Spreagthaigh shintéiseacha – an staid reatha san Eoraip (An Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025)
Is spreagthaigh shintéiseacha lárchóras na néaróg iad amfataimín, meitiolamfataimín agus, le déanaí, cáitíonóin shintéiseacha, atá ar fáil ar an margadh drugaí san Eoraip. Ar an leathanach seo, tá eolas le fáil faoin anailís is déanaí ar an staid drugaí san Eoraip i ndáil le spreagthaigh shintéiseacha, lena n-áirítear leitheadúlacht úsáide, éileamh ar chóireáil, urghabhálacha, praghas agus íonacht, díobhálacha agus tuilleadh.
Is cuid den Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025 é an leathanach seo ina gcuirtear i láthair forléargas bliantúil EUDA ar an staid drugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2025
Infhaighteacht ard spreagthach éagsúil ina n‑ábhair imní ó thaobh na sláinte de
Is spreagthaigh shintéiseacha lárchóras na néaróg iad amfataimín, meitiolamfataimín agus cáitíonóin shintéiseacha, atá go léir ar fáil ar an margadh drugaí aindleathacha san Eoraip. Go stairiúil, ba í úsáid amfataimín ba choitianta i gcónaí í, agus bhí infhaighteacht agus úsáid meitiolamfataimín agus cáitíonón sintéiseach ní ba theoranta i bhformhór na dtíortha. Le déanaí, áfach, is cosúil gur tharla athrú, le cáitíonóin shintéiseacha, fine leathan spreagthach, a bhfuil teacht níos fusa orthu san Eoraip i gcónaí, agus urghabhálacha agus allmhairí gan fasach ann. Cuid den chomhthéacs a bhaineann leis sin is ea go bhféadfadh treochtaí i dtáirgeadh drugaí sintéiseacha a bheith dinimiciúil, agus d’fhéadfadh úsáideoirí glacadh le spreagthaigh éagsúla mar dhrugaí atá comhchosúil go feidhmiúil, agus d’fhéadfaidís a bheith sásta triail a bhaint as táirgí nua. Dá bhrí sin, is ann fós d’ábhair imní maidir le tuilleadh fadhbanna sláinte agus sóisialta a bhaineann le hinfhaighteacht agus úsáid níos forleithne na substaintí sin. Is fearr a éiríonn le roinnt uirlisí faireacháin atá ann cheana i sainaithint agus rianú athruithe a bhaineann le drugaí ar spreagthaigh shintéiseacha aindleathacha sheanbhunaithe iad, amhail amfataimín, ná mar a éiríonn le forbairtí a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le substaintí sícighníomhacha nua, amhail cáitíonóin shintéiseacha, a bhfuil go leor substaintí aonair luaite leo. Dá bhrí sin, tá sonraí ó Chóras Luathrabhaidh an Aontais agus ó tháscairí ceannródaíocha eile ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile chomh fada is a bhaineann sé le comhthéacs a thabhairt do agus tuiscint a fháil ar na hathruithe i ndáil leis an margadh sin, agus d’fhonn na himpleachtaí a bheadh acu sin ar fhorbairt beartais a bhreithniú.
Rioscaí sláinte de bharr margadh athraitheach na spreagthach
Déantar spreagthaigh shintéiseacha éagsúla a tháirgeadh san Eoraip le haghaidh margaí intíre agus lena n‑onnmhairiú chuig tíortha neamh-AE; ina measc seo tá amfataimín, meitiolamfataimín agus cáitíonóin shintéiseacha. Tá struchtúr ceimiceach comhchosúil ag na substaintí seo, ach d’fhéadfadh éagsúlacht shuntasach a bheith ag baint lena n-éifeachtaí sícighníomhacha agus lena n-iarmhairtí ar an tsláinte phoiblí. Mar shampla, tá sé léirithe go bhfuil éifeachtaí agus díobhálacha féideartha ag roinnt cáitíonón sintéiseach, amhail 4-CMC, atá comhchosúil a bheag nó a mhór le sícispreagthaigh eile amhail MDMA agus amfataimín. Mar sin féin, is grúpa leathan drugaí iad na cáitíonóin shintéiseacha ina bhfuil substaintí a bhfuil éifeachtaí éagsúla nó rioscaí sláinte éagsúla acu a d’fhéadfadh a bheith ní ba dhéine mar thoradh ar a láidreacht níos airde, amhail na díorthaigh pioróilidine, lena n-áirítear alfa-PHiP (α-pioróilidino-iseaheicseanófeanón). Níl taighde suntasach déanta ar na héifeachtaí ar dhaoine go leor de na drugaí sin. Le húsáid ilsubstaintí méadaítear an baol go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte freisin. Chomh maith leis an bhféidearthacht atá ann go mbeidh athruithe tapa le tabhairt faoi deara ar infhaighteacht substaintí agus líon beag staidéar a bheith déanta ar rioscaí sláinte, agus easpa teiripe cógaseolaíochta seanbhunaithe do chásanna spleáchais, cruthaíonn infhaighteacht mhéadaithe spreagthach sintéiseach dúshlán do shamhlacha freagartha. Tá meitiolamfataimín ar fáil i bhfoirmeacha ard-íonachta atá inchaite, agus tá ábhair imní sláinte ar leith ann a bhaineann leis an druga seo a úsáid tríd an modh riartha sin.
