathshintéiseacha núíosacha, a bheith san áireamh i dtáirgí, i bhfoirm tiúchaintí éagsúla. Na cannaibionóidigh leathshintéiseacha atá ann – a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó thaobh láidreachta de – agus a bhféadfadh éagsúlacht shuntasach a bheith ag baint lena dtiúchaintí i dtáirgí agus i mbaisceanna éagsúla. Ar an iomlán, d’fhéadfadh an athraitheacht agus an dothuarthacht seo a bheith ina riosca nimhithe d’úsáideoirí.
Baineann ábhar imní le mearscaipeadh gaireas galaithe agus iteán – go háirithe gumaithe – go háirithe i ndáil leis an tsláinte phoiblí. Tá seans ann go meallfadh a n-inrochtaineacht agus a dtarraingteacht úsáideoirí nua agus ní b’óige, b’fhéidir, nach mbeadh cannabas aindleathach in úsáid acu murach sin nó nach mbeadh rochtain acu ar channabas aindleathach nó nach mbeadh ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcaitheamh cannaibionóideach murach sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh ionsú ní ba mhoille de channaibionóidigh ó iteáin agus teacht ní ba mhoille iarmhairtí tosaigh i gcomparáid le vápáil agus caitheamh a bheith mar bhonn le sciartha iomadúla a bheith in úsáid ag úsáideoirí, rud a chruthaíonn riosca maidir le dáileoga tocsaineacha. D’fhéadfadh sé sin a bheith ní ba mheasa fós i measc úsáideoirí nach bhfuil eolach ar dháileoga cuí nó a úsáideann níos mó ná mar a mholtar, rud a mhéadóidh na rioscaí nimhithe tuilleadh. I mí an Mheithimh 2024, thuairiscigh an Ungáir ráig de 30 géarnimhiú neamh-mharfach a bhí nasctha le gumaithe ina raibh dhá channaibionóideach leathshintéiseacha láidre.
Cáitíonóin shintéiseacha: allmhairí ar mhórscála agus táirgeadh san Aontas ina gcúis le hinfhaighteacht níos leithne
Tá cáitíonóin shintéiseacha bunaithe anois mar shubstaintí atá in úsáid seachas spreagthaigh amhail amfataimín agus cócaon i limistéir áirithe den Eoraip. D’ainneoin gur ábhar imní fós é úsáid neamhbheartaithe i gcumaisc agus i dtáibléid drugaí, d’fhéadfadh roinnt úsáideoirí a bheith den tuairim go bhfuil na spreagthaigh dhifriúla seo coibhéiseach go feidhmiúil ó thaobh téarmaí nó éifeachtaí de, agus iad a lorg d’aon ghnó. Tá athrú suntasach tagtha ar an margadh ó fheiniméan ‘siabhráin dhleathacha’ 2014-2015, tráth a raibh beagnach 30 cáitíonón nua ar fáil gach bliain, i gcomparáid le díreach seacht gcáitíonón nua in 2024. Braitheadh breis is 60 cáitíonón sintéiseach a tuairiscíodh roimhe seo ar mhargadh drugaí an Aontais in 2023 freisin.
