Príomhthorthaí ó Thionscadal Suirbhé Scoileanna na hEorpa 2024 maidir le hAlcól agus Drugaí Eile (ESPAD)

thumbnail of the ESPAD 2024 keyfindings
Logo of the EUDA, European Union Drugs Agency
ESPAD logo

Déantar achoimre san fhoilseachán seo ar na príomhthorthaí ón 8ú babhta de Thionscadal Suirbhé Scoileanna na hEorpa maidir le hAlcól agus Drugaí Eile (ESPAD), a rinneadh i measc 113 882 scoláire idir 15 agus 16 bliana d’aois, ar fud 37 tír Eorpacha in 2024. Is léiriú é an t-eagrán seo ar 30 bliain d’fhaireachán a dhéanamh ar iompraíochtaí rioscúla na n-ógánach ar fud na hEorpa agus tugtar isteach leis béim nua ar fholláine mheabhrach agus ar ghníomhaíochtaí coisctheacha, agus aitheantas á thabhairt do thábhacht mhéadaitheach na dtosca sin maidir le torthaí sláinte na n-ógánach a mhúnlú.

Tá an tuarascáil seo ar phríomhthorthaí ar fáil i 33 teanga agus í optamaithe le hamharc uirthi ar líne. Tuarascáil níos cuimsithí, Tuarascáil ESPAD 2024: Foilseofartorthaí ó Thionscadal Suirbhé Scoileanna na hEorpa maidir le hAlcól agus Drugaí Eile (ESPAD) i mí Dheireadh Fómhair 2025.

An nuashonrú is déanaí: 20 Bealtaine 2025

Forléargas ar na torthaí

Is ionann Tionscadal Suirbhé Scoileanna na hEorpa 2024 maidir le hAlcól agus Drugaí Eile (ESPAD) agus 30 bliain d’fhaireachán a dhéanamh ar iompraíochtaí rioscúla na n-ógánach ar fud na hEorpa, agus 37 tír rannpháirteacha ann. Cé go bhfuil an fócas fós ar iompraíochtaí agus treochtaí maidir le húsáid substaintí, tugtar isteach leis an eagrán seo béim nua ar fholláine mheabhrach agus ar ghníomhaíochtaí coisctheacha, agus aitheantas á thabhairt do thábhacht mhéadaitheach na ngnéithe sin maidir le torthaí sláinte na n-ógánach a mhúnlú. De réir mar a thagann athrú ar iompraíochtaí na n-ógánach, leanann faireachán fadtéarmach ESPAD de léargais ríthábhachtacha a sholáthar chun iarrachtaí coisctheacha agus iarrachtaí beartais a threorú, lena n-áirithítear go mbeidh freagairtí éifeachtach agus ábhartha ann i gcónaí.

D’ainneoin laghdú fadtéarmach ar úsáid substaintí, is cúis imní nua iad treochtaí atá ag teacht chun cinn. Tá laghdú suntasach tagtha ar chaitheamh toitíní le blianta beaga anuas, agus tá laghdú faoina leath tagtha ar leitheadúlacht saoil idir 1995 agus 2024. Tá tús luath ann fós, áfach, go háirithe i measc cailíní, a bhfuil méadú tagtha le blianta beaga anuas ar a rátaí laethúla caite tobac ag 13 bliana d’aois nó níos óige. Idir an dá linn, tá méadú mór tagtha ar úsáid toitíní leictreonacha i measc na n-ógánach, agus rátaí de thús luath agus d’úsáid laethúil ag dul i méid, rud a spreagann ábhair imní maidir le dé-úsáid toitíní traidisiúnta agus leictreonacha agus a léiríonn aistriú níos leithne i dtreo táirgí nicitín malartacha.

