Cóireáil le hagónaithe ópóideacha – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)

Cover of the European Drug Report 2025: Opioid agonist treatment

Is iad úsáideoirí ópóideach an grúpa is mó a bhfuil sainchóireáil drugaí á cur orthu, i bhfoirm cóireáil le hagónaithe ópóideacha den chuid is mó. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar sholáthar cóireála le hagónaithe ópóideacha san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le cumhdach, líon na ndaoine a bhfuil cóireáil á cur orthu, conairí cóireála agus tuilleadh.

Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.

An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025

Rochtain ar chóireáil i ndáil le hópóideach fós íseal i roinnt tíortha AE, de réir mar a thagann dúshláin nua chun cinn

D’ainneoin go mbíonn tuilleadh grúpaí éagsúla daoine ag lorg cabhrach anois i ndáil le fadhbanna drugaí, ciallaíonn nádúr fadtéarmach na cóireála le hagónaithe ópóideacha gurb ionann iad siúd a fhaigheann an chóireáil sin agus sciar suntasach de na hacmhainní a infheistítear i seirbhísí cóireála drugaí in go leor tíortha. Ina ainneoin sin, tá éagsúlacht le tabhairt faoi deara i dtaobh rochtain ar chóireáil le hagónaithe ópóideacha ar fud an Aontais, agus i roinnt tíortha ní leor an rochtain sin. Thairis sin, cuirtear dúshlán breise roimh ár bhfreagairtí do spleáchas ar ópóidigh a bhuíochas de theacht chun cinn athruithe nua ar mhargadh na ndrugaí ópóideach, tionchair fhéideartha ar bharrfheabhsú cóireála agus dúshláin a bhaineann le lucht saothair na gcóras cóireála.

Cuireadh cóireáil le haghaidh fadhbanna a bhain le húsáid drugaí aindleathacha ar thart ar 1.7 milliún duine san Aontas, an Iorua agus an Tuirc san áireamh, in 2023 (2.1 milliún). Cuimsíonn sainchóireáil drugaí raon cur chuige míochaine (lena n-áirítear cógaseolaíocht), síceolaíoch, sóisialta agus iompraíochta d’fhonn úsáid drugaí agus instealladh a stopadh nó a laghdú. Ar an iomlán, fuair thart ar leathmhilliún úsáideoirí ardriosca ópóideach san Aontas cineál éigin de chóireáil le hagónaithe ópóideacha, arb é fós an príomhchur chuige cóireála cógaseolaíochta do dhaoine a bhfuil spleáchas ópóideach acu agus d’fhéadfaí é a úsáid i gcomhar le hidirghabhálacha síceasóisialta.

D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ag baint le spriocanna agus le torthaí cóireála, ag brath ar an gcineál idirghabhála agus ar riachtanais cliant. I measc na spriocanna cóireála a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá staonadh nó laghdú ar úsáid drugaí aindleathacha, cosc díobhálacha, athimeascadh sa tsochaí agus téarnamh.

Moltar sa treoir a fuarthas le déanaí ó EUDA agus ECDC maidir le galair thógálacha a chosc agus a rialú i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh go gcuirfí cóireáil le hagónaithe ópóideacha ar fáil i suíomhanna pobail agus príosúin araon d’fhonn tarchur HCV agus VEID a chosc agus chun cabhrú le hiompar riosca insteallta agus minicíocht insteallta a laghdú. Anuais air sin, moltar sa treoir trealamh steiriúil insteallta a sholáthar in éineacht le cóireáil le hagónaithe ópóideacha chun cumhdach agus éifeachtacht na n-idirghabhálacha i measc daoine a úsáideann ópóidigh trí instealladh a uasmhéadú (féach freisin Úsáid drugaí trí instealladh – an staid reatha san Eoraip agus Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip).