I gcás na ndrugaí spreagthaigh go léir, áirítear i measc na rioscaí sláinte ródháileoga, géarfhadhbanna meabhairshláinte agus fadhbanna meabhairshláinte ainsealacha, agus leathadh galar tógálach. Tá doiciméadú déanta freisin i roinnt pobal othar ar an meascán d’iompar ardriosca drugaí agus d’iompar dainséarach gnéis, ar a dtugtar ‘ceimghnéas’. Tá imní ar leith ann freisin maidir le hinstealladh spreagthach, atá ceangailte le riosca níos airde de tharchur VEID. D’fhéadfaí é sin a mhíniú trí úsáid ní ba mhinice, ábhar insteallta a roinnt agus iompar dainséarach gnéis i measc daoine a bhíonn ag instealladh spreagthach.
Le deich mbliana anuas, thuairiscigh seacht gcathair Eorpacha i sé thír ráigeanna logánta de VEID a bhain le hinstealladh spreagthach, go príomha i measc daoine imeallaithe a bhíonn ag tabhairt instealltaí dóibh féin i suíomhanna drugaí oscailte (féach Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip). Deimhnítear le hanailís ar iarmhair steallairí a rinne an líonra ESCAPE in 2023 go bhfuil spreagthaigh, amhail amfataimín agus cáitíonóin shintéiseacha, le fáil i gcuid mhaith de na suíomhanna drugaí insteallta. Sna tuarascálacha ó líonra Euro-DEN Plus d’ospidéil fairtheora ar fud na hEorpa in 2023, cuirtear i dtábhacht láithreacht leanúnach spreagthach sintéiseach i gcásanna de ghéarthocsaineacht drugaí i seomraí éigeandála.
Tarraingíonn táirgeadh agus gáinneáil ar mheitiolamfataimín san Eoraip aird ar an mbaol a bhaineann le níos mó úsáide a bheith á baint as an druga
Cé go n‑úsáidtear amfataimín ar bhonn níos forleithne san Eoraip, tá roinnt comharthaí ann go bhfuil tomhaltas meitiolamfataimín, a bhí teoranta ó thaobh na geografaíochta de san am a chuaigh thart, le fáil i níos mó tíortha anois. Is féidir an dá dhruga sin a mhonarú as substaintí éagsúla, agus is príomhcheimiceán réamhtheachtaí é céatón meitile beinsile (BMK) don dá dhruga. Roghnaíonn líonraí coiriúla substaintí eile is féidir a úsáid chun BMK a dhéanamh d’fhonn brath a sheachaint. Tá méadú ag teacht san Eoraip ar urghabhálacha BMK agus ar shubstaintí chun é a dhéanamh araon. Go stairiúil, tá na láithreáin táirgthe le haghaidh na ndrugaí sin comhchruinnithe den chuid is mó i roinnt tíortha. Mar shampla, déantar táirgeadh ar mhórscála amfataimín agus meitiolamfataimín araon san Ísiltír. Tarlaíonn cuid den táirgeadh amfataimín sa Ghearmáin agus sa Pholainn freisin, agus tuairiscítear go bhfuil saoráidí meitiolamfataimín ar scála níos lú le fáil sa tSeicia nach bhfuil ag freastal ach ar an margadh intíre. Ábhar imní le déanaí is ea gáinneáil ar bhonn-ola amfataimín ón Ísiltír agus ón mBeilg chuig tíortha eile lena tiontú ina dtáirgí tomhaltais.
Tá saoráidí táirgthe drugaí aindleathacha ina ndéantar ceann amháin nó an dá cheann de na substaintí sin fós á mbrath san Aontas. Tugtar ‘comhshaotharlanna’ ar láithreáin táirgthe drugaí inar féidir aistriú idir táirgeadh substaintí éagsúla. Is dócha go dtaitníonn comhshaotharlanna le líonraí coiriúla de bhrí go gceadaítear ar an gcaoi sin dóibh freastal ar shainroghanna athraitheacha margaidh go héasca agus táirgí níos luachmhaire a tháirgeadh lena n-onnmhairiú, amhail meitiolamfataimín criostail, in éineacht le táirgí nach bhfuil chomh brabúsach céanna d’úsáideoirí baile, amhail amfataimín agus spreagthaigh shintéiseacha eile. D’ainneoin go bhfuil go leor saoráidí táirgthe ar láithreáin acmhainneachta tionsclaíche ar scála beag agus ar mheánscála, braitear suíomhanna acmhainneachta tionsclaíche níos mó gach bliain, agus cé go bhfágann na sonraí atá ar fáil go bhfuil sé deacair tuairim chinnte a nochtadh ar a n-aschur iarbhír, léirítear i bhfaisnéis maidir le forfheidhmiú an dlí go bhfuil táirgeadh ar mhórscála fós ar siúl.
