MDMA – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)
Is druga sintéiseach é MDMA ag a bhfuil gaol ceimiceach le hamfataimíní, ach a mbíonn tionchair beagán difriúil i gceist leis. San Eoraip, samhlaítear úsáid MDMA go ginearálta le patrúin eipeasóideacha úsáide i gcomhthéacs suíomhanna siamsaíochta oíche agus siamsaíochta i gcoitinne. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le MDMA, lena n‑áirítear leitheadúlacht úsáide, urghabhálacha, praghas agus íonacht agus tuilleadh.
Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025
Tá rioscaí sláinte fós ag baint le táirgí ardnirt MDMA, de réir mar a mhéadaíonn a tháirgeadh san Eoraip
Is druga sintéiseach é MDMA ag a bhfuil gaol ceimiceach le hamfataimíní, ach a mbíonn tionchair beagán difriúil i gceist leis. San Eoraip, samhlaítear úsáid MDMA go ginearálta le patrúin eipeasóideacha úsáide i gcomhthéacs suíomhanna siamsaíochta oíche agus siamsaíochta i gcoitinne. Léirítear i sonraí suirbhé gurb é MDMA an dara spreagthach aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip, tar éis cócaoin. Bhí an chuma ar an scéal gur tháinig laghdú sealadach ar úsáid an druga le linn luathchéimeanna phaindéim COVID-19 ach tugadh an seanphatrún úsáide faoi deara arís nuair a cuireadh deireadh le bearta scartha shóisialta. Leis na sonraí is déanaí atá ar fáil tugtar le fios go bhfuil an staid reatha maidir le húsáid bhliantúil réasúnta cobhsaí, cé go bhfuil an staid náisiúnta réasúnta éagsúil agus d’ainneoin gurb ann do roinnt comharthaí go bhfuil méadú beag tagtha ar úsáid i roinnt tíortha. Thug breis is leath de na cathracha Eorpacha inar tuairiscíodh anailís fuíolluisce méadú ar iarmhair MDMA faoi deara idir 2023 agus 2024.
Tá an Eoraip fós ina foinse shuntasach de MDMA ar fud an domhain
Is eol go dtáirgtear MDMA laistigh den Eoraip, lena úsáid intíre agus lena onnmhairiú chuig margaí neamh-AE araon. Aithnítear an Eoraip mar fhoinse thábhachtach i dtaobh soláthar domhanda na substainte sin. Déantar an chuid is mó den táirgeadh sin san Ísiltír agus sa Bheilg, áit a mbraitheann na póilíní saotharlanna aindleathacha gach bliain, idir saoráidí mionscála agus saoráidí níos mó (Fíor 5.1). Le déanaí, díchóimeáladh láithreáin táirgthe MDMA sa Spáinn agus, go pointe ní ba lú, sa Fhrainc, sa Pholainn agus sa tSualainn. Is dócha gur fianaise atá sa mhéid sin ar éagsúlú suíomhanna táirgthe. D’ainneoin go mbaineann dúshlán i gcónaí le faireachán a dhéanamh ar threochtaí i dtaobh táirgeadh drugaí aindleathacha, tá comharthaí ann a thugann le fios go bhféadfadh méadú a bheith ag teacht ar tháirgeadh laistigh den Eoraip anois, tar éis laghdú le linn phaindéim COVID-19. In 2023, díchóimeáladh 36 shaotharlann MDMA ar a laghad san Aontas (48 in 2022), agus tháinig méadú suntasach ar urghabhálacha an cheimiceáin réamhtheachtaí rialaithe idirnáisiúnta PMK (céatón meitile pipearóinile), agus a dhíorthaigh ghlicéideacha, chun MDMA a mhonarú don dara bliain as a chéile in 2023, go 63.1 tona (19.9 tona in 2022). In 2023 leanadh d’urghabháil ceimiceán malartach, amhail MAMDPA agus IMDPAM, a úsáidtear chun MDMA a mhonarú, ar fianaise é ar an gcaoi a malartaíonn grúpaí coireachta eagraithe a bhfuil baint acu le táirgeadh an druga réamhtheachtaithe d’fhonn rialuithe dlíthiúla a sheachaint. D’fhéadfadh na tuarascálacha sin maidir le hurghabhálacha méadaithe de réamhtheachtaithe MDMA agus de cheimiceáin mhalartacha, mar aon le faisnéis faoi onnmhairí MDMA, a bheith ina léiriú ar mhéadú ar tháirgeadh an druga le haghaidh margaí domhanda, agus ar théarnamh ginearálta tar éis phaindéim COVID-19. Tugann méaduithe ar chainníochtaí tháibléid agus phúdair MDMA a urghabhadh le déanaí san Eoraip le fios freisin gur dócha go dtiocfaidh méadú ar tháirgeadh MDMA san Aontas.
