Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)
Tá daoine a úsáideann drugaí trí instealladh i mbaol ionfhabhtuithe a tholgadh mar thoradh ar fheistí a bhaineann le húsáid drugaí a roinnt. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar ghalair thógálacha a bhaineann le drugaí san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le hionfhabhtuithe a bhaineann leis na víris VEID agus heipitíteas B agus C.
Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025
Tá dúshláin fós le sárú maidir le galair thógálacha a bhaineann le húsáid drugaí
Tá daoine a úsáideann drugaí trí instealladh i mbaol ionfhabhtaithe víris heipitíteas B agus C (HVB agus HCV, faoi seach) agus an víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID), trí fheistí a bhaineann le húsáid drugaí a roinnt. Is féidir leis na hionfhabhtuithe sin a bheith ina gcúis le galair ainsealacha a bhféadfadh díobháil thromchúiseach a bhaineann leis an tsláinte a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear bás.
Cuireann bearnaí a bhaineann le díobháil a laghdú agus úsáid spreagthach bac ar an Aontas spriocanna forbartha inbhuanaithe maidir le VEID a bhaint amach
Is táscaire iad fógraí nua maidir le VEID den leibhéal tarchurtha víreasaigh agus de leibhéal comhfhreagrach na n-idirghabhálacha coisctheacha a theastaíonn. Cé gur laghdaigh líon iomlán na bhfógraí VEID san Aontas a bhain le húsáid drugaí trí instealladh go 980 in 2023 (1 088 in 2022), bhí an ráta fógartha de 2.18 in aghaidh an mhilliúin den daonra fós cothrom le leibhéil iarphaindéime COVID-19 (Fíor 10.1). D’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh a bhí i bpáirt mar gheall ar fhilleadh ar na leibhéil seirbhíse a bhí ann roimhe seo, agus toisc gur chuir gluaiseacht mhéadaithe daoine a bhfuil diagnóis aitheanta VEID acu isteach i dtíortha Eorpacha tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin leis freisin. Dá bhrí sin, ní mór na sonraí seo a léirmhíniú go cúramach, toisc nach gá go léirítear leo méadú ar rátaí ionfhabhtuithe nua. Ní gá go gcuirtear in amhras dá mbarr an laghdú fadtéarmach ar fhógraí VEID ach an oiread.
Meastar anois go bhfuil cur chuige laghdaithe díobhála ríthábhachtach d’fhonn tarchur VEID a laghdú i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh, go háirithe an soláthar de threalamh steiriúil insteallta, lena n-áirítear i bpríosúin agus trí chógaslanna. Mar sin féin, le roinnt saincheisteanna anois leagtar béim ar an ngá atá le hiarrachtaí athnuaite laistigh den Aontas chun seirbhísí a fheabhsú d’fhonn ualach na ngalar tógálach a chomhrac, agus chun leanúint ar aghaidh leis an dul chun cinn a rinneadh i gcoinne tharchur VEID sna blianta roimhe sin. Ina measc tá infhaighteacht laghdaithe trealaimh steiriúil insteallta i roinnt tíortha agus cumhdach geografach neamhleor. Léirítear sna sonraí atá ar fáil, in dhá thrian de Bhallstáit den Aontas, go bhfuil meánlíon bliantúil na steallairí steiriúla atá dáilte in aghaidh an duine a úsáideann drugaí trí instealladh fós faoi bhun sprioc EDS agus, i gcásanna áirithe, go bhfuil laghdú tagtha orthu (Fíor 10.2). Chomh maith leis sin, tá cumhdach geografach (Fíor 10.3) sholáthar na steallairí steiriúla fós