Ina theannta sin, tuairiscíodh méaduithe ar na cainníochtaí a urghabhadh le haghaidh an dá dhruga in 2023. Áirítear leis sin urghabhálacha móra de mheitiolamfataimín de thionscnamh Mheicsiceo, rud atá ina fhianaise de thrasloingsiú an druga tríd an Eoraip chuig cinn scríbe eile, an Astráil san áireamh. Mar a thugtar faoi deara in áiteanna eile sa tuarascáil seo, úsáideann líonraí coiriúla raon de modi operandi chun gáinneáil ar dhrugaí a dhéanamh. D’fhéadfadh Ballstáit den Aontas a bheith ina rogha tharraingteach do gháinneálaithe atá ag iarraidh lastais drugaí atá ceilte i gcoimeádáin loingseoireachta mhuirí a iompar go hoirbheartaíoch trí shuíomhanna nach bhfuil chomh haitheanta céanna i ndáil le gáinneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí sula ndéantar iad a sheoladh ar aghaidh chuig an gceann scríbe atá beartaithe dóibh. Tá an méid sin soiléir ó thorthaí imscrúduithe a rinne gníomhaireachtaí Eorpacha forfheidhmithe dlí, amhail in Éirinn in 2023, áit a bhí na cainníochtaí a urghabhadh i bhfad ní ba mhó ná na cainníochtaí is dócha a bheidh ag teastáil d’fhonn freastal ar éileamh an Aontais nó ar éileamh náisiúnta (féach Fíor 4.1).
Tabhair faoi deara: Urghabháil déanta ag an nGarda Síochána (na póilíní) agus ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Calafort Chorcaí i mí Feabhra 2024, Éire.
Le chéile, tugann an fhaisnéis sin le fios go bhfuil táirgeadh agus gáinneáil ar amfataimín agus ar mheitiolamfataimín ag leanúint ar aghaidh san Eoraip, le haghaidh éileamh intíre agus le haghaidh onnmhairiú chuig margaí neamh-AE atá níos brabúsaí. Mar thoradh air sin, tá an baol ann go mbeidh níos mó úsáide á baint as na spreagthaigh sin laistigh den Aontas, sna tíortha ina dtáirgtear na drugaí agus sna tíortha sin trína ndéantar gáinneáil orthu araon. Is amhlaidh atá de bhrí go gcruthaíonn an táirgeadh agus an gháinneáil sin an fhéidearthacht go bhféadfadh infhaighteacht mhéadaithe na ndrugaí ar an margadh spreagthach áitiúil, uaireanta, athruithe dinimiciúla a thabhairt faoi deara i ndáil leis na táirgí atá ar fáil d’úsáideoirí. Ina theannta sin, tá an éiginnteacht maidir le héifeachtaí imeachtaí san Afganastáin ar mhargadh hearóine an Aontais agus maidir le haon aistriú féideartha chuig substaintí athsholáthair, go sealadach nó a mhalairt, fós ina ábhar imní don lucht ceaptha beartas.
Comhtháthú méadaithe na gcáitíonón sintéiseach ar an margadh drugaí
I limistéir áirithe san Eoraip, tá cáitíonóin shintéiseacha tar éis teacht ar an margadh drugaí aindleathacha mar roghanna malartacha inacmhainne ar spreagthaigh shintéiseacha eile. Mar thoradh air sin, is dócha go mbeidh cáitíonóin shintéiseacha ar fáil níos coitianta de réir a chéile. Cé go bhféadfadh roinnt táscairí a thabhairt le fios go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an margadh le haghaidh na substaintí seo ag dul i méid, baineann dúshlán le faireachán a dhéanamh ar ghrúpa leathan comhdhúl i gcás uirlisí a ceapadh chun drugaí aindleathacha seanbhunaithe, amhail cócaon, a rianú an chéad lá riamh. Cé nár fógraíodh ach seacht gcáitíonón shintéiseacha nua den chéad uair do Chóras Luathrabhaidh an Aontais in 2023, braitheadh ní ba mhó ná 60 cáitíonón sintéiseach a tuairiscíodh roimhe sin ar mhargadh drugaí an Aontais Eorpaigh an bhliain chéanna, agus sainaithníodh 178 gcáitíonón.
