Úsáid drugaí trí instealladh san Eoraip – an staid reatha (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)
In ainneoin laghdú leanúnach a bheith ag teacht ar úsáid drugaí trí instealladh le deich mbliana anuas san Aontas, tá an t‑iompar sin fós freagrach as leibhéal díréireach de ghéardhíobhálacha agus de dhíobhálacha ainsealacha sláinte a bhaineann le húsáid drugaí aindleathacha. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar úsáid drugaí trí instealladh san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le leitheadúlacht ar leibhéal náisiúnta agus i measc cliant a théann faoi shainchóireáil, chomh maith le léargas ó staidéar ar anailís iarmhair steallairí agus tuilleadh.
Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025
Éagsúlacht na ndrugaí a instealltar agus mí-úsáid ilsubstaintí ina gcúis le rioscaí sláinte
Bhí an chuma ar an scéal go raibh moill in 2023 ar an treocht anuas maidir le húsáid drugaí trí instealladh i measc iontrálaithe céaduaire isteach i seirbhísí cóireála drugaí san Aontas le deich mbliana anuas. Tá an t‑instealladh fós freagrach as leibhéal díréireach de ghéardhíobhálacha agus de dhíobhálacha sláinte ainsealacha a bhaineann le húsáid drugaí aindleathacha. Meastar go ndearna leathmhilliún Eorpach druga aindleathach a instealladh le bliain anuas. Leis sin tarraingítear aird ar na dúshláin leanúnacha sa réimse sin, agus gur tosaíocht thábhachtach don tsláinte phoiblí i gcónaí í an díobháil a bhaineann le húsáid drugaí trí instealladh a laghdú.
Tá daoine a úsáideann drugaí trí instealladh i mbaol níos mó a bheith ionfhabhtaithe le víris fuil-iompartha, lena n-áirítear víris VEID agus heipitíteas B agus C, nó bás a fháil ó ródháileog drugaí. Féadann an t‑instealladh fadhbanna sláinte eile atá ann cheana a dhéanamh níos measa nó a bheith ina chúis le heaspaí, seipticéime agus damáiste néaróige. Go stairiúil, is í hearóin an príomhdhruga a luaitear leis an instealladh san Eoraip, ach tá athrú ag teacht air sin le blianta beaga anuas. Sa lá atá inniu ann, déantar drugaí eile freisin, lena n-áirítear cócaon, amfataimíní, cáitíonóin shintéiseacha, cógais le hagónaithe ópóideacha agus substaintí sícighníomhacha nua éagsúla, a instealladh níos mó agus níos mó, ina n-aonar nó i dteannta a chéile. D’ainneoin gur eol dúinn go bhfuil éagsúlacht mhór le tabhairt faoi deara chomh fada is a bhaineann sé le hinstealladh idir tíortha, léirítear i staidéar a rinneadh le déanaí ar iarmhair steallairí freisin go bhféadfadh éagsúlacht mhór a bheith le tabhairt faoi deara sna drugaí a instealltar i láithreáin dhifriúla laistigh de thír.
Go minic aimsítear substaintí iomadúla in iarmhair steallairí, lena n-áirítear spreagthaigh agus ópóideacha, agus d’fhéadfadh mí-úsáid ilsubstaintí cur leis an riosca a bhaineann le ródháileog drugaí. Ina theannta sin, sainaithníodh cógais éagsúla, amhail beinsidhé-asaipíní, réamhghabalain agus meitilfeanadáit – chomh maith leis an ainéistéiseach beansócaon agus pioróladón nó piracetamum nóatrópach – in iarmhair steallairí freisin. D’fhéadfaí roinnt díobh a úsáid mar thruaillmheascáin i ngan fhios d’úsáideoirí. Is dócha, dá bhrí sin, go mbeidh impleachtaí tábhachtacha ag gabháil le castacht na húsáide drugaí trí instealladh san Eoraip agus leis an tábhacht a bhaineann le húsáid ildrugaí sa chomhthéacs sin i dtaobh tuiscint a fháil ar na díobhálacha a bhaineann leis mar bhealach riartha, agus maidir le hidirghabhálacha a dhearadh d’fhonn é a laghdú.
