Laghdú díobhála – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)

Cover of the European Drug Report 2025: Harm reduction

Cuimsítear i laghdú díobhála idirghabhálacha, cláir agus beartais a bhfuil sé mar aidhm leo na dochair shláinte, shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú chomh fada is a bhaineann sé le daoine aonair, pobail agus sochaithe. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar idirghabhálacha laghdaithe díobhála san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí maidir le cóireáil le hagónaithe ópóideacha, cláir nalocsóin, seomraí úsáidte drugaí agus tuilleadh. 

Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.

An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025

Fadhbanna drugaí atá de shíor ag éirí níos dinimiciúla ina ndúshlán don laghdú díobhála

Le húsáid drugaí aindleathacha cuirtear go mór mór le hualach domhanda galair. I measc na n-idirghabhálacha atá ceaptha chun an t-ualach seo a laghdú tá gníomhaíochtaí coisc, a bhfuil sé mar aidhm leo an ráta ag a bhféadfar úsáid drugaí a thionscnamh a laghdú nó a mhoilliú, agus cóireáil a thairiscint dóibh siúd a bhíonn i mbun úsáid fhadhbach a bhaint as drugaí. Tá tacar chomhlántach cur chuige luaite leis an gceannteideal ginearálta, is é sin laghdú díobhála, a bhfuil sé mar aidhm leo iarmhairtí drugaí do dhaoine aonair agus do phobail a laghdú. Leagtar an bhéim leis sin ar bheith ag oibriú ar bhealach neamhbhreithiúnach le daoine a úsáideann drugaí d’fhonn na rioscaí a bhaineann le hiompar a bhíonn ag gabháil den chuid is mó le laghdú torthaí díobhálacha sláinte, agus ar bhonn níos ginearálta, d’fhonn sláinte agus folláine a chur chun cinn. Is dócha gurb é an ceann is cáiliúla díobh sin trealamh steiriúil insteallta a chur ar fáil do dhaoine a úsáideann drugaí trí instealladh, agus é mar aidhm aige sin an riosca a bhaineann le galar tógálach a tholgadh a laghdú. Le himeacht ama, is cosúil go bhfuil na cineálacha cur chuige seo tar éis cur leis an ráta réasúnta íseal, de réir caighdeán idirnáisiúnta, d’ionfhabhtuithe nua VEID a bhfuil baint bunaithe anois idir iad agus úsáid drugaí trí instealladh san Eoraip. Mar sin féin cruthaíonn bearnaí i soláthar seirbhíse agus in úsáid spreagthach atá ag dul i méid dúshláin don Eoraip chomh fada is a bhaineann sé le spriocanna chontanam cúraim EDS a chomhlíonadh i measc daoine a bhfuil VEID orthu (féach Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip). Le deich mbliana anuas, de réir mar a tháinig athrú ar phatrúin úsáide drugaí agus de réir mar a d’fhorbair saintréithe na ndaoine a úsáideann drugaí, go pointe áirithe, bhí sé riachtanach idirghabhálacha laghdaithe díobhála a oiriúnú freisin chun aghaidh a thabhairt ar thacar níos leithne d’iompar riosca agus de thorthaí sláinte. Ina measc seo tá na rioscaí a bhaineann le ródháileog drugaí a luaitear le patrúin nua d’úsáid ilsubstaintí a laghdú, lena n-áirítear caitheamh spreagthach, agus aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sláinte agus sóisialta a bhíonn suntasach agus casta go minic a bhíonn ag daoine a úsáideann drugaí i bpobail atá níos imeallaithe agus níos eisiata go sóisialta.

Raon freagairtí de dhíth d’fhonn díobhálacha ón staid drugaí a bhíonn de shíor ag teacht chun cinn a laghdú

Baineann fadhbanna sláinte ainsealacha agus géara le húsáid drugaí aindleathacha, agus d’fhéadfadh tosca amhail airíonna na substaintí, láithreacht truaillmheascán agus pataiginí, an bealach riartha, leochaileacht aonair agus an comhthéacs sóisialta ina n-úsáidtear drugaí, an méid sin go léir a dhéanamh ní ba mheasa. I measc na bhfadhbanna ainsealacha tá spleáchas agus galair thógálacha a bhaineann le drugaí, d’ainneoin gurb ann do raon géardhíobhálacha, agus b’fhéidir gurb é ródháileog drugaí an ghéardhíobháil is fearr atá doiciméadaithe. D’ainneoin go bhfuil sé sách neamhchoitianta ag leibhéal an phobail, tá úsáid ópóideach fós freagrach as cuid mhaith den ghalracht agus den mhortlaíocht a bhaineann le húsáid drugaí. Méadaítear rioscaí freisin de dheasca úsáid drugaí trí instealladh, agus mar gheall ar úsáid ilsubstaintí freisin. Dá réir sin, bhí sé ina sprioc thábhachtach go stairiúil oibriú le húsáideoirí ópóideach agus leo siúd a úsáideann drugaí trí instealladh i ndáil le hidirghabhálacha laghdaithe díobhála, agus is é an réimse sin freisin ina ndearnadh an méid ba mhó forbartha agus meastóireachta ar shamhlacha seachadta seirbhíse.