Tá difríochtaí fós le tabhairt faoi deara idir tíortha, áfach, chomh fada is a bhaineann sé leis na suíomhanna agus an fhoirm ina gcuirtear cóireáil ar fáil, agus a mhéid is leor infhaighteacht cóireála le hagónaithe ópóideacha chun freastal ar riachtanais na ndaoine sin a dteastaíonn an fhoirm sin de chúram uathu. Tá soláthar cóireála le hagónaithe ópóideacha neamhleor fós agus faoi bhun na leibhéal molta ag EDS i roinnt Ballstát den Aontas a thuairiscíonn leitheadúlacht ard d’úsáid ardriosca ópóideach (féach Príomhshonraí agus príomhthreochtaí, thíos).

Tá éagsúlacht shuntasach le tabhairt faoi deara idir an chothromaíocht idir soláthar d’othair sheachtracha agus d’othair chónaitheacha ó thír go tír freisin. Cuirtear thart ar 13 % de chóireáil drugaí san Eoraip ar fáil i suíomhanna othar cónaitheach, ionaid chónaithe ospidéalbhunaithe den chuid is mó, amhail ospidéil shíciatracha, ach cuirtear cóireáil ar fáil freisin i bpobail theiripeacha agus, i roinnt tíortha, i sainionaid cóireála chónaithe i bpríosúin. Ar an iomlán, áfach, soláthraítear cóireáil le hagónaithe ópóideacha i suíomhanna othar seachtrach ar bhonn níos coitianta. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin ionaid sainchóireála drugaí, gníomhaireachtaí ísealtairsí agus ionaid cúraim sláinte phríomhúil, ar féidir lialanna dochtúirí ginearálta a áireamh ina measc. Chomh maith leis sin, bhunaigh roinnt tíortha roghanna cóireála ní ba sholúbtha d’othair sheachtracha le linn phaindéim COVID-19, agus tá go leor acu sin fós i bhfeidhm. Ina theannta sin, thosaigh líon beag tíortha de mhodhanna nua riartha cóireála a chur ar fáil freisin, amhail foirmlithe scaoilte breisithe de bhúipreanoirfín, rud a chuir ar chumas cliant cóireáil leanúnach le hagónaithe ópóideacha a bheith acu trí instealladh míosúil amháin. D’ainneoin go bhfuil gá le tuilleadh taighde, léirítear i bhfianaise nua atá ar fáil de réir a chéile go bhféadfadh an mhódúlacht sin cabhrú le brú ar oideasóirí a mhaolú trí líon na gcuairteanna a theastaíonn ó gach cliant a laghdú, agus d’fhéadfadh sé tacú freisin le cumhdach a leathnú go ceantair thuaithe nó iargúlta. Cruthaíonn éagsúlacht na soláthraithe, beag beann ar an gcógas, dúshlán maidir le faireachán a dhéanamh ar sholáthar cóireála le hagónaithe ópóideacha agus ar shaintréithe cliant. I roinnt tíortha, tá comharthaí ann go bhfuil laghdú tagtha ar an lucht saothair cóireála andúile, agus nach bhfuil daoine nua á gceapadh in áit roinnt pearsanra cóireála, amhail liachleachtóirí ginearálta, nuair a théann siad ar scor nó nuair a fhágann siad an tseirbhís, rud a d’fhéadfadh dúshlán a chruthú do chumas na gcóras cóireála cúram a chur ar fáil.