neamhleor i roinnt tíortha, lena n-áirítear an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic. Sa Bhulgáir, áit a bhfuil deacrachtaí cistiúcháin agus soláthair i ndáil le laghdú díobhála, tá seirbhísí cóireála drugaí tar éis méadú suntasach ar an ráta deimhneachta VEID, ar beart ionadach do leitheadúlacht VEID, i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh a thuairisciú, ar méadú é a bhí cothrom le 16 % sa phríomhchathair, Sóifia, in 2023. Ina theannta sin, tá an Eoraip fós ag plé le hinfhaighteacht mhéadaithe drugaí spreagthaigh éagsúla, lena n-áirítear cócaon, amfataimín, cáitíonóin shintéiseacha agus, go pointe níos lú, meitiolamfataimín. Tá baint ag instealladh drugaí spreagthaigh le patrúin a bhaineann le húsáid drugaí trí instealladh ar bhonn níos minice agus níos díobhálaí. Le deich mbliana anuas, tá ar a laghad seacht ráig de VEID doiciméadaithe san Eoraip, ar ráigeanna iad a raibh instealladh spreagthach ina chúis leo (Fíor 10.4). De réir mar a leanann infhaighteacht spreagthach ag méadú, cuireann an baol go dtarlóidh ráigeanna breise leis na dúshláin a bhaineann le cosc VEID mar gheall ar fhadhbanna seanbhunaithe na hEorpa i ndail le hópóidigh. Ar deireadh, is léir ó thaithí na hEorpa ar ráigeanna de VEID a bhaineann le hinstealladh spreagthach go bhfuil gá le leibhéil réasúnta ard de sholáthar seirbhíse i dtaobh laghdú díobhála agus chun srian a chur lena leithéid de theagmhais agus chun iad a chosc ina n‑iomláine. Is é an impleacht a bhaineann leis sin ná go mbíonn tíortha ina bhfuil leibhéil seirbhíse neamhleora i bhfeidhm i ndáil le géire a bhfadhbanna i dtaobh úsáid drugaí trí instealladh níos neamhchosanta fós ar ráigeanna féideartha de VEID.
Chomh maith le hullmhacht i gcomhair ráigeanna, is dúshlán fós é an líon daoine a bhfuil stádas deimhneach VEID acu a úsáideann drugaí a nascadh le cóireáil laistigh den Aontas. Léiríodh i meastacháin ó staidéir shéirealeitheadúlachta a rinneadh idir 2021 agus 2023 go bhfuil leitheadúlacht VEID i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh os cionn 15 % san Eastóin, sa Ghréig, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Pholainn agus sa Rómáin. Is é is aidhm do spriocanna EDS maidir leis an gcontanam cúraim i measc daoine a bhfuil VEID orthu tástáil a dhéanamh ar 95 % de na daoine a bhfuil VEID orthu, ar 95 % de na daoine seo a bhfuil tairbhe á baint acu as teiripe fhrith-aisvíreasach agus ar 95 % díobh siúd a mbeidh sochtadh víreasach bainte amach acu faoi 2030, chun tacú leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chomhlíonadh. In 2023 tuairiscíodh 186 fhógra SEIF a bhain le húsáid drugaí trí instealladh (0.41 in aghaidh an mhilliúin den daonra) i mBallstáit den Aontas, rud lena léirítear diagnóis dhéanach VEID, rochtain íseal ar chóireáil nó cloí íseal léi i gcás roinnt othar, rud a chuireann le breoiteacht agus bás inchoiscthe. Bhí na rátaí d’fhógraí SEIF a bhain le húsáid drugaí trí instealladh ní b’airde ná aon fhógra amháin in aghaidh an mhilliúin daoine sa Bhulgáir, sa Ghréig, sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin agus sa Rómáin, rud atá ina fhianaise ar bhearnaí móra i gcontanam cúraim VEID don phríomhphobal sin.