Tá laghdú tagtha ar an ól alcóil le himeacht ama freisin, le laghdú tagtha ar an úsáid fhoriomlán agus ar an ragús óil. Mar sin féin, tá an laghdú sin níos suntasaí i measc buachaillí, agus tá treocht níos cobhsaí i measc cailíní. D’ainneoin an dul chun cinn sin, tá rochtain fhorleathan fós ar alcól, agus tá tús luath agus ólachán trom eipeasóideach fós ina n-ábhair imní shuntasacha i roinnt réigiún.

Is é cannabas fós an druga aindleathach is coitianta a úsáidtear, cé go bhfuil laghdú tagtha ar leitheadúlacht saoil go dtí an leibhéal is ísle ó bhí 1995 ann. Cé go dtuairiscíonn buachaillí úsáid níos airde de ghnáth, tá bearnaí idir na hinscní ag cúngú, cé is moite de roinnt eisceachtaí ina sáraíonn cailíní na buachaillí. Tá imní fós ann maidir le tús luath agus úsáid ardriosca, cé go bhfuil laghdú tagtha ar úsáid reatha fhoriomlán (sainmhínithe mar laistigh de na 30 lá seo caite) go 5 %, rud a léiríonn treocht laghdaitheach fhadtéarmach. Tá éagsúlacht mhór ann maidir le hinfhaighteacht a mheastar a bheith ann, ach is é cannabas an tsubstaint aindleathach is éasca le fáil i measc scoláirí fós.

Tá laghdú tagtha ar úsáid drugaí aindleathacha eile i measc scoláirí ESPAD, agus tá bearnaí inscne ag cúngú, cé go dtuairiscíonn buachaillí fós úsáid níos mó agus infhaighteacht a mheastar a bheith ann. Idir an dá linn, tá méadú ag teacht ar úsáid ionanálach i measc cailíní, agus tá méadú ag teacht freisin ar úsáid chógaisíochta neamhleighis.

Lasmuigh de shubstaintí, tá athrú ag teacht ar rioscaí iompraíochta. Tá borradh tagtha faoin gcluichíocht i measc scoláirí ESPAD, go háirithe i measc cailíní, agus ní gníomhaíocht fhireann í a thuilleadh, rud a léiríonn athruithe níos leithne ar iompraíochtaí digiteacha. D’ainneoin rannpháirtíocht mhéadaithe, tá cluichíocht a mheastar a bheith achrannach fós cobhsaí. Ar an taobh eile, tá méadú tagtha ar ábhair imní maidir le húsáid fhadhbach a bhaint as na meáin shóisialta, go háirithe i measc buachaillí, agus tá rátaí i measc cailíní fós ard.

Tá an cearrbhachas fós cobhsaí, ach tá méadú mór tagtha ar rannpháirtíocht ar líne, agus tá méadú beagnach faoi dhó tagtha ar iompar díobhálach cearrbhachais, agus méadú níos suntasaí ann i measc cailíní.

Tuairiscíonn 59 % de scoláirí ar an meán dea-bhail d’fholláine mheabhrach. Léiríonn na torthaí difríochtaí suntasacha réigiúnacha, chomh maith le héagothromaíochtaí inscne, agus tuairiscíonn cailíní go comhsheasmhach folláine níos ísle ná a thuairiscíonn buachaillí. Taifeadtar na scóir fholláine is ísle i dtíortha ina bhfuil coinbhleacht agus éagobhsaíocht.

Tá iarrachtaí coisctheacha forleathan, agus ghlac formhór na scoláirí páirt in aon idirghabháil amháin ar a laghad. Is é an t-alcól an t-ábhar is minice a dtugtar aghaidh air, agus is lú an aird a thugtar ar shubstaintí aindleathacha agus ar rioscaí iompraíochta. Tá cláir choisctheacha atá bunaithe ar scileanna, ina leagtar béim ar chuir chuige idirghníomhacha, níos coitianta in iarthar agus i ndeisceart na hEorpa. D’fhéadfadh go ndíreofaí ar bhabhtaí suirbhéanna amach anseo ar a mhéid is féidir na hidirghabhálacha coisctheacha a chuirtear ar fáil a mheas mar bhunaithe ar fhianaise nó a mhalairt.