Riachtanais níos casta ag cliaint chóireála ópóideach anois

Tarraingítear aird ar nádúr fadtéarmach na bhfadhbanna ópóideach sna sonraí atá ar fáil maidir le saintréithe na ndaoine a bhfuil cóireáil le hagónaithe ópóideacha á cur orthu. Léirítear sna sonraí sin freisin go bhfuil cohórt na ndaoine Eorpacha a raibh fadhbanna acu le hearóin ag dul in aois. Is fianaise ar an méid sin freisin é go bhfuil beagnach 70 % de na cliaint a bhfuil cóireáil le hagónaithe ópóideacha á cur orthu 40 bliain d’aois nó níos sine, agus go bhfuil níos lú ná 10 % de na daoine sin faoi 30 bliain d’aois. Tá impleachtaí tábhachtacha ag baint leis sin maidir le seachadadh seirbhíse agus costais, agus ní mór do sholáthraithe aghaidh a thabhairt anois ar thacar níos casta de riachtanais chúraim sláinte i nbpobal atá ag éirí níos leochailí. Breithniúchán tábhachtach sa chomhthéacs seo is ea an gá atá lena áirithiú go mbeidh conairí atreoraithe éifeachtacha ann chuig seirbhísí níos cineálaí lena dtairgtear cóireáil le haghaidh riochtaí eile a bhaineann leis an bpróiseas aosaithe. Tá sé sin ag éirí níos riachtanaí de réir a chéile chun tacú le cliaint atá i mbun cóireáil ópóideach níos sine a bhfuil cúram geiriatrach de dhíth orthu mar gheall ar na héifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann le húsáid drugaí aindleathacha, ach freisin úsáid tobac agus alcóil, ar a sláinte fhisiciúil. Ní mór do chóireáil an ghrúpa imeallaithe sin freagairt freisin do thacar casta fadhbanna a bhíonn seanbhunaithe go minic agus a bhaineann le saincheisteanna meabhairshláinte, imeallaithe sóisialta, fostaíochta agus tithíochta. Beidh forbairt seirbhísí cúraim comhtháite, ildisciplíneacha agus speisialaithe ó thaobh aoise de don ghrúpa sin fós ina breithniúchán tábhachtach ó thaobh beartais agus soláthair de de réir mar a leanann déimeagrafaic na húsáide ópóideach san Eoraip de bheith ag athrú.

D’fhéadfadh úsáid ilsubstaintí, agus ópóidigh shintéiseacha nua ardnirt a bheith ar mhargaí drugaí áitiúla, na rioscaí a bhaineann le húsáid ópóideach a mhéadú, go háirithe i gcás daoine scothaosta agus daoine a bhfuil riachtanais chasta cúraim sláinte acu. I gcás ina bhfuil ópóidigh shintéiseacha ardnirt nua ina ngné sheanbhunaithe de mhargaí drugaí áirithe, tá gá le tuilleadh taighde chun a chinneadh cibé an bhfuil gá le hoiriúnuithe d’fhonn a áirithiú go mbíonn an cur chuige reatha oiriúnach i gcónaí chun cóireáil le hagónaithe ópóideacha a sholáthar. Tá imní léirithe mar gheall ar láithreacht leanúnach feantainile, cairfeantainil agus níotaiséiní i roinnt tíortha Eorpacha. Ina theannta sin, mar gheall ar an staid athraitheach maidir le hearóin a ndéantar gáinneáil uirthi chun na hEorpa ón Afganastáin, tá tuilleadh éiginnteachta ag baint leis an measúnú ar mhargaí drugaí na hEorpa. Má laghdaítear infhaighteacht hearóine san Eoraip, d’fhéadfadh méadú ar an ngá atá le cúram i measc daoine a úsáideann ópóidigh ardnirt a bheith mar thoradh air sin. Ardaítear leis sin ceist maidir leis na roghanna atá ar fáil do chórais cóireála drugaí chun cabhrú leo siúd atá spleách ar dhrugaí. D’ainneoin go bhfuil cleachtas cliniciúil i Meiriceá ag tosú ar léargas a thabhairt ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag meatadón agus ag búipreanoirfín i gcóireáil pobail a d’athraigh ó hearóin a úsáid go dtí feantainil a úsáid, ní ann d’aon phrótacal fianaisebhunaithe faoi láthair. Tá gá le tacaíocht bheartais agus airgeadais chun tuilleadh taighde a dhéanamh, go háirithe trialacha rialaithe randamaithe, chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cineálacha cur chuige nua le cógais atá ann cheana i gcórais cóireála drugaí a bhunú.

