Drugaí eile – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)

cover of the European Drug Report 2025: other drugs

Chomh maith leis na substaintí aitheanta atá ar fáil ar mhargaí drugaí aindleathacha, úsáidtear roinnt substaintí eile a bhfuil airíonna siabhraigineacha, ainéistéiseacha, dícheangail nó dúlagráin acu san Eoraip: áirítear orthu sin LSD (dé-eitiolaimíd aigéid líséirgigh), beacáin draíochta, céataimín, GHB (gámahiodrocsabútaráit) agus ocsaíd nítriúil. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid maidir leis na substaintí seo san Eoraip, lena n‑áirítear urghabhálacha, leitheadúlacht agus patrúin úsáide, dul faoi chóireáil, díobhálacha agus tuilleadh.

Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.

An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025

Substaintí nach n-úsáidtear chomh minic céanna a chuireann le castacht an mhargaidh drugaí agus le rioscaí sláinte

Chomh maith leis na substaintí aindleathacha aitheanta atá ar fáil ar mhargaí drugaí, úsáidtear roinnt drugaí eile a bhfuil airíonna spreagthaigh, siabhraigineacha, ainéistéiseacha, dícheangail aitheantais nó dúlagráin acu san Eoraip: áirítear orthu sin duilleoga cát (ón bplanda Catha edulis), LSD (dé-eitiolaimíd aigéid líseirgigh), beacáin draíochta, céataimín, GHB (gámahiodrocsabútaráit) agus ocsaíd nítriúil. Is cosúil go bhfuil cuid de na substaintí sin tar éis éiri seanbhunaithe i roinnt tíortha, cathracha nó pobal sonrach, cé go bhféadfadh a leitheadúlacht choibhneasta a bheith sách íseal i gcomparáid le roinnt drugaí aindleathacha eile atá níos aitheanta. Mar sin féin, ar chúiseanna éagsúla modheolaíocha agus stairiúla, go minic ní éiríonn go maith lena gcur chuige faireacháin reatha chun patrúin agus treochtaí a shainaithint a bhaineann le húsáid substaintí nach bhfuil chomh coitianta céanna. Ciallaíonn sé sin gur doiligh barúil a thabhairt go muiníneach ar a leitheadúlacht úsáide agus ar na díobhálacha gaolmhara atá leo.

Riosca tuilleadh díobhálacha as siocair infhaighteacht níos leithne céataimín

Is cógas atá údaraithe san Aontas é céataimín a úsáidtear le haghaidh ainéistéise den chuid is mó. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir rialuithe rialála éagsúla ar an leibhéal náisiúnta, amhail reachtaíocht maidir le drugaí rialaithe nó táirgí íocshláinte. Tá an stádas dlíthiúil difriúil seo ar cheann de roinnt tosca a fhágann go mbíonn faireachán ar infhaighteacht céataimín dúshlánach. Ina ainneoin sin, tá comharthaí ann ó roinnt táscairí gur cosúil go bhfuil íos mó céataimín ar fáil ar mhargadh drugaí an Aontais de réir a chéile.

In 2023 urghabhadh céataimín, mar phúdar den chuid ba mhó, ar fud an Aontais, ach ba mhinice sa Spáinn agus i gcainníochtaí ní ba mhó san Ísiltír – an tír lenar bhain beagnach trí cheathrú den chainníocht iomlán a tuairiscíodh. Meastar gur ón India a thagann an chuid is mó den chéataimín a urghabhtar san Eoraip. Is dócha go n-allmhairítear bulcmhéideanna den druga chuig Ballstáit den Aontas a bhfuil rialuithe dlí nach bhfuil chomh dian céanna i bhfeidhm iontu, agus go ndáiltear iad ansin laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Tugtar le fios san fhaisnéis atá ar fáil go bhfuil táirgeadh an druga san Eoraip fós teoranta. Ós rud é go mbaintear úsáid as céataimín sa leigheas daonna agus tréidliachta araon mar ainéistéiseach, agus mar eiscéataimin do dhúlagar atá frithsheasmhach in aghaidh cóireála, is ábhar imní fós é goid agus atreorú an druga ó chuspóirí dlisteanacha.