De ghnáth bíonn baint níos mó ag drugaí spreagthaigh cosúil le cócaon agus cáitíonóin shintéiseacha a instealladh le patrúin insteallta ardmhinicíochta úsáide, agus bhí baint ag a leithéid le ráigeanna áitiúla VEID le deich mbliana anuas san Eoraip. D’fhéadfadh baol ní b’airde ath-ionfhabhtaithe le víreas heipitíteas C (HCV) a bheith mar thoradh ar phatrúin insteallta ní ba mhinice freisin, rud a d’fhéadfadh dúshlán a chruthú don tionchar dearfach a bhíonn ag cóireáil HCV atá á thuairisciú ag roinnt tíortha anois (féach freisin Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip). Tá rioscaí comhchosúla ag baint le hinstealladh meitiolamfataimín, agus leanadh de leibhéil arda den druga a bhrath in 2023 i steallairí úsáidte i gcathracha ar fud na hEorpa, lenar áiríodh an Aithin, Barcelona, Maidrid, Prág agus Taillinn. Is ábhar imní é sin, toisc go bhfuil roinnt comharthaí ann gur iompar níos coitianta i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh é spreagthaigh a instealladh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh daoine a úsáideann drugaí trí instealladh spreagthaigh a úsáid mar shubstaintí athsholáthair má bhíonn easpa ópóideach amhail hearóin ann.
Tá rioscaí fadtéarmacha iomadúla nasctha le táibléid agus capsúil leighis tuaslagtha a instealladh, agus cnagchócaon freisin, lena n-áirítear damáiste soithíoch, agus ionchairdíteas ionfhabhtaíoch agus ionfhabhtuithe baictéaracha eile. Ábhar imní breise é infhaighteacht ópóideach sintéiseach láidir, amhail feantainil agus a díorthaigh agus ópóidigh bheinsimíodasóil (níotaiséiní), sa chás gur dócha go bhféadfadh an riosca a bhaineann le ródháileoga marfacha a bheith ní b’airde nuair a instealltar na substaintí sin.
Chomh maith le soláthar cóireála drugaí, tá idirghabhálacha laghdaithe díobhála, amhail soláthar trealaimh steiriúil insteallta, fós ar cheann de na bearta sláinte poiblí is coitianta lena ndírítear ar na rioscaí a bhaineann le hinstealladh drugaí. Cé go bhfuil idirghabhálacha mar sin forbartha go measartha maith san Eoraip de réir caighdeán idirnáisiúnta, is léir freisin go bhfuil dúshláin le sárú ag roinnt Ballstát den Aontas fós i ndáil le cumhdach agus rochtain leordhóthanach ar idirghabhálacha laghdaithe díobhála agus ar chóireáil drugaí do dhaoine a úsáideann drugaí trí instealladh. Mar shampla, tá imní ann maidir leis na leibhéil ísle – leibhéil atá ag laghdú i gcásanna áirithe – de sholáthar steallairí steiriúla atá tugtha faoi faoi deara sa Bhulgáir, sa Chróit, sa Liotuáin, san Ungáir, i Málta, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic, i gcomparáid le Ballstáit eile den Aontas a bhfuil meastacháin inchomparáide déanta acu ar úsáid drugaí trí instealladh (féach freisin Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip). Bhí go leor idirghabhálacha sa réimse dírithe ar laghdú an riosca a bhaineann le galair thógálacha fuil-iompartha a fháil. Is tábhachtach an t‑ábhar imní sin i gcónaí, ach tá tuilleadh aitheantais ann anois gur gá níos mó a dhéanamh freisin chun básanna ródháileoige agus an raon níos leithne de dhíobhálacha sláinte a bhaineann le húsáid drugaí trí instealladh a laghdú. Gné thábhachtach den chur chuige foriomlán maidir le ródháileog a chosc, agus nach mór a mhéadú de réir scála, is ea anailís fhóiréinseach agus thocsaineolaíoch ar bhaisceanna drugaí a bhfuil amhras ann go bhfuil substaintí ardnirt iontu (e.g. níotaiséiní), in éineacht le cumarsáid thapa i dtaobh riosca. Is iondúil nach mbíonn idirghabhálacha eile lena ndírítear ar na torthaí sin, lena n-áirítear nalocsón le húsáid sa bhaile agus seomraí úsáidte drugaí, chomh forbartha céanna agus, dá bhrí sin, is réimse tábhachtach é sin fós maidir le hinfheistíocht agus forbairt seirbhíse.