Tá líon na ndaoine óga a fhaigheann cóireáil le hagónaithe ópóideacha réasúnta íseal agus cobhsaí fós. D’fhéadfaí é sin a mhíniú trí úsáid ópóideach a thionscnamh ag leibhéal níos ísle i measc daoine óga agus cohórt de chliaint atá ag dul in aois faoi chóireáil le hagónaithe ópóideacha. Mar sin féin, tuairiscíonn roinnt tíortha cion réasúnta ard de ródháileoga marfacha a bhaineann le hópóidigh i measc daoine faoi bhun 30 bliain d’aois, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Ostair agus an Fhionlainn, agus d’fhéadfadh glacadh leis sin mar fhianaise go bhfuil bacainní ar rochtain a fháil ar chóireáil le hagónaithe ópóideacha fós ann don aoisghrúpa sin (féach Básanna de bharr drugaí – an staid reatha san Eoraip). D’fhéadfaí go n-áireofaí i measc na ndúshlán anseo rátaí ísle coinneála cóireála i measc daoine óga, dearcthaí diúltacha maidir le cóireáil le hagónaithe ópóideacha, drogall oideasú a dhéanamh i measc roinnt soláthraithe seirbhíse agus easpa socruithe cóireála aois-oiriúnacha.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le freagairtí sláinte agus sóisialta d’úsáid ópóideach, lena n-áirítear i measc daoine scothaosta, le fáil i bhFreagairtí sláinte agus sóisialta ar fhadhbanna drugaí: Treoir Eorpach EUDA.

Príomhshonraí agus príomhthreochtaí

Líon na ndaoine i gcóireáil

  • Ar an iomlán, fuair os cionn leath den 860 000 úsáideoir ópóideach ardriosca measta san Aontas in 2023 cóireáil le hagónaithe ópóideacha, is é sin thart ar 511 000 úsáideoir (523 000 má áirítear an Iorua agus an Tuirc) (Fíor 12.1). Mar sin féin, tá difríochtaí ann ó thír go tír. Sna tíortha ina bhfuil sonraí ar fáil ó 2012 nó 2013 chun comparáid a dhéanamh, tháinig méadú ar an gcumhdach go ginearálta. Tá na leibhéil soláthair fós íseal, áfach, agus níl siad leordhóthanach i roinnt tíortha ina meastar go bhfuil líon suntasach úsáideoirí ópóideach ardriosca iontu, amhail an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic (Fíor 12.2).
  • Léirítear i sonraí ó thíortha ina ndearnadh tuairisciú comhsheasmhach maidir le cliaint a fuair cóireáil le hagónaithe ópóideacha idir 2013 agus 2023 treocht chobhsaí fhoriomlán maidir le leibhéil chóireála le linn na tréimhse sin, gan mórán luaineachta ó thaobh líon na gcliant a fuair an chóireáil sin de. Tá cúiseanna éagsúla leis an gcobhsaíocht sin. I dtíortha ina bhfuil soláthar ard cóireála, d’fhéadfaí glacadh leis mar léiriú ar nádúr ainsealach, athiompaithe an spleáchais ar ópóidigh agus ar an ngá atá le cóireáil thar thréimhse fhada; i dtíortha eile (e.g. an Laitvia), d’fhéadfaí glacadh leis mar fhianaise ar acmhainneacht íseal na gcóras cóireála.
  • I roinnt tíortha, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil i mbun cóireáil le hagónaithe ópóideacha, rud ata ina fhianaise ar mhéadú ar sholáthar na cóireála, agus méadú tuairiscithe ag deich dtír idir 2018 agus 2023, lena n-áirítear an Fhionlainn (75 %), an Pholainn (50 %), an Chipir (20 %), an tSualainn (16 %) agus Málta (15 %).