Mar léiriú air sin tá roinnt seirbhísí laghdaithe díobhála tar éis éirí ní ba chomhtháite i bpríomhshruth an tsoláthair cúraim sláinte do dhaoine a úsáideann drugaí san Eoraip le tríocha bliain anuas. Ar dtús díríodh ar rochtain ar chóireáil le hagónaithe ópóideacha agus ar chláir snáthaidí agus steallairí a leathnú amach mar chuid den fhreagairt ar úsáid drugaí ardriosca, ag díriú go príomha ar úsáid hearóine trí instealladh agus ar an eipidéim VEID. Moltar i dtreoir maidir le galair thógálacha a chosc agus a rialú i measc daoine a úsáideann drugaí trí instealladh de chuid EUDA-ECDC cóireáil le hagónaithe ópóideacha a chur ar fáil d’fhonn heipitíteas C agus VEID a chosc, chomh maith le hiompar riosca insteallta agus minicíocht insteallta a laghdú, i suíomhanna pobail agus príosúin. Moltar sna treoirlínte freisin trealamh steiriúil insteallta a sholáthar in éineacht le cóireáil le hagónaithe ópóideacha d’fhonn cumhdach agus éifeachtacht na n-idirghabhálacha i measc daoine a úsáideann ópóidigh trí instealladh a uasmhéadú.

De ghnáth is éard a bhíonn i gceist le trealamh laghdaithe díobhála a sholáthar ná ábhair steiriúla a dháileadh atá beartaithe chun díobhálacha a bhaineann le húsáid leanúnach drugaí a laghdú, agus tá forbairt tagtha air sin de réir mar atá athrú tar éis teacht ar phatrúin úsáide drugaí le himeacht ama. Ar an mórgóir is cuid de chláir chomhtháite níos mó laghdaithe díobhála a bhíonn i gceist leis – seirbhísí ísealtairsí de ghnáth – agus is annamh a bhíonn idirghabháil neamhspleách i gceist. De ghnáth cuirtear treoir ar fáil maidir le húsáid cheart na míreanna, diúscairt shábháilte agus bealaí riartha nach bhfuil riosca chomh suntasach céanna luaite leo. Go ginearálta áirítear i dtrealamh laghdaithe díobhála na nithe is gá chun drugaí a ullmhú lena n‑úsáid, amhail scagairí, cócaireáin, uisce agus míreanna chun drugaí a riar, lena n‑áirítear snáthaidí agus steallairí, píopaí agus scragall. Cuirtear earraí eile ar fáil ar mhaithe le díobhálacha a bhaineann le húsáid drugaí a leigheas agus chun iad a chosc amhail fearais cóirithe créachta chun déileáil le hionfhabhtuithe baictéaracha a eascraíonn as instealladh agus fearais nalocsóin i gcás ródháileoga. Léirítear san fhianaise atá ar fáil faoi láthair éifeachtacht na gclár snáthaidí agus steallairí agus na gclár nalocsóin le húsáid sa bhaile, agus níl ach sonraí meastóireachta teoranta ar fáil faoi láthair maidir le hearraí eile laghdaithe díobhála.

Le tríocha bliain anuas leathnaíodh amach an cur chuige laghdaithe díobhála i roinnt Ballstát den Aontas d’fhonn freagairtí eile a chur san áireamh, lena n-áirítear seomraí úsáidte drugaí faoi mhaoirseacht agus cláir nalocsóin le húsáid sa bhaile atá beartaithe chun ródháileoga marfacha a laghdú (Fíor 13.1). I measc na n-idirghabhálacha chun básanna a bhaineann le hópóidigh a laghdú áirítear iad siúd atá dírithe ar ródháileoga a chosc agus atá dírithe ar bhás a chosc nuair a tharlaíonn ródháileog (Fíor 13.2).

Fíor 13.1. Líon na dtíortha Eorpacha a bhfuil idirghabhálacha laghdaithe díobhála áirithe á gcur chun feidhme acu, suas go 2024
 

Áirítear cur chun feidhme ar aon leibhéal, lena n-áirítear treoirthionscadail. Cuireadh tús in 2024 le cláir phíolótacha nalocsóin le húsáid sa bhaile sa Chróit agus san Fhionlainn araon, agus cuireadh tús le clár nalocsóin le húsáid sa bhaile do dhaoine tráth a scaoilte shaoir ón bpríosún i Lucsamburg.

Fíor 13.2. Idirghabhálacha chun básanna a bhaineann le hópóidigh a chosc, de réir rún beartaithe, i dteannta fianaise ar leasanna atá leo

  • Básanna ródháileoige a laghdú
    • Riar nalocsóin*
    • Dáileadh nalocsóin agus oiliúint maidir leis* (sainseirbhísí agus céadfhreagróirí, pobal)
    • Saoráidí úsáide drugaí*
    • Aipeanna um chosc ródháileog marfach
  • An baol go dtarlódh ródháileog a mhaolú
    • Cóireáil le hagónaithe ópóideacha, coinneáil agus leanúnachas cúraim*
    • Idirghabhálacha spriocdhírithe i gcás tulangacht laghdaithe (e.g. tar éis scaoileadh saor ón bpríosún nó le linn briseadh i gcóireáil)
    • Measúnú riosca ródháileoige, múscailt feasachta agus laghdú díobhála
    • Straitéisí um chosc ródháileoige
    • Cosc atreoraithe cógas
    • Seiceáil drugaí agus foláirimh sláinte poiblí
    • Tacaíocht don aistriú ó instealladh go caitheamh ópóideach
    • Cóireálacha spriocdhírithe (cóireáil nailtreacsóin, cóireáil hearóinchuidithe)
  • Laghdú leochaileachta
    • Cúram comhtháite le seirbhísí meabhairshláinte agus sláinte cineálaí mar chuid de
    • Idirghabhálacha chun rochtain ar chúram sóisialta agus sláinte a fheabhsú
    • Cláir thithíochta
    • Tacaíocht do chláir fostaíochta
    • Idirghabhálacha chun stiogma a laghdú nó a chosc

Tabhair faoi deara: Maidir le hidirghabhálacha lena mbaineann fianaise ar leas agus i gcás inar féidir linn go leor muiníne nó muinín réasúnach a bheith againn as an bhfianaise atá ar fáil, aibhsítear iad i gcló trom agus marcáiltear iad le réiltín (*).