Tríd is tríd, tá fianaise ann a thugann le fios gur dócha go mbeidh céataimín ar fáil go comhsheasmhach ar roinnt margaí náisiúnta drugaí, agus gur roghdhruga seanbhunaithe atá ann i suíomhanna áirithe. Tuairiscítear freisin go n-úsáidtear é in éineacht le substaintí eile, amhail alcól agus spreagthaigh éagsúla. In Éirinn, mar shampla, sainaithníodh meascadh d’aon ghnó cócaoin agus céataimín ag féilte ceoil, mar aon le teagmhais leighis in 2022 agus 2023 a bhain le céataimín. In 2023 thuairiscigh seomraí éigeandála ospidéil fairtheora Euro-DEN gurbh é cócaon an tsubstaint ba mhinice a tuairiscíodh in éineacht le céataimín i gcásanna de ghéarthocsaineacht. Déantar céataimín a smúradh go coitianta, ach is féidir é a instealladh freisin, agus tá sé nasctha le díobhálacha géarmhíochaine agus ainsealacha éagsúla a bhraitheann ar an dáileog, lena n-áirítear tocsaineacht néareolaíoch agus chardashoithíoch, fadhbanna meabhairshláinte amhail dúlagar, agus deacrachtaí úireolaíocha, mar shampla damáiste don lamhnán de bharr dianúsáide nó láithreacht truaillmheascán. Mar léiriú ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag córais cúraim sláinte ó thaobh úsáid eipeasóideach an druga, rud atá ag dul i méid, iarradh i staidéar a rinneadh san Ísiltír in 2024 go n‑áireofaí é i ngnáth-scagthástálacha tocsaineolaíocha d’fhonn diagnóisiú a fheabhsú.

Féadfar céataimín a chur le cumaisc drugaí eile freisin, lena n-áirítear púdair MDMA, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le húsáid neamhbheartaithe. Fuarthas céataimín freisin i gcumaisc a díoladh mar ‘chócaon bándearg’ nó ‘tucibi’, arb é ata iontu de ghnáth cumaisc de chéataimín, MDMA agus tríú substaint eile (amhail cócaon, amfataimíní nó substaintí sícighníomhacha nua). Ní dócha go mbeidh an druga sintéiseach 2C-B i gcumaisc a dhíoltar mar ‘chócaon bándearg’ nó ‘tucibi’, rud a luaitear uaireanta le ‘tucibi’ i bhfianaise na gcosúlachtaí foghraíochta a bhaineann lena n-ainmneacha. In 2024 tuairiscíodh brath ‘tucibi’ nó ‘cócaon bándearg’ i dtrí thír ar a laghad do bhunachar sonraí Chóras Luathrabhaidh an Aontais maidir le drugaí nua, agus ba iad an Spáinn agus an Iodáil inar tuairiscíodh formhór na gcásanna. Urghabhtar an tsubstaint i bhfoirm púdair, de ghnáth, a bhfuil a dhath bándearg agus a bholadh milis dhíorthaítear ó dhathúchán bia ina chomhartha sóirt aige. In 2023 bhraith póilíní san Ísiltír roinnt saoráidí measctha agus próiseála a bhí i mbun ‘cócaon bándearg’ a tháirgeadh. Ina theannta sin d’idircheap oibríochtaí forfheidhmithe dlí isteach ar dhá líonra coiriúla a bhí i mbun gáinneáil ar chumaisc ‘tucibi’ ón Spáinn go dtí cinn scríbe neamh-AE.

Tá líon na gcliant a meastar fúthu go bhfuil cóireáil d’fhadhbanna a bhain le húsáid céataimín curtha orthu fós íseal. Mar sin féin, tháinig méadú ar líon na gcliant ó thart ar 300 cás a tuairiscíodh in 2018 go 1 380 cás in 2023, agus tháinig méadú ní ba mhó ná dhá oiread ar an líon sin idir 2022 agus 2023. Ba i sé thír a tuairiscíodh formhór na gcásanna sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar infhaighteacht ní b’airde céataimín i limistéir áirithe den Eoraip agus ar an easpa roghanna cóireála a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don phobal áirithe seo atá ag teacht chun cinn in áiteanna eile. Thairis sin, ní dócha go ngabhfar sa tacar sonraí seo na daoine ar fad a bhfuil fadhbanna sláinte acu a bhaineann leis an druga sin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh mórán ionadaíochta déanta orthu siúd a bhfuil fadhbanna úireolaíocha acu, tríd is tríd. I ndáil leis sin, is díol suntais é go bhfuil clinicí curtha ar bun san Ísiltír a dhíríonn go speisialta ar othair a bhfuil fadhbanna úireolaíocha acu a chóireáil, ar fadhbanna iad a bhíonn dianúsáid ainsealach céataimín ina cúis leo.

Is ábhar imní fós é úsáid ocsaíde nítriúla i roinnt Ballstát den Aontas.