Tá patrúin athraitheacha insteallta drugaí, éagsúlacht mhéadaitheach substaintí agus leordhóthanacht chineál agus leibhéal na bhfreagairtí atá ann cheana fós ina bpríomh-shaincheisteanna do chéadfhreagróirí agus don lucht ceaptha beartas san Aontas araon. De réir mar a leanann úsáid drugaí trí instealladh de bheith ag athrú, lena gcuimsítear anois suíomhanna drugaí oscailte ópóideach agus spreagthach go príomha a mbaineann daoine imeallaithe a úsáideann drugaí trí instealladh feidhm astu, chomh maith le húsáid substaintí amhail meitiolamfataimín agus cáitíonóin i roinnt suíomhanna agus foghrúpaí, is dúshlán níos práinní agus níos casta anois é freagairt go héifeachtach don riosca a bhaineann le hinstealladh drugaí.
Príomhshonraí agus príomhthreochtaí
Leitheadúlacht úsáid drugaí trí instealladh
- Tá meastacháin maidir le húsáid drugaí trí instealladh idir 0.1 duine in aghaidh an 1 000 den daonra san Ísiltír agus 10 nduine in aghaidh an 1 000 den daonra san Eastóin, agus tuairiscítear leibhéil arda go háirithe san Fhionlainn (7.4 duine in aghaidh an 1 000), sa tSeicia (6.1 in aghaidh an 1 000), sa Laitvia (6.1 in aghaidh an 1 000) agus sa Liotuáin (4.6 in aghaidh an 1 000) (Fíor 9.1a).
- Tuairiscítear gurb iad ópóidigh na príomhdhrugaí a instealltar sa chuid is mó (20) de na 24 thír a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir le cliaint a chuaigh faoi chóireáil in 2023. Mar sin féin, tarraingítear le sonraí ó sheirbhísí ísealtairsí agus ó anailís ar iarmhair steallairí ó thionscadal ESCAPE aird ar an ról méadaitheach atá ag spreagthaigh i núsáid drugaí trí instealladh, rud a tharlaíonn laistigh de phatrúin úsáide ilsubstaintí den chuid is mó.
- Ba sna tíortha ba mhó daonra san Aontas a tuairiscíodh an líon measta ab airde de dhaoine a bhí i mbun mí-úsáid a bhaint as drugaí trí instealladh: an Ghearmáin (107 316 dhuine), an Iodáil (105 652 dhuine) agus an Fhrainc (96 531 dhuine) (Fíor 9.1b).
- Meastar go bhfuil leitheadúlacht fhoriomlán úsáid drugaí trí instealladh san Aontas cothrom le 1.8 cás in aghaidh an 1 000 den daonra atá idir 15 go 64 bliana d’aois (Fíor 9.1). Leis sin tugtar le tuiscint go raibh thart ar 520 000 duine – nó 528 000 duine, má chuirtear an Iorua san áireamh – ag úsáid drugaí trí instealladh san Aontas in 2023.
Úsáid drugaí trí instealladh i measc cliant a chuaigh faoi shainchóireáil
- Bunaithe ar shonraí ó na 24 thír a bhfuil sonraí stairiúla ar fáil ina leith, i measc na gcliant céaduaire a chuaigh faoi shainchóireáil drugaí in 2023 a thuairiscigh gurbh é hearóin a bpríomhdhruga, shonraigh 18 % díobh gurbh é instealladh an príomhbhealach riartha a d’úsáid siad; figiúr a bhí cobhsaí i gcomparáid le 2022, ach a laghdaigh ó 33 % i gcomparáid le 2013. Sa ghrúpa sin, tá éagsúlacht le tabhairt faoi deara sna leibhéil insteallta ó thír go tír, cuir i gcás níos lú ná 10 % sa Spáinn agus sa Phortaingéil go 60 % nó níos mó ná sin sa Bhulgáir, sa tSeicia, san Eastóin, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Rómáin agus sa tSlóvaic.