D’ainneoin go bhfuil níos lú substaintí nua ag teacht chun cinn, tá na cainníochtaí a tuairiscíodh ag údaráis forfheidhmithe dlí mar allmhairí agus urghabhálacha ag leibhéil nach bhfacthas riamh cheana. In 2023, tháinig méadú 10 dtona go 37 dtona ar na cainníochtaí a tuairiscíodh go bliantúil san Aontas, agus léiríodh i réamhshonraí cainníochtaí móra leanúnacha le linn 2024. Bhain an chuid ba mhó de sin le líon beag bulc-allmhairí ón India, tríd an Ísiltír go príomha. Bunaithe ar bhearta rialaithe a rinneadh san Ísiltír le déanaí maidir le 3-MMC agus 3-CMC, tugtar le fios go bhfuil 2-MMC ag teacht chun cinn mar shubstaint ionadach. Cé nach bhfuil siad ionadaíoch ar bhonn náisiúnta, tugtar le fios i sonraí ó 12 sheirbhís seiceála drugaí i ndeich mBallstát den Aontas ón gcéad leath de 2024 go bhfuil 2-MMC le fáil in leath de na samplaí (púdair agus táibléid) a dhíoltar mar tháirgí ina bhfuil 3-MMC. Mar léiriú ar cheannach d’aon ghnó, as na samplaí ar fad a raibh cáitíonóin iontu, cuireadh 88 % (558) ar fáil mar shamplaí a raibh cáitíonóin iontu, agus b’ionann láithreacht cáitíonón sa 12 % (76) eile de shamplaí, MDMA den chuid ba mhó, agus toradh mídhíola nó truaillmheasctha.
Tugann urghabhálacha móra réamhtheachtaithe in 2023 le fios go bhfuil táirgeadh cáitíonón sintéiseach fós suntasach laistigh den Aontas, sa Pholainn go háirithe (Fíor 7.3). Ní hionann méid agus scála na láithreán táirgthe a thuairiscítear a bheith díchóimeáilte ag údaráis forfheidhmithe dlí, agus san áireamh leo tá idir saotharlanna ‘ar scála cistine’ agus saoráidí tréchuir níos airde , ach tá méadú le tabhairt faoi deara sa chomhthéacs seo ó 2021 i leith (féach freisin Soláthar, táirgeadh agus réamhtheachtaithe drugaí – an staid reatha san Eoraip).
Tabhair faoi deara: Urghabháil ag an mBiúró Lárnach um Imscrúdú Póilíneachta.
Cé go bhfuil 3-MMC agus 3-CMC chun tosaigh ar an margadh le blianta beaga anuas, is féidir le cáitíonóin nach bhfuil chomh coitianta céanna amhail alfa-pioróilidino-iseaheicseanófeanón (alfa-PHiP, a dhíoltar mar ‘Flakka’ uaireanta) agus N-eitilnoirpheinteadrón (NEP) fadhbanna sláinte logánta a chruthú. D’fhéadfadh sé nach mbeadh gníomhaireachtaí sláinte poiblí in ann na treochtaí seo ar scála ní ba lú a bhrath go luath, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le díobháil thromchúiseach sula n-aithneofaí iad. Tá EUDA i ndiaidh measúnuithe riosca a dhéanamh ar thrí cháitíonón shintéiseacha nua le déanaí: 2-meitilmeatcáitíonón (2-MMC), 4-brómaimeatcáitíonón (4-BMC), N-eitilnoirpheinteadrón (NEP).
Ópóidigh níotaiséine a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha fós le fáil ar mhargadh drugaí an Aontais
Go minic bíonn ópóidigh shintéiseacha nua an-láidir, rud a fhágann go mb’fhéidir gur leor méid beag chun líon mór de ghnáthdháileoga sráide a tháirgeadh, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith mar bhonn le riosca méadaithe nimhithe atá bagrach don bheatha. Ó 2012 i leith, tá dhá ráig ar leith d’ópóidigh láidre i ndiaidh bagairt a chruthú don tsláinte phoiblí san Eoraip. Ocht ndíorthach feantainile is tríocha ba chúis leis an gcéad ráig, idir 2012 agus 2019, a thacaigh le hocht ráig nimhithe doiciméadaithe ar a laghad, rud a bhí mar bhonn le thart ar 285 bhás. Mar thoradh ar rialuithe dlí sna Stáit Aontaithe, san Eoraip agus sa tSín, d’imigh na drugaí sin ó radharc go tapa. Ó 2019 i leith, tá ópóidigh ‘níotaiséine’ bheinsimíodasóil an-láidir in úsáid ina n-ionad. Tugtar le fios sna sonraí is déanaí go bhfuil méadú ag teacht ar an infhaighteacht agus ar na rioscaí a bhaineann le hópóidigh níotaiséine.