Laghdú ag an leibhéal cathrach ar ionfhabhtú ainsealach HCV a bhaineann le drugaí
San Eoraip, tá ualach mór de heipitíteas víreasach ainsealach ar dhaoine a úsáideann drugaí trí instealladh freisin, agus is é úsáid drugaí trí instealladh an toisc riosca is coitianta le haghaidh diagnóisí nua de HCV. Fuarthas amach i staidéar a rinneadh le déanaí go raibh baint ag 36 % ar a laghad de leitheadúlacht ainsealach fhoriomlán HCV i mBallstáit den Aontas, san Iorua agus san Íoslainn le húsáid drugaí trí instealladh. Tá fianaise ann freisin de gur féidir le seirbhísí laghdaithe díobhála, amhail cláir snáthaidí agus steallairí, chomh maith le soláthar cóireála le hagónaithe ópóideacha, an baol tarchurtha HCV a laghdú. Mar a luadh roimhe seo, tá éagsúlacht mhór idir cumhdach na n-idirghabhálacha sin agus an rochtain atá orthu i dtíortha Eorpacha (Fíor 10.3). Agus aghaidh á tabhairt ar na díobhálacha a bhaineann le hionfhabhtú HCV, tá sé tábhachtach daoine aonair ar a bhfuil ionfhabhtú ainsealach den víreas a shainaithint, toisc go mbíonn siad i mbaol ciorróise agus ailse, agus is féidir leo an víreas a tharchur chuig daoine eile trí aon fheistí insteallta a bhí i dteagmháil lena gcuid fola a roinnt. Mar sin féin, tá bacainní ann in go leor tíortha maidir le glacadh le tástáil agus le cóireáil HCV, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith mar bhonn le go leor ionfhabhtuithe HCV a bheith fágtha gan diagnóis agus cóireáil.
Tá treochtaí ama a bhaineann le leitheadúlacht ionfhabhtaithe HCV víréimigh nó ghníomhaigh i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh úsáideach i dtaobh faireachán a dhéanamh ar thionchar an choisc agus na cóireála. Déanann EUDA faireachán ar dhul chun cinn trína bharaiméadar díothaithe heipitítis víreasaigh. I measc na dtíortha a thuairiscíonn do EUDA, tá fianaise ann don Spáinn, don tSualainn agus don Iorua go bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar leitheadúlacht HCV víréimigh le himeacht ama, tomhaiste de réir HCV-RNA i staidéar séirealeitheadúlachta ar leibhéal cathrach i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh agus a úsáideann seirbhísí laghdaithe díobhála. I Stócólm, laghdaigh sé ó 64 % in 2015 go 30 % in 2021, agus i Maidrid, laghdaigh sé ó 41 % go 20 % idir 2015 agus 2022. Tugadh an laghdú ba mhó faoi deara in Osló, áit ar laghdaigh sé ó 46 % in 2015 go 7 % in 2023, rud a chiallaigh gur baineadh amach an sprioc laghdaithe 80 % a leag EDS síos. I bpríomhphríosún Lucsamburg – suíomh ina bhfuil úsáid drugaí ina foinse choiteann de nochtadh HCV – tháinig laghdú ar leitheadúlacht HCV-RNA i scagadh ospidéalaithe ó 10 % in 2015 go ní ba lú ná 5 % in 2021. Tuairiscítear na treochtaí dearfacha sin i gcathracha ina bhfuil cur chuige díláraithe agus comhtháite maidir le cosc, tástáil agus cóireáil curtha chun feidhme do phríomhhobal na n‑úsáideoirí drugaí. Tá gnéithe éagsúla den chur chuige sin, atá formhuinithe i dtreoirlínte EUDA-ECDC (féach thíos), le fáil ar fud na gcathracha, agus, mar shampla, i Maidrid soláthraítear rochtain mhéadaithe ar laghdú díobhála do chliaint seirbhísí for-rochtana agus tairgtear sa chathair sin tástáil saor in aisce agus atreoruithe pearsantaithe chuig cúram nuair a bhíonn gá le cuairt ospidéil. I Stócólm, déantar tairiscintí tástála agus cóireála sa suíomh céanna, a mhéid is féidir. Tá sé mar aidhm ag Lucsamburg a chinntiú go bhfuil cóireáil iomlán á fáil acu siúd a fhaigheann diagnóis le linn dóibh a bheith i bpríosún, agus go mbíonn siad nasctha le seirbhísí sláinte nuair a scaoiltear saor iad. Ar an iomlán, is é is aidhm don chur chuige díláraithe agus comhtháite cumhdach ard an tsoláthair coisc agus laghdaithe díobhála a chothú d’fhonn teacht roimh ath-ionfhabhtuithe. D’ainneoin go mbíonn acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag teastáil don chur chuige sin, meastar go bhfuil sé costéifeachtach ar go leor bealaí, ina measc toisc gur féidir ar an dóigh sin beatha daoine a shábháil agus an t-ualach ar acmhainní eile a laghdú san fhadtéarma.
