Hearóin agus ópóidigh eile – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)
Tá hearóin fós ar an ópóideach aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip, agus tá sí freagrach as sciar mór den ualach cúraim sláinte a bhaineann le húsáid drugaí aindleathacha. Tá fadhb ópóideach na hEorpa de shíor ag forbairt, áfach, ar bhealaí ar dócha a mbeidh impleachtaí tábhachtacha acu maidir leis an gcaoi a dtugaimid aghaidh ar shaincheisteanna sa réimse sin. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le hearóin agus ópóidigh eile, lena n‑áirítear leitheadúlacht úsáide, éileamh ar chóireáil, urghabhálacha, praghas agus íonacht, díobhálacha agus tuilleadh.
Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025
Margadh hearóine agus ópóideach na hEorpa fós ina chúis le dúshláin ó thaobh laghdú díobhála agus cóireála de
Is í hearóin an t‑ópóideach aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip fós, agus is í atá taobh thiar de chuid mhór den ualach sláinte de dheasca úsáid drugaí aindleathacha. Tá feiniméan ópóideach na hEorpa ag forbairt i gcónaí, áfach, ar bhealaí ar dócha go mbeidh impleachtaí tábhachtacha acu ar an gcaoi a dtugaimid aghaidh ar fhadhbanna sa réimse seo.
Léirítear i sonraí maidir le dul faoi chóireáil drugaí agus táscairí eile, ar an iomlán, go bhfuil cohórt na n-úsáideoirí hearóine san Eoraip ag dul in aois. Sa tréimhse ó 2013 agus 2023, tháinig méadú ar mheánaois na gcliant uile a bhí ag dul faoi shainchóireáil drugaí d’úsáid hearóine agus ar aois iad siúd a bhí ag dul fúithi den chéad uair riamh, agus tháinig méadú freisin ar chion na gcliant ní ba shine (féach Fíor 6.1 agus Fíor 6.2). Is ionann athruithe ar shaintréithe daoine atá ag lorg cabhrach agus a rá go bhfuil seirbhísí ag tabhairt aghaidh anois ar raon níos casta riachtanas ó thaobh na sláinte agus na tacaíochta sóisialta de. Chomh maith le freagairt dhíreach a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le drugaí, áirítear orthu sin breoiteacht a bhaineann le haois a chosc nó a chóireáil agus ceanglas comhfhreagrach chun comhpháirtíochtaí éifeachtacha ilghníomhaireachta agus conairí atreoraithe a bhunú le seirbhísí ginearálta ó thaobh na sláinte agus na tacaíochta sóisialta de.
D’ainneoin go bhfuil baint fós ag hearóin le go leor básanna a bhaineann le hópóidigh (féach Básanna de bharr drugaí – an staid reatha san Eoraip), tá ópóidigh eile tar éis éirí ní ba shuntasaí. Ina theannta sin, d’ainneoin gurbh í hearóin an t‑ópóideach ba choitianta a tuairiscíodh i gcásanna de ghéarthocsaineacht drugaí in ospidéil fairtheora Euro-DEN in 2023 fós, i roinnt cathracha, tá ópóidigh eile – cógais agónaithe ópóidigh, cógais faoisimh ó phian nó ópóidigh shintéiseacha láidre nua – tar éis teacht in ionad na hearóine mar phríomhchúis le cásanna. D’ainneoin nach bhfuil an tacar sonraí seo ionadaíoch go náisiúnta, soláthraítear leis léargas ar an gcaoi a bhféadfadh fadhbanna ópóideach a bheith ag athrú ar an leibhéal áitiúil. Thairis sin, ní mór na sonraí sin a léirmhíniú go cúramach, toisc gur cosúil go léirítear le roinnt athruithe sa réimse sin tionchar dearfach na mbeartas fadtéarmach chun an t-éileamh ar hearóin a laghdú, tionscnamh nua a dhíspreagadh agus freagairtí cóireála leordhóthanacha agus éifeachtacha a sholáthar. Mar sin féin, d’fhéadfaí ní ba mhó airde a thabhairt anois ar bhearta chun an riosca a laghdú go bhféadfaí ópóidigh atá beartaithe lena n‑úsáid theiripeach a atreorú chuig an margadh aindleathach. Fainic thábhachtach sa chomhthéacs seo is ea nár cheart go gcruthódh an iarracht chun an cuspóir sin a chomhlíonadh bacainní breise i ndáil le cóireáil le hagónaithe ópóidigh a sholáthar, a bhfuil a cumhdach fós neamhleor i roinnt tíortha.