Tá méadú mór tagtha ar allmhairí agus ar urghabhálacha cáitíonón sintéiseach bliain i ndiaidh bliana. In 2023, b’ionann allmhairí agus urghabhálacha na substaintí sin agus trí oiread de chainníocht chomhcheangailte an amfataimín agus an mheitiolamfataimín a urghabhadh. Bhain an chuid ba mhó de sin le líon beag bulc-allmhairí ón India, tríd an Ísiltír go príomha. Tá leibhéil shuntasacha de tháirgeadh cáitíonón sintéiseach ag tarlú san Eoraip freisin, áit a bhfuil saotharlanna ar mhórscála díchóimeáilte agus inar urghabhadh cainníochtaí móra de cheimiceáin réamhtheachtacha. Díchóimeáladh go leor de na saotharlanna seo sa Pholainn (Fíor 4.2), áit ar tuairiscíodh comhar idir líonraí coiriúla na Polainne agus na hÚcráine, ach freisin san Ísiltír agus, go pointe ní ba lú, sa Bheilg agus sa Ghearmáin. Tá seans ann gur éascaíodh a dtáirgeadh san Aontas toisc gur féidir cáitíonóin shintéiseacha a tháirgeadh ar bhealach sách éasca ó cheimiceáin neamhsceidealaithe. Agus an méid sin á chur san áireamh aige, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar EUDA measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hocht réamhtheachtaí cáitíonóin, chomh maith le réamhtheachtaí amfataimín, d’fhonn na gceimiceán sin a sceidealú ar leibhéal an Aontais.
Tabhair faoi deara: Urghabháil ag an mBiúró Lárnach um Imscrúdú Póilíneachta.
Cé gur ábhar imní fós leibhéal éigin de thomhaltas neamhbheartaithe cáitíonón sintéiseach i gcumaisc drugaí agus i dtáibléid, tagann sonraí ó sheirbhísí seiceála drugaí leis an tuairim go mbíonn roinnt úsáideoirí ag ceannach cáitíonóin d’aon ghnó. Mar shampla, i bhformhór na gcásanna inar shainaithin seirbhísí seiceála drugaí Eorpacha cáitíonóin, ba í sin an tsubstaint a raibh súil ag an duine a chuir an sampla isteach le haghaidh anailíse.
Mar sin féin, ba léir go raibh neamhchosaint ar shubstaintí neamhthuartha ó shamplaí a cuireadh isteach a díoladh mar 3-MMC ina bhfuil 2-MMC le fáil go minic ina ionad sin.
Faoi láthair, tá líon na gcliant atá ag dul faoi chóireáil le haghaidh fadhbanna a bhaineann le húsáid cáitíonón sintéiseach i mBallstáit den Aontas fós measartha beag, is é sin díreach faoi bhun 2 000, ach tháinig méadú 356 % ar an bhfigiúr sin ó 2018 go 2023. Tuairiscíonn breis agus an cúigiú cuid díobh siúd atá ag lorg cóireáil d’fhadhbanna a bhaineann le cáitíonóin gurb é instealladh a bpríomhbhealach riartha, agus bhí an cion céanna ag úsáid an druga go laethúil sula ndeachaigh siad faoi chóireáil.
Go hachomair, ós rud é go bhféadfadh raon fadhbanna sláinte a bheith mar thoradh ar úsáid spreagthach aindleathach, baineann dúshlán fós leis na substaintí sin chomh fada is a bhaineann sé le hiarrachtaí faireacháin, leis an lucht ceaptha beartas agus le soláthraithe seirbhíse san Eoraip. Fágann instealladh níos minice a bhaineann le húsáid spreagthach agus na deacrachtaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith i bhfad ní ba dhéine a bhaineann le meitiolamfataimín a instealladh agus a chaitheamh go bhféadfadh aon mhéadú ar úsáid, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha, a bheith ina dhúshlán méadaitheach maidir le seirbhísí laghdaithe díobhála agus do sheirbhísí sláinte éigeandála. Tarraingíonn tomhaltas méadaithe cáitíonón aird ar ról na hanailíse fóiréinsí agus tocsaineolaíche maidir le treochtaí tomhaltais a thuiscint, agus scála agus nádúr aon torthaí díobhálacha sláinte gaolmhara. Le déanaí, thug EUDA faoi mheasúnuithe riosca a dhéanamh ar thrí cháitíonón shintéiseacha nua (féach Measúnuithe riosca).
