Soláthar, táirgeadh agus réamhtheachtaithe drugaí – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)

cover of the European Drug Report 2025: Drug supply, production and precursors

Tugtar le fios in anailís ar na táscairí a bhaineann le soláthar le haghaidh drugaí aindleathacha a úsáidtear go coitianta san Aontas go bhfuil infhaighteacht gach cineáil substainte fós ard. Ar an leathanach seo, tugtar forléargas ar sholáthar drugaí san Eoraip bunaithe ar na sonraí is déanaí, le tacaíocht ó na treochtaí is déanaí ó thaobh ama de a bhaineann le hurghabhálacha drugaí agus cionta faoi dlíthe maidir le drugaí, mar aon le sonraí ó 2023 maidir le táirgeadh drugaí agus urghabhálacha réamhtheachtaithe.

Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.

An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025

Cuireann táirgeadh agus gáinneáil athléimneach dlús le hinfhaighteacht drugaí níos airde san Eoraip

Margadh druga aindleathaigh na hEorpa

Tugtar le fios in anailís ar na táscairí a bhaineann le soláthar le haghaidh drugaí aindleathacha san Aontas go bhfuil infhaighteacht gach cineáil substainte fós ard. Ina theannta sin, saintréith de chuid an mhargaidh í infhaighteacht fhorleathan raon níos leithne drugaí, atá ar fáil ag ardneart nó ag ardíonacht go minic, rud a d’fhéadfadh rioscaí sláinte a mhéadú. Áirítear orthu seo substaintí núíosacha, i gcásanna ina bhféadfadh an méid atá ar eolas ag an úsáideoir faoi na rioscaí sláinte agus an t-eolas eolaíochta maidir leo araon a bheith teoranta. I gcás drugaí áirithe, tá méadú ag teacht ar éagsúlú táirgí tomhaltais atá ar fáil ar an margadh (amhail olaí, eastóscáin, initeáin agus táirgí vápála). Is cúis imní iad na forbairtí sin maidir le húsáid mhéadaithe substaintí trí chéile agus rioscaí atá ag dul i méid, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha atá ag déileáil le cruatan sóisialta agus eacnamaíoch. Cúis imní ar leith is ea na rioscaí méadaithe, lena n-áirítear nimhiú agus bás, mar thoradh ar úsáid – i ngan fhios b’fhéidir – cumasc agus táibléad drugaí, substaintí láidre nó núíosacha, go háirithe i gcomhthéacs na húsáide ilsubstaintí.

Baineann líonraí gáinneála ar dhrugaí leas as trádáil tráchtála trasteorann

Bhí tionchar suntasach ag an domhandú ar infhaighteacht drugaí san Eoraip, ós rud é go mbaineann coirpigh leas as na deiseanna méadaithe gáinneála ar dhrugaí aindleathacha a chuirtear ar fáil trí líonraí cumarsáide, trádála agus iompair atá níos idirnasctha. Leanann insíothlú bealaí loingseoireachta muirí agus gáinneáil aindleathach drugaí ar an mórchóir i gcoimeádáin loingseoireachta idirmhódúla tráchtála le margadh drugaí na hEorpa a chothú. Baintear leas as trádáil domhandaithe chun ceannach ceimiceán agus trealaimh a úsáidtear i dtáirgeadh drugaí aindleathacha a éascú. Ní hamháin go bhfuil an cur isteach leanúnach ar bhonneagar trádála tráchtála ag tacú le sreabhadh na ndrugaí aindleathacha isteach san Aontas agus amach as, tá sé mar bhonn freisin le rannpháirtíocht níos dlúithe idir táirgeoirí agus gainneálaithe Eorpacha ar dhrugaí agus líonraí coiriúla idirnáisiúnta. Mar thoradh ar an méid sin, déantar margadh drugaí na hEorpa a chothú agus a mhúnlú trí líonra dinimiciúil agus casta de shlabhraí soláthair domhanda, a bhfuil príomhthíortha foinseacha chomh fada is a bhaineann sé le drugaí, réamhtheachtaithe, ceimiceáin riachtanacha agus trealamh páirteach ann. Is tosca éagsúla is cúis leis na hathruithe ar nóid an tslabhra soláthair, lena n-áirítear cur isteach mar thoradh ar oibríochtaí custaim agus forfheidhmithe dlí, bearta rialála agus forbairtí geopholaitiúla. Tá tíortha éagsúla i Meiriceá Theas, san Áise Thiar agus Theas, agus san Afraic Thuaidh, fós ina bpríomhfhoinsí i ndáil le drugaí aindleathacha a thagann isteach san Eoraip, amhail cócaon, hearóin agus roisín cannabais, agus is tíortha foinseacha tábhachtacha iad an tSín agus an India fós, chomh fada is a bhaineann sé le substaintí sícighníomhacha nua. Tá an India, go háirithe, tagtha chun cinn mar fhoinse thábhachtach do roinnt substaintí, amhail cáitíonóin shintéiseacha, a bhfuil méid áirithe díobh á tháirgeadh laistigh den Eoraip. Tuairiscítear go minic gurb ón tSín a thagann réamhtheachtaithe drugaí agus ceimiceáin ghaolmhara freisin. Ina theannta sin, is foinsí de tháirgí tomhaltais cannabais éagsúla iad Ceanada agus na Stáit Aontaithe as siocair a margaí tráchtála cannabais.