In 2024 fógraíodh seacht n-ópóideach shintéiseacha nua go foirmiúil i gCóras Luathrabhaidh an Aontais, ar níotaiséiní iad ar fad – an líon ab airde riamh ar tugadh fógra ina leith in aon bhliain amháin. Ó 2019 i leith, tá láithreacht níotaiséine tuairiscithe ag 21 Bhallstát den Aontas ar a laghad.
Tá nasc idir ópóidigh níotaiséine agus básanna de bharr drugaí san Eoraip, agus tugadh le fios i dtuarascálacha ó 2023 ón Eastóin (62 as 119 mbás) agus ón Laitvia (101 as 154 bhás) gurb ionann na substaintí seo agus sciar méadaitheach de bhásanna ródháileoige sna tíortha seo. Mar gheall ar a láidreacht ard agus a n‑úrnuacht, áfach, tá imní ann gur féidir gan ópóidigh níotaiséine a bhrath go rialta sna nósanna imeachta a úsáidtear go coitianta faoi láthair i scrúduithe tocsaineolaíochta iarbháis. Bhain 159 mbás ar a laghad le feantainil agus le díorthaigh feantainile san Eoraip in 2022. Bhí baint ag go leor díobh sin le feantainil a atreoraíodh ó úsáid mhíochaine seachas feantainil a táirgeadh don mhargadh drugaí aindleathacha.
In 2023, tháinig méadú faoi thrí go 10 gcileagram ar chainníocht na bpúdar níotaiséine a braitheadh san Eoraip, i gcomparáid le 2022. Tugtar le fios i dtuarascálacha do Chóras Luathrabhaidh an Aontais freisin go bhfuil méadú suntasach tagtha le déanaí ar infhaighteacht cógas bréagach ina bhfuil ópóidigh níotaiséine san Eoraip. De ghnáth, leis na táirgí sin déantar aithris ar chógais dhlisteanacha ar oideas, go háirithe ocsacódón agus, go pointe níos lú, beinsidhé-asaipíní cosúil le déiseapam agus alprasólam. D’fhéadfadh cuma dhlisteanach na dtáibléad sin cur leis na bagairtí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann freisin trí chabhrú le muinín gan bhonn a chur chun cinn i measc daoine a úsáideann iad. Cé go n-úsáideann úsáideoirí ardriosca ópóideach iad go ginearálta, tá imní ann maidir leis an bhféidearthacht go mbeidís ag scaipeadh agus in úsáid ag pobail ní ba mhó a d’fhéadfadh a bheith gan tulangacht ar ópóidigh, lena n-áireofaí daoine óga (Fíor 7.4). In 2023, choigistigh údaráis in 8 dtír beagnach 24 000 táibléad ina bhfuil níotaiséin, i gcomparáid le díreach 430 táibléad in 2022. Tacaíonn réamhshonraí ó 2024 leis an treocht sin, agus urghabhadh breis is 50 000 táibléad i naoi mBallstát den Aontas. D’ainneoin go bhfuil líon na n-urghabhálacha fós measartha beag, d’fhéadfadh na sonraí sin a bheith ina fhianaise ar mhéadú a bheith tagtha ar an margadh a d’fhéadfadh a bheith ann do na substaintí seo atá bagrach don bheatha. Tá riosca suntasach de nimhiú tromchúiseach ag baint leis na cógais bhréagacha seo mar gheall ar ardneart níotaiséiní, go háirithe i gcás daoine aonair atá gan tulangacht ar ópóidigh. I mí an Mheithimh 2024, thuairiscigh Éire thart ar 20 cás de ródháileog neamh-mharfach a bhí nasctha le táibléid bheinsidhé-asaipín ghóchumtha ina raibh prótainíotaiséin.
Foinse: Saotharlann Chustaim na Sualainne.