Tugadh athruithe ar bhealach riartha na hearóine faoi deara freisin.v As iomlán na gcásanna d’othair a tháinig i lathair chuig seirbhísí cóireála, tá laghdú ar an instealladh i measc cliaint chéaduaire hearóine agus cliant a bhfuil cóireáil curtha orthu ina leith sin le deich mbliana anuas. Is léir ó na sonraí is déanaí, áfach, gur ag moilliú atá treocht anuas (féach Fíor 6.3 agus Úsáid drugaí trí instealladh san Eoraip – an staid reatha). D’fhéadfadh an t-athrú ó instealladh go dtí bealaí eile riartha, caitheamh/ionanálú, go príomha, a bheith ina léiriú ar an tionchar a bhíonn ag tosca éagsúla, lena n-áirítear tionchar na n-iarrachtaí laghdaithe díobhála agus coisc, agus athruithe ar infhaighteacht drugaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar phatrúin úsáide. Ní thuairiscíonn ach 20 % de chliaint nua atá ag dul faoi chóireáil d’fhadhbanna a bhaineann le hearóin instealladh mar phríomhbhealach riartha anois. Tá an fhorbairt sin tábhachtach, de bhrí go luaitear raon torthaí sláinte diúltacha le húsáid drugaí trí instealladh. Rud nach bhfuil chomh dearfach céanna, mar a phléitear in áiteanna eile sa tuarascáil seo, is ea gur cosúil, tríd is tríd, go mbíonn daoine a úsáideann drugaí trí instealladh ag tabhairt instealltaí de raon níos leithne substaintí dóibh féin, agus go bhfuil spreagthaigh, atá á n-instealladh níos minice anois ná hópóidigh, á dtuairisciú ar bhonn níos coitianta. Chomh maith leis sin, tá imní ann maidir leis na leibhéil ísle soláthair, leibhéil atá ag laghdú i gcásanna áirithe, de steallairí steiriúla a thugtar faoi deara i roinnt Ballstát den Aontas (féach freisin Úsáid drugaí trí instealladh san Eoraip – an staid reatha).
Chomh maith le raon níos éagsúla ópóideach agus substaintí eile a bheith ar fáil ar mhargadh drugaí na hEorpa, is príomhábhar imní don tsláinte é úsáid ilsubstaintí i measc daoine a úsáideann ópóidigh go príomha, toisc go méadaítear ar an gcaoi sin a lán rioscaí. Pointe tábhachtach is ea go dtugtar le fios i roinnt táscairí go mbíonn hearóin agus ópóidigh eile in úsáid i gcomhar le substaintí eile go minic, lena n‑áirítear alcól, beinsidhé-asaipíní nó spreagthaigh amhail cócaon, cnagchócaon agus amfataimíní. Méadaíonn úsáid ilsubstaintí a bhaineann le hópóidigh agus le dúlagráin riospráide eile an baol a bhaineann le ródháileog mharfach, agus tugtar léargas i sonraí ó fhoinsí seanbhunaithe agus ceannródaíocha ar an gcaoi a bhfuil úsáid chomhuaineach substaintí iomadúla mar ghné de phatrúin úsáide áitiúla drugaí. In 2023, thuairiscigh triúr as gach cúigear cliant a chuaigh faoi shainchóireáil drugaí san Eoraip, a luaigh gurb é opóideach an príomhdhruga fadhbach a bhí acu, úsáid substainte tánaistí. Ar an leibhéal áitiúil, in 2023, bhain ní ba mhó ná aon trian de na heipeasóidí éigeandála le húsáid ilsubstaintí, de réir mar sonraí a tuairiscíodh thar ceann 13 sheomra úsáidte drugaí i naoi mBallstát den Aontas ar baill de Líonra Seomraí Úsáidte Drugaí na hEorpa freisin iad. Léirítear i sonraí ó ESCAPE – an Fiontar Tionscadail Eorpach um Bailiú agus Anailís ar Steallairí – go mbíonn patrúin úsáide ilsubstaintí éagsúil i dtíortha difriúla agus de réir an opóidigh insteallta. Cé gur braitheadh hearóin go minic i steallairí i gcomhar le drugaí nó truaillmheascáin eile, i láithreáin in Vilnias (an Liotuáin) agus i dTaillinn (an Eastóin), ba iad ópóidigh shintéiseacha nua an t-aon chomhdhúil ghníomhach a braitheadh i steallairí. In Thessaloniki (an Ghréig) agus i bPrág (an tSeicia), fuarthas búipreanoirfín ina aonar go minic nó i dteannta le nalocsón, ar cosúil a bheith ina fhianaise ar chomhdhéanamh ullmhóidí cógaisíochta.