Léirítear scála agus athléimneacht na gáinneála ar dhrugaí aindleathacha trí shlabhraí soláthair tráchtála domhanda sna méideanna móra drugaí aindleathacha atá fós á n-urghabháil i gcalafoirt na hEorpa. In 2024, mar shampla, thuairiscigh an Spáinn an urghabháil is mó riamh de chócaon in aon lastas amháin – 13 thona, a bhí ceilte i mbananaí de thionscnamh Eacuadór. Urgabhadh 43 thona de chócaon sa Ghearmáin in 2023, toisc gur urghabhadh coinsíneachtaí móra, 25 thona i gCalafort Hamburg an bhliain sin, arbh ionann é agus dhá oiread na cainníochta a tuairiscíodh in 2022 (Fíor 1.1). Is fianaise é sin ar an gcaoi a leanann líonraí coiriúla ar aghaidh de bheith ag díriú ar bhonneagar tráchtála dlisteanach chun gáinneáil a dhéanamh ar dhrugaí aindleathacha. Tá doiciméadú maith déanta san Eoraip faoin tráth seo ar insíothlú slabhraí soláthair agus ar dhúshaothrú príomhbhall foirne trí úsáid a bhaint as imeaglú agus éilliú, go háirithe i gcalafoirt loingseoireachta. Ar an iomlán, bhraith lucht custaim agus forfheidhmithe dlí cion suntasach de chainníocht iomlán na ndrugaí a urghabhadh san Aontas i gcalafoirt mhuirí. Chun freagairt dó sin, i dTreochlár an Aontais Eorpaigh in aghaidh gáinneáil ar dhrugaí 2023, rinneadh cur síos ar bhearta chun feabhas a chur ar bhainistíocht riosca custaim agus ar bhrath drugaí agus réamhtheachtaithe. Áirítear leis sin feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise custaim i measc na mBallstát den Aontas agus tacú le trealamh scanta coimeádán ardfhorbartha a úsáid. Tacaíonn an Treochlár freisin le Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach, cur chuige bunaithe ar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí, a bhfuil sé mar aidhm leis athléimneacht phríomhionad lóistíochta na hEorpa a mhéadú i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus insíothlú ag líonraí coiriúla. Tá gníomhartha éagsúla á gcur chun feidhme chun tacú le dea-chleachtais agus moltaí ó Mheastóireacht Théamach Schengen 2023 maidir le gáinneáil ar dhrugaí i gcalafoirt. Ina measc sin tá bearta i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo cur isteach ar gháinneáil ar dhrugaí ar líonra iarnróid agus ar bhóithre na hEorpa. Úsáideann líonraí coiriúla iomaí modi operandi (Fíor 1.2) chun brath a sheachaint. D’ainneoin go gcothaíonn gáinneáil ar choinsíneachtaí drugaí níos mó ar muir infhaighteacht drugaí san Eoraip, déantar gáinneáil freisin trí raon modhanna eile ar thalamh agus tríd an aer, lena n-áirítear modhanna tráchtála agus príobháideacha d’iompar, litreacha agus beartáin.

Fíor 1.1. Urghabhálacha cócaoin, cothrom le 25 thona, i gCalafort Hamburg, Aibreán go Meán Fómhair 2023
Photo of a cocaine seizure made at the Port of Hamburg
Photo of a cocaine seizure at the Port of Hamburg

Tabhair faoi deara: Urghabháil déanta ag Póilíní Coireachta Stát Baden-Württemberg.

Fíor 1.2. Samplaí de mhodhanna gáinneála ar dhrugaí tuairiscithe ag údaráis forfheidhmithe dlí san Eoraip roimhe seo

Modhanna gáinneála

  • Insíothlú slabhraí soláthair lóistíochta
  • Coimeádáin loingseoireachta idirmhódúla
  • Malartú coimeádán, calaois cód, foirne eastósctha
  • Éilliú, imeaglú oifigeach agus oibreoirí soithí
  • Dul i muinín tuilleadh calafoirt níos lú
  • Seachadtaí GPS-chlibeáilte ar snámh
  • Soithí beaga ag bailiú ó mháthair-árthaí
  • Báid luais, árthaí áineasa
  • Leath-thumadóirí (tumadóirí drugaí, toirpéid)
  • Lastais a cheilt nó a fholú go ceimiceach
  • Tuilleadh úsáide a bhaint as eitlíocht ghinearálta, aerpháirceanna beaga

Tá an mheastóireacht ina príomhchéim i gcónaí san Aontas i dtaobh forbairt agus measúnú a straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí aindleathacha. Is príomhábhair iad coireacht eagraithe agus gáinneáil ar dhruga a dtugtar aghaidh orthu sa mheastóireacht sheachtrach atá le teacht ar straitéis agus plean gníomhaíochta drugaí an Aontais 2021-25 agus ar ProtectEU – A European Internal Security Strategy [ProtectEU – Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach] 2025.

Tacaíonn oibriú na margaí drugaí le himeaglú agus le foréigean a bhaineann le drugaí