#EMBED-edr25-fíor-oat-12.1#

#EMBED-edr25-fíor-oat-12.2 #

Conairí cóireála

  • Is é féin-atreorú an bealach is coitianta i gcónaí i ndáil le sainchóireáil drugaí do chliaint ópóideach. B’ionann an cineál atreoraithe sin, lenar áiríodh atreorú ag baill teaghlaigh nó ag cairde, agus thart ar dhá thrian (64 %) d’atreoruithe iad siúd a raibh fadhbanna ópóideach acu go príomha agus iad ag dul faoi shainchóireáil drugaí san Eoraip in 2023. Rinne seirbhísí sláinte, oideachais agus sóisialta, lenar áiríodh ionaid chóireála le haghaidh drugaí eile, beagnach aon chúigiú (23 %) de na cliaint a atreorú, agus rinne an córas ceartais choiriúil 7 % de na cliaint a atreorú.

Cógais le hagónaithe ópóideacha

  • Thuairiscigh 25 thír go raibh ní ba mhó ná cógas cóireála le hagónaithe ópóideacha amháin á sholáthar acu in 2023. Is é meatadón an cógas is coitianta a oideasaítear, ar cógas é a fhaigheann níos mó ná leath (55 %) de chliaint i gcóireáil le hagónaithe ópóideacha ar fud na hEorpa. Faigheann 35 % eile de chliaint cóireáil le cógais atá bunaithe ar bhúipreanoirfín, arb é an príomhchógas a thuairiscítear a bheith in úsáid i naoi dtír. Is annamh a oideasaítear substaintí eile, amhail moirfín mallscaoilte nó dé-aicéitilmoirfín (hearóin), agus faigheann 10 % de chliaint agónaithe ópóideacha san Eoraip iad. Thuairiscigh seacht dtír go raibh soláthar áirithe cóireála le cúnamh hearóine á chur ar fáil iontu, agus treoirthionscadail a bhfuil deireadh curtha leo san áireamh.
  • Thuairiscigh cúig thír úsáid ullmhóidí búipreanoirfín ní ba nuaí: tuaslagán fadscaoilte le haghaidh a insteallta agus ionchlannán fo-chraicneach. Tugadh údarú margaíochta do na hullmhóidí sin atá bailí ar fud an Aontais Eorpaigh in 2018 agus in 2019, faoi seach.

Roghanna malartacha cóireála

  • D’ainneoin nach bhfuil sé chomh coitianta céanna le cóireáil le hagónaithe ópóideacha, tá roghanna cóireála malartacha ar fáil d’úsáideoirí ópóideach i ngach tír Eorpach. San 11 thír a raibh sonraí ar fáil ina leith in 2023, fuair idir 3 % agus 47 % de na húsáideoirí ópóideach uile a bhí ag dul faoi chóireáil idirghabhálacha nár aicmíodh mar chóireáil le hagónaithe ópóideacha, amhail díthocsainiú le cuidiú míochaine agus idirghabhálacha bunaithe ar staonadh d’othair sheachtracha agus d’othair chónaitheacha.
Fíor 12.1. Cliaint atá i mbun teiripe le hagónaithe ópóideacha a fháil
 

Trends in the number of opioid agonist clients are based on 27 countries. Only countries with data for at least 9 of the 14 years are included in the trends graph. Missing values are interpolated from adjacent years. Data for age distribution are based on 13 countries representing 41 % (208 665) of all registered clients in the European Union. Data for gender are based on 17 countries representing 27 % (139 406) of all registered clients. Data for treatment duration are based on 7 countries representing 7 % of all registered clients (35 216).

Distribution of OAT clients by type of medication: SROM is slow-release oral morphine and DHC is dihydrocodeine.

Fíor 12.2 a. Cumhdach na cóireála le hagónaithe ópóideacha (céatadán) in 2023 nó don bhliain is déanaí atá ar fáil
 
Fíor 12.2b. Cumhdach na cóireála le hagónaithe ópóideacha (céatadán) in 2013
 

Coverage is defined as the share of high-risk opioid users receiving the intervention. Data are displayed as point estimates and uncertainty intervals.

Sonraí foinseacha

Tá na sonraí a úsáidtear le haghaidh na ngrafaicí faisnéise agus na gcairteacha ar an leathanach seo le fáil thíos.

Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.

Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.

Button for European Drug Report 2025 survey - click to take survey


Top