Tabhair faoi deara: Aibhsítear i bhfráma níos troime na hidirghabhálacha lena mbaineann fianaise ar leas nó na cásanna inar féidir linn a bheith réasúnta muiníneach as an bhfianaise atá ar fáil. Tá cuid mhaith den fhianaise reatha maidir le hidirghabhálacha atá liostaithe san fhíor seo fós ag teacht chun cinn nó meastar nach leor í, i bpáirt mar gheall ar na deacrachtaí praiticiúla agus modheolaíocha a bhaineann le taighde a dhéanamh, go háirithe i ndáil le trialacha rialaithe randamaithe a fhorbairt (féach Spotsolas ar... fianaise a thuiscint agus a úsáid), agus freisin toisc gur minic a bhíonn difríochtaí móra idir samhlacha seachadta seirbhíse.

Is éard is seomraí úsáidte drugaí ná saoráidí ina bhféadfadh daoine a úsáideann drugaí trí instealladh é sin a dhéanamh i ndálaí sláinteacha faoi mhaoirseacht ball foirne oilte. Chomh maith leis an bhféidearthacht a thairiscint idirghabháil dhíreach a dhéanamh i ródháileoga a tharlaíonn ar an láthair agus trealamh steiriúil insteallta a sholáthar, le seomraí úsáidte drugaí tacaítear le rannpháirtíocht le cóireáil agus le seirbhísí sláinte agus sóisialta eile. Le roinnt seirbhísí soláthraítear múscailt feasachta agus oiliúint maidir le ródháileog a chosc, lena n-áirítear maidir le húsáid nalocsóin. Léirítear san fhianaise atá ar faoi láthair gur féidir le seomraí úsáidte drugaí cabhrú chun básanna a bhaineann le drugaí a laghdú, agus go bhfuil an bonn fianaise ag forbairt i gcónaí, fianaise ar an nádúr casta a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar na seirbhísí seo (féach freisin Freagairtí sláinte agus sóisialta: seomraí úsáidte drugaí).

Cuimsítear i gcláir nalocsóin le húsáid sa bhaile oiliúint maidir le riosca agus bainistíocht ródháileoige, chomh maith le fearais nalocsóin a dháileadh orthu siúd ar dócha a bheith ag plé le ródháileog ópóideach, amhail daoine a úsáideann drugaí agus a bpiaraí, cairde agus baill teaghlaigh. Le cláir nalocsóin le húsáid sa bhaile is féidir díriú ar chéad fhreagróirí féideartha eile ar ródháileog freisin, amhail oibrithe seirbhíse túslíne a idirghníomhaíonn le daoine a úsáideann drugaí, lena n-áirítear soláthraithe cúraim sláinte, baill foirne in ionaid easpa dídine agus oifigigh phríosúin. D’ainneoin gur cuireadh oiliúint maidir le riar nalocsóin ar líon méadaithe daoine aonair i mBallstáit den Aontas, tá saincheisteanna cumhdaigh agus rochtana fós ann i roinnt tíortha ina bhfuil nalocsón ar fáil. D’fhéadfadh go mbeadh ní ba mhó ná dáileog amháin de nalocsón ag teastáil chun déileáil le ródháileoga a bhaineann le hópóidigh shintéiseacha láidre. I suíomhanna pobail moltar sa treoir reatha dáileoga a riar céim ar chéim d’fhonn am a thabhairt chun measúnú a dhéanamh ar fhreagairt an choirp idir dáileoga, agus chun análú tarrthála nó athbheochan chardascamhógach a sholáthar más gá (féach freisin Básanna a bhaineann le hópóidigh: freagairtí sláinte agus sóisialta).

I roinnt tíortha tá saoráidí seiceála drugaí bunaithe agus é mar aidhm leo cur ar chumas daoine tuiscint níos fearr a fháil ar na substaintí atá le fáil sna drugaí aindleathacha atá ceannaithe acu. D’fhéadfadh táibléid, mar shampla, a cheannaítear mar MDMA a bheith éagsúil ó thaobh nirt de toisc gur féidir leis an gcion de MDMA a bheith difriúil ó bhaisc go baisc, agus uaireanta bíonn truaillmheascáin agus drugaí eile i láthair. Ós rud é go bhfuil go leor spreagthach sintéiseach agus substaintí sícighníomhacha nua ar fáil anois ar an margadh aindleathach i bhfoirm púdar nó piollaí a mbíonn cuma chosúil orthu, d’fhéadfaí an baol a bheith ann nach mbeadh úsáideoirí ar an eolas faoin spreagthach nó faoin gcumasc substaintí ar leith a d’fhéadfadh a bheith á n-úsáid acu. D’ainneoin nach bhfuil siad ionadaíoch ar bhonn náisiúnta, léirítear i sonraí ó sheirbhísí seiceála drugaí, mar shampla, go gceannaítear cáitíonóin shintéiseacha d’aon ghnó anois agus, go pointe níos lú, go bhfaightear iad mar thruaillmheascáin uaireanta nó go mídhíoltar iad. Go minic ní heol do dhaoine a cheannaíonn na substaintí sin cén cineál cáitíonóin shintéisigh atá á cheannach acu, rud a chruthaíonn roinnt éiginnteachta faoi na héifeachtaí agus na rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh dá mbarr. Nuair a dhéantar é a chomhtháthú laistigh de sheomraí úsáidte drugaí, is féidir le seiceáil drugaí dul i bhfeidhm ar ghrúpaí níos imeallaithe daoine a úsáideann drugaí nó grúpaí a bhfuil baol ródháileoige níos mó luaite leo mar gheall ar ópóideach níos láidre nó ópóideach neamhthuartha. Is féidir le seirbhísí seiceála drugaí feidhmiú in éineacht le táscairí ceannródaíocha eile chun léargas a thabhairt ar threochtaí reatha an mhargaidh drugaí agus ar shainroghanna úsáideoirí, rud atá tábhachtach chun forbairt a dhéanamh ar chineálacha cur chuige eile maidir le díobháil a laghdú, lena n-áirítear cumarsáid agus foláirimh riosca spriocdhírithe (féach freisin Spreagthaigh shintéiseacha – an staid reatha san Eoraip agus MDMA – an staid reatha san Eoraip).