Tá ocsaíd nítriúil, ar gnách gur gás gáire a thugtar air, nasctha le fadhbanna sláinte éagsúla, lena n-áirítear nimhiú, dónna agus gortuithe scamhóg agus, i gcásanna áirithe de nochtadh fada, néarthocsaineacht mar gheall ar uireasa vitimín B12. Tá díospóireacht ar siúl, áfach, maidir lena mhéid a bhaineann an tsubstaint sin le rioscaí sláinte diúltacha, go háirithe i measc úsáideoirí eipeasóideacha, agus bunaithe ar an tóir a bhíonn ag daoine óga air a bheith ag dul i méid, is léir gur réimse tábhachtach é sin le haghaidh tuilleadh taighde agus faireacháin. I roinnt cathracha Eorpacha, bíonn ceanastair gáis ocsaíde nítriúla le feiceáil go réasúnta coitianta anois, agus tá diúscairt na gceanastar cruach dosmálta níos lú sainaitheanta ina fadhb a bhaineann le bruscar drugaí i roinnt tíortha. Sainaithníodh in athbhreithniú EMCDDA a foilsíodh in 2022 roinnt Ballstát den Aontas, lena n-áirítear an Danmhairg, Éire, an Fhrainc, an Liotuáin, an Ísiltír agus an Phortaingéil, ar tugadh faoi deara ontu go raibh méadú tagtha ar infhaighteacht agus ar úsáid áineasa nó eipeasóideach ocsaíde nítriúla. Léirítear i sonraí níos déanaí ó chuid de na tíortha sin, go háirithe ón Ísiltír, go bhfuil laghdú tagtha ar úsáid ocsaíde nítriúla ó shin i leith. Tá an druga tar éis éirí ní b’inrochtana agus níba shaoire, tá fáil air ar líne agus tá tuilleadh ceanastar gáis atá dírithe ar úsáid áineasa, atá níos mó ó thaobh méid de, ar fáil freisin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sorcóirí ardtoirte an baol go ndéanfaí damáiste do na scamhóga a mhéadú freisin, mar gheall ar bhrú ní b’airde a n-ábhair agus, ar an mórgóir, tuairiscítear i gcoitinne go mbíonn baint ag ionanálú díreach ó bhuidéil gháis le riosca ardaithe díobhála. Luaitear úsáidí tráchtála éagsúla le hocsaíd nítriúil; mar shampla, úsáidtear sa tionscal lónadóireachta í. Is ann d’éagsúlachtaí idir tíortha chomh fada is a bhaineann sé le cur chuige rialála i leith dhíol agus úsáid na substainte sin, agus tá an gás ar fáil go dleathach lena dhíol i roinnt tíortha. Tá roinnt Ballstát den Aontas, lena n-áirítear an Danmhairg, an Fhrainc, an Liotuáin, an Ísiltír agus an Phortaingéil, tar éis srian a chur le hinfhaighteacht ocsaíde nítriúla le blianta beaga anuas. An fhaisnéis mheastóireachta atá ar fáil maidir le héifeachtacht cur chuige reachtach nó cur chuige eile chun srian a chur le rochtain ar ocsaíd nítriúil, is teoranta ata sí.