Braislí d’ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha ina gcomhartha den ghá atá le cúram comhtháite do dhaoine a úsáideann drugaí
Le déanaí, braitheadh braisle sifilise, ar ionfhabhtú baictéarach gnéas-tarchurtha é, i measc daoine a úsáideann drugaí in Lucsamburg. Ar an iomlán, braitheadh 23 chás idir mí na Samhna 2023 agus mí Mheán Fómhair 2024. I measc na gcásanna bhí ochtar ban, cuid acu a thuairiscigh go raibh siad ag gabháil d’obair ghnéis chun a n‑úsáid drugaí a mhaoiniú, agus measadh go raibh siad imeallaithe agus nach raibh siad i dteagmháil le seirbhísí cúraim sláinte príomhshrutha. D’ainneoin ardleibhéal ginearálta de sheirbhísí laghdaithe díobhála a bheith ar fáil i Lucsamburg, léiríonn teacht chun cinn na braisle d’ionfhabhtuithe seo agus na naisc atá leis sin le húsáid drugaí leochaileacht na bpobal imeallaithe a d’fhéadfaidís gan bheith i dteagmháil le seirbhísí. Is léir uaidh sin freisin mura ndearnadh imscrúdú ar ráig de VEID go mbeadh seans ann nach mbraithfí an bhraisle d’ionfhabhtaithe riamh. Dá réir sin tarraingítear aird ar an bhféidearthacht go bhfuil braislí comhchosúla ann nár braitheadh.
I bpobail eile, tugtar ceimghnéas ar úsáid spreagthach aindleathach agus drugaí eile chun teagmhálacha gnéis grúpa a éascú, ar feadh tréimhse fhada uaireanta, i measc fophobail d’fhir a mbíonn gnéas acu le fir. I measc na ndrugaí a bhaineann leis an gcleachtas sin tá spreagthaigh shintéiseacha, dúlagráin agus dícheangail, agus d’fhéadfadh tógáil ardriosca drugaí agus iompar ardriosca gnéis a bheith ar siúl i roinnt suíomhanna, rud a fhágann gur réimse tábhachtach é seo chomh fada is a bhaineann sé le for-rochtain agus i dtaobh laghdú díobhála. Trí úsáid ardriosca a bhaint as cuid de na drugaí sin, lena n-áirítear trí instealladh, cuirtear daoine i mbaol galair thógálacha a tholgadh. Áirítear leis sin víris fuil-iompartha amhail VEID agus HCV, ach braitheadh galair eile freisin amhail m-bholgach, shigella agus heipitíteas A – braislí díobh i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir – i roinnt Ballstát den Aontas in 2023. Chomh maith leis sin, cuirtear úsáideoirí i mbaol níos airde de ghéarthocsaineacht drugaí agus d’fhadhbanna sláinte eile dá bharr. Ní thagann daoine a úsáideann drugaí ar an mbealach sin chun cinn mar chliaint i gclinicí cóireála drugaí go minic ach d’fhéadfadh siad a bheith i dteagmháil le seirbhísí eile, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis.
I gcás inarb iomchuí go cliniciúil, tacaíonn treoirlínte EUDA agus ECDC le próifiolacsas réamhnochta inacmhainne agus inrochtana a sholáthar do gach duine a mbeadh sé de dhíth orthu, lena n-áirítear daoine a úsáideann drugaí, mar ghné amháin de mheascán de sheirbhísí coisctheacha. Mar sin féin, tá an fhianaise maidir le húsáid bharrfheabhsaithe próifiolacsais réamhnochta do dhaoine a úsáideann drugaí trí instealladh fós á bailiú. Tacaíonn na treoirlínte freisin le rochtain ar phróifiolacsas iarnochta le haghaidh VEID i ndiaidh teagmhas nochta féideartha. Is doiligh go minic ar sheirbhísí níos ísealtairsí arb é is aidhm dóibh próifiolacsas réamhnochta agus iarnochta a sholáthar na cóireálacha sin a chistiú, rud a d’fhéadfadh dúshlán a chruthú chomh fada is a bhaineann sé le hiarrachtaí coisctheacha sa chás go mbíonn na cóireálacha tásctha go cliniciúil.