Tá dúshláin nua don tsláinte phoiblí ag baint le comhtháthú méadaitheach na margaí le haghaidh substaintí sícighníomhacha nua agus drugaí aindleathacha. I measc na samplaí tá cnáib measctha le cannaibionóidigh leathshintéiseacha; spreagthaigh measctha le substaintí éagsúla, lena n-áirítear cáitíonóin shintéiseacha uaireanta; céataimín; nó ópóidigh shintéiseacha nua atá measctha le hearóin nó arna mídhíol mar hearóin. De bhrí go bhféadfadh teagmhais nimhithe forbairt go tapa, tá sé níos tábhachtaí anois tuiscint a fháil ar an méid a bhíonn i gceist le cumarsáid éifeachtach riosca i dtaobh riosca. D’ainneoin go bhféadfadh an raon seirbhísí a chuirtear ar fáil a bheith éagsúil, tugann gach seirbhís seiceála drugaí faoi ghníomhaíocht cumarsáide de chineál éigin maidir le riosca sláinte, go minic trí fholáirimh a eisiúint i ndáil le táirgí drugaí a ndearnadh anailís orthu agus trí shonraí a chomhroinnt le páirtithe leasmhara eile. Is é an aidhm atá leis sin díobháil a chosc nó a laghdú ar leibhéal an duine aonair (an duine a chuireann an tsubstaint ar fáil lena seiceáil) agus ar leibhéal an phobail (daoine eile a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar an tsubstaint chéanna). D’fhéadfaí a áireamh mar chéimeanna sa réimse seo amach anseo glacadh le haistriú i dtreo comhchuibhithe agus comhdhearcadh a fhorbairt i measc seirbhísí seiceála drugaí Eorpacha maidir le critéir agus tairseacha a chinneadh i ndáil le cathain agus conas foláirimh a eisiúint, chomh maith le nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha fianaisebhunaithe a ghlacadh maidir le cumarsáid riosca sláinte. Déantar iniúchadh ar na saincheisteanna seo i lámhleabhar ar chuir EUDA i dtoll a chéile é le cúnamh ón tionscadal Líonra Faisnéise Drugaí Tras-Eorpach maidir le straitéisí cumarsáide riosca sláinte le haghaidh seirbhísí seiceála drugaí.

Tá cuid de na hidirghabhálacha seo fós conspóideach ar chúiseanna lena n-áirítear a stádas dlíthiúil agus nádúr athraitheach an bhoinn fianaise maidir le héifeachtacht na n-idirghabhálacha ar thorthaí sláinte. Dá bhrí sin tá cumhdach na n-idirghabhálacha níos déanaí seo fós míchothrom laistigh de thíortha agus ó thír go tír araon, agus i gcás inarb ann dóibh, is i gcathracha móra a bhíonn siad le fáil go minic. Tríd is tríd tá éagsúlacht mhór le tabhairt faoi deara idir Ballstáit den Aontas Eorpach, agus i roinnt tíortha, maidir le cumhdach agus rochtain ar sheirbhísí chun díobháil a laghdú, lena n‑áirítear roinnt samhlacha seirbhíse seanbhunaithe agus a bhfuil fianaise réasúnta maith maidir leo ar fáil, i gcomparáid leis na riachtanais a mheastar a bheith ann.

Tá gá le hullmhacht mhéadaithe chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le drugaí sintéiseacha láidre. Tá acmhainn mhéadaitheach i gceist le substaintí sintéiseacha láidre chun bheith mar bhonn le díobhálacha a bhaineann le drugaí san Eoraip toisc go bhféadfadh an riosca a bhaineann le nimhiú agus le bás méadú mar thoradh ar úsáid d’aon ghnó agus neamhbheartaithe na substaintí sin i bpúdair nó i gcumaisc a mhídhíoltar mar dhrugaí eile. Cuireann sé sin, mar aon le patrúin níos casta de mhí-úsáid ilsubstaintí, leis na dúshláin shuntasacha atá ann cheana féin maidir le freagairtí éifeachtacha a fhorbairt chun básanna ródháileoige drugaí agus géarnimhiú a bhaineann le drugaí a laghdú. Sampla den chastacht mhéadaitheach sin is ea teacht chun cinn na n‑ópóideach níotaiséine ardnirt san Eoraip. Bhí baint ag na substaintí sin – a d’fhéadfadh a bheith ní ba láidre ná feantainil – le ráigeanna nimhithe logánta i gcodanna den Eoraip agus bhí siad mar bhonn leis an méadú ar líon na mbásanna a bhaineann le drugaí san Eastóin agus sa Laitvia (féach freisin Substaintí sícighníomhacha nua – an staid reatha san Eoraip).