Tá timpeallacht ópóideach na hEorpa fós ag dul i ngleic le hathruithe féideartha a eascraíonn as forbairtí idirnáisiúnta. Tá laghdú suntasach tagtha ar tháirgeadh óipiam mar gheall ar thoirmeasc an Talaban ar shaothrú an chodlaidín san Afganastáin ó mhí Aibreáin 2022, ach ní léir fós a mhéid a bhféadfaí ar an gcaoi sin srian a chur ar sholáthar hearóine chun na hEorpa ós rud é gurb ann do stoic óipiam laistigh den Afganastáin go fóill. D’fhéadfaí mar sin, i roinnt tíortha, aon bhearna sholáthair fhéideartha a líonadh le hópóidigh shintéiseacha nua agus le substaintí eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh rialú leathnaithe na Síne ar ópóidigh níotaiséine in 2024, a chumhdaíonn 10 substaint anois, an margadh a atreorú ó chomhdhúile ceannasacha amhail meitiníotaiséin agus prótainíotaiséin, agus i dtreo díorthach núíosach nó fine mhalartach ópóideach. Mar shampla, ó lár 2024 i leith, tá méadú beag ach suntasach tagtha ar bhrath substaintí a bhaineann leis an bhfine ‘oirfín’, agus tuairiscíodh cásanna a bhain le ciogloirfín (beinsidhé-meidealasóin) i gcúig thír, agus braitheadh spirchiogloirfín (spiritrí-asóil) in dhá thír. Cé nach bhfuil aon sonraí cógaseolaíocha ar fáil faoi láthair le haghaidh na substaintí sin, tugann a gcosúlacht struchtúrach le broirfín, ar ópóideach láidir é, le fios gur dócha gur príomhriosca sláinte í laige riospráide (féach freisin Hearóin agus ópóidigh eile – an staid reatha san Eoraip).
Leis na forbairtí sin leagtar béim ar phríomhdhúshláin ó thaobh na hullmhachta de, agus an géarghá atá ann don Aontas, chomh maith leis na córais luathrabhaidh náisiúnta agus na líonraí saotharlainne gaolmhara, chun ullmhacht a choimeád ar bun d’fhonn díorthaigh níotaiséine atá ag teacht chun cinn agus ópóidigh shintéiseacha nua eile a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu. Ar an mórgóir ceanglaíonn infhaighteacht ópóideach sintéiseach ardnirt orainn athbhreithniú a dhéanamh le fáil amach cibé an bhfuil an cur chuige atá in úsáid faoi láthair chun na díobhálacha a bhaineann le húsáid ópóideach a chosc, a chóireáil agus a laghdú fós oiriúnach don fheidhm. Mar shampla, moladh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar chineálacha cur chuige maidir leis an bhfrithnimh ópóideach, nalocsón, a chur ar fáil, toisc go mb’fhéidir go mbeadh sé riachtanach samhlacha cúraim a chur in oiriúint chun freagairt ar bhealach ní b’éifeachtaí dóibh siúd a d’úsáid ópóidigh nó le haghaidh cumaisc shintéiseacha nua ina bhfuil ópóidigh shintéiseacha nua agus substaintí eile (féach freisin Cóireáil le hagónaithe ópóideacha – an staid reatha san Eoraip agus Díobháil a laghdú – an staid reatha san Eoraip).
Féach freisin Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Substaintí sícighníomhacha nua – Grinnanailís EUDA-Europol 2024 agus Freagairtí sláinte agus sóisialta ar fhadhbanna drugaí.
Príomhshonraí agus príomhthreochtaí
Substaintí sícighníomhacha nua a tuairiscíodh
- Ag deireadh 2024, bhí faireachán á dhéanamh ag EUDA ar bhreis is 1 000 substaint shícighníomhach nua, ar tuairiscíodh 47 díobh den chéad uair san Eoraip in 2024 (Fíor 7.5 agus Tábla 7.1).