Ábhar imní atá ag dul i méid is ea earcú agus dúshaothrú daoine óga ag líonraí coiriúla atá dírithe ar thrádáil drugaí aindleathacha. Díríonn líonraí coiriúla ar dhaoine óga leochaileacha ar bhonn aghaidh ar aghaidh agus ar líne araon, agus earcaítear iad le haghaidh róil éagsúla, amhail oibriú mar iompróirí drugaí, agus, i ndeargchásanna áirithe, chun páirt a ghlacadh i bhforéigean agus i ndúnbhásuithe a bhaineann le drugaí. Chuir sé sin le tuilleadh aitheantais a bheith á thabhairt don ghá atá le níos mó a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhforéigean, an éilliú agus an dúshaothrú coiriúil a bhaineann le feidhmiú mhargadh na ndrugaí aindleathacha. Cé go bhféadfadh foréigean fíor nó cumtha a bhaineann le drugaí, go háirithe cásanna níos tromchúisí de, a bheith bainteach, san am a chuaigh thart, le suíomhanna cosúil le calafoirt agus an ceantar mórthimpeall arna n‑úsáid chun gáinneáil mhórdhíola ar dhrugaí a éascú, ní gá gurb amhlaidh an cás a thuilleadh. Tá níos mó taithí anois ag cathracha agus ag bardais níos lú araon ar fud na hEorpa ar fhoréigean agus ar imeaglú a bhaineann le hoibriú margaí drugaí aindleathacha, rud a bhaineann an bonn de shábháilteacht na bpobal áitiúil. Cé gur cosúil go mbaineann an chuid is mó den fhoréigean le líonraí coiriúla nó leis an teagmháil eatarthu, is féidir le daoine eile a bheith ina n‑íospartaigh imeaglaithe agus foréigin a bhaineann le drugaí ar leibhéil éagsúla, agus coirpigh ag díriú ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh as fiacha drugaí a thiomsú. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh iallach a bheith ar dhaoine dul i mbun gáinneála ar dhrugaí. Léirítear sna saincheisteanna seo nádúr casta an imeaglaithe agus an fhoréigin a bhaineann le drugaí, agus an chaoi ar féidir le teorainneacha a bheith doiléir idir cé a mheastar a bheith ina íospartach grúpa coireachta eagraithe agus cé a mheastar a bheith ina fhostaí de ghrúpa coireachta eagraithe, rud a lena n‑ardaítear saincheisteanna casta dlí. Tá tionscnaimh Eorpacha éagsúla ag tabhairt aghaidh ar an tsaincheist sin, lena n‑áirítear an Líonra Breithiúnach Eorpach um an gCoireacht Eagraithe a thionscnamh, atá lonnaithe in Eurojust, a bhfuil sé mar aidhm aige comhordú breithiúnach idir na hionchúisitheoirí agus na breithiúna i mBallstáit den Aontas a neartú. Tá tionscadal nua seolta ag EUDA chun tuiscint níos fearr a fháil ar nádúr an fhoréigin a bhaineann leis an margadh drugaí san Eoraip d’fhonn an fhaisnéis is fearr atá ar fáil a chur ar fáil do chinnteoirí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin. Mar chuid den iarracht sin, agus i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, d’eagraigh EUDA an chéad chomhdháil Eorpach maidir le foréigean a bhaineann le drugaí, a tionóladh sa Bhruiséil i mí na Samhna 2024. Tugadh aghaidh ag an gcomhdháil ar na gnéithe éagsúla d’fhoréigean a bhaineann le drugaí, agus cothromaíocht idir ábhair imní sláinte agus slándála araon á cinntiú, mar aon le sábháilteacht an phobail agus an tsláinte phoiblí a bheith á gcur chun cinn. Leis an imeacht sin tarraingíodh aird ar an ngá atá le feabhas a chur ar fhaireachán agus ar bhailiú sonraí ar an leibhéal Eorpach, agus le fóram rialta a bhunú chun smaointe agus dea-chleachtais a mhalartú chun tacú le ceapadh beartas fianaisebhunaithe sa réimse seo (féach freisin Margaí Drugaí an Aontais Eorpaigh agus Measúnú Europol ar Bhagairt na Coireachta Eagraithe Thromchúisigh).

Leanann dinimic an tsoláthair drugaí de bheith ag dul in oiriúint d’fhorbairtí geopholaitiúla i gcónaí.

Príomhdhúshlán maidir le cur i gcoinne táirgeadh agus sreabhadh drugaí aindleathacha is ea an cumas atá ag líonraí coiriúla dul in oiriúint go tapa do chur isteach ó bhearta póilíneachta, slándála agus reachtacha. D’fhéadfadh cur isteach a bheith ann freisin mar thoradh ar fhorbairtí geopholaitiúla, coinbhleachtaí inmheánacha nó réigiúnacha, agus athruithe ar bhealaí trádála. Mar shampla, is dócha gur chuir coinbhleacht, suaitheadh stáit agus éiginnteacht i roinnt tíortha i Meiriceá Theas le hinfhaighteacht mhéadaithe cócaoin do líonraí coiriúla chun críche gáinneála isteach san Aontas.

San Afganastáin, fuair an Talaban smacht ar an tír in 2021 agus d’fhógair sí toirmeasc in 2022 ar gach druga, lena n-áirítear saothrú an phoipín agus próiseáil moirfín/hearóine. Bhí sé sin mar bhonn le hábhar imní maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh ganntanas hearóine san Eoraip, agus go mbeadh drugaí éagsúla eile, lena n‑áirítear ópóidigh shintéiseacha, in úsáid chun an bhearna sa mhargadh i roinnt tíortha a líonadh. Mheas Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC) go raibh laghdú 95 % ar shaothrú óipiam in 2023, go 10 800 heicteár, laghdú ó 232 000 heicteár in 2022. Tugtar le fios i bhfigiúirí níos déanaí ó UNODC gur fhan saothrú an phoipín ag leibhéil an-íseal in 2024, i.e. 12 800 heicteár. Mar sin féin, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann le léargas cruinn a fháil, is léir go bhfuil stoic shuntasacha óipiam san Afganastáin agus i roinnt dá tíortha comharsanacha fós. A bhuíochas de sin, lean táirgeadh agus trádáil codlaidíneach ar aghaidh sa tír sin, rud a léiríonn ardleibhéal inoiriúnaitheachta agus maolaithe riosca i measc táirgeoirí agus gáinneálaithe ar dhrugaí sa réigiún. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar fhorbairtí san Afganastáin agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shláinte agus ar shlándáil san Eoraip, tá tionscadal nua sa réimse sin seolta ag EUDA. Cé nach léir fós tionchar iomlán ar mhargadh drugaí na hEorpa an toirmisc ar gach druga, lena n-áirítear saothrú an phoipín agus próiseáil moirfín/hearóine, má leantar den toirmeasc a fhorfheidhmiú go docht, is dócha go mbeidh tionchar aige ar infhaighteacht hearóine san Eoraip sna blianta amach romhainn. Mar sin féin, ní dócha go mbeidh tionchair aonfhoirmeacha i gceist le ganntanas hearóine do gach tír de réir mar a thosóidh úsáideoirí dul i dtuilleamaí substaintí athsholáthair. Ar an gcúis sin, ba cheart do thíortha a bhfuil fadhb hearóine sheanbhunaithe acu a bheith ar an airdeall maidir le haon chomhartha go bhfuil ópóidigh shintéiseacha nó spreagthaigh in úsáid in ionad hearóine.