Rioscaí nimhithe atá nasctha le beinsidhé-asaipíní nua ina ndúshlán fós

Tá easuan agus imní ar chinn de na riochtaí a gcóireálann dochtúirí le beinsidhé-asaipíní, toisc go bhfeidhmíonn siad mar dhúlagráin lárchóras na néaróg. Mar sin féin, tá margadh ann san Eoraip le haghaidh beinsidhé-asaipíní nua agus aindleathacha, ar beinsidhé-asaipíní iad a monaraíonn líonraí coiriúla i gcásanna áirithe. Leanadh de bheinsidhé-asaipíní neamhrialaithe agus nua a chur ar fáil i ní ba mhó ná dhá thrian de thíortha Eorpacha ach, arís eile, bheadh gá le cur chuige faireacháin ní ba shofaisticiúla chun barúil a thabhairt go muiníneach maidir le scála a n-úsáide. Mar sin féin, tá comharthaí ann go bhféadfadh iarmhairtí tábhachtacha don tsláinte a bheith ag gabháil leis na substaintí seo, go háirithe nuair a úsáidtear iad in éineacht le drugaí eile. Príomhdhúshlán is ea go bhféadfadh cuma dhlisteanach a bheith ar chógais bhréagacha a d’fhéadfadh tacú le muinín gan bhonn a chruthú i measc úsáideoirí maidir lena n-úsáid (féach Fíor 8.1). I roinnt tíortha, tá beinsidhé-asaipíní fós nasctha le ráigeanna nimhithe agus ródháileoige, rud a d’fhéadfadh géarú go tapa, agus bhféadfadh leibhéil dhíréireacha riosca a bheith le tabhairt faoi deara i measc pobal leochaileach da mbarr. In 2024 in Éirinn, mar shampla, tharla trí ráig nimhithe agus ródháileoige i bpríosúin. Bhain an dá ráig thosaigh le hópóidigh níotaiséine ardnirt a bhí á mídhíol mar hearóin agus beinsidhé-asaipíní, agus bhain an tríú ráig le beinsidhé-asaipín nua ar a dtugtar clóbhrómasólam. Is féidir ródháileoga ópóideach sintéiseach nua a aisiompú le nalocsón, ach ní féidir iad siúd arb iad beinsidhé-asaipíní is cúis leo a aisiompú agus d’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe – tar éis meastóireacht ag céadfhreagróirí – go mbeadh gá le hospidéalú, mar a tharla in Éirinn. D’eisigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann teachtaireacht foláirimh riosca maidir le cúrsaíocht na ndrugaí sin (féach Díobháil a laghdú – an staid reatha san Eoraip). Bíonn na substaintí sin an-saor den chuid is mó agus d’fhéadfadh daoine óga iad a úsáid in éineacht le halcól freisin, agus uaireanta bíonn frithghníomhartha tromchúiseacha sláinte nó iompar neamhghnách mar thoradh orthu. Tá beinsidhé-asaipíní nasctha freisin le básanna ródháileoige i measc daoine a úsáideann ópóidigh. Fágann easpa faisnéise tocsaineolaíche faoi láthair nach dtuigtear go leordhóthanach an ról a bhíonn ag beinsidhé-asaipíní i mbásanna a bhaineann le hópóidigh. Tugadh fógra maidir le 38 mbeinsidhé-asaipín nua do Chóras Luathrabhaidh an Aontais idir 2007 agus 2024 (Fíor 8.2), agus bhí 19 gcinn de na beinsidhé-asaipíní sin le feiceáil ar an margadh drugaí in 2023 in 22 Bhallstát den Aontas, san Iorua agus sa Tuirc (féach Substaintí sícighníomhacha nua – an staid reatha san Eoraip). Rinne seirbhísí seiceála drugaí anailís ar líon teoranta beinsidhé-asaipíní nua sa chéad leath de 2024 i dtrí Bhallstát den Aontas. Mura bhfuil siad comhtháite laistigh de sheomra úsáide drugaí, ní bhíonn rochtain ag foghrúpaí níos imeallaithe daoine a úsáideann drugaí ar na seirbhísí seo de ghnáth. Ina ionad sin, is iondúil go mbaineann daoine a úsáideann drugaí go heipeasóideach tairbhe astu, ag imeachtaí siamsaíochta oíche agus ceoil go hiondúil. Is féidir le faireachán leanúnach ar na substaintí a bhíonn le feiceáil ar an margadh drugaí cabhrú le baisceanna contúirteacha drugaí a shainaithint agus freagairt dóibh go tapa, agus tá Córas Luathrabhaidh EUDA fós ina phríomh-acmhainn sa chomhthéacs sin.

Fíor 8.1. Táibléid beinsidhé-asaipín bhréige ina raibh ópóidigh níotaiséine ó fholáireamh riosca eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn, Meitheamh 2024
Táibléid beinsidhé-asaipín bhréige ina raibh ópóidigh níotaiséine ó fholáireamh riosca eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn, Meitheamh 2024
Fake benzodiazepine tablets containing nitazene opioids from risk alert issued by Ireland’s Health Service Executive, June 2024

Foinse: Saotharlann de chuid FSS um threochtaí drugaí atá ag teacht chun cinn.

Fíor 8.2. Líon na bhfógraí foirmiúla faoi bheinsidhé-asaipíní a tuairiscíodh do Chóras Luathrabhaidh an Aontais, 2005-2023

Ceisteanna sláinte agus rialála ag eascairt as an spéis mhéadaitheach in úsáidí teiripeacha a bhféadfadh baint ag sícideiligh a bheith leo

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an spéis atá ag an bpobal agus ag an lucht cliniciúil araon i sícideiligh, go háirithe i dtaobh na bhfeidhmeanna teiripeacha a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo. Tá taighde ar theiripí ina bhfaightear cúnamh ó shubstaintí amhail silicíbin, MDMA, DMT agus LSD le haghaidh riochtaí néaraishíciatracha atá deacair a chóireáil, amhail neamhord struis iarthrámaigh agus dúlagar atá frithsheasmhach in aghaidh cóireála, ag leanúint ar aghaidh go tapa. Anuas air sin, tá roinnt forbairtí tar éis teacht ar chistiú le haghaidh trialacha a bhaineann le sícideiligh san Aontas. Sa tSeicia, mar shampla, tá cistiú faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Drugaí 2023-2025 curth i leataobh le haghaidh taighde ar shícideiligh i gcóireáil andúile. Ar leibhéal an Aontais, go luath in 2024, bronnadh cistiú ar luach EUR 6.5 milliún é faoin gclár Fís Eorpach le haghaidh taighde ar theiripe shícideileach i gcás neamhoird mheabhracha atá frithsheasmhach in aghaidh cóireála i gcúram maolaitheach. Cé go bhfuil gealladh léirithe ag roinnt sícideileach maidir le maolú siomptóm sonrach a bhaineann leis na neamhoird sin, is doiligh fós ginearálú a dhéanamh sa réimse, i bpáirt mar gheall ar líon mór na substaintí atá á n-athbhreithniú, agus i bpáirt mar gheall ar an raon leathan riochtaí a bhfuil staidéar á dhéanamh orthu.