- Léirítear sna sonraí atá ar fáil go dtuairiscítear instealladh mar an príomhbhealach riartha atá in úsáid ag níos lú ná 1.5 % de chliaint chócaoin chéaduaire, 2 % de chliaint amfataimín chéaduaire agus 5 % de chliaint mheitiolamfataimín chéaduaire. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb iad an tSeicia agus an tSlóvaic atá freagrach as beagnach 60 % d’iontrálaithe céaduaire le haghaidh meitiolamfataimín a thuairiscigh gurbh é instealladh a bpríomhbhealach riartha.
- Maidir leis na ceithre phríomhdhruga a instealltar i dteannta a chéile, laghdaigh an t‑instealladh mar an príomhbhealach riartha i measc iontrálaithe céaduaire i gcóireáil san Eoraip go 5 % in 2023 (6 % in 2022) i ndiaidh roinnt blianta inar tugadh meath faoi deara, ó 8 % in 2018 (Fíor 9.2).
Anailís ar iarmhar steallaire
Is é is aidhm do ESCAPE – Fiontar Tionscadail Eorpach um Bailí agus Anailís ar Steallairí – an raon substaintí a bhíonn in úsáid ag daoine a úsáideann drugaí trí instealladh i líonra fairtheora de 19 gcathair san Aontas agus san Iorua a shainaithint. D’ainneoin nach bhfuil siad ionadaíoch ar bhonn náisiúnta, is léiriú iad na sonraí ar dhinimic éagsúil na húsáide drugaí ar an leibhéal áitiúil, seachas léargas ar na cásanna náisiúnta foriomlána.
Éagsúlacht na substaintí a instealltar
- Mar a tharla sna blianta roimhe seo, léiríodh i dtorthaí ó 2023 gur braitheadh éagsúlacht leathan de shubstaintí i steallairí úsáidte ar fud na gcathracha rannpháirteacha (Fíor 9.3), rud ata ina fhianaise ar mhargaí áitiúla agus ar fhophobail éagsúla daoine a úsáideann drugaí.
- Bhí tástáil dhearfach i ndáil le catagóir drugaí amháin ar a laghad luaite le 3 276 steallaire úsáidte sna cathracha rannpháirteacha.
- Ar an iomlán, braitheadh 91 shubstaint ar leith as measc 15 chatagóir drugaí.
- Braitheadh agus aicmíodh 39 substaint eile mar thruaillmheascáin (11) nó mar mheitibilítí agus táirgí díghrádaithe (28).
Meascán de shubstaintí
- Bhí iarmhair a bhain le dhá chatagóir drugaí nó ní ba mhó le fáil i leath de na steallairí a ndearnadh anailís orthu, rud ar dócha a bheith ina fhianaise de gur minic a bhíonn daoine a úsáideann drugaí trí instealladh ag instealladh níos mó ná substaint amháin nó de go mbítear ag baint athúsáid as steallairí.
- Ba é an meascán drugaí ba mhinice a fuarthas i steallairí cumasc de spreagthach agus d’ópóideach: hearóin agus cócaon (Amstardam, an Aithin, Barcelona, Köln, Baile Átha Cliath, Heraklion, Maidrid, Patras, Thessaloniki); hearóin agus amfataimín (Osló); búipreanoirfín/hearóin agus meitiolamfataimín (Prág); meatadón agus cócaon (Split); níotaiséiní agus cócaon (Ríge).
- Eisceachtaí ab ea Búdaipeist (cáitíonóin shintéiseacha agus amfataimíní), Heilsincí (búipreanoirfín agus beinsidhé-asaipíní), Klaipeda (cairfeantainil agus meatadón), Páras (cócaon agus cáitíonóin shintéiseacha), Taillinn (amfataimín agus meitiolamfataimín) agus Vilnias (cairfeantainil agus téististéarón).
Ópóidigh
- Mar léiriú ar a hinfhaighteacht leanúnach ar mhargaí drugaí áitiúla, ba é hearóin an druga ba choitianta a braitheadh i steallairí i 6 cinn den 19 gcathair (Baile Átha Cliath, 99 %; an Aithin, 92 %; Köln, 70 %; Osló, 68 %; Heraklion, 47 %; Amstardam, 43 %). Ina theannta sin, braitheadh an druga i ní ba mhó ná 50 % de steallairí in Barcelona (58 %) agus in Thessaloniki (52 %).