Táirgeadh drugaí laistigh den Aontas

Is réigiún táirgthe tábhachtach é an Eoraip i gcónaí le haghaidh drugaí aindleathacha éagsúla, agus tuairiscíonn Ballstáit den Aontas go ndíchóimeáiltear na mílte láithreán saothraithe cannabais gach bliain. Is le haghaidh tomhaltas intíre de ghnáth a tháirgtear cannabas san Aontas. Tá drugaí sintéiseacha, amhail MDMA, amfataimín agus meitiolamfataimín, táirgthe san Aontas le haghaidh margaí intíre agus tá siad á n-onnmhairiú chuig margaí neamh-AE le blianta fada anuas. Tá rioscaí suntasacha do shláinte agus do shábháilteacht an phobail ag baint le táirgeadh drugaí aindleathacha laistigh den Aontas. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag na rioscaí seo ar úsáideoirí na substaintí sin, ach bíonn tionchar acu freisin ar phobail áitiúla atá gar do láithreáin táirgthe nó dumpála dramhaíola, a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar cheimiceáin thocsaineacha, ar thinte agus ar phléascanna. Tá rioscaí suntasacha ann freisin d’fhoirne forfheidhmithe dlí a mbíonn baint acu le díchóimeáil na láithreán sin. Is é an toradh a bhíonn ar tháirgeadh drugaí sintéiseacha ná go ndéantar dramhaíl cheimiceach thocsaineach a dhiúscairt, rud a dhéanann damáiste buan don chomhshaol. Mar gheall ar scála an táirgthe drugaí sintéiseacha laistigh den Aontas, tá ábhair imní shuntasacha beartais curtha in iúl maidir leis an dochar suntasach a d’fhéadfaí a dhéanamh don chomhshaol mar thoradh ar éilliú ithreach agus screamhuisce agus truailliú aeir, mar shampla. Mar fhreagairt air sin, tá tionscadal seolta ag EUDA chun tuiscint níos fearr a fhorbairt ar phríomh-shaincheisteanna sa réimse seo agus chun freagairt d’ábhair imní ar tharraing an lucht ceaptha beartas aird orthu.

Bhí baint ag na saoráidí táirgthe drugaí aindleathacha a díchóimeáil san Aontas in 2023 le táirgeadh réimse leathan substaintí, lena n-áirítear amfataimín, meitiolamfataimín, cáitíonóin shintéiseacha, MDMA, cócaon agus hearóin (Fíor 1.3). Is éagsúil méid agus scála na láithreán táirgthe sin agus ina measc tá saotharlanna ‘ar scála cistine’ ísealtoirte mar aon le saoráidí ard-tréchuir arna n-oibriú ag iomaí ‘cócairí’, a bhfuil ar a gcumas deich gcileagram drugaí in aghaidh na baisce a tháirgeadh in imoibreoirí speisialta. I láithreáin níos lú, is cosúil go mbíonn an táirgeadh dírithe den chuid is mó ar mhargaí áitiúla agus, ó am go chéile, le drugaí a dhíol ar an idirlíon dorcha. D’ainneoin go bhfuil an fhaisnéis teoranta, is cosúil go soláthraíonn láithreáin táirgthe atá níos mó margaí áitiúla agus neamh-AE araon. Fuarthas saotharlanna táirgthe drugaí sintéiseacha ar mhórscála sa Bheilg agus san Ísiltír den chuid is mó, d’ainneoin gur sainaithníodh láithreáin táirgthe mhóra le haghaidh cáitíonón sintéiseach sa Pholainn freisin. Féadfar roinnt saotharlann a úsáid freisin chun substaintí iomadúla a tháirgeadh, amhail spreagthaigh shintéiseacha a mbíonn ceanglais chomhchosúla i gceist lena dtáirgeadh ó thaobh ceimiceán agus trealamh monaraíochta de. D’fhéadfadh dúshlán a bheith ag baint le tuairisciú a dhéanamh ar chineál na saotharlann ildrugaí agus ar shonraí beachta na substaintí a tháirgtear iontu. Os a choinne sin, is doiligh acmhainneacht táirgeachta saotharlann ar leith atá díchóimeáilte a mheas.

Fíor 1.3. Saoráid táirgthe drugaí sintéiseacha arna díchóimeáil ag Póilíní na hÍsiltíre, Saoráid Náisiúnta Díchóimeála (LFO), an Ísiltír, 2024
 Synthetic drug production facility dismantled by Netherlands Police, National Dismantling Facility (LFO), the Netherlands, 2024

Tugann brath saoráidí ar leith le haghaidh táirgeadh, eastóscadh, gearradh agus pacáistiú cócaoin le blianta beaga anuas le fios go bhfuil modhanna níos nuálaí in úsáid chun gáinneáil ar an druga sin isteach san Eoraip a éascú. Ábhar imní suntasach is ea teacht chun cinn táirgeadh na hidreaclóiríde cócaoin san Eoraip, ar cosúil go bhfuil sí níos mó agus níos sofaisticiúla ná mar a measadh roimhe seo. I measc na gcúiseanna is dócha a bheith taobh thiar de sin tá an buntáiste eacnamaíoch a bhaineann le cuid den phróiseas táirgthe san Eoraip a rialú agus rochtain níos éasca ar cheimiceáin phróiseála amhail tuaslagóirí, ocsaídeoirí agus dí-ocsaídeoirí. Ar an iomlán, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, is cosúil go bpróiseáiltear méideanna móra de hidreaclóiríd cócaoin san Eoraip anois – sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Spáinn den chuid is mó – as táirgí idirmheánacha (taos cóca agus bonn cócaoin) a ndéantar gáinneáil orthu ó Mheiriceá Theas.