Tar éis braislí ródháileoige a bhrath a bhaineann le níotaiséiní a díoladh mar tháibléid bheinsidhé-asaipín i suíomhanna pobail agus príosúin in Éirinn i mí an Mheithimh 2024, tugadh faoi chleachtadh cumarsáide mear-riosca a chur i gcrích. Thacaigh seirbhísí ísealtairsí leis agus áiríodh ann bileoga a dháileadh ar shuíomhanna drugaí oscailte agus faisnéis a dháileadh ar na meáin shóisialta agus ar ardáin nuachta (Fíor 13.3). Is sampla é seo den chaoi a bhféadfadh sé a bheith riachtanach go mbeadh seirbhísí ag freagairt ar bhealach níos tapa agus níos déine do ráigeanna de nimhiú drugaí. Le láithreacht de mheascán agus de shubstaintí mar sin arna mídhíol ar an margadh tarraingítear aird ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh go leanúnach ar chur chuige agus iad a chur in oiriúint do sheachadadh roinnt idirghabhálacha laghdaithe díobhála. Tá córas Eorpach nua um fholáireamh drugaí á fhorbairt ag EUDA a thacóidh le gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha an Aontais agus náisiúnta maidir le rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le drugaí trí mhalartú tapa faisnéise, foláirimh spriocdhírithe agus cumarsáid riosca eile a úsáid.

Fíor 13.3. Sampla de chumarsáid mhear-riosca a eisíodh in Éirinn, 2024

Ar bhonn níos ginearálta, agus i bhfianaise na bhforbairtí a d’fhéadfadh tarlú sa mhargadh ópóideach sintéiseach, chabhródh sé le hullmhacht dá ndéanfaí athbhreithniú ar na pleananna atá ann faoi láthair chun ullmhú d’aon mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar infhaighteacht agus ar úsáid ópóideach sintéiseach nó ar an díobháil a bhaineann leis na substaintí seo. D’fhéadfaí a áireamh leis sin feabhas a chur ar an gcumas anailís thocsaineolaíoch a dhéanamh, ar theachtaireachtaí foláirimh agus ar ullmhacht na bhfreagróirí túslíne.

Nuair a bhíonn seomraí úsáidte drugaí i bhfeidhm, d’fhéadfadh breithniúchán a bheith á dhéanamh ar na buntáistí agus ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le seirbhísí seiceála drugaí a sholáthar. Tá comhtháthú seirbhísí mar sin ag éirí níos coitianta. I suirbhé a rinneadh ar sheomraí úsáidte drugaí san Eoraip, thuairiscigh thart ar aon trian díobh go raibh seirbhísí seiceála drugaí á soláthar acu ar an láthair, agus sholáthair leath eile de na seomraí úsáidte drugaí atreorú chuig seirbhís sheachtrach.

Patrúin úsáide spreagthach éagsúil nasctha le deacrachtaí a bhaineann le seachadadh seirbhísí laghdaithe díobhála

Sprioc thábhachtach i gcónaí ab ea laghdú na rioscaí a bhaineann le húsáid drugaí trí instealladh chomh fada is a bhaineann sé le hidirghabhálacha laghdaithe díobhála, agus tá na samhlacha seirbhíse sách forbartha, agus tá siad fianaisebhunaithe fosta. Mar sin féin, fiú sa réimse seo, tá athruithe ar úsáid drugaí ag cruthú dúshláin nua maidir le seachadadh seirbhíse éifeachtach. Le deich mbliana anuas tharla ráigeanna VEID a bhain le spreagthaigh shintéiseacha aindleathacha a instealladh i seacht gcathair Eorpacha i sé Bhallstát den Aontas. Tá seans ann go bhfuil minicíocht insteallta níos airde luaite le húsáid spreagthach i gcomparáid le húsáid hearóine, agus tá rioscaí sláinte breise ag baint le cnagchócaon agus táibléid eile a mheilt agus a thuaslagadh le haghaidh a n‑insteallta. Leis na patrúin úsáide seo ardaítear ceisteanna maidir le cineál agus leordhóthanacht snáthaidí agus steallairí, mar shampla, a chuirtear ar fáil do dhaoine i láithreacha oscailte sráide drugaí, ar saintréith dá gcuid í úsáid ilsubstaintí. Leis sin freisin tarraingítear aird ar an ngá atá le leibhéal réasúnta ard de sheirbhísí laghdaithe díobhála chun ráigeanna den sórt sin a chosc agus a shrianadh go tapa. Tá sé sin á dhéanamh tráth a bhfuil soláthar malartaithe snáthaidí fós neamhleor i roinnt Ballstát den Aontas.

Úsáidtear spreagthaigh shintéiseacha agus substaintí éagsúla eile chun gnéas a éascú agus a fheabhsú i gcomhthéacs na húsáide drugaí gnéasaithe i measc grúpaí éagsúla, ach go príomha i measc fophobail bheaga d’fhir a mbíonn gnéas acu le fir, nuair a ghlactar leis gur ‘ceimghnéas’ atá i gceist. D’ainneoin go bhfuil an sainmhíniú sin neamhbheacht úsáidtear é de ghnáth chun tagairt a dhéanamh do shuíomhanna nó do theagmhais ina bhféadfadh tógáil drugaí ardriosca agus iompar gnéasach ardriosca tarlú i dteannta a chéile. I measc na ndrugaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá spreagthaigh, mar shampla meitiolamfataimín, cócaon agus cáitíonóin shintéiseacha, alcól, dúlagráin cosúil le GHB/GBL agus dícheangail cosúil le céataimín. D’ainneoin go bhfuil sé deacair leitheadúlacht cheimghnéis a mheas, tugtar le fios i bhfaisnéis ó staidéar taighde gur saincheist í ar fud na hEorpa, cé go dtarlaíonn sí ar scála beag agus i measc foghrúpaí sonracha daoine a úsáideann druga. Is dúshlán fós é teagmháil a dhéanamh le daoine a bhíonn ag gabháil do na cineálacha iompair ardriosca sin agus freagraí éifeachtacha laghdaithe díobhála a chur ar fáil dóibh, ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear easpa soláthair seirbhíse comhtháite in go leor áiteanna, agus tá sé riachtanach idirghabhálacha saincheaptha laghdaithe díobhála a fhorbairt. Leis sin tarraingítear aird ar an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíochtaí ilghníomhaireachta láidre a fhorbairt idir iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí sláinte gnéis agus iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí chun díobháil a bhaineann le drugaí a laghdú.