Príomhshonraí agus príomhthreochtaí
Leitheadúlacht agus patrúin úsáide spreagthach sintéiseach
- Tugtar le fios i suirbhéanna a rinne 24 Bhallstát den Aontas sa tréimhse ó 2017 go 2024 gur úsáid 1.6 milliún aosach (idir 15 agus 34 bliana d’aois) amfataimíní (amfataimín agus meitiolamfataimín) le linn na bliana roimhe sin (1.6 % den aoisghrúpa seo). As na 14 thír Eorpacha a rinne suirbhéanna ó 2022 i leith agus a sholáthair eatraimh mhuiníne, thuairiscigh dhá thír meastacháin ní b’ísle i gcomparáid leis an suirbhé inchomparáide a rinneadh roimhe sin, thuairiscigh ceithre thír meastacháin ní b’airde agus thuairiscigh ocht dtír treocht chobhsaí (féach Fíor 4.3 chun sonraí ón suirbhé is déanaí a fháil).
- I suirbhé scoileanna ESPAD 2024, mheas 10 % de na mic léinn ESPAD i mBallstáit den Aontas a bhí idir 15 agus 16 bliana d’aois go raibh sé furasta amfataimín a fháil, agus mheas 7.9 % go raibh sé furasta meitiolamfataimín a fháil. Ar an meán, thuairiscigh 1.8 % de na mic léinn gur bhain siad úsáid as amfataimín uair amháin ar a laghad le linn a saoil, agus thuairiscigh 1.4 % de na mic léinn go raibh úsáid bainte acu as meitiolamfataimín. Thuairiscigh ní ba lú ná 1 % gur úsáid siad ceachtar de na substaintí seo den chéad uair nuair a bhí siad 13 bliana d’aois nó ní b’óige.
- I measc an líon beag tíortha a thuairiscíonn meastacháin ar úsáid ardriosca meitiolamfataimín, tá éagsúlacht le tabhairt faoi deara i meastacháin leitheadúlachta, idir 0.71 in aghaidh gach 1 000 duine den phobal (arb ionann é sin agus 429 n‑úsáideoir ardriosca) sa Chipir go 5.48 in aghaidh gach 1 000 duine den phobal (37 900 úsáideoir ardriosca) sa tSeicia, mar aon le 3.9 in aghaidh gach 1 000 duine den phobal (14 056 úsáideoir ardriosca) sa tSlóvaic.
- Sa Suirbhé Líonra Eorpaigh 2024 maidir le Drugaí, suirbhé neamhionadaíoch ar dhaoine a úsáideann drugaí, thuairiscigh 17 % de na freagróirí a raibh cónaí orthu san Aontas nó san Iorua go raibh úsáid bainte acu as amfataimín, agus go raibh úsáid bainte ag 9 % díobh as cáitíonóin shintéiseacha agus ag 5 % díobh as meitiolamfataimín. Bhí úsáid ilsubstaintí coitianta i measc na ndaoine a bhí i mbun amfataimín agus meitiolamfataimín a úsáid, agus níor thug ach 9 % díobh siúd a d’úsáid amfataimín agus 13 % díobh siúd a d’úsáid meitiolamfataimín le fios nach raibh siad úsáidte acu i gcomhar le substaint ar bith eile, lena n-áirítear tobac agus alcól, le linn na heipeasóide úsáide deiridh. As na daoine a d’úsáid amfataimín, bhí sé de nós ag 86 % é a smúradh, agus púdair nó criostail á n‑acu. Ar an meán, úsáideadh táibléad amháin in aghaidh an lae úsáide. As na daoine a d’úsáid meitiolamfataimín, smúr 71 % é agus chaith 26 % é i bpíopaí, agus púdair nó criostail á n‑acu. Ar an meán, úsáideadh táibléad amháin in aghaidh an lae úsáide. Astu siúd a d’úsáid amfataimín, thuairiscigh 66 % gur úsáid siad é chun bheith “ar na ribí” nó “le haghaidh píosa spraoi”, agus thuairiscigh ní ba mhó ná leath de na daoine gur úsáid siad amfataimín chun “fanacht ina ndúiseacht”. I gcás meitiolamfataimín, thuairiscigh beagán ní ba mhó ná leath de na daoine gur úsáid siad an druga chun bheith “ar na ribí” nó “le haghaidh píosa spraoi”, agus thuairiscigh ní ba mhó ná 44 % acu gur úsáid siad amfataimín chun “fanacht ina ndúiseacht”.
- As na 68 gcathair a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir le hiarmhair amfataimín i bhfuíolluisce cathrach i gcomhair na mblianta 2023 agus 2024, thuairiscigh 34 chathair méadú, thuairiscigh 20 cathair staid chobhsaí, agus thuairiscigh 14 acu laghdú (Fíor 4.4).
- As an 71 chathair a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir le hiarmhair mheitiolamfataimín i bhfuíolluisce cathrach i gcomhair na mblianta 2023 agus 2024, thuairiscigh 32 chathair méadú, thuairiscigh 12 chathair staid chobhsaí agus thuairiscigh 27 acu laghdú (Fíor 4.5).