D’fhéadfadh athruithe ar tháirgeadh agus ar gháinneáil dul i bhfeidhm ar mhargadh hearóine na hEorpa
Leis an toirmeasc ar shaothrú an chodlaidín, ar thug an Talaban isteach é i mí Aibreáin 2022, tá laghdú mór tagtha ar tháirgeadh óipiam agus hearóine san Afganastáin, ar príomhfhoinse an druga san Eoraip í, agus measann Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC) go bhfuil laghdú 95 % tagtha ar shaothrú óipiam in 2023, go 10 800 heicteár, laghdú ó 232 000 heicteár in 2022. Tugtar le fios i bhfigiúirí níos déanaí ó UNODC gur fhan saothrú an phoipín ag leibhéil an-íseal in 2024, i.e. 12 800 heicteár. Is dócha go mbeidh tionchar ag an laghdú ar tháirgeadh óipiam agus hearóine san Afganastáin, má leantar de, ar infhaighteacht hearóine san Eoraip – cé go mbaineann dúshlán fós leis an mbealach a bhféadfadh sé sin tarlú a thuar agus an tslí a bhféadfadh sé tarlú i mBallstáit éagsúla den Aontas. Bíonn tionchar ag tosca éagsúla ar an ngáinneáil ar hearóin aindleathach ón Afganastáin chun na hEorpa, tosca nach dtuigtear cuid acu go maith, amhail staid shocheacnamaíoch fheirmeoirí tuaithe agus úinéirí talún na hAfganastáine, agus an dóchúlacht go mbeadh stoc-chairn óipiam agus hearóine ann, ar deacair iad a mheas, nó athruithe ar bhealaí gáinneála. I bhfianaise na ngéarchéimeanna eacnamaíocha agus daonnúla san Afganastáin, d’fhéadfadh brú intíre a bheith ar an Talaban an toirmeasc a chur ar ceal, ós rud é gur foinse thábhachtach ioncaim ba ea saothrú óipiam roimhe seo. I dteannta a chéile, a bhuíochas de na forbairtí sin tarraingítear aird ar an ngá atá le feabhas a chur ar an bhfaireachán ar staid drugaí na hAfganastáine. Tá tionscadal nua seolta ag EUDA sa réimse sin chun ullmhacht a fheabhsú agus chun léargas straitéiseach a sholáthar do lucht ceaptha beartas an Aontais.
Laistigh den Eoraip, tugann roinnt táscairí le fios go bhfuil laghdú ag teacht ar an margadh hearóine le 10 mbliana anuas. D’ainneoin athruithe suntasacha a bheith le tabhairt faoi deara sna méideanna a urghabhadh, tugtar le fios leis na treochtaí fadtéarmacha maidir le praghas agus íonacht, maille le líon na n-urghabhálacha, go bhféadfadh méadú a bheith ar an soláthar i gcoibhneas leis an éileamh le linn na tréimhse (féach Sonraí margaidh maidir le hearóin agus ópóidigh eile thíos). D’fhéadfadh sé sin a bheith ag athrú, áfach, mar a léirítear sna sonraí is déanaí maidir le hurghabhálacha ó phríomhthíortha feadh an phríomhbhealaigh gáinneála, an Tuirc agus an Bhulgáir, agus freisin mar gheall ar laghdú suntasach ar íonacht hearóine in 2023. Cé go bhféadfadh léargas a bheith á thabhairt sna sonraí ar athruithe atá ar siúl faoi láthair i ndinimic mhargadh hearóine na hEorpa, tá gá le tuilleadh faireacháin a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an ionann na forbairtí is déanaí agus iarmhairt dhíreach an tsuaite ó thaobh soláthair de ón Afganastáin nó tosca geopholaitiúla eile, agus ar an gcaoi a bhféadfaidís infhaighteacht hearóine a fhorbairt tuilleadh agus tionchar a imirt ar an infhaighteacht sin.