Tuilleadh forbarthale déanamh ar chur chuige laghdaithe díobhála de dheasca bagairtí don tsláinte phoiblí atá ag teacht chun cinn

D’ainneoin gurb é cannabas an druga aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip, is féidir a áitiú gur réimse é freisin ina mbíonn comhairle agus idirghabhálacha laghdaithe díobhála easnamhach go minic. Caitheann úsáideoirí cannabais san Eoraip an druga in éineacht le tobac go coitianta, agus is réimse d’fhorbairt cur chuige laghdaithe díobhála é breithniú maidir leis an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hidirghabhálacha éifeachtacha chun díobháil a bhaineann le caitheamh tobac a laghdú. Tríd is tríd, de réir mar a leanann na cineálacha agus na foirmeacha táirgí cannabais atá ar fáil san Eoraip de bheith ag athrú, is ag athrú freisin a bhíonn breithnithe faoi na himpleachtaí atá aige sin do fhreagairtí laghdaithe díobhála. Ar an iomlán tá táirgí cannabais, táirgí roisín agus luibhe níos láidre anois – toisc níos mó THC s bheith le fáil iontu – ná mar a bhí go stairiúil, agus tá baint ag táirgí cannabais ardnirt le díobhálacha níos géire agus níos ainsealaí. Ina theannta sin tá éagsúlacht na gcineálacha táirgí tar éis leathnú, agus tá iteáin, leachtanna toitíní leictreonacha agus eastóscáin ar fáil anois, mar aon le hinfhaighteacht mhéadaithe cannaibionóideach leathshintéiseach. A bhuí leis na hathruithe sin bíonn dúshláin ann nua maidir le sainaithint cad is idirghabhálacha éifeachtacha laghdaithe díobhála iontu agus na deiseanna chun iad a chur chun feidhme.

Ní hé cannabas an t-aon réimse ina bhféadfadh ról ní ba mhó a bheith i gceist le cur chuige laghdaithe díobhála. Mar a tugadh faoi deara in áiteanna eile i dTuarascáil Eorpach um Dhrugaí na bliana seo, tá comharthaí ann freisin go bhfuil méadú ag teacht ar leas úsáideoirí i dtacar substaintí níos leithne. Tá sé de chumas ag na substaintí seo díobháil a dhéanamh, agus is dócha go méadófar le roinnt patrún úsáide an baol go dtarlóidh iarmhairtí díobhálacha – rud lena gcruthófaí deiseanna féideartha le haghaidh cur chuige laghdaithe díobhála.

D’ainneoin go bhfuil bunú agus coinneáil ar bun roinnt freagairtí laghdaithe díobhála, amhail seomraí úsáidte drugaí faoi mhaoirseacht, fós conspóideach i roinnt tíortha Eorpacha, glactar leis den chuid is mó gur gné thábhachtach de bheartais drugaí chothroma iad bearta fianaisebhunaithe i dtaca le laghdú díobhála. Mar sin féin bainfidh go leor tíortha tairbhe as cumhdach méadaithe a dhéanamh ar a n-idirghabhálacha laghdaithe díobhála. Dá bhrí sin tá na comhthéacsanna ina bhfeidhmíonn seirbhísí laghdaithe díobhála, an bonn fianaise atá mar thaca leo, agus cad is caighdeáin iontu maidir le cáilíocht an chúraim sa réimse sin fós ina bpríomh-shaincheisteanna i dtaobh tuilleadh forbartha agus breithnithe beartais. Ag féachaint chun cinn tarraingíonn na bagairtí ar an tsláinte phoiblí a eascraíonn as margaí drugaí aindleathacha dinimiciúla na hEorpa – ar bagairtí iad atá ag teacht chun cinn – aird ar an ngá leanúnach atá le cur chuige nua agus samhlacha de sholáthar seirbhíse atá ag forbairt a mheas lena gcosnaítear daoine a bhíonn i mbaol riosca torthaí díobhálacha a eascraíonn as patrúin úsáide níos casta, substaintí agus cumaisc nua, nó a bhaineann le foghrúpaí nó le suíomhanna áirithe.

In Freagairtí Sláinte agus Sóisialta ar Fhadhbanna Drugaí: Treoirleabhar Eorpach de chuid EUDA, tá faisnéis mhionsonraithe ar fáil dóibh siúd ar mian leo tuilleadh eolais a fháil faoin bhfianaise atá ann maidir le héifeachtacht choibhneasta idirghabhálacha laghdaithe díobhála agus foirmeacha eile idirghabhála.

Príomhshonraí agus príomhthreochtaí

Cláir steallairí agus snáthaidí

  • Is comhpháirt chaighdeánach de sheirbhísí laghdaithe díobhála iad cláir steallairí agus snáthaidí atá ar fáil go forleathan freisin. In 2023 bhí cláir snáthaidí agus steallairí i bhfeidhm sna Ballstáit uile den Aontas maille leis an Iorua. Is dúshlán fós é cumhdach agus rochtain snáthaidí agus steallairí, agus gan ach seacht gcinn de na 25 tír a bhfuil sonraí ar fáil ina leith tar éis sprioc soláthair seirbhíse EDS a bhaint amach in 2023 (Fíor 13.4); ní thuairiscítear ach i gcúig cinn de na tíortha sin sonraí maidir le rochtain ar chóireáil le hagónaithe ópóideacha.