Foinse: Póilíní na Beilge, 2023.
Déantar gáinneáil ar MDMA a tháirgtear san Eoraip go réigiúin amhail an Aigéine, an Áise agus Meiriceá Laidineach. Forbairt ar cúis imní í is ea an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as bealach gáinneála ar chócaon droim ar ais, ón Eoraip go Meiriceá Laidineach, agus comharthaí ann go bhfuil MDMA á mhalartú le haghaidh cócaoin. Tugann gáinneáil ar MDMA go Meiriceá Laidineach deis do tháirgeoirí MDMA san Eoraip, i bhfianaise phraghas na ndrugaí sintéiseacha sa réigiún agus an margadh mór a bhféadfaí leas a bhaint as. D’fhéadfaí bealaí seanbhunaithe gáinneála ar chócaon a úsáid, ar glacadh leo mar bhealaí ‘aontreo’ roimhe seo, spreagadh breise a thabhairt do tháirgeoirí MDMA san Eoraip an druga a gháinneáil go Meiriceá Laidineach agus comhoibriú ar bhonn ní ba dhlúithe le líonraí gáinneála ar chócaon.
Tá tionchar suntasach ag táirgeadh MDMA san Eoraip ar an gcomhshaol, agus gineann gach cileagram de MDMA thart ar 58 gcileagram de dhramhaíl thocsaineach. Ar an mórgóir, d’fhéadfadh táirgeadh MDMA san Aontas idir 1 000 agus 3 000 tona de dhramhaíl cheimiceach a ghiniúint gach bliain. Bíonn láithreáin táirgthe i mbaol timpistí, pléascanna agus tinte freisin mar gheall ar na ceimiceáin shoghalaithe a mbíonn in úsáid iontu, rud a lena gcruthaítear rioscaí suntasacha do na pobail sa cheantar mórthimpeall.
Is ábhar imní i gcónaí feasacht na n-úsáideoirí ar láidreacht táirgí MDMA
Tá cion MDMA na dtáibléad eacstaise atá ar fáil ar an margadh miondíola fós ard de réir na gcaighdeán stairiúil. Cé go dtuairiscítear go bhfuil táibléid eacstaise ina bhfuil suas le 350 milleagram de MDMA á ndíol san Eoraip fós, ar an meán, is cosúil go bhfuil cion MDMA na dtáibléad eacstaise tar éis cobhsú le blianta beaga anuas, agus leibhéal réasúnta ard i gceist leis de 138 go 158 milleagram in aghaidh an táibléid. Is laghdú é sin ar an meánbhuaic roimh an bpaindéim de 170 milleagram de MDMA in aghaidh an táibléid in 2019. Mar sin féin, is féidir láidreacht réasúnta ard na dtáibléad MDMA reatha a thuiscint trí chomparáid a dhéanamh le 2011, tráth a bhí an meánchion MDMA i dtáibléid cothrom le thart ar 84 mhilleagram. D’fhéadfadh infhaighteacht leanúnach táirgí níos láidre cur leis an mbaol go mbeadh torthaí díobhálacha sláinte i gceist le húsáid na substainte sin. D’fhéadfadh na rioscaí sláinte a bhaineann le MDMA a úsáid a bheith ní ba mheasa mar gheall ar úsáid ilsubstaintí, rud atá fós coitianta.