- Braitheadh thart ar 350 substaint shícighníomhach nua in urghabhálacha in 2023 (Fíor 7.6).
- In 2024, ghlac Córas Luathrabhaidh an Aontais le tuarascálacha maidir le 20 cannaibionóideach nua, rud a d’fhág go ndearnadh faireachán ar 277 gcannaibionóideach ar fad.
- Ó 2009 i leith, sainaithníodh 88 n‑ópóideach nua ar mhargadh drugaí na hEorpa, agus fógraíodh seacht substaint nua in 2024, ar ópóidigh ardnirt níotaiséine iad ar fad, a d’fhéadfadh a bheith na céadta oiread ní ba láidre ná hearóin. Go dtí seo, tá 22 níotaiséin sainaitheanta san Eoraip (Fíor 7.7).
Urghabhálacha de shubstaintí sícighníomhacha nua
- In 2023, bhí Ballstáit den Aontas freagrach as 33 710 den 110 868 gcás urghabhála nó allmhairithe de shubstaintí sícighníomhacha nua a tuairiscíodh san Aontas, san Iorua agus sa Tuirc, arbh ionann iad agus 99.9 % den 41.4 tona a tuairiscíodh (30.5 tona in 2023) (Fíor 7.8). Bhí an méadú bunaithe ar líon beag de chásanna a bhain le cáitíonóin (3-CMC, 2-MMC) (Fíor 7.9). Ina theannta sin, urghabhadh 1 286 lítear de leachtanna ina raibh substaintí sícighníomhacha nua, GBL (437 lítear) agus HHC (432 lítear) go príomha.
- In 2023, ní raibh ach ceithre shubstaint ina siocair le beagnach 90 % de chainníocht na substaintí sícighníomhacha nua ar ar thuairiscigh údaráis forfheidhmithe dlí an Aontais: trí cháitíonón (3-CMC, 2-MMC agus N-eitilnoirpheinteadrón, a bhí cothrom le 33.8 tona) agus céataimín (2.9 tona, inchomparáide leis an 2.8 tona a tuairiscíodh in 2022) (Fíor 7.9).
- In 2023, thuairiscigh 24 thír gur urghabhadh 81 chileagram (234 chileagram in 2022) de channaibionóidigh shintéiseacha, i dteannta 181 chileagram (47 gcileagram in 2022) de channaibionóidigh leathshintéiseacha mar ábhar luibhe. Tháinig laghdú suntasach ar chainníocht an phúdair cannaibionóidigh shintéisigh a urghabhadh, ó 503 chileagram in 2022 go 10 gcileagram in 2023. Bá é HHC, 149 gcileagram agus 210 lítear de, ina shiocair leis an gcuid is mó de na cannaibionóidigh leathshintéiseacha a urghabhadh. Bhí táirgí cannabais luibhe íseal-THC ina raibh cannaibionóidigh shintéiseacha nó cannaibionóidigh leathshintéiseacha cothrom le thart ar 50 % den ábhar urghafa, 131 chileagram (76 chileagram in 2022), tuairiscíodh i 15 thír.
- In 2023, tuairiscíodh 927 n‑urghabháil agus 22 chileagram d’ópóidigh shintéiseacha do Chóras Luathrabhaidh an Aontais, arbh ionann é agus méadú i gcomparáid leis an 17 gcileagram a urghabhadh in 2022. Go háirithe, tháinig méadú faoi thrí ar chainníocht na níotaiséiní a urghabhadh in 2023, ó thrí chileagram go deich gcileagram. As measc na n‑urghabhálacha d’ópóidigh nua a tuairiscíodh, bhí cairfeantainil le fáil in 24 % díobh, bhí prótainíotaiséin le fáil in 24 % díobh, bhí meitiníotaiséin le fáil in 23 % díobh, agus bhí tramadól le fáil in 20 % díobh. Urghabhadh 22 chileagram d’ábhar ar fad, agus bhí cairfeantainil le fáil in 32 % díobh (7.0 gcileagram), bhí prótainíotaiséin le fáil in 29 % díobh (6.4 cileagram), agus bhí tramadól le fáil in 22 % díobh (4.8 cileagram). Tharla formhór na n-urghabhálacha i dtuaisceart na hEorpa, agus s an Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin tuairiscíodh 77 % de na hurghabhálacha agus 76 % (16.7 cileagram) den chainníocht a urghabhadh. Thuairiscigh an Spáinn 4.6 % d’urghabhálacha d’ópóidigh shintéiseacha, agus 21 % (4.7 cileagram) den chainníocht a urghabhadh, go príomha mar gheall ar dhá urghabháil de thramadól.