Le forbairtí ar tháirgeadh drugaí san Eoraip leagtar béim ar an gcaoi a bhfuil an teicneolaíocht agus an nuálaíocht ina bpríomhábhair spreagtha d’aschuir níos airde, do láidreacht nó d’íonacht mhéadaithe, agus do raon níos leithne táirgí tomhaltais. Is léir go bhfuil nuálaíocht le tabhairt faoi deara i bpróisis táirgthe de bharr urghabháil ceimiceán is féidir a úsáid chun na ceimiceáin réamhtheachtacha a mhonarú a theastaíonn chun amfataimín, meitiolamfataimín agus MDMA a tháirgeadh. Léiríonn sé sin an chaoi a ndéanann líonraí coiriúla iarracht rialuithe reachtacha agus custaim a sheachaint trí leas a bhaint as ceimiceáin mhalartacha. Tríd is tríd, tá úsáid raon níos leithne ceimiceán chun substaintí nua a tháirgeadh agus próisis éagsúla sintéise a shaothrú fós ina dúshlán casta do lucht custaim, do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus do rialtóirí. Tugann urghabhálacha móra réamhtheachtaithe in 2023 le fios go bhfuil táirgeadh cáitíonón sintéiseach fós suntasach, go háirithe sa Pholainn agus san Ísiltír.

Urghabhadh cainníochtaí ní ba mhó ná riamh de cheimiceáin réamhtheachtacha san Aontas in 2023 (Fíor 1.4). Cé gur annamh a sháraigh méid iomlán na réamhtheachtaithe sceidealaithe agus na bpríomhcheimiceán neamhsceidealaithe a urghabhadh gach bliain idir 2012 agus 2022 100 tona, agus go raibh thart ar 54 thona ar an meán i gceist, bhí an figiúr sin cothrom le 178 dtona in 2023. Ba iad urghabhálacha móra réamhtheachtaithe malartacha chun amfataimín, meitiolamfataimín agus MDMA a mhonarú san Ísiltír agus san Ungáir ba chúis leis an méadú den chuid is mó. D’urghabh an dá thír sin cainníochtaí móra de dhíorthaigh ghlicéideacha BMK agus de dhíorthaigh ghlicéideacha PMK – a úsáidtear chun BMK agus PMK a tháirgeadh – arb iad na réamhtheachtaithe rialaithe a theastaíonn chun amfataimíní agus MDMA, faoi seach, a dhéanamh. Urghabhadh meitiolaimín, réamhtheachtaí riachtanach eile le haghaidh táirgeadh meitiolamfataimín agus MDMA, i gcainníochtaí suntasacha freisin, agus tuairiscíodh 30 tona in 2023 – an leibhéal is airde ó 2013 i leith. Bhí urghabhálacha aicéatáite eitile – tuaslagóir a úsáidtear i bpróiseáil cócaoin – cothrom le 28 000 lítear in 2023, arb ionann é agus athfhilleadh ar na cainníochtaí a urghabhadh idir 2019 agus 2021, tar éis laghdú suntasach in 2022. Léiríonn sé sin go bhfuil eastóscadh agus próiseáil cócaoin fós ar siúl laistigh den Aontas.

Fíor 1.4. Urghabhálacha réamhtheachtaithe san Aontas

Fíor 1.4a. Cainníocht na réamhtheachtaithe sceidealaithe (AE) agus na bpríomhcheimiceán neamhsceidealaithe a urghabhadh san Aontas (2012-2023)

Fíor 1.4b. Cainníochtaí na réamhtheachtaithe sceidealaithe agus na bpríomhcheimiceán neamhsceidealaithe a urghabhadh san Aontas in 2023 (cileagraim), a bhaineann le táirgeadh drugaí

Fíor 1.4c. Cainníochtaí na bpríomhcheimiceán réamhtheachtach a urghabhadh san Aontas in 2023 (lítir), a bhaineann le táirgeadh drugaí

Foinse: An bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí, 2025.

De réir mar a leanann líonraí coiriúla de dhul in oiriúint trí cheimiceáin mhalartacha a úsáid chun teacht timpeall ar rialuithe, tá iarrachtaí ar leibhéal an Aontais dírithe níos mó agus níos mó ar bhearta a neartú chun cur i gcoinne na nuálaíochta tapa a fheictear i dtáirgeadh drugaí aindleathacha. Mar shampla, leis an EU Roadmap to fight Drug Trafficking and Organised Crime [Treochlár an Aontais maidir le Comhrac na Gáinneála ar Dhrugaí agus na Coireachta Eagraithe], éascaítear rialú níos gasta ar réamhtheachtaithe ar leibhéal an Aontais chun cos a choinneáil le luas na nuálaíochta coiriúla. Déantar an méid sin trí sceidealú a leathnú chun díorthaigh aitheanta agus ceimiceáin ghaolmhara a chumhdach ar féidir a thiontú ina réamhtheachtaithe druga seanbhunaithe nó a úsáid ina n‑ionad. Faoina shainordú nua tá ról níos leithne ag EUDA maidir le tacú leis an gCoimisiún Eorpach chun faireachán, sceidealú agus measúnú ar bhagairtí a dhéanamh ar réamhtheachtaithe. Faoi dheireadh mhí Eanáir 2025, ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach, bhí measúnú riosca déanta ag EUDA ar ocht réamhtheachtaí cáitíonóin, a bhaineann le táirgeadh 4-MMC, 4-CMC, 3-MMC agus 3-CMC, chomh maith le réamhtheachtaí amfataimín amháin. Ba iad sin na chéad mheasúnuithe foirmiúla ar réamhtheachtaithe a rinneadh ar leibhéal an Aontais riamh.