I roinnt dlínsí lasmuigh den Aontas tá tús curtha le húsáid substaintí sícideileacha chun críocha leighis agus teiripeach a rialú, rud lena mbaineann leas suntasach tráchtála. Ag an am céanna, léirítear sna sonraí atá ar fáil go bhfuil roinnt athruithe le tabhairt faoi deara in úsáid sícideileach san Eoraip. Áirítear leis sin go háirithe méadú ar chleachtais neamhrialáilte nó mhídhleathacha ina n-úsáidtear na substaintí sin mar chuid d’idirghabhálacha folláine, teiripeacha nó atá dírithe ar spioradáltacht.

Bíonn imeachtaí eagraithe a bhaineann le sícideiligh, lena n-áirítear searmanais atá dírithe ar fholláine, ar siúl i ngach Ballstát den Aontas. de réir dealraimh. Go hiondúil baineann na cleachtais sin le húsáid substaintí amhail silicíbin, ayahuasca (N,N-démheitiltrioptaimín nó DMT), agus 5‐meatocsai‐N,N‐démheitiltrioptaimín (5-MeO-DMT). Suíomhanna grúpa a bhíonn i gceist leo go minic, agus bíonn na himeachtaí faoi stiúir éascaitheoirí, seaman nó cóitseálaithe éagsúla. I roinnt tíortha, oibríonn siad go réasúnta oscailte, ach i dtíortha eile fanann siad faoi cheilt. D’ainneoin go maíonn cuid de na cúrsaí spioradálta sin go gcomhtháthaíonn siad gnéithe de thacaíocht theiripeach, feidhmíonn an chuid is mó acu lasmuigh de struchtúir chúraim sláinte fhoirmiúla, go minic i spásanna mídhleathacha, neamhrialáilte nó atá débhríoch ó thaobh an dlí de.

Tá na forbairtí sin mar bhonn le hábhair imní ar an leibhéal beartais. D’fhéadfaí glacadh leis an éileamh méadaitheach is cosúil atá ann ar na cleachtais shícideileacha sin mar fhianaise ar níos mó spéise a bheith ag an bpobal i gcur chuige malartach meabhairshláinte agus féinfhorbartha. Tá na rioscaí a ghabhann leis na cleachtais sin ag teacht chun cinn, áfach, go háirithe i gcás daoine leochaileacha agus iad siúd a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu cheana féin. Fágann sé sin, mar aon leis an easpa dea-chleachtas atá dírithe ar an taighde nó treoirlínte caighdeánaithe, gur níos casta fós iad saincheisteanna sábháilteachta agus maoirseachta.

Má leanann cleachtais shícideileacha neamhrialáilte ade bheith ag scaipeadh, is é an príomhdhúshlán a bheidh le sárú ag an lucht ceaptha beartas agus ag gairmithe sláinte ná conas teacht ar thuiscint níos fearr ar raon feidhme agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí seo, chomh maith leis na rioscaí sláinte gaolmhara agus na freagairtí laghdaithe díobhála. Beidh sé ríthábhachtach iarrachtaí faireacháin a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an timpeallacht úsáide substaintí sícideileacha atá ag teacht chun cinn san Eoraip. I bhfoilseachán le déanaí de chuid EUDA, tugtar aghaidh ar úsáid theiripeach sícideileach.