Taobh amuigh de shrianta soláthair, is príomhbhreithnithe fós iad athléimneacht agus oiriúnú an mhargaidh d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar chomharthaí athraithe i margadh hearóine na hEorpa. Mar shampla, léirítear i dtuarascálacha go bhféadfadh sé gur chuidigh stoc-chairn óipiam laistigh den Afganastáin le tionchar láithreach an toirmisc a mhaolú (féach Tionchar thoirmeasc drugaí an Talaban a thuiscint). I gcomhar leis an méid sin, d’fhéadfadh luach ard mhargadh hearóine na hEorpa soláthairtí don Eoraip a dhéanamh beagán athléimneach sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus d’fhéadfadh laghdú ní ba láithrí ar infhaighteacht a bheith i ndán do mhargaí eile nach bhfuil chomh brabúsach céanna. Thairis sin, tá líonraí gáinneála an-inoiriúnaithe agus d’fhéadfadh siad a bheith i mbun a mbealaí a aistriú mar thoradh ar mhór-ionradh na Rúise ar an Úcráin agus coinbhleachtaí sa Mheánoirthear – go háirithe forbairtí a tharla le déanaí sa tSiria. Agus iad lonnaithe le sruth ag teorainneacha seachtracha agus inmheánacha na hEorpa leanann líonraí gáinneála fós d’úsáid a bhaint as raon modi operandi chun hearóin a thabhairt isteach i dtíortha AE. Áirítear orthu sin ualaí níos mó a cheilt laistigh de threalamh agus innealra, mar a chonacthas in urghabháil a rinne an Bhulgáir le déanaí, mar aon le húsáid aerárthaí éadroma agus iad a bheith ag díriú ar aerpháirceanna réigiúnacha agus níos lú d’fhonn ualaí mórdhíola a bhogadh laistigh den Aontas, mar a tugadh faoi deara le déanaí in urghabháil a rinneadh in Éirinn (féach Fíor 6.4, Fíor 6.5 agus Soláthar, táirgeadh agus réamhtheachtaithe drugaí – an staid reatha san Eoraip).
Tabhair faoi deara: Drugaí urghafal ag Biúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithean an Gharda Síochána agus ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim.
Tabhair faoi deara: Drugaí urghafa ag Gníomhaireacht Náisiúnta Custam na Bulgáire.
I bhfianaise laghdú marthanach a d’fhéadfadh a bheith tagtha ar sholáthar hearóine ón Afganastáin, d’fhéadfadh líonraí coiriúla a mbíonn baint acu le gáinneáil ar dhrugaí foinsí malartacha a lorg. Ba dhoiligh, áfach, soláthairtí ó thíortha táirgeachta eile, amhail Maenmar/Burma, a úsáid go hiomlán in ionad hearóine ón Afganastáin, i bhfianaise an méid óipiam agus hearóine a táirgeadh agus a ndearnadh gáinneáil air ón Afganastáin roimh an toirmeasc atá i bhfeidhm faoi láthair. Cé nach forbairt nua atá ann, is díol spéise é gur urghabhadh cainníochtaí hearóine báine, 60 cileagram san iomlán, a monaraíodh i Maenmar/Burma nó gar dó, ó am go chéile ó phaisinéirí aerlíne tráchtála a bhí ag eitilt ón Téalainn chuig Ballstáit den Aontas in 2024 agus go luath in 2025. D’fhéadfadh glacadh leis sin mar fhianaise go bhfuil iniúchadh á dhéanamh ag roinnt líonraí gáinneála ar fhoinsí malartacha hearóine agus iad ag súil go mbeidh ganntanas le tabhairt faoi deara san Afganastáin amach anseo. Tá an méid sin ag titim amach tráth a bhfuiltear ag súil le leathnú a dhéanamh ar thrádáil tráchtála idir an tAontas agus an Áise Thoir Theas.