De ghnáth bíonn táibléid MDMA ar fáil i bhfoirm go leor dearaí éagsúla, a mbíonn i gceist leo go minic macasamhlú ildaite ar lógónna branda. Chomh maith le púdair agus táibléid, tá ní ba mhó táirgí MDMA núíosacha, cosúil le hiteáin (milseáin, geilitíní agus líreacáin), braite ó am go chéile le blianta beaga anuas i roinnt tíortha, mar shampla, sa Bheilg agus sa tSeicia. Mar is amhlaidh le hiteáin channabais, tá deacrachtaí ag baint leis na táirgí sin chomh fada is a bhaineann sé leis an dáileog beartaithe a rialáil, agus méadaítear leo an baol d’úsáid neamhbheartaithe, rud ar ábhar imní é go háirithe má úsáideann mionaoisigh iad.
Is annamh a luaitear úsáid MDMA mar chúis le dul faoi chóireáil drugaí san Eoraip, ach uaireanta luaitear géarnimhithe agus básanna le húsáid na substainte sin. Thuairiscigh roinnt tíortha, lena n‑áirítear an Ghearmáin, líon measartha beag, ach méadaitheach, básanna de bharr drugaí a bhain le MDMA in 2023. Is í an Tuirc an t-aon tír amháin ina dtuairiscítear cion ard de bhásanna de bharr drugaí ina luaitear MDMA san anailís thocsaineolaíoch. Ní léir na cúiseanna atá leis sin, áfach. Ní gá go gciallódh sainaithint MDMA in anailís iarbháis, go háirithe in éineacht le substaintí eile, gurbh é an druga ba chúis leis an ródháileog mharfach ná gur chuir an druga leis an ródháileog mharfach. Tá roinnt tuairiscí ann, áfach, ar bhásanna nach raibh i gceist leo ach le MDMA, rud a thugann le fios gurbh é an druga an chúis dhóchúil le bás sna cásanna sin.
Dá bhrí sin, tá úsáid MDMA fós ina shaincheist thábhachtach maidir le teachtaireachtaí agus idirghabhálacha a bhaineann le cosc agus laghdú díobhála. I measc na mbeart a dhéantar sa réimse sin de ghnáth tá cumarsáid riosca faoi tháirgí ardnirt agus treoirlínte maidir le húsáid níos sábháilte, chomh maith le seirbhísí buail isteach a sholáthar agus, i roinnt tíortha, seirbhísí seiceála drugaí inar féidir le húsáideoirí anailís a dhéanamh ar chomhdhéanamh a substaintí. Ós rud é go bhféadfadh éagsúlacht a bheith ag baint le cion agus le híonacht MDMA i mbaisceanna piollairí agus púdar a bhíonn i gcúrsaíocht ar an leibhéal miondíola, bíonn úsáideoirí neamhchosanta ar leibhéil riosca a d’fhéadfadh a bheith ag athrú agus ar leibhéil riosca nach féidir a thuar. Mar shampla, in Éirinn, fuarthas amach i gclár de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte um shiamsaíocht oíche níos sábháilte, a bhí i bhfeidhm ag féile mhór cheoil i mí Lúnasa 2024, go raibh 200 milleagram MDMA i mbreis is leath de na táibléid a géilleadh nó a coigistíodh a ndearnadh anailís orthu. Baineadh úsáid as mearfholáireamh riosca d’fhonn bonn eolais a chur ar fáil d’iarrachtaí laghdaithe díobhála agus roinneadh é ar na meáin shóisialta, agus ar na mórscáileáin le linn na féile agus ar an bhfeidhmchlár féile freisin (féach Fíor 5.2). Sa teachtaireacht, cuireadh úsáideoirí ionchasacha ar an eolas faoi na rioscaí don tsláinte, ós rud é gur tuairiscíodh go raibh baint ag éigeandálaí leighis éagsúla, lenar áiríodh taomanna, le húsáid piollairí ag an imeacht.
Tabhair faoi deara: Scaipthe mar chuid de chlár de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte um shiamsaíocht oíche níos sábháilte chun rabhadh a thabhairt faoi tháirgí ardnirt MDMA.