Dul faoi chóireáil i ndáil le húsáid spreagthach sintéiseach
- Meastar go ndeachaigh beagnach 9 200 cliant faoi shainchóireáil drugaí san Eoraip in 2023, agus thuairiscigh siad sin gurbh é amfataimín an príomhdhruga a bhí á úsáid acu, agus cliaint chéaduaire ba ea thart ar leath díobh (4 300) (Fíor 4.6).
- In 2023 nó sa bhliain is déanaí atá ar fáil, cliaint amfataimín ba ea thart ar 10 % ar a laghad de chliaint a chuaigh faoi chóireáil den chéad uair sa Bhulgáir, san Eastóin, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Ungáir, sa Pholainn, san Fhionlainn agus sa tSualainn. Sa tSeicia, sa tSlóvaic agus sa Tuirc, chuaigh os cionn 30 % de chliaint chéaduaire faoi chóireáil le haghaidh fadhbanna a bhain le meitiolamfataimín.
- Ba sa tSeicia, sa Ghearmáin, sa tSlóvaic agus sa Tuirc a bhí an chuid ba mhó díobh a bhí ag dul faoi chóireáil a thug le fios gurb é meitiolamfataimín an príomhdhruga fadhbach a bhí acu, agus i dteannta a chéile, bhí líon na ndaoine sin cothrom le 91 % den 12 000 cliant meitiolamfataimín a mheastar a chuaigh faoi chóireáil in 2023. Ba sa Tuirc, áit ar tháinig méadú faoi cheathair (305 %) ar líon na n‑iontrálaithe cóireála sa tréimhse ó 2018 go 2023 a bhí 43 % den 5 900 cliant céaduaire (Fíor 4.7). Ina theannta sin, thuairiscigh seirbhísí laghdaithe díobhála sa Ghréig agus sa Spáinn líon suntasach de chliant caithimh meitiolamfataimín le linn 2023.
- Léirítear sna sonraí atá ar fáil maidir le tíortha a thuairiscíonn iontrálaithe i gcóireáil d’úsáid cáitíonón sintéiseach gur tugadh méadú faoi deara ó 425 cliant in 2018 go 1 930 cliant in 2023, a raibh 90 % díobh le fáil sa Fhrainc (607 gcliant, de réir sonraí 2022), sa Spáinn (346 chliant, de réir sonraí 2022), sa Pholainn (330 cliant), san Ísiltír (310 gcliant) agus sa Bheilg (162 chliant) (Fíor 4.8). Mhéadaigh an sciar d’iontrálaithe i gcóireáil d’úsáid cáitíonón sintéiseach i measc na n-iontrálaithe cóireála uile arb iad spreagthaigh seachas cócaon an príomhdhruga a bhí in úsáid acu go 12 % in 2023, a d’ardaigh ó 3 % in 2018.
Úsáid trí instealladh spreagthach sintéiseach
- Tuairiscítear instealladh mar bhealach riartha atá coitianta i measc iontrálaithe cóireála a thugann le fios gurb é amfataimín an príomhdhruga a bhíonn in úsáid acu i roinnt tíortha, lena n-áirítear an Fhionlainn (77 %), an Eastóin (73 %) agus an tSualainn (72 %).
- Thuairiscigh thart ar 5 % de chliaint amfataimín a chuaigh faoi chóireáil drugaí san Eoraip in 2023, nó sa bhliain is déanaí atá ar fáil, gurb é instealladh an príomhbhealach riartha, agus thuairiscigh 67 % acu smúradh an druga, thuairiscigh 10 % acu a chaitheamh agus thuairiscigh 18 % acu a úsáid ó bhéal. Ba de bhunadh sé thír (an Bheilg, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Spáinn) beagnach 80 % de na hiontrálaithe cóireála.
- In anailís a rinneadh ar 3 276 steallaire úsáidte a rinne an líonra ESCAPE ar 19 gcathair i 13 Bhallstát den Aontas agus san Iorua in 2023, fuarthas amach ar an iomlán, go raibh iarmhair a bhain le dhá chatagóir drugaí nó ní ba mhó le fáil i leath de na steallairí. Ba é an cumasc ba choitianta é ópóideach agus spreagthach.
- Sna sonraí ESCAPE, braitheadh cáitíonóin shintéiseacha go coitianta i mBúdaipeist (69 %), i bPáras (65 %), in Maidrid (46 %), agus, go pointe ní ba lú, in Amstardam (15 %) agus in Heilsincí (14 %). Sainaithníodh 13 cháitíonón ar leith i measc na gcathracha rannpháirteacha, agus ba iad 3-CMC, N-eitilnoirpheinteadrón, meifeadrón, 4-CMC agus alfa-PVP na cáitíonóin ba mhinice a braitheadh.