Príomhshonraí agus príomhthreochtaí

Treochtaí soláthair drugaí

  • Ar an iomlán, léirítear i dtreochtaí innéacsaithe gur tháinig méadú ar líon na ndrugaí go léir a urghabhadh san Aontas idir 2013 agus 2023, go háirithe le 6 bliana anuas, cé go bhfuil luaineacht ar leith le tabhairt faoi deara ó thaobh na gcainníochtaí d’amfataimín agus de mheitiolamfataimín a urghabhadh le 4 bliana anuas, maille le laghdú ar MDMA (eacstais) ó 2019 (Fíor 1.5). Rud atá tábhachtach is ea gur cheart cainníochtaí na ndrugaí a urghabhtar a mheas mar mheastacháin íosta, ós rud é go bhfuil roinnt bearnaí sa tuairisciú ar leibhéal na mBallstát.
Fíor 1.5. Urghabhálacha drugaí san Aontas – cainníocht na ndrugaí urghafa, treochtaí innéacsaithe (2013 = 100)

The indexed trends presented reflect relative changes in drug seizures over a 10-year period but give no indication of the actual amounts.

MDMA tablets were converted to mass-equivalents by assuming a mass of 0.25 grams MDMA per tablet.

  • Idir 2013 agus 2023, bhain na méaduithe ba mhó i gcainníochtaí urghafa le cócaon (+581 %), meitiolamfataimín (+248 %), MDMA (+226 %), amfataimín (+122%) agus cannabas luibhe (+96%). Tá margaí tomhaltais measartha mór san Eoraip le haghaidh na ndrugaí sin. Mar sin féin, is dócha go léirítear leis na méaduithe ar na cainníochtaí a urghabhadh, i bpáirt ar a laghad, an ról níos lárnaí atá ag an Eoraip mar ionad táirgthe, onnmhairithe agus idirthurais ó thaobh na ndrugaí sin de.
  • Níl sé furasta treochtaí a bhaineann le hurghabhálacha drugaí a léirmhíniú de bhrí go mbíonn tionchar ag straitéisí agus ag tosaíochtaí forfheidhmithe póilíneachta agus dlí orthu, agus toisc go mbraitheann na treochtaí sin ar cibé a n‑éiríonn le líonraí gáinneála brath a sheachaint, gan trácht ar thionchar aon athraithe bhunúsaigh a d’fhéadfadh a bheith ar infhaighteacht agus úsáid.
  • Tuairiscíodh thart ar 1.2 milliún urghabháil san Aontas in 2023, agus ba iad táirgí cannabais na táirgí ba mhinice a urghabhadh, a bhí cothrom le 69 % de na hurghabhálacha uile a tuairiscíodh (Fíor 1.6 agus Fíor 1.7).
Fíor 1.6. Urghabhálacha drugaí san Aontas – líon na n-urghabhálacha drugaí a tuairiscíodh, miondealaithe de réir druga, 2023 (céatadán)
Fíor 1.7 a. Urghabhálacha drugaí san Aontas – líon na n‑urghabhálacha in 2023
Fíor 1.7b. Urghabhálacha drugaí san Aontas – an chainníocht a urghabhadh in 2023 (tona)

MDMA tablets were converted to mass-equivalents by assuming a mass of 0.25 grams MDMA per tablet.

  • Ó thaobh líon na n-urghabhálacha de, rinneadh ní ba lú urghabhálacha in 2023 ná mar a rinneadh in 2013 chomh fada is a bhain le roisín cannabais (−12 %), cannabais luibhe (−29 %) agus hearóin (−33 %) (Fíor 1.8).
  • Tugadh méaduithe faoi deara i líon na n-urghabhálacha sa tréimhse idir 2013 agus 2023 chomh fada is a bhain le meitiolamfataimín (+184 %), MDMA (+54 %), cócaon (+41 %) agus amfataimín (+9 %).
Fíor 1.8. Urghabhálacha drugaí san Aontas – líon na n-urgabhálacha drugaí, treochtaí innéacsaithe (2013 = 100)

Treochtaí cionta faoi dhlíthe maidir le drugaí

  • In 2023, tuairiscíodh thart ar 1.6 milliún cion faoi dlíthe maidir le drugaí san Aontas, is é sin méadú 30 % ó 2013 i leith. Baineann níos mó ná trí cheathrú de na cionta sin (78 % nó 1.3 milliún) le húsáid nó le seilbh ar mhaithe le húsáid phearsanta.
  • As thart ar 1.6 milliún cion faoi dlíthe maidir le drugaí, tuairiscítear an druga dá dtagraítear sa chion i ndáil le díreach faoi bhun 1.3 milliún cion, ar bhain beagnach 1.1 milliún díobh le seilbh nó le húsáid, 203 000 le cionta a bhain le soláthar agus 14 000 le cineálacha eile cionta (Fíor 1.9). D’fhéadfadh sainmhínithe éagsúla ar cad is cion a bhaineann le soláthar ann a bheith i gceist ag brath ar an tír lena mbaineann.
Fíor 1.9. Cionta faoi dhlíthe maidir le drugaí – líon na gcionta, soláthar agus úsáid/seilbh, 2023

Data for offences for which the drug involved has been reported.

  • Agus thart ar 615 000 cion tuairiscithe in 2023, bhí baint ag cannabas le 58 % de na cionta úsáide nó seilbhe, na cásanna a bhfuil an druga lena mbaineann ar eolas againn, agus le thart ar 100 000 de na cionta soláthair drugaí (49 %). Is fianaise é forlámhas cannabais i gcionta soláthair agus seilbhe ar cé chomh mór is atá an margadh úsáideoirí cannabais; agus d’fhéadfaí glacadh leis freisin mar fhianaise ar an tábhacht a bhaineann le beartas don druga seo.
  • Tá na cionta maidir le seilbh drugaí agus soláthar drugaí fós ag leibhéil níos airde ná mar a bhí in 2013 i gcás gach druga seachas cionta seilbhe a bhaineann le hearóin (Fíor 1.10 agus Fíor 1.11).
Fíor 1.10. Cionta faoi dhlíthe maidir le drugaí – cionta seilbhe/úsáide, treochtaí innéacsaithe (2013 = 100)
Fíor 1.11. Cionta faoi dhlíthe maidir le drugaí – cionta soláthair, treochtaí innéacsaithe (2013 = 100)