D’ainneoin go bhfuil sé deacair ginearálú a dhéanamh mar gheall ar shrianta ar chumhdach náisiúnta agus Eorpach, tugtar le fios san fhaisnéis atá ar fáil ó sheirbhísí seiceála drugaí ar an mórgóir nach mbíonn táirgí MDMA faoi réir an thruaillmheasctha chéanna is atá drugaí aindleathacha eile a ndearnadh scagadh orthu in 2024. Tarlaíonn sé sin, áfach, mar atá léirithe ag brath ócáideach cáitíonón sintéiseach i dtáibléid MDMA. Mar sin féin, tháinig laghdú ó 6 % go ní ba lú ná 2 % idir 2023 agus 2024 ar chion na samplaí MDMA a ndearna seirbhísí seiceála drugaí Eorpacha anailís orthu a bhí truaillmheasctha le cáitíonóin. Maidir le cumaisc drugaí den sórt sin, faoinar tuairiscíodh do Chóras Luathrabhaidh an Aontais gur mídhíoladh iad mar MDMA le húsáideoirí, d’fhéadfaí an riosca d’úsáideoirí d’éifeachtaí díobhálacha neamhthuartha agus de dhíobháil fhéideartha a mhéadú.
Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe bhreise faoi MDMA in Margaí Drugaí an Aontais Eorpaigh: Grinnanailís EUDA-Europol agus in Spreagthaigh: freagairtí sláinte agus sóisialta EUDA.
Príomhshonraí agus príomhthreochtaí
Leitheadúlacht agus patrúin úsáide MDMA
- Léirítear i suirbhéanna a rinne 26 thír AE idir 2015 agus 2024 gur bhain 2.6 milliún aosach óg (idir 15 agus 34 bliana d’aois) úsáid as MDMA le bliain anuas (2.6 % den aoisghrúpa sin), agus meastar gur bhain 2.7 % (1.3 milliún) de dhaoine idir 15 agus 24 bliana d’aois úsáid as MDMA le bliain anuas (le haghaidh sonraí suirbhé, féach Fíor 5.3).
- As na 15 thír Eorpacha a ndearnadh suirbhéanna iontu ó 2022 i leith agus a sholáthair eatraimh mhuiníne, thuairiscigh tír amháin meastacháin ní b’ísle i gcomparáid leis an suirbhé inchomparáide a rinne siad roimhe sin, thuairiscigh sé thír meastacháin ní b’airde agus thuairiscigh ocht dtír meastacháin chobhsaí.
- I suirbhé scoileanna ESPAD 2024, bhí thart ar 10 % de na mic léinn ESPAD idir 15 agus 16 bliana d’aois san Aontas den tuairim go raibh sé furasta MDMA/eacstais a fháil. Ar an meán, thuairiscigh 1.8 % de na mic léinn go raibh úsáid bainte acu as an druga uair amháin ar a laghad le linn a saoil, agus thuairiscigh ní ba lú ná 1 % acu gur bhain siad úsáid as MDMA den chéad uair nuair a bhí siad 13 bliana d’aois nó ní b’óige.
- As na 76 chathair a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir le hiarmhair MDMA i bhfuíolluisce cathrach i gcomhair 2023 agus 2024, thuairiscigh 41 chathair méadú, thuairiscigh 11 chathair staid chobhsaí agus thuairiscigh 24 chathair laghdú (Fíor 5.4). In 2024 bhí ualaí maise MDMA ní b’airde ag gach ceann de na naoi gcathair a bhfuil sonraí ar fáil ina leith i gcomhair 2024 agus 2011.