Is dúshlán fós é freagairtí éifeachtacha laghdaithe díobhála a chur ar fáil do dhaoine atá neamhchosanta ar na tosca riosca a bhaineann le drugaí, agus ní foláir idirghabhálacha saincheaptha a fhorbairt. San Eoraip,déantar seirbhísí cóireála le haghaidh fadhbanna drugaí agus sláinte gnéis a mhaoiniú ar leithligh de ghnáth, bíonn critéir incháilitheachta éagsúla ag baint leo agus is annamh a bhíonn siad comhlonnaithe. Fágann sé sin go mbíonn sé deacair cúram comhtháite a chur ar fáil do dhaoine atá neamhchosanta ar an dá riosca a bhaineann le gnéas gan chosaint agus le húsáid drugaí ardriosca i gcomhthéacs úsáide drugaí gnéasaithe.
Is gá tuilleadh infheistíochta le haghaidh seirbhísí drugaí Eorpacha chun spriocanna EDS a bhaint amach
Tá gealltanas tugtha ag lucht ceaptha beartas an Aontais maidir le straitéisí na hearnála sláinte domhanda EDS deireadh a chur le SEIF, agus le heipidéimí an heipitítis víreasaigh agus na n-ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha faoi 2030. D’fhonn na cuspóirí sin a chomhlíonadh, áfach, tá gá fós le hinfheistíocht mhéadaithe i seirbhísí laghdaithe díobhála, tástáil agus nascadh le cóireáil, ós rud é nach leor a soláthar i gcuid mhaith tíortha. Dá bhrí sin, is gá breis iarrachtaí chun ráigeanna amach anseo a chosc agus chun tarchur a laghdú, agus ar an gcaoi sin, ualach an ghalair a bhaineann le VEID, HCV, HBV agus ionfhabhtuithe eile a laghdú i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh.
Leis an treoir maidir le galair thógálacha a chosc agus a rialú i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh de chuid EUDA-ECDC, tacaítear le cur chun feidhme seirbhísí saincheaptha pobalbhunaithe um chosc, tástáil agus cóireáil. Áirítear leis sin tástáil lasmuigh de shuíomhanna foirmiúla cúraim sláinte, mar shampla i seirbhísí for-rochtana, agus tarraingítear aird leo ar an gcaoi arb ionann cur chuige níos comhtháite maidir le tástáil agus nascadh le cúram agus bealach éifeachtach chun neamhionannas sláinte leanúnach a laghdú. Meastar anois go bhfuil cineálacha cur chuige ionchuimsitheach i dtaobh laghdú díobhála, go háirithe soláthar trealaimh steiriúil insteallta – lena n-áirítear i bpríosúin agus trí chógaslanna – ríthábhachtach chun tarchur galar tógálach a laghdú i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh. Mar sin féin, ní leordhóthanach fós iad cumhdach ná rochtain ar sholáthar snáthaidí agus steallairí saor in aisce i gcuid mhaith tíortha, agus níor bhain ach seacht gcinn de thíortha as na 25 thír a raibh sonraí ar fáil ina leith spriocanna soláthair seirbhíse EDS amach in 2023 (Fíor 10.2). Tá sé riachtanach fós go nglacfadh an lucht ceaptha beartas le cistiú slán a sholáthar do sheirbhísí laghdaithe díobhála a oibríonn le daoine a úsáideann drugaí trí instealladh mar phríomhthosaíocht sláinte poiblí.
Fíor 10.3. Infhaighteacht clár snáthaidí agus steallairí san Eoraip ar an leibhéal réigiúnach, sonraí ó 2023 nó na sonraí is déanaí atá ar fáil

Tá na sonraí ar fáil ar leibhéal NUTS 2 nó 3. Chun faisnéis a fháil faoi NUTS (aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh) féach suíomh gréasáin Eurostat. Ní chiallaíonn easpa sonraí ar leibhéal NUTS 2 nó 3 nach bhfuil an idirghabháil ar fáil laistigh de thír.