Leitheadúlacht úsáide substaintí sícighníomhacha nua
- Tá na meastacháin náisiúnta maidir le húsáid substaintí sícighníomhacha nua le haghaidh na bliana seo caite (níl céataimín agus GHB san áireamh) i measc aosaigh óga (idir 15 agus 34 bliana d’aois) cothrom le idir 0.1 % sa Laitvia agus san Iorua agus 5.1 % sa Rómáin.
- Measadh i suirbhé scoileanna ESPAD 2024 ar mhic léinn a bhí idir 15 agus 16 bliana d’aois san Aontas go raibh meánúsáid saolré substaintí sícighníomhacha nua cothrom le 2.6 % – idir 0.6 % agus 6.4 % – agus go raibh úsáid saolré idir 1.0 % agus 16 % luaite le cannaibionóidigh shintéiseacha – idir 0.4 % agus 3.7 % – i gcás cáitíonón sintéiseach, agus idir 0.6 % agus 2.2 % i gcás ópóideach sintéiseach. Bhí meánleitheadúlacht úsáid saolré substaintí sícighníomhacha nua mar an gcéanna do bhuachaillí agus do chailíní.
- Sa Suirbhé Líonra Eorpaigh 2024 maidir le Drugaí, suirbhé neamhionadaíoch ar dhaoine a úsáideann drugaí, thuairiscigh 16 % de na freagróirí go raibh cáitíonóin shintéiseacha úsáidte acu le 12 mhí anuas. Astu sin, thuairiscigh 21 % gur bhain siad úsáid as na substaintí in éineacht le cannabas luibhe, agus thuairiscigh 15 % gur bhain siad úsáid as MDMA/eacstais le linn na a n‑eipeasóide úsáide deiridh. Maidir le húsáid substaintí aonair le 12 mhí anuas, thuairiscigh 14 % de na freagróirí go raibh úsáid bainte acu as cannaibionóidigh leathshintéiseacha, thuairiscigh 3 % go raibh úsáid bainte acu as cannaibionóidigh shintéiseacha, agus thuairiscigh 9 % go raibh úsáid bainte acu as cáitíonóin shintéiseacha. Thug thart ar 70 % de na rannpháirtithe a d’úsáid substaintí sícighníomhacha nua le fios gur úsáid siad an druga chun bheith ‘ar na ribí’ nó le haghaidh ‘píosa spraoi’.
Giorrúcháin
| Giorrúchán | Ainm ceimiceach |
|---|---|
| 4-BMC | 4-brómaimeatcáitíonón |
| 2-MMC | 2-meitilmeatcáitíonón |
| 3-CMC | 3-clóraimeiteacáitíonón |
| HHC-O | aicéatáit heicsi-hidreacannaibionóil |
| HHC-P | heicsi-hidreachannabaforól |
| HHC-P-O-A | aicéatáit heicsi-hidreachannabaforóil |
| deilte-9-THC | deilte-9-teitrihidreacannaibionól |
| deilte-9-THCP | deilte-9-teitri-hidreacannaibiofról |
| CBD | cannaibidhé-ól |
| CBG | cannaibeagaról |
| GBL | gáma-bútaralachtón |
| HHC | heicsi-hidreacannaibionól |
Sonraí foinseacha
Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.
Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.