Príomhshonraí agus príomhthreochtaí

Leitheadúlacht agus patrúin úsáide drugaí eile

  • I measc aosaigh óga (idir 15 agus 34 bliana d’aois), léirítear i suirbhéanna náisiúnta a rinneadh le déanaí go bhfuil meastacháin leitheadúlachta na bliana seo caite maidir le LSD agus beacáin draíochta cothrom le nó níos lú ná 1 %. I measc na n-eisceachtaí a bhaineann le beacáin draíochta tá an tSeicia (3.8 % in 2023), an Fhionlainn (2.7 % in 2022), an Eastóin (2.6 % in 2023, 16-34), an Ísiltír (2.2 % in 2023), an Fhrainc (2.0 % in 2023, 18-34), an Danmhairg (1.7 % in 2023, 16-34) agus an Ghearmáin (1.1 % in 2021). I measc na n-eisceachtaí a bhaineann le LSD tá an tSeicia (2.6 % in 2023), Éire (2.4 % in 2019), an Eastóin (2.3 % in 2023, 16-34), an Fhrainc (1.6 % in 2023, 18-34), an Ghearmáin (1.5 % in 2021, 18-34), an Laitvia (1.4 % in 2020), an Fhionlainn (1.3 % in 2022) agus an Danmhairg (1.1 % in 2023).
  • Tá na meastacháin a rinneadh le déanaí maidir le leitheadúlacht céataimín i measc aosaigh óga (15-34) idir 0.8 % sa Rómáin (2019) agus 3.2 % san Ísiltír (2023).
  • I suirbhé scoileanna ESPAD 2024 measadh go raibh úsáid saolré LSD agus siabhraiginí eile idir 0.7 % go 6.8 % agus idir 0.3 % go 3.4 % le haghaidh GHB i measc mic léinn scoile a bhí idir 15 agus 16 bliana d’aois san Aontas.
  • I measc fhreagróirí an tSuirbhé Líonra Eorpaigh 2024 maidir le Drugaí, suirbhé neamhionadaíoch ar dhaoine a úsáideann drugaí, bhain 18 % díobh siúd a d’úsáid drugaí le 12 mhí anuas úsáid as beacáin draíochta, thuairiscigh 14 % díobh gur bhain siad úsáid as céataimín, thug 10 % le fios gur úsáid siad LSD nó siabhraiginí eile, d’úsáid 8 % ocsaíd nítriúil, agus d’úsáid 3 % GHB/GBL (aigéad gáma-hiodrocsabútarach)/gáma-bútaralachtón) agus ‘tucibi’. Astu siúd a d’úsáid céataimín, smúr 97 % é agus d’úsáid siad púdair/criostail. Ar an meán, úsáideadh 0.3 gram in aghaidh an lae úsáide. Fianaise maidir le scála féideartha na húsáide ilsubstaintí gaolmhaire is ea nár thuairiscigh ach 11 % de na freagróirí gur úsáid siad céataimín in éagmais substaint eile, lenar áiríodh tobac agus alcól; d’úsáid an tríú cuid de dhaoine céataimín le MDMA/eacstais, agus d’úsáid an ceathrú cuid de dhaoine é in eineacht le cannabas luibhe. As na rannpháirtithe a d’úsáid céataimín, thuairiscigh 80 % gur úsáid siad é chun ‘ar na ribí’ nó le haghaidh ‘píosa spraoi’, agus thuairiscigh aon trian de na daoine ‘go raibh siad fiosrach faoi’ nó ‘go raibh fonn orthu triail a bhaint as’.
  • In 2024, tuairiscíodh leibhéil réasúnta íseal d’iarmhair chéataimín i bhfuíolluisce bardasachin 82 chathair, agus braitheadh na hualaí maise ab airde i gcathracha sa Bheilg, san Ísiltír, san Ungáir agus san Iorua (Fíor 8.3). I measc an 42 chathair a bhfuil sonraí ar fáil ina leith i gcomhair 2023 agus 2024, tugadh laghdú (10 % ar a laghad) faoi deara in 14 chathair, bhí 15 chathair réasúnta cobhsaí agus tugadh laghdú faoi deara in 13 chathair.
Fíor 8.3. Iarmhair chéataimín i bhfuíolluisce i gcathracha Eorpacha roghnaithe: athruithe sa tréimhse ó 2023 go 2024

Mean daily amounts of ketamine in milligrams per 1000 population. Sampling was carried out over a week between March and May 2024.
Taking into account statistical errors, values that differ less than 10 % from the previous value are considered stable in this figure.

Source: Sewage Analysis Core Group Europe (SCORE).
For the complete data set and analysis, see Wastewater analysis and drugs – a European multi-city study.

Dul faoi chóireáil d’úsáid céataimín

  • Tugadh méaduithe faoi deara ó thaobh líon na gcliant a chuaigh faoi chóireáil le haghaidh fadhbanna a bhain le húsáid céataimín sa Bheilg, sa Ghearmáin, san Iodáil agus san Ísiltír in 2023, agus sa Fhrainc agus sa Spáinn in 2022 (na sonraí is déanaí), agus tháinig méadú ar an líon foriomlán ó 289 in 2018 go thart ar 1 329 cliant in 2023 sna tíortha seo.