- Braitheadh meitiolamfataimín i bhformhór na steallairí ó Phrág (66 %), agus sa cheathrú cuid de steallairí ón Aithin (25 %).
- Braitheadh amfataimín i bhformhór na steallairí i dTaillinn (67 %) agus in Osló (52 %).
Díobhálacha a bhaineann le húsáid spreagthach sintéiseach
- In 2023, ba é amfataimín an ceathrú substaint ba choitianta ar an iomlán, substaint a thuairiscigh 21 ospidéal Euro-DEN Plus i 15 Bhallstát den Aontas agus san Iorua. Braitheadh an tsubstaint in 11 % (718) de chásanna de ghéarthocsaineacht drugaí.
- Thuairiscigh 18 n-ospidéal Euro-DEN Plus meitiolamfataimín in 2023, agus bhí an tsubstaint i láthair in 2.4 % (163) de na cásanna de ghéarthocsaineacht drugaí (2.1 % in 2022).
- In 2023, thuairiscigh 13 ospidéal Euro-DEN Plus i 10 mBallstát den Aontas agus san Iorua gur braitheadh cáitíonóin. Bhí cáitíonóin i láthair in 1.5 % de na cásanna de ghéarthocsaineacht drugaí. In 2023, bhí baint ag an gcáitíonón sintéiseach 3-MMC le 30 cás géarthocsaineachta drugaí i gceithre ospidéal Euro-DEN Plus (38 in 2022, i sé ospidéal). Ba iad na hospidéil sa Bheilg a thuairiscigh an chuid ba mhó de na cásanna sin (Antuairp agus Gent).
- As an 21 Bhallstát den Aontas a bhfuil sonraí iarbháis ar fáil dóibh i gcomhair 2023, thuairiscigh 19 mBallstát den Aontas 907 mbás de bharr drugaí i gcás ina raibh baint ag aon spreagthach de chineál amfataimín leo, lenar áiríodh MDMA, (936 acu in 2022 sna tíortha céanna).
- In 2023, thuairiscigh 7 dtír básanna a bhain le cáitíonóin shintéiseacha, agus 39 gcás san iomlán i gceist. Is meastachán íosta atá san uimhir sin toisc nach féidir na substaintí seo a chuardach go córasach i ngnáthanailís tocsaineolaíochta iarbháis i roinnt tíortha.
Sonraí margaidh maidir le spreagthaigh shintéiseacha
- In 2023, thuairiscigh Ballstáit den Aontas 30 000 urghabháil amfataimín, a bhí cothrom le 10.2 tona (7.1 tona in 2022) (Fíor 4.9). D’urghabh an Tuirc beagnach 3.5 tona (6 thona in 2022), lenar áiríodh beagnach 14 mhilliún táibléad ar a dtugtar ‘captagon’ (24 mhilliún in 2022). Tá méadú suntasach tagtha ar mheáníonacht amfataimín ag an leibhéal miondíola le deich mbliana anuas (+88 %), ach tá laghdú tagtha ar an meánphraghas (−19 %).
- Thuairiscigh Ballstáit den Aontas 9 800 urghabháil meitiolamfataimín a bhí cothrom le 1.8 tona in 2023 (1.4 tona in 2022) (Fíor 4.10). Thuairiscigh an Tuirc 65 800 urghabháil de mheitiolamfataimín in 2023, a bhí cothrom le 11.5 tona agus 10 415 lítear (15.8 tona agus 383 lítear in 2022). Tháinig méadú 30 % ar mheáníonacht meitiolamfataimín sa tréimhse ó 2013 go 2020. Ó shin i leith tá laghdú tagtha ar an meáníonacht, agus in 2023 bhí sí 16 % ní b’airde ná mar a bhí in 2013.
- Bhí cainníocht iomlán na gcáitíonón sintéiseach a tuairiscíodh a bheith urghafa nó allmhairithe i mBallstáit den Aontas in 2023, gach cineál díobh, cothrom le 37 dtona (27 dtona in 2022, 4.5 tona in 2021). Ba iad 3-CMC, 2-MMC agus N-eitilnoirpheinteadrón na príomhshubstaintí a bhí i gceist.
- In 2023, thuairiscigh 10 mBallstát den Aontas gur díchóimeáladh 93 shaotharlann amfataimín (108 in 2022): an Ísiltír (38), an Ghearmáin (21), an Pholainn (19), an Bheilg (5), an Ostair (3), an Liotuáin (2) an tSualainn (2), an Bhulgáir (1), an tSeicia (1), an Fhionlainn (1).
- Thuairiscigh seacht mBallstát den Aontas gur díchóimeáladh 250 saotharlann meitiolamfataimín in 2023 (242 in 2022): an tSeicia (189), an Ísiltír (29), an Bhulgáir (18), an Ghearmáin (5), an Pholainn (5), an Bheilg (3), an Ostair (1).