- Léiríodh sa Suirbhé Líonra Eorpaigh 2024 maidir le Drugaí, ar suirbhé neamhionadaíoch ar dhaoine a úsáideann drugaí é, gurb é MDMA/eacstais an dara druga ba choitianta a úsáideadh i measc freagróirí, agus thuairiscigh trian de na freagróirí úsáid an druga le 12 mhí anuas. I gcás beagnach 80 % de na freagróirí, ba iad féilte ceoil nó cóisirí na roghshuíomhanna chun an druga a úsáid. Níor léirigh ach 10 % de na rannpháirtithe nach raibh aon substaint eile in úsáid acu an uair dheireanach a d’úsáid siad í: bhain 70 % acu úsáid as an druga i gcomhar le halcól, bhain 55 % úsáid as an druga i gcomhar le tobac, agus bhain 27 % úsáid as an druga i gcomhar le cannabas luibhe. Maidir leis na táirgí a úsáideadh, thuairiscigh thart ar 28 % gur úsáid siad púdair/criostail, d’úsáid 37 % táibléid/piollairí, agus bhí an dá chineál sin úsáidte ag 36 %. Ar an meán, thuairiscigh freagróirí gur úsáid siad aon táibléad amháin ar lá úsáide de ghnáth.
Básanna agus cásanna ospidéil a bhaineann le MDMA
- Tuairiscítear MDMA i líon réasúnta beag de bhásanna de bharr drugaí, agus i bhformhór na dtíortha bíonn baint ag an druga le níos lú ná cás amháin as gach 20 cás. Is asluiteach atá sa Tuirc, agus sainaithníodh MDMA i mbeagnach aon bhás amháin as gach trí bhás de bharr drugaí (89 mbás as 300 bás in 2023). Is i measc daoine óga, fir den chuid is mó, a tharlaíonn formhór na mbásanna de bharr drugaí sa Tuirc, agus is dóichí gur drugaí spreagthaigh seachas ópóidigh a bhíonn i gceist leis na básanna sin, i gcomparáid leis an Aontas agus leis an Iorua.
- Sa Ghearmáin, deimhnítear faisnéis tocsaineolaíochta i dtuairim is ceithre cinn as gach deich gcás, agus déantar scrúdú iarbháis i mbeagán níos mó ná leath de na cásanna. Is ó na póilíní a bhíonn i láthair a thagann faisnéis maidir leis na cásanna eile. Mar sin féin, agus aird á tabhairt ar an ngannmheastachán a d’fhéadfadh a bheith ann, bhí básanna de bharr drugaí a bhain le MDMA cothrom le 6 % de na cásanna a tuairiscíodh in 2023, arbh ionann é agus méadú ó 4 % in 2021 agus 2022. Tháinig méadú ar líon na mbásanna seo ó 59 gcás in 2021 agus 65 chás in 2022 go 105 chás in 2023. Is féidir é sin a chur i gcomparáid le méadú ó 1 460 cás ar fad de bhásanna de bharr drugaí sa Ghearmáin in 2021 agus 1 631 cás in 2022 go 1 838 cás in 2023. I níos lú ná aon chás amháin as gach cúig chás inar luadh MDMA, ba é MDMA an t-aon druga a sainaithníodh.
- I roinnt tíortha ina raibh sonraí iomlána anailíse tocsaineolaíochta ar fáil, ní raibh i gceist le cion suntasach de na básanna a bhain le MDMA ach an druga MDMA amháin. Mar shampla, ní raibh baint ag beagnach aon trian (28/89, 31 %) de na básanna a bhain le MDMA sa Tuirc agus thart ar leath (6/11) de na básanna san Fhionlainn ach leis an druga MDMA amháin.
- Ba é MDMA an t-ochtú druga ba mhinice a thuairiscigh ospidéil Euro-DEN Plus in 2023. Thuairiscigh 20 ospidéal fairtheora an druga in 2023 agus bhí baint aige le hairmheán de 5 % de chásanna sa 22 ospidéal san Aontas agus san Iorua a thuairiscigh sonraí don bhliain sin.
- Is sna hospidéil fairtheora in Gent sa Bheilg agus in Parnu san Eastóin a raibh baint ag MDMA le ní ba mhó ná aon chás amháin as gach deich gcás.
- I leath de na hospidéil Euro-DEN in 2023, bhain dhá cheann as gach trí chás ar a laghad a bhain le MDMA le fireannaigh, bhain breis is 4.5 cás as gach 10 gcás le daoine óga a bhí faoi 25 bliana d’aois.