Ábhair imní sláinte ann maidir le soláthar agus úsáid mhéadaithe a bheith á baint as ópóidigh shintéiseacha nua
Faoi láthair, tá ról measartha beag á imirt ag ópóidigh shintéiseacha ar an margadh drugaí san Eoraip tríd is tríd, ach is fadhb shuntasach iad i roinnt tíortha, agus tá comharthaí ann go bhféadfadh ról ní ba mhó a bheith i gceist leo i dtaobh fadhbanna drugaí na hEorpa amach anseo. Tá ópóidigh shintéiseacha, amhail feantainil agus a díorthaigh, lena n-áirítear cairfeantainil – atá i bhfad níos láidre ná hearóin de ghnáth – á dtuairisciú do Chóras Luathrabhaidh an Aontais le blianta fada anois. Le déanaí, tá aicme nua ópóideach sintéiseach, níotaiséiní, cuid acu atá i bhfad níos láidre ná feantainil, tar éis teacht ar an bhfód san Eoraip. Ó 2019 i leith, tá tuarascálacha faighte ag Córas Luathrabhaidh an Aontais maidir le níotaiséiní a bheith le fáil ar mhargaí drugaí in 21 Bhallstát den Aontas ar a laghad (féach Substaintí sícighníomhacha nua – an staid reatha san Eoraip). Tá mearmhéadú tagtha ar urghabhálacha níotaiséiní san Eoraip, agus tháinig méadú faoi thrí ar an gcainníocht a braitheadh i bhfoirm púdair go 10 gcileagram in 2023. Tá méadú suntasach tagtha freisin ar infhaighteacht cógas bréagach ina bhfuil níotaiséiní, agus tá méadú tagtha ar chainníocht na dtáibléad urghafa ar ar thuairiscigh 12 thír ar a laghad do Chóras Luathrabhaidh an Aontais in 2024. De ghnáth déanann na táirgí sin aithris ar chógais dhlisteanacha ar oideas, go háirithe ocsacódón agus, go pointe níos lú, beinsidhé-asaipíní amhail déiseapam agus alprasólam. Cé gurb iad úsáideoirí ópóideach ardriosca a thógann iad go ginearálta, tá imní ann maidir leis an bhféidearthacht go scaipfí iad ar agus go mbeidís in úsáid ag pobail ®eile atá gan tulangacht ar ópóidigh, lena n-áireofaí daoine óga. In 2023, bhraith Córas Luathrabhaidh an Aontais ópóidigh shintéiseacha nua i substaintí sícighníomhacha nua i 20 Ballstát den Aontas ar a laghad, maille leis an Iorua agus an Tuirc. Sa bhliain chéanna, thuairiscigh ocht dtír díobhálacha a bhainle hópóidigh níotaiséine, lenar áiríodh nimhiú neamh‑mharfach agus marfach araon, chomh maith le ráigeanna. Tuairiscíodh freisin gur mídhíoladh ópóidigh níotaiséine mar hearóin in Éirinn agus sa Fhrainc agus, in 2024, mar bheinsidé-asaipíní in Éirinn, a bhí nasctha le nimhiú i suíomhanna pobail agus príosúin i measc grúpaí leochaileacha daoine ar úsáideoirí drugaí iad.
Cé is moite de roinnt tíortha Baltacha, áfach, níl na drugaí sin le tabhairt faoi deara go feiceálach faoi láthair sna gnáthshonraí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais ina leith sin. Mar sin féin, is cúis imní iad forbairtí sa réimse sin mar gheall ar an bhféidearthacht atá ann go mbeadh tionchar diúltach ag na substaintí seo ar an tsláinte phoiblí san Eoraip amach anseo. In 2022 agus 2023, thuairiscigh roinnt tíortha ó thuaidh agus roinnt tíortha Baltacha, lenar áiríodh an Eastóin agus an Laitvia, méadú ar infhaighteacht ópóideach sintéiseach agus díobhálacha gaolmhara, básanna a bhaineann le drugaí san áireamh. Tuairiscíodh braislí nó líon suntasach de bhásanna agus de chásanna de ghéarthocsaineacht ina raibh baint ag níotaiséiní sa Fhrainc in 2023, sa Ghearmáin in 2024 agus sa tSualainn agus san Iorua sa tréimhse 2023/2024. Mar gheall ar a láidreacht ard agus a n‑úrnuacht, áfach, tá imní ann gur féidir gan ópóidigh níotaiséine a bhrath go rialta sna nósanna imeachta a úsáidtear go coitianta faoi láthair i scrúduithe tocsaineolaíochta iarbháis. Ardaítear leis sin an fhéidearthacht go bhféadfadh líon na mbásanna a thuairiscítear a bheith gannmheasta.