Sonraí AE maidir le táirgeadh agus réamhtheachtaithe do 2023

  • Cannabas: Thuairiscigh Ballstáit den Aontas 9 800 urghabháil plandaí cannabais, sin 2.3 milliún plandaí aonair agus 11 thona in 2023 (i gcomparáid le 3.4 milliún plandaí agus 6.5 tona in 2022). In 2023, díchóimeáladh thart ar 4 000 láithreán aindleathacha saothraithe cannabais in 11 Bhallstát den Aontas, de réir sonraí a fuarthas ó fhoinsí oscailte agus ó chomhpháirtithe náisiúnta.
  • Hearóin: Díchóimeáladh ceithre láithreán déag um tháirgeadh hearóine san Aontas in 2023 (10 acu san Ísiltír, 3 acu sa Ghréig, ceann acu sa Fhrainc). Ba chosúil go raibh gach suíomh ag feidhmiú mar láithreáin ghearrtha agus phacáistithe le haghaidh bloic hearóine, ar dócha gur beartaíodh a ndíol i dtíortha AE agus i dtíortha neamh-AE araon, go háirithe an Ríocht Aontaithe. Ina theannta sin, thuairiscigh an tSeicia gur díchóimeáladh dhá láithreán neamhshonraithe táirgthe ópóideach. Níor tuairiscíodh ach dhá urghabháil den cheimiceán ainhidríd aicéiteach – ar réamhtheachtach hearóine é – san Aontas in 2023, a rinneadh san Ísiltír, ina raibh 740 lítear (i gcomparáid le 141 lítear in 2022, 5 730 lítear in 2021). Tá laghdú suntasach ag teacht ar urghabhálacha d’ainhidríd aicéiteach ar fud an domhain ón mbliain 2019 i leith. Cé nach eol dúinn cad is cúis leis an laghdú sin, d’fhéadfaí glacadh leis mar laghdú ar iarrachtaí chun an tsubstaint a atreorú agus gáinneáil uirthi, aistriú chuig bealaí gáinneála eile nó úsáid mhéadaithe a bhaint as próisis mhalartacha táirgthe nó as ceimiceáin mhalartacha. Ceimiceán amháin den sórt sin is ea clóiríd aicéitile, ar urghabhadh 17 gcileagram di san Ísiltír in 2023.
  • Cócaon: In 2023, díchóimeáladh 34 láithreán ar a laghad a bhain le táirgeadh cócaoin san Aontas (39 in 2022). Léirítear sa mhéadú ar chainníocht na sármhanganáite potaisiam a urghabhadh in 2023 (2 082 cileagram) i gcomparáid le 2022 (173 chileagram) go bhfuil próiseáil ar mhórscála á déanamh fós san Aontas ar hidreaclóiríd chócaoin ó tháirgí idirghabhála allmhairithe (amhail bonn agus taos cócaoin). Mar shampla, díchóimeáladh 6 cinn de na láithreáin sin sa Phortaingéil in 2023 agus 2024, rud a d’fhág gur urghabhadh na deicheanna cileagram de thaos cócaoin agus de hidreaclóiríd chócaoin, cainníochtaí móra de cheimiceáin agus d’oibreáin lagaithe chomh maith le trealamh saincheaptha. Ina theannta sin, tuairiscíodh roinnt urghabhálacha móra a bhaineann le substaintí neamhghnácha ina bhfuil cócaon (amhail cairtchlár, gual agus plaistigh), a n‑éilítear leo eastóscadh ceimiceach chun an druga a aisghabháil.
  • Amfataimín: In 2023, thuairiscigh 10 mBallstát den Aontas gur díchóimeáladh 93 shaotharlann amfataimín (108 in 2022): an Ísiltír (38), an Ghearmáin (21), an Pholainn (19), an Bheilg (5), an Ostair (3), an tSualainn (2), an Liotuáin (2), an Bhulgáir (1), an tSeicia (1), an Fhionlainn (1).
  • Meitiolamfataimín: Thuairiscigh seacht mBallstát den Aontas gur díchóimeáladh 250 saotharlann meitiolamfataimín in 2023 (242 in 2022): an tSeicia (189), an Ísiltír (29), an Bhulgáir (18), an Ghearmáin (5), an Pholainn (5), an Bheilg (3), an Ostair (1). In 2023, thuairiscigh 16 Bhallstát den Aontas urghabhálacha de na réamhtheachtaithe a theastaíonn chun meitiolamfataimín a shintéisiú tríd an ‘modh eifidríne’ (eifidrín agus súideifidrín), arbh ionann iad go léir agus 7 847 gcileagram (púdair agus táibléid) (thuairiscigh 15 Bhallstát den Aontas 352 chileagram in 2022).
  • Is féidir BMK a úsáid mar ábhar tosaigh chun amfataimín agus meitiolamfataimín a tháirgeadh. In 2023, urghabhadh 5 453 lítear de BMK (1 329 lítear in 2022 agus beagnach 5 100 lítear in 2021) agus 66.2 tona de shubstaintí (26.6 tona in 2022) san Aontas ar féidir é iad úsáid chun BMK a tháirgeadh. Áiríodh ar na hurghabhálacha sin 66.1 tona de dhíorthaigh ghlicéideacha BMK (25.6 tona in 2022), 43 chileagram de MAPA (379 gcileagram in 2022) agus 1.2 cileagram de APAA agus APAAN (500 cileagram de APAAN in 2022). Urghabhadh dhá cheimiceán mhalartacha nua ar féidir iad a úsáid freisin chun éanóláit BMK, DEPAPD agus DEPAPD a dhéanamh in 2023 (54 lítear, i gcomparáid le 113 lítear in 2022). Ina theannta sin, maidir le hurghabhálacha aigéid thartaraigh, ceimiceán lenar féidir an fhoirm meitiolamfataimín (d-meitiolamfataimín, a úsáidtear le haghaidh ‘meitchriostal’) is láidre a aisghabháil ó chumaisc a tháirgtear trí mhodhanna BMK, rinneadh urghabhálacha a bhí cothrom le 10.9 tona in 2023 (2.6 tona in 2022) agus ba iad an Bheilg, an Ghearmáin agus an Ísiltír a thuairiscigh an méid sin. Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil táirgeadh ar mhórscála d-meitiolamfataimín fós ar siúl san Eoraip.