- Bhain an chuid ba mhó de chásanna MDMA le húsáid ilsubstaintí. Ba é MDMA an t-aon druga a tuairiscíodh le haghaidh thart ar aon trian de na cásanna a bhain le MDMA (2 % de na cásanna go léir). Mar sin féin, tuairiscíodh ól alcóil i mbeagnach leath de na cásanna seo.
- I mbeagnach leath de na cásanna a raibh baint ag MDMA leo (46 %), thángthas i láthair chuig ospidéil ar an Satharn nó ar an Domhnach.
- Óladh alcól i gcomthráth le MDMA i ní ba mhó ná leath (55 %) de na cásanna a bhfuil faisnéis maidir le hionghabháil alcóil ar fáil ina leith. Ba iad cócaon, cannabas agus amfataimín na drugaí ba choitianta a tuairiscíodh i gcásanna a raibh baint ag MDMA leo.
Sonraí margaidh maidir le MDMA
- In 2023 thuairiscigh Ballstáit den Aontas 17 000 urghabháil de MDMA (14 500 in 2022), a bhí cothrom le 3.6 tona púdair MDMA (1.2 tona in 2022) agus 7.2 milliún táibléad MDMA (2.5 milliún in 2022). Sa Tuirc urghabhadh 5.2 milliún táibléad MDMA in 2023 (5 mhilliún in 2022) (Fíor 5.5).
- In 2023 tuairiscíodh díchóimeáil 36 shaotharlann MDMA in dhá Bhallstát den Aontas. Tuairiscíodh ceithre cinn acu sin sa Bheilg, agus an 32 ceann eile san Ísiltír.
- Mhéadaigh urghabhálacha de réamhtheachtaithe MDMA, go príomha i bhfoirm réamhtheachtaí MDMA, PMK, agus a dhíorthaigh ghlicéideacha, go 64.1 tona in 2023 (20.5 tona in 2022), agus urghabhadh 63.1 tona de sin in 2023 (19.9 tona in 2022). Tuairiscíodh urghabhálacha ceimiceán malartach chun MDMA a tháirgeadh in 2023 freisin: 565.4 cileagram de MAMDPA (37 gcileagram in 2022) agus, den chéad uair, urghabhálacha IMDPAM (450 cileagram).
- In 2023 bhí idir 138 agus 158 milleagram ar an meán de MDMA (140-157 milleagram in 2022) le fáil i dtáibléid MDMA a urghabhadh san Eoraip, agus bhí meáníonacht na bpúdar MDMA a urghabhadh idir 24 % agus 100 % (46-100 % in 2022), agus tuairiscíodh luachanna sa raon 67-88 % (66-87 % in 2022) i leath na dtíortha (Fíor 5.5). Thuairiscigh an Ísiltír, príomhthír fhoinseach sholáthar MDMA chun na hEorpa, meánchion MDMA de 133 mhilleagram, agus íonacht 75 % chomh fada is a bhain sé le púdair MDMA.
- Sa chéad leath de 2024, rinne 13 sheirbhís seiceála drugaí i ndeich mBallstát den Aontas tástáil ar 2 747 sampla ar fad a díoladh mar MDMA le haghaidh truaillmheascán sícighníomhach. Ba é MDMA an t-aon substaint shícighníomhach a aimsíodh i 2 589 sampla, agus bhí substaint shícighníomhach amháin eile ar a laghad le fáil sa 158 sampla eile. Díobh sin ba iad cáitíonóin shintéiseacha ba mhinice a braitheadh, arb ionann iad agus ní ba lú ná 2 % de na samplaí a díoladh mar MDMA (Fíor 5.6, Fíor 5.7 agus Fíor 5.8), laghdú ó 6 % in 2023.
Sonraí foinseacha
Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.
Is féidir fothacar de na sonraí seo, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus eilimintí eile a ghiniúint ar an leathanach seo, a fháil thíos.
Táblaí sonraí maidir le leitheadúlacht úsáide drugaí lena n-áirítear suirbhéanna ar an bpobal i gcoitinne agus anailís ar fhuíolluisce (gach substaint)
Táblaí sonraí a bhaineann go sonrach le MDMA