Tá sé ríthábhachtach i gcónaí ullmhacht a fheabhsú chun cumas na hEorpa freagairt go tapa do ráigeanna nimhithe de dheasca ópóidigh shintéiseacha láidre. Tá córas measúnaithe bagairtí sláinte agus slándála EUDA á fhorbairt faoi láthair, agus rinneadh an chéad mheasúnú píolótach mar chuid de ag deireadh 2024, a bhí dírithe ar níotaiséiní agus ar chairfeantainil sa réigiún Baltach. I measc na bpríomhthorthaí, tugadh faoi deara sa mheasúnú gur gné níos suntasaí den mhargadh drugaí san Eastóin agus sa Laitvia iad níotaiséiní, agus go raibh cairfeantainil fós chun tosaigh sa Liotuáin. Is cosúil go bhfuil folús líonta ag na substaintí sin tar éis mheath na feantainile agus na hearóine, rud lena léirítear inoiriúnaitheacht na margaí drugaí áitiúla. Tá an Eastóin ar cheann den bheagán Ballstát den Aontas a bhfuil athrú fadtéarmach tagtha ar a margadh ópóideach tar éis laghdú ar infhaighteacht hearóine a thabhairt faoi deara thart ar an mbliain 2001, tráth ar achtaíodh toirmeasc ní baluaithe de chuid an Talaban ar shaothrú óipiam. Mar sin féin, ligeadhdon toirmeasc dul in éag ar deireadh, rud a d’fhág go raibh hearóin le fáil arís i bhformhór na mBallstát eile den Aontas, áit a raibh margaí suntasacha don druga.
Tá tuairimíocht ann freisin, má laghdaítear infhaighteacht hearóine san Eoraip, mar thoradh ar thoirmeasc an Talaban ar shaothrú óipiam san Afganastáin, go bhféadfadh sé sin na dálaí a chruthú d’infhaighteacht agus d’úsáid mhéadaithe ópóideach sintéiseach. I bhfianaise na n-iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis sin, ní mór don Eoraip feabhas a chur ar a hullmhacht chun tabhairt faoi dhúshláin ó thaobh laghdú díobhála de, i measc dúshlán eile, a d’fhéadfadh a eascairt as aistriú margaidh mar sin.
Áirítear ar na hábhair imní sa réimse seo truaillmheascadh hearóine le hópóidigh shintéiseacha nua, mídhíol ópóideach sintéiseach nua agus ionadú hearóine le hópóidigh shintéiseacha nua. D’fhéadfadh forbairtí mar sin an riosca ródháileoige agus an riosca a bhaineann le bás de bharr drugaí i measc úsáideoirí ópóideach a mhéadú. Is fiú a rá, sa chomhthéacs seo, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar mhortlaíocht a bhaineann le hópóidigh i Meiriceá Thuaidh le blianta beaga anuas, rud atá spreagtha ag ópóidigh shintéiseacha láidre, eadhon díorthaigh feantainile, den chuid is mó. Mar sin féin, bunaithe ar chásanna roimhe seo de shuaitheadh sa mhargadh hearóine, d’fhéadfaí fosta go mbeadh an fhéidearthacht ann spreagthaigh amhail cócaon agus cáitíonóin shintéiseacha a úsáid mar shubstaintí athsholáthair le haghaidh hearóin.
Cé gur dócha go mbeadh úsáid mhéadaithe ilsubstaintí agus malartú idir substaintí mar thoradh ar aon laghdú ar infhaighteacht hearóine, príomhbhealach a bheith chun tosaigh air sin is ea rochtain mhear ar chóireáil le hagónaithe ópóideach agus ar thacaí gaolmhara a leathnú, chomh maith le cláir steallairí agus snáthaidí. Tá sé tábhachtach fós rochtain leordhóthanach ar nalocsón a fhorbairt chun ródháileoga a aisiompú agus chun básanna de bharr drugaí a chosc. Tá sé tábhachtach i gcónaí faireachán a dhéanamh ar na drugaí atá ar fáil ar an leibhéal miondíola i margaí drugaí áitiúla d’fhonn athruithe ar na substaintí atá ar díol agus láithreacht baisceanna drugaí contúirteacha a shainaithint go tapa. Leanfaidh Córas Luathrabhaidh an Aontais de ról lárnach a bheith aige sa chomhthéacs sin, agus beidh ról lárnach freisin ag córas nua EUDA maidir foláireamh drugaí agus measúnú ar bhagairtí.
Creidtear go dtionscnaítear an chuid is mó de na soláthairtí d’ópóidigh shintéiseacha nua, amhail níotaiséiní, sa tSín agus go ndéantar gáinneáil orthu chun na hEorpa ansin. Mar sin féin, is eol gur laistigh den Eoraip a tharla méid teoranta de tháirgeadh ópóideach sintéiseach, agus is féidir a shamhlú, fiú, go bhféadfaí an acmhainneacht táirgeachta drugaí sintéiseacha aindleathacha atá ann cheana a úsáid chun ópóidigh shintéiseacha a tháirgeadh dá mbeadh dálaí an mhargaidh fabhrach.