Díobhálacha a bhaineann le húsáid drugaí eile

  • Ba é GHB/GBL an cúigiú druga ba choitianta a tuairiscíodh ag ospidéil Euro-DEN Plus in 2023. Ar an iomlán, tuairiscíodh i 13 sheomra éigeandála é in naoi mBallstát den Aontas agus san Iorua in 2023. Bhí baint ag an druga le thart ar 3.8 % de chásanna (airmheán) sa 22 ospidéal rannpháirteacha i 15 Bhallstát den Aontas agus san Iorua ar cuireadh sonraí ar fáil ina leith in 2023. Ba in Osló (44 %), Utrecht (26 %), Barcelona (22 %), Taillinn (17 %) agus Ghent (16 %) a bhí na hospidéil ina raibh an cion ab airde de chásanna inar tuairiscíodh úsáid GHB/GBL (Fíor 8.4). Tugadh úsáid alcóil faoi deara in aon trian de na cásanna GHB/GBL a raibh sonraí ar fáil ina leith. Ba faoi dhianchúram a bhí cás amháin as gach sé chás (16 %) inar tuairiscíodh GHB/GBL.
Fíor 8.4. Cion na gcásanna de ghéarthocsaineacht drugaí ina ndearnadh tagairt do GHB/GBL, ospidéil fairtheora Euro-DEN Plus 2023
  • Tuairiscíodh céataimín i 13 ospidéal Euro-Den Plus i naoi mBallstát den Aontas agus san Iorua in 2023 agus bhí baint aige le thart ar 1.8 % de na cásanna (airmheán) sa 22 ospidéal a thuairiscigh sonraí in 2023. In 2023, bhain beagnach dhá cheann as gach trí chás (63 %) le hothair a bhí idir 25 agus 45 bliana d’aois, agus fir ba ea trí cheathrú díobh sin (75 %). Tháinig leath de na cásanna ar fad i láthair chuig seirbhísí éigeandála ar an Satharn agus ar an Domhnach. Tugadh úsáid alcóil faoi deara i mbeagán os cionn leath (55 %) de na cásanna céataimín a raibh sonraí ar fáil ina leith. Cuireadh othair faoi dhianchúram i thart ar 4.5 % de na cásanna inar tuairiscíodh céataimín.
  • Tuairiscíodh baint ag ocsaíd nítriúil i gcásanna de ghéarthocsaineacht drugaí a tháinig i láthair chuig seirbhísí éigeandála sé cinn d’ospidéil fairtheora i gcúig Bhallstát den Aontas agus san Iorua in 2023. I measc na gcásanna a tuairiscíodh bhí daoine óga (aois airmheánach de 21 bhliain d’aois), ní ba mhó fear (62 %) ná ban, agus ba i rith laethanta na seachtaine a tháinig siad i láthair (60 %). In trí cinn de na sé ospidéal, ba é cannabas an tsubstaint ba mhinice a bhí in úsáid in éineacht le hocsaíd nítriúil a tuairiscíodh. Tugadh úsáid alcóil faoi deara i mbeagnach aon chúigiú de na cásanna ocsaíde nítriúla a raibh sonraí ar fáil ina leith.
  • In 2023, tuairiscíodh LSD ag 17 n-ospidéal Euro-Den Plus i 13 cinn de na Ballstáit den Aontas a bhí rannpháirteach agus san Iorua, agus bhí baint ag LSD le thart ar 1.4 % de na cásanna uile (airmheán) ar fud na n‑ospidéal uile ar tuairiscíodh sonraí ina leith. Ba le fir a bhain beagnach gach cás (94 %); ba é 23.5 bliana d’aois an aois airmheánach. Tugadh úsáid alcóil faoi deara in aon cheathrú de na cásanna LSD a raibh sonraí mar sin ar fáil ina leith.

Sonraí margaidh le haghaidh drugaí eile

Ní dhéantar faireachán leanúnach ar fud na hEorpa ar urghabháil drugaí siabhraigineacha agus dícheangail. Trí chórais faireacháin éagsúla EUDA soláthraítear an fhaisnéis theoranta atá ar fáil, faisnéis atá éagsúil agus nach furasta a ghinearálú. I measc na bhfoinsí a chuireann leis na sonraí a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo tá Córas Luathrabhaidh an Aontais – maidir le substaintí sícighníomhacha nua – córais tuairiscithe náisiúnta, agus – i dtaobh seiceáil drugaí – an Líonra Faisnéise Tras-Eorpach maidir le Drugaí (TEDI).