  • MDMA: In 2023, thuairiscigh dhá Bhallstát den Aontas gur díchóimeáladh 36 shaotharlann MDMA (48 in 2022). Thuairiscigh an Bheilg 4 shaotharlann MDMA in 2023 (27 in 2022), agus thuairiscigh an Ísiltír 32 shaotharlann MDMA. Tháinig méadú ar urghabhálacha réamhtheachtaithe MDMA go 64.1 tona in 2023 (20.5 tona in 2022). Sháraigh urghabhálacha an réamhtheachtaí MDMA PMK agus a dhíorthaigh ghlicéideacha 63.1 tona in 2023 (19.9 tona in 2022). Tuairiscíodh ceimiceáin mhalartacha eile freisin: urghabhadh cainníocht ní ba mhó de MAMDPA in 2023 i gcomparáid le 2022 (565 chileagram agus 37 gcileagram faoi seach, d’ainneoin gur urghabhadh 4.5 tona in 2021), agus tuairiscíodh gur urghabhadh IMDPAM den chéad uair in 2023 (450 cileagram). D’fhéadfaí glacadh leis na tuarascálacha seo maidir le hurghabhálacha méadaithe réamhtheachtaithe MDMA, mar aon le faisnéis faoi onnmhairí MDMA lasmuigh den Aontas, mar fhianaise ar mhéadú ar tháirgeadh an druga do mhargaí domhanda agus ar athfhilleadh ginearálta tar éis an mheatha a bhain le paindéim COVID-19.
  • Cáitíonóin: In 2023, thuairiscigh 6 Bhallstát den Aontas 53 láithreán táirgthe cáitíonóin shintéisigh (20 acu a bhí dírithe ar 4-MMC, 7 ar 3-CMC, 24 ar 4-CMC, 1 ar alfa-PVP agus ceann amháin ar cháitíonón neamhshonraithe): 40 sa Pholainn (23 in 2022), 8 san Ísiltír (6 in 2022), 2 sa Ghearmáin, agus láithreáin táirgthe amháin sa Bheilg, san Ostair agus sa tSualainn faoi seach. Bhí urghabhálacha réamhtheachtaithe cáitíonóin shintéisigh cothrom le 2 153 cileagram in 2023 (558 gcileagram in 2022), go príomha san Ísiltír (1 416 chileagram) agus sa Pholainn (735 chileagram). D’fhéadfadh sé gur tharla urghabhálacha breise ag ceann de roinnt láithreán táirgthe cáitíonóin ar mhórscála a tuairiscíodh in 2023.
  • Ópóidigh shintéiseacha: Faoi láthair, is cosúil go bhfuil táirgeadh ópóideach sintéiseach, lena n-áirítear ópóidigh shintéiseacha nua, imeallach i mBallstáit den Aontas. Mar sin féin, is ann do roinnt comharthaí ar cúis imní iad. In 2024, aimsíodh saoráid mhór táirgthe fholaithigh meatadóin amháin sa Pholainn (Fíor 1.12), a raibh urghabháil 195 chileagram de mheatadón criostail mar thoradh air. In 2024, thángthas ar ocht láithreán sa Pholainn agus san Úcráin ina dtáirgtí meatadón agus cáitíonóin shintéiseacha taobh le taobh, cuid acu a d’fhéadfadh a bheith ceaptha lena cur ar mhargadh na hÚcráine. Faoi dheireadh 2024, thuairiscigh dhá Bhallstát den Aontas (an Spáinn agus an Ísiltír) ceithre urghabháil den réamhtheachtaí feantainile N-boc-4-pipiriodón.
  • Céataimín: In 2023, díchóimeáladh 6 shaotharlann chéataimín san Aontas. De ghnáth, ba ag díriú ar chriostalú bulcphúdar céataimín a bhí siad.
  • Láithreáin dumpála: In 2023, ba sa Bheilg (45) agus san Ísiltír (191) a bhí na 236 láithreán dumpála le haghaidh dramhaíl agus trealamh táirgthe drugaí a tuairiscíodh san Aontas (194 in 2022) lonnaithe.
Fíor 1.12. Láithreáin táirgthe meatadóin aindleathaigh a díchóimeáilte sa Pholainn, Lúnasa 2024
Picture of illicit methadone production sites dismantled in Poland
Illicit methadone production site dismantled in Poland

Tabhair faoi deara: Urghabháil déanta ag Biúró Lárnach na Polainne um Imscrúdú Póilíneachta agus ag Roinn um Choireacht Drugaí Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine.

In Margaí Drugaí an Aontais Eorpaigh: Grinnanailís de chuid EUDA agus Europol, cuirtear faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir le táirgeadh agus gáinneáil ar dhrugaí aindleathacha.

Achoimre ar urghabhálacha réamhtheachtaithe sceidealaithe agus ar cheimiceáin neamhsceidealaithe AE a úsáidtear le haghaidh drugaí roghnaithe a tháirgtear san Aontas, 2022

Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh MDMA

Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh amfataimín agus meitiolamfataimín

Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh hearóine

Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh cáitíonón

Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh cócaoin

Sonraí foinseacha

Tá na sonraí a úsáidtear le haghaidh na ngrafaicí faisnéise agus na gcairteacha ar an leathanach seo le fáil thíos.

Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2024, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.

Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.

Button for European Drug Report 2025 survey - click to take survey


Top