Chun léargas níos mionsonraithe a fháil ar dhinimic an tsoláthair hearóine san Aontas, féach Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Hearóin agus ópóidigh eile – Grinnanailís EUDA-Europol 2024; féach freisin Ópóidigh: freagairtí sláinte agus sóisialta EUDA.
Príomhshonraí agus príomhthreochtaí
Leitheadúlacht úsáide ópóideach
- Meastar gur bhain 0.3 % de dhaonra na n‑aosach san Aontas, nó thart ar 860 000 duine, úsáid as ópóidigh in 2023 (figiúr atá cobhsaí i gcomparáid le 2022).
Dul faoi chóireáil i ndáil le húsáid hearóine agus ópóideach eile
- Tuairiscíodh gurb í úsáid ópóideach an phríomhchúis a bhí ag 72 000 cliant a chuaigh faoi shainchóireáil drugaí in 2023, arbh ionann é agus 23 % de na cliaint uile a chuaigh faoi chóireáil drugaí san Eoraip. Thug 12 000 (61 %) de na 19 000 de na hiontrálaithe céaduaire le fios gurbh í hearóin an príomhdhruga a bhí in úsáid acu, arbh iontrálaithe iad a thuairiscigh gurbh é ópóideach sonrach an príomhdhruga fadhbach a bhí in úsáid acu. Níor shonraigh 3 000 úsáideoir ópóideach céaduaire an príomhdhruga a bhí in úsáid acu.
- B’fhir iad formhór na ndaoine a bhí ag lorg cóireáil le haghaidh fadhbanna a bhain le hópóidigh, arbh ionann an líon sin agus 80 % de na cliaint uile a chuaigh faoi chóireáil arbh é ópóideach an príomhdhruga fadhbach a bhí in úsáid acu in 2023. Bhí an cion sin réasúnta cobhsaí, agus níor tugadh mórán éagsúlachta faoi deara idir 2018 agus 2023.
- Mar gheall ar chur isteach ar sheirbhís le linn phaindéim COVID-19, ba cheart a bheith cúramach agus sonraí a bhaineann le dul faoi chóireáil i gcomhair na tréimhse ó 2020 go 2022 á léirmhíniú. Mar sin féin, tugtar le fios sna sonraí gur leanadh den treocht anuas fhadtéarmach chomh fada is a bhain sé le líon na ndaoine a chuaigh faoi chóireáil i ndáil le húsáid hearóine (Fíor 6.6).
- Léirítear sna sonraí Eorpacha is déanaí go bhfuil aga moille 15 bliana d’aois (13 bliana d’aois do mhná agus 16 bliana d’aois d’fhir) idir an chéad uair a úsáidtear hearóin, ag 23 bliana d’aois ar an meán, agus an chéad bhabhta cóireála le haghaidh fadhbanna a bhaineann le hearóin, ag 38 bliana d’aois, ar an meán. Idir 2018 agus 2023, tháinig méadú 5 bliana ar an aga moille i gcás na mban agus méadú 6 bliana i gcás na bhfear.
- Léirítear i sonraí náisiúnta ó 26 Ballstát den Aontas go bhfuair thart ar 511 000 cliant cóireáil le hagónaithe ópóideach in 2023 (510 000 in 2022).
Díobhálacha a bhaineann le húsáid ópóideach
- Bhí ópóidigh, lenar áiríodh hearóin agus a meitibilítí, in éineacht le substaintí eile go minic, le fáil i seacht gcinn as deich gcás de ródháileog mharfach in 2023 a bhfuil faisnéis thocsaineolaíoch ar fáil ina leith (féach Básanna de bharr drugaí – an staid reatha san Eoraip). Fainic is ea é nach bhfuil sonraí ar fáil ach i gcomhair 19 gceann de Bhallstáit den Aontas.
- In 2023, ba í hearóin an tríú druga ba choitianta a tuairiscíodh i gcásanna de ghéarthocsaineacht drugaí in ospidéil Euro-DEN Plus san Aontas agus san Iorua, figiúr a bhí cothrom le 13 % de na cásanna uile. Fuarthas hearóin in 18 ospidéal as an 22 ospidéal rannpháirteacha in 2023 san Aontas agus san Iorua (Fíor 6.7).