- Fuarthas cairfeantainil, ar díorthach feantainile é, go coitianta i steallairí i gcathracha sa Liotuáin; Vilnias (95 %) agus Klaipeda (29 %), agus go pointe ní ba lú, i Ríge na Laitvia (6 %) atá in aice láimhe.
- Braitheadh níotaiséiní d’aicme ópóideach sintéiseach nua láidir i Ríge (meitiníotaiséin, 66 %; iseatainíotaiséin, 41 %), agus i dTaillinn (prótainíotaiséin, 33 %; meitiníotaiséin, 12 %; iseatainíotaiséin, 6 %). Fuarthas substaintí eile in éineacht le níotaiséiní in iarmhair steallairí uaireanta, amhail amfataimín agus meatadón i dTaillinn, agus cócaon agus meatadón i Ríge.
- Braitheadh búipreanoirfín go coitianta in Patras (58 %), Heilsincí (39 %), Prág (37 %) agus Heraklion (32 %), agus braitheadh meatadón go minic i steallairí in Split (83 %), Klaipeda (54 %), Baile Átha Cliath (42 %) agus Ríge (39 %).
- Braitheadh tramadól i 17 % de steallairí san Aithin, agus braitheadh moirfín i 7 % de steallairí i bPáras.
Spreagthaigh
- Braitheadh cócaon i ní ba mhó ná 50 % de na steallairí i 6 cinn as 19 gcathair (Baile Átha Cliath, 90 %; Barcelona, 89 %; Thessaloniki, 73 %; Ríge, 64 %; Köln, 62 %; Maidrid, 56 %).
- Braitheadh cáitíonóin shintéiseacha go coitianta i mBúdaipeist (69 %), i bPáras (65 %), in Maidrid (46 %), agus go pointe ní ba lú in Amstardam (15 %) agus in Heilsincí (14 %). Sainaithníodh 13 cháitíonón ar leith i measc na gcathracha rannpháirteacha, agus ba iad 3-CMC, N-eitilnoirpheinteadrón, meifeadrón, 4-CMC agus alfa-PVP na cáitíonóin ba mhinice a braitheadh.
- Braitheadh meitiolamfataimín i bhformhór na steallairí i bPrág (66 %), sa cheathrú cuid de steallairí san Aithin (25 %), agus i ní ba mhó ná 10 % de na steallairí i Maidrid (19 %), i dTaillinn (12 %) agus in Barcelona (11 %).
- Braitheadh amfataimín i bhformhór na steallairí i dTaillinn (67 %) agus in Osló (52 %), agus i 20 % nó ní be mhó de steallairí in Split (26 %), i Heilsincí (23 %) agus i mBúdaipeist (20 %).
Beinsidhé-asaipíní agus cógais eile
- Braitheadh beinsidhé-asaipíní i 37 % de steallairí i Heilsincí (alprasólam, míodasólam) agus i 10 % de steallairí san Aithin agus i mBaile Átha Cliath (alprasólam, déiseapam).
- Fuarthas réamhghabalain (cógas fritrithíoch) in 16 % de steallairí i mBaile Átha Cliath agus ag leibhéil ní b’ísle in Heraklion (5 %), san Aithin (1 %) agus in Thessaloniki (<1 %), agus braitheadh beansócaon (cógas ainéistéiseach) in 12 % de steallairí i mBaile Átha Cliath.
- Braitheadh piracetamum (a úsáidtear mar fheabhsaitheoir cognaíoch) i 52 % de steallairí in Barcelona.
- Fuarthas meitilfeanadáit (cógas spreagthach chun ADHD a chóireáil) i 15 % de steallairí in Köln.
- Fuarthas téististéarón i steallairí i Vilnias (13 %) agus in Klaipeda (8 %).
Tá tuilleadh faisnéise le fáil in Galair thógálacha a bhaineann le drugaí: freagairtí sláinte agus sóisialta.
Sonraí foinseacha
Tá na sonraí a úsáidtear le haghaidh na ngrafaicí faisnéise agus na gcairteacha ar an leathanach seo le fáil thíos.
Tá an tacar iomlán sonraí foinseacha do Thuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.
Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.