- Bhí urghabhálacha na réamhtheachtaithe a bhí riachtanach chun meitiolamfataimín a shintéisiú tríd an ‘modh eifidríne’ (eifidrín agus súideifidrín) cothrom le 7.8 tona in 2023 (352 chileagram in 2022). Ba é ba chúis leis an méadú mór sin, go príomha, díchóimeáil oibríochta gáinneála sa Rómáin ar chosúil gur chuideachta chógaisíochta dhlisteanach a bhí inti.
- Is féidir amfataimín agus meitiolamfataimín araon a tháirgeadh freisin trí úsáid a bhaint as BMK mar ábhar tosaigh. Bhí urghabhálacha de BMK cothrom le 5 453 lítear in 2023 (1 329 lítear in 2022). Ina theannta sin, urghabhadh 66.2 tona substaintí (26.6 tona in 2021) arbh fhéidir iad a úsáid chun BMK a tháirgeadh san Eoraip an bhliain chéanna sin.
- Chomh fada is a bhaineann sé le hurghabhálacha aigéid thartaraigh, ceimiceán lena gceadaítear aisghabháil na foirme is láidre agus is mó a bhfuil tóir uirthi de mheitiolamfataimín (d-meitiolamfataimín, a úsáidtear le haghaidh ‘meitchriostal’), ó chumaisc a tháirgtear trí úsáid a bhaint as modhanna BMK, bhí siad cothrom le 10.9 tona in 2023 (2.6 tona in 2022), agus ba sa Bheilg agus san Ísiltír a tuairiscíodh na hurghabhálacha sin.
- In 2023, díchóimeáladh 53 láithreán táirgthe cáitíonón sintéiseach, cuid acu a bhí ag feidhmiú ar mhórscála, san Aontas (29 in 2022): urghabhadh an chuid ba mhó díobh sa Pholainn (40 láithreán), agus ba san Ísiltír (8 láithreán), sa Ghearmáin (2), sa Bheilg (1), san Ostair (1) agus sa tSualainn (1) a urghabhadh an chuid eile.
- Bhí urghabhálacha réamhtheachtaithe cáitíonón sintéiseach cothrom le 2.1 tona in 2023 (558 gcileagram in 2022), ar urghabhadh an chuid ba mhó díobh san Ísiltír (1 416 chileagram) agus sa Pholainn (735 chileagram). Is dócha gur gannmheastacháin a bheidh iontu sin de bhrí go bhfuil réamhtheachtaithe do cháitíonóin neamhsceidealaithe.
- Cé nach dtugtar léargas leo ar mhargaí náisiúnta drugaí, bhí truaillmheascán sícighníomhach le fáil in os cionn 60 % de na samplaí amfataimín a ndearna seirbhísí seiceála drugaí Eorpacha scagadh orthu i 9 mBallstát den Aontas sa chéad leath de 2024. Ba í caiféin (57 %) an truaillmheascán sícighníomhach ba choitianta a fuarthas i samplaí amfataimín a ndearna seirbhísí seiceála drugaí anailís orthu. Fuarthas spreagthaigh eile (5 %), lenar áiríodh MDMA, cócaon agus cáitíonóin, agus siabhraiginí (ní ba lú ná 1 %), in úsáid mar thruaillmheascáin freisin.
- Léirítear i sonraí ó 12 sheirbhís seiceála drugaí i 10 mBallstát den Aontas ón gcéad leath de 2024, as iomlán na samplaí a ndearnadh anailís orthu a bhfuil cáitíonóin le fáil iontu, go rabhthas ag súil le druga eile (MDMA den chuid ba mhó) in 12 % (77) de shamplaí, agus cuireadh 88 % (558) isteach dá réir sin. Go minic bhí 2-MMC le fáil i samplaí a díoladh mar shamplaí a raibh 3-MMC luaite leo.
Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe maidir le spreagthaigh shintéiseacha in Margaí Drugaí an Aontais Eorpaigh: Grinnanailís EUDA-Europol agus in Spreagthaigh: freagairtí sláinte agus sóisialta EUDA.
Sonraí foinseacha
Tá an tacar iomlán de shonraí foinseacha don Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2025, lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíocha, ar fáil inár gcatalóg sonraí.
Is féidir teacht ar fhothacar de na sonraí sin thíos, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus gnéithe comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo.
Táblaí sonraí maidir le leitheadúlacht úsáide drugaí lena n-áirítear suirbhéanna ar an bpobal i gcoitinne agus anailís ar fhuíolluisce (gach substaint)
Táblaí sonraí eile lena n-áirítear táblaí a bhaineann go sonrach le spreagthaigh shintéiseacha