Cóireáil le hagónaithe ópóideacha

  • Is foirm éifeachtach cóireála í cóireáil le hagónaithe ópóideacha do spleáchas ópóideach, agus is samhail seachadta seirbhíse atá inti freisin lena dtugtar aghaidh ar roinnt cuspóirí maidir le laghdú díobhála. Is idirghabháil sheanbhunaithe í cóireáil le hagónaithe ópóideacha a chuirtear i bhfeidhm i ngach tír Eorpach, agus glactar léi mar thoisc chosantach i gcoinne básanna mar thoradh ar ródháileog ópóideach. In 2023, áfach, níor chomhlíon ach 15 thír as na 23 thír a raibh sonraí ar fáil ina leith sprioc soláthair seirbhíse EDS (Fíor 13.4); chomh maith leis sin, ní thuairiscíonn ach 10 gcinn de na tíortha sin sonraí maidir le rochtain ar sholáthar snáthaidí agus steallairí.
  • Forordaítear raon cógas le haghaidh cóireáil le hagónaithe ópóideacha i gclinicí san Eoraip, ach is é meatadón an cógas is coitianta a úsáidtear, agus faigheann thart ar 55 % de chliaint agónaithe ópóideacha é, agus déantar 35 % eile a chóireáil le cógais atá bunaithe ar bhúipreanoirfín.
Fíor 13.4. Dáileadh snáthaidí agus steallairí agus cumhdach cóireála le hagónaithe ópóideacha i ndáil le spriocanna EDS 2025, meastachán 2023 nó an meastachán is déanaí atá ar fáil

Tá an cumhdach bunaithe ar na meastacháin náisiúnta is déanaí maidir le húsáid drugaí insteallta agus úsáid ardriosca ópóideach curtha le sonraí maidir le gníomhaíocht laghdaithe díobhála (laistigh de 2 bhliain ar a mhéad). Díorthaítear an meastachán maidir le cumhdach cóireáil agónaí ópóideach don Bheilg ó staidéar fonáisiúnta a rinneadh in 2019.

Cláir nalocsóin le húsáid sa bhaile

  • Bhí 15 thír Eorpacha i mbun tuairisciú a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na gclár nalocsóin le húsáid sa bhaile chun básanna ródháileoige a chosc suas go 2023. Cuireadh tús in 2024 le cláir phíolótacha nalocsóin le húsáid sa bhaile sa Chróit agus san Fhionlainn araon, agus cuireadh tús le clár nalocsóin le húsáid sa bhaile do dhaoine tráth a scaoilte shaoir ón bpríosún i Lucsamburg.
  • Bhí nalocsón ar fáil mar sprae sróine i 17 gceann de na tíortha sin, ach ní sa Liotuáin. Bhí sé ar fáil mar dháileog 1.8 mg/0.1 ml sna 15 thír, agus mar dháileog 1.26 mg/0.1 ml i gcúig thír freisin.
  • Bhí foirmlithe nalocsóin in-insteallta ar fáil i seacht dtír; tuairiscíodh fiala 0.4 mg/ml i gcúig thír, agus steallairí de chúig dháileog in Éirinn agus sa Fhrainc (Fíor 13.5).
  • Tuairiscítear go bhfuil nalocsón ar fáil thar an gcuntar sa Danmhairg, sa Fhrainc, san Iodáil agus sa tSualainn.
Fíor 13.5. Infhaighteacht nalocsóin le húsáid sa bhaile, foirmlithe atá ar fáil, líon na ndaoine atá oilte maidir lena riar agus líon na bhfearas arna ndáileadh, san Eoraip
 
Sonraí le haghaidh Bhallstáit an Aontais, na hIorua agus na Tuirce in 2023. Tá sé deimhnithe ag an tSeicia, ag an nGearmáin, ag Éirinn, ag an bhFrainc, ag an Liotuáin, ag an Ostair, ag an bPortaingéil agus ag an tSlóivéin gur leanadh leis na cláir in 2024. Baineann na huimhreacha le 2023 i gcás gach tíre, cé is moite den Chróit (treoirthionscadal 2024) agus den tSeicia (2024). In 2024, thionscain an Fhionlainn clár píolótach agus thionscain Lucsamburg clár dáileacháin ar scaoileadh saor i bpríosún. Leathnaigh an Ostair an clár chuig cúige nua dá cuid in 2024. Sa Ghréig in 2023, eisíodh dlí maidir le nalocsón le húsáid sa bhaile. Níl an clár ar fáil go fóill, áfach.