- Tuairiscíodh hearóin i ní ba mhó ná an cúigiú cuid de na cásanna a bhain le drugaí san ospidéal i nDroichead Átha (Éire) agus sa dá ospidéal in Osló (an Iorua). Ba le fir idir 25 agus 45 bliana d’aois a bhain formhór na gcásanna ina raibh baint ag hearóin; i seacht gcinn d’ospidéil as na 18 n-ospidéal a chuir sonraí ar fáil in 2023, níor tugadh cás ar bith faoi deara a bhain le daoine a bhí ní b’óige ná 25 bliana d’aois. I leath de na hospidéil sin, ba le mná a bhain ní ba lú ná 7 % de na cásanna a raibh baint ag hearóin luaite leo. Ag brath ar an ospidéal, ba iad na drugaí ba choitianta a tuairiscíodh i dteannta le hearóin ná beinsidhé-asaipíní, cócaon agus amfataimín.
Sonraí margaidh maidir le hearóin agus ópóidigh eile
- Tar éis méadú a thabhairt faoi deara ar urghabhálacha hearóine in 2021 (go 9.5 tona), tháinig laghdú 16 % go 8.0 tona ar an gcainníocht a d’urghabh Ballstáit den Aontas in 2022, agus tugadh laghdú eile 33 % go 5.4 tona faoi deara in 2023. Ar an iomlán, thuairiscigh Ballstáit den Aontas 17 000 urghabháil de hearóin in 2023 (21 500 urghabháil in 2022). Thuairiscigh an Bheilg (2.9 tona), an Fhrainc (1.1 tona), an Spáinn (322 chileagram) agus an Iodáil (260 cileagram) na cainníochtaí ba mhó. D’urghabh an Tuirc 3.3 tona hearóin in 2023, 58 % ní ba lú ná 2022 (8 dtona).
- Ba idir 5 % agus 40 % a bhí an mheáníonacht hearóine doinne ag an leibhéal miondíola in 2023, agus tuairiscíodh meáníonacht idir 13 % agus 21 % i leath de na tíortha. Léirítear i dtreochtaí innéacsaithe gur tháinig laghdú 25 % ar mheánphraghas na hearóine doinne idir 2013 agus 2023. Bhí íonacht an druga luaineach le linn na tréimhse sin, agus tháinig laghdú suntasach uirthi in 2023 (Fíor 6.8).
- In 2023, tuairiscíodh 927 n‑urghabháil d’ópóidigh shintéiseacha nua i 20 tír, cothrom le 22 chileagram, do Chóras Luathrabhaidh an Aontais, arbh ionann é agus méadú i gcomparáid leis na 17 gcileagram a urghabhadh in 2022. Go sonrach, tháinig méadú faoi thrí ar chainníocht na níotaiséiní a urghabhadh in 2023, ó 3 chileagram go 10 gcileagram. As na 927 n‑urghabháil d’ópóidigh nua a tuairiscíodh in 2023, bhí cairfeantainil le fáil in 24 % díobh, bhí prótainíotaiséin le fáil in 24 % díobh, bhí meitiníotaiséin le fáil in 23 % díobh agus bhí tramadól le fáil in 20 % díobh. Cairfeantainil ba ea 32 % (7.0 cileagram) den 22.0 cileagram d’ábhar urghafa, prótainíotaiséin ba ea 29 % (6.4 cileagram) de, agus tramadól ba ea 22 % (4.8 cileagram) de. Tharla formhór na n-urghabhálacha i dtuaisceart na hEorpa, agus tuairiscíodh 77 % de na hurghabhálacha agus 76 % den chainníocht (16.7 cileagram) a urghabhadh san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin i dteannta a chéile.
- Tuairiscíodh tuairim is 22 000 cion a bhain le húsáid nó seilbh hearóine in 2023.
- Díchóimeáladh ceithre láithreán táirgthe hearóine déag san Aontas in 2023 (deich láithreán san Ísiltír, trí cinn sa Ghréig agus ceann amháin sa Fhrainc). Ba chosúil go raibh gach suíomh ag feidhmiú mar láithreáin ghearrtha agus phacáistithe le haghaidh bloic hearóine, ar dócha gur beartaíodh a ndíol i dtíortha AE agus i dtíortha neamh-AE araon, go háirithe an Ríocht Aontaithe. Ina theannta sin, thuairiscigh an tSeicia gur díchóimeáladh dhá láithreán ópóideach nach bhfuil sonraithe.
Sonraí foinseacha
Tá na sonraí a úsáidtear le haghaidh na ngrafaicí faisnéise agus na gcairteacha ar an leathanach seo le fáil thíos.
Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.
Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.