  • In 2023, tuairiscíodh beagnach 2 000 urghabháil LSD, a bhí cothrom le thart ar 361 900 aonad agus thart ar aon chileagram amháin agus aon lítear amháin, san Eoraip (Tábla 8.1). Tuairiscíodh 3 750 urghabháil de bheacáin draíochta, a bhí cothrom le 333 chileagram, thar ceann 24 thír. Tuairiscíodh 145 urghabháil DMT, a bhí cothrom le 36.2 cileagram, ag 17 dtír, an Phortaingéil, go príomha (26.7 cileagram), agus 17.1 lítear (16.01 lítear: an Phortaingéil; 1.06 lítear: an tSualainn ).
Tábla 8.1a. Líon na n-urghabhálacha agus an chainníocht drugaí eile a urghabhadh, an tAontas
Tábla 8.1b. Líon na n-urghabhálacha agus an chainníocht drugaí eile a urghabhadh, an tAontas, an Iorua agus an Tuirc
  • In 2023 bhí na hurghabhálacha de chéataimín a tuairiscíodh do Chóras Luathrabhaidh an Aontais cothrom le 2.7 tona púdair (2.8 tona in 2022), agus ba san Ísiltír a urghabhadh 72 % den chainníocht iomlán. Tá leibhéil níos airde ná 0.5 tona i gceist le hurghabhálacha de chéataimín ó 2017 i leith (Fíor 8.5), agus tá méadú dhá oiread tagtha ar líon na n-urghabhálacha de chéataimín (Fíor 8.6).
Fíor 8.5. Urghabhálacha de phúdar céataimín san Aontas: cainníocht iomlán (cileagraim), 2006-2023
Fíor 8.6. Urghabhálacha de phúdar céataimín san Aontas: an líon iomlán, 2006-2023
  • Díchóimeáladh sé shaotharlann chéataimín san Aontas in 2023. De ghnáth bhíothas ag díriú sna láithreáin sin ar chriostalú púdair bulc-chéataimín.
  • As na 704 shampla a cuireadh isteach mar chéataimín chuig seirbhísí seiceála drugaí in 10 mBallstát den Aontas, ní raibh an tsubstaint a rabhthas ag súil léi gan aon truaillmheascán inti ach in 91 % (639), ag a raibh meán-íonacht a bhí cothrom le 86 %. Is dócha gur fianaise é an méid sin ar infhaighteacht mhéadaithe an druga, agus ar an druga a bheith á cheannach d’aon ghnó ag úsáideoirí. Chomh maith leis sin, sa chéad leath de 2024, thuairiscigh sé sheirbhís seiceála drugaí in 6 Bhallstát den Aontas 74 shampla den chumasc ‘tucibi’, ina raibh céataimín agus substaintí eile, MDMA, cócaon nó cáitíonón den chuid ba mhó. Is léiriú é sin freisin ar úsáideoirí atá ag iarraidh cumaisc drugaí ina bhfuil céataimín a cheannach d’aon ghnó.
  • Tá samplaí de chumaisc ina bhfuil céataimín, MDMA agus cócaon fós á dtuairisciú do Chóras Luathrabhaidh an Aontais ag leibhéil atá inchomparáide le blianta roimhe seo, ag an Spáinn go príomha. Is cosúil go ndíoltar cuid acu sin mar ‘chócaon bándearg’ nó mar ‘tucibi’.
  • In 2023 tuairiscíodh 944 urghabháil den druga sícideileach 2C-B ag 15 Bhallstát den Aontas, ina raibh 3 685 tháibléad nó aonad, nó 18.6 cileagram.
  • Tuairiscíodh 1 269 n‑urghabháil de GHB nó a de réamhtheachtaí GBL, a bhí cothrom le 51.5 cileagram agus 740 lítear, thar ceann 18 dtír Eorpacha. Tá go leor úsáidí tionsclaíocha luaite le GBL, rud a chiallaíonn go mbaineann dúshlán leis na sonraí a léirmhíniú.
  • In 2023, tuairiscíodh 256 urghabháil de chát, 15 thona san iomlán (30 tona in 2022), in 11 thír Eorpacha, agus d’urghabh an Fhrainc, an Ghearmáin, an tSualainn, an Iodáil agus an Danmhairg na cainníochtaí ba mhó.
  • In 2023, tuairiscíodh 531 urghabháil de bheinsidhé-asaipíní nua chuig Córas Luathrabhaidh an Aontais i mBallstáit den Aontas, arb ionann é agus thart ar 1.5 % de líon iomlán na n-urghabhálacha de shubstaintí sícighníomhacha nua. As na 38 mbeinsidhé-asaipín nua a tuairiscíodh riamh don Chóras Luathrabhaidh, braitheadh 19 gcinn díobh mar chuid d’urghabhálacha drugaí in 22 Ballstát den Aontas, san Iorua agus sa Tuirc in 2023.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil in Margadh Drugaí an Aontais Eorpaigh: Grinnanailís EUDA-an Eoraip agus in Freagairtí sláinte agus sóisialta ar fhadhbanna drugaí EUDA.

Sonraí foinseacha

Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.

Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.

Button for European Drug Report 2025 survey - click to take survey


Top