Seirbhísí seiceála drugaí

  • Tuairiscíonn dhá thír déag san Eoraip go bhfuil seirbhís seiceála drugaí de chineál éigin ar fáil iontu. Feidhmíonn na seirbhísí i suíomhanna éagsúla, lena n-áirítear féilte, seomraí úsáidte drugaí agus i suíomhanna seasta sa phobal.
  • Is é is aidhm do sheirbhísí seiceála drugaí díobhálacha a chosc trí ligean do dhaoine a fháil amach cad iad na ceimiceáin atá sna substaintí aindleathacha atá ceannaithe acu. Is é is aidhm dóibh freisin rochtain a sholáthar ar chomhairleoireacht nó ar ghearr-idirghabhálacha, cé nach féidir é sin a dhéanamh i gcónaí. I measc na dteicnící anailíseacha a úsáideann seirbhísí tá teicneolaíocht shofaisticiúil ar féidir léi faisnéis a sholáthar maidir le láidreacht agus cion de raon leathan substaintí, agus modhanna nach léiríonn ach cibé an bhfuil druga ar leith ann (Fíor 13.6). Tugtar léargas ceannródaíoch freisin san fhaisnéis a mbailíonn na seirbhísí ar threochtaí sa mhargadh drugaí agus ar shainroghanna úsáideoirí.
Fíor 13.6. Léaráid den raon de theicneolaíochtaí seiceála drugaí atá ar fáil maille lena gcruinneas agus a n-iontaofacht choibhneasta

Teicneolaíochtaí seiceála drugaí rangaithe de réir cruinneas méadaitheach agus iontaofacht na dtorthaí:

  • Iomaí modhanna
    (na cinn is cruinne agus is iontaofa)
  • Crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta
  • Speictreascópacht trasfhoirme Fourier
  • Crómatagrafaíocht chaolchisil
  • Fearas tástála imoibrí
    (is lú cruinneas agus is lú iontaofacht)

Seomraí úsáidte drugaí

  • Cé go nglactar leis i straitéis drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025 gur cur chuige nuálach maidir le laghdú riosca agus díobhála i measc pobail ardriosca atá i seomraí úsáidte drugaí faoi mhaoirseacht, is dúshlánach fós é iad a bhunú i roinnt tíortha. In 2024 bhí seomraí úsáidte drugaí curtha ar bun i 13 Bhallstát den Aontas maille leis an Iorua (Fíor 13.7). I gcuid de na saoráidí sin cuirtear seirbhísí comhtháite seiceála drugaí ar fáil chun rioscaí ródháileoige a chosc, mar shampla, de bharr drugaí ardnirt, truaillmheasctha nó substaintí nach féidir a thuar.
  • Is dúshlánach atá sé faireachán a dhéanamh ar shaintréithe agus ar riachtanais chliaint na seomraí úsáide drugaí ar an leibhéal Eorpach mar gheall ar dhifríochtaí áitiúla. Mar sin féin tá EUDA agus Líonra Eorpach na Seomraí Úsáidte Drugaí ag comhoibriú le chéile d’fhonn sonraí comhchuibhithe i ndáil leis sin a bhailiú. Léirítear sna sonraí a thuairiscigh 12 sheomra úsáidte drugaí san Eoraip gur fir idir 40 agus 49 mbliana d’aois atá i bhformhór na gcliant. Tá saoráidí speisialaithe do mhná agus do chliaint thrasinscneacha le fáil i roinnt tíortha.
  • In 2023 tuairiscíodh 346 eipeasóid éigeandála, a raibh thart ar aon trian díobh nasctha le húsáid ilsubstaintí, sna 13 sheomra úsáidte drugaí.
Fíor 13.7. Suíomh agus líon na saoráidí úsáidte drugaí ar fud na hEorpa, 2023
 

Foinse: Líonra Eorpach na Seomraí Úsáide Drugaí (ENDCR) agus Comhghaol – Líonra Eorpach um Dhíobháil a Laghdú (C-EHRN).

Tabhair do d’aire nach bhfuil sna comhordanáidí geografacha go léir a úsáidtear anseo ach neas-chomhordanáidí.

Idirghabhálacha i bpríosúin

  • Léirítear i sonraí EUDA maidir le hidirghabhálacha laghdaithe díobhála agus idirghabhálacha cóireála i bpríosúin in 2023 go raibh cóireáil leanúnach le hagónaithe ópóideacha ar fáil i ngach Ballstát den Aontas (seachas an tSlóvaic), agus san Iorua agus sa Tuirc freisin. Níor ceadaíodh cóireáil le hagónaithe ópóideacha a chur ar bun i bpríosún i dtrí thír (an Bhulgáir, an Laitvia, an tSlóvaic). Bhí cláir steallairí agus snáthaidí ar bun i bpríosúin i dtrí thír: i ngach príosún sa Spáinn agus in Lucsamburg (aon phríosún amháin), agus in aon phríosún amháin do mhná sa Ghearmáin. Bhí nalocsón le húsáid sa bhaile ar fáil i seacht dtír in 2023 (an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Iodáil, an Liotuáin, an Iorua) (Fíor 13.8).
  • Cuireadh clár nalocsóin le húsáid sa bhaile ar fáil do dhaoine tráth a scaoilte shaoir ón bpríosún i mí Mheán Fómhair 2024 i Lucsamburg.
Fíor 13.8. Infhaighteacht idirghabhálacha a bhain le drugaí agus idirghabhálacha cúraim shláinte agus shóisialta eile lenar díríodh ar úsáideoirí drugaí i bpríosúin, an Eoraip, 2023
Líon na dtíortha a thuairiscíonn infhaighteacht fhoirmiúil idirghabhálacha i bpríosún

European situation by type of intervention in prison

 

Foinse: Príosúin agus drugaí san Eoraip: dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo (EMCDDA, 2021), arna nuashonrú le sonraí le déanaí ó leabhair oibre phríosúin 2023, pointí fócasacha náisiúnta EUDA

Sonraí foinseacha

Tá na sonraí a úsáidtear le haghaidh na ngrafaicí faisnéise agus na gcairteacha ar an leathanach seo le fáil thíos.

Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha do Thuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.

Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.

Ceartú. An 27 Deireadh Fómhair 2025, ceartaíodh na dáileoga spraeála sróine nalocsóin chun 1.8 mg/0.1 ml agus 1.26 mg/0.1 ml a léamh.

Button for European Drug Report 2025 survey - click to take survey


Top