Príomhshonraí agus príomhthreochtaí
VEID/SEIF
- In 2023, tháinig méadú ar líon na bhfógraí VEID nua a bhain le húsáid drugaí trí instealladh san Aontas go 980 (2.16 in aghaidh an mhilliúin áitritheoir), i gcomparáid le 1 088 an bhliain roimhe sin (Fíor 10‑5).
- In Éirinn, sa Ghréig, sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin agus i Lucsamburg tuairiscíodh ráta fógartha de VEID a bhí inchurtha i leith úsáid drugaí trí instealladh ní b’airde ná cúigear in aghaidh an mhilliúin áitritheoir.
- B’ionann cásanna nua de VEID a bhain le húsáid drugaí trí instealladh agus 5.6 % de na fógraí nua go léir a raibh bealach tarchuir aitheanta luaite leo in 2023. Sa bhliain chéanna, bhí cásanna de VEID a bhain le húsáid drugaí trí instealladh cothrom le ní ba mhó ná 10 % d’fhógraí nua sa Laitvia (24 %), sa Liotuáin (19 %), sa Ghréig (19 %), san Ostair (14 %), san Fhionlainn (12 %), sa Ghearmáin (11 %) agus san Iorua (11 %).
- Tugadh fógra san Aontas maidir le 186 dhiagnóis nua de SEIF a bhain le húsáid drugaí trí instealladh in 2023, agus ba leis an mBulgáir, an Ghréig, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin agus an Rómáin a bhain na rátaí fógra ab airde.
HCV agus HBV
- Tá meastacháin leitheadúlachta fhonáisiúnta a rinneadh le déanaí i gceist le sé thír Eorpacha maidir le hionfhabhtú HCV gníomhach i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh agus a fhaigheann rochtain ar sheirbhísí laghdaithe díobhála. Bhí leitheadúlacht an ionfhabhtaithe HCV ghníomhaigh a díorthaíodh ó staidéar séirealeitheadúlachta idir díreach faoi bhun 7 % in Osló (2023) go 56 % i dTaillinn (2022). Tugadh leibhéil idirmheánacha faoi deara i Maidrid (2022) – 20 %; i mBúdaipeist (2021) – 24 %; sa Bhaváir (2022) – 27 %; agus i Stócólm (2021) – 30 %.
- In 2023 bhí ar dhaoine a bhí i mbun mí-úsáid a bhaint as drugaí trí instealladh plé le srianta cliniciúla nó airgeadais i ndáil le rochtain a fháil ar chóireáil HCV frithvíreasach a ghníomhaíonn go díreach i gceithre Bhallstát den Aontas.
- Ba san Ungáir (5.8 % in 2021), sa Laitvia (5.6 % in 2022) agus sa Rómáin (5.6 % in 2023) a bhí na meastacháin ab airde le haghaidh ionfhabhtú HBV (tomhaiste de réir láithreacht na hantaigine dromchla heipitíteas B), ar figiúirí iad a díorthaíodh ón staidéar séirealeitheadúlachta ba dhéanaí i measc daoine a bhí i mbun mí-úsáid a bhaint as drugaí trí instealladh.
- In 2023 bhí 20 Ballstát den Aontas ann a raibh beartas maidir le heipitíteas víreasach i bhfeidhm iontu lenar áiríodh daoine a bhí i mbun mí-úsáid a bhaint as drugaí trí instealladh. Tá sé ríthábhachtach tástáil agus cóireáil le haghaidh HCV, HBV agus VEID a chomhtháthú i mbearta laghdaithe díobhála, i gcóireáil drugaí agus i seirbhísí sláinte príosúin d’fhonn spriocanna an chontanaim cúraim a bhaint amach do dhaoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí trí instealladh.
Tá breis faisnéis mionsonraithe le fáil in Galair thógálacha a bhaineann le drugaí: freagairtí sláinte agus sóisialta EUDA.
Sonraí foinseacha
Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.
Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.