Taiscéalaí sonraí

Preparing the data for you... this may take a few seconds.

Buaicphointí

Úsáid toitíní

Seat gar-amhairc de dhuine óg ag tairiscint toitín do dhuine óg eile

Tá úsáid toitíní fós forleathan i measc na n-ógánach i dtíortha ESPAD, agus toitíní caite ag beagnach duine as gach triúr scoláirí uair amháin ar a laghad ina saol (32 % ar an meán). Feictear na rátaí leitheadúlachta is airde san Ungáir (51 %) agus sa tSlóvaic (46 %), agus tá na rátaí is ísle san Íoslainn (13 %) agus i Málta (16 %). Léiríonn difríochtaí inscne leitheadúlacht beagán níos airde i measc cailíní (32 % i gcomparáid le 31 % i measc buachaillí). Tá an treocht sin le feiceáil i níos mó ná dhá thrian de na tíortha, leis na difríochtaí is mó sa Rómáin (47 % i gcomparáid le 36 %) agus sa Bhulgáir (46 % i gcomparáid le 36 %). I roinnt tíortha, áfach, aisiompaítear an treocht sin, go háirithe sa Chosaiv (1) (47 % i measc buachaillí i gcomparáid le 36 % i measc cailíní) agus sa tSeoirsia (35 % i gcomparáid le 24 %).

Ar an meán, tuairiscíonn 15 % de scoláirí ESPAD gur chaith siad a gcéad toitín ag aois 13 nó níos óige. Taifeadtar na cionta is airde sa tSlóvaic (24 %) agus sa Chosaiv (23 %), agus is san Íoslainn (6.4 %) agus i Málta (7.1 %) atá na cionta is ísle. I mbeagnach leathchuid de na tíortha, tá tús luath le caitheamh tobac níos coitianta i measc cailíní, go háirithe sa Bhulgáir (23 % i gcomparáid le 17 %). I measc na dtíortha ina bhfuil seans níos mó ann go dtosóidh buachaillí ag aois óg, léiríonn an Chosaiv an bhearna is leithne (31 % i gcomparáid le 16 %).

Measann níos mó ná leathchuid de scoláirí ESPAD (55 %) go bhfuil toitíní measartha éasca nó an-éasca a fháil. Tá an dearcadh sin is airde sa Danmhairg (76 %), agus ina dhiaidh sin sa Ghearmáin agus san Iorua (70 %). I gcodarsnacht leis sin, tuairiscítear na cionta is ísle sa Chosaiv (32 %) agus sa Mholdóiv (23 %). Ar an iomlán, is mó seans go mbraitheann buachaillí ná cailíní go bhfuil toitíní éasca a fháil (61 % i gcomparáid le 50 %).

Tuairiscíonn 18 % de scoláirí úsáid reatha toitíní, rud a shainmhínítear mar thobac a chaitheamh sa 30 lá seo caite. Feictear an leitheadúlacht is airde sa Chróit agus san Ungáir (32 %), agus tá an leibhéal is ísle san Íoslainn (4.2 %) agus sa tSualainn (8.2 %). Tá caitheamh tobac reatha níos forleithne i measc cailíní i níos mó ná leathchuid de thíortha ESPAD, agus tuairiscíodh an bhearna inscne is leithne sa Bhulgáir (34 % i gcomparáid le 25 %) agus sa Rómáin (30 % i gcomparáid le 22 %). Mar sin féin, aisiompaítear an patrún sa Chosaiv (33 % i gcomparáid le 23 %) agus sa tSeoirsia (18 % i gcomparáid le 9.5 %), áit a bhfuil rátaí níos airde caite tobac reatha i measc buachaillí.

Tuairiscíonn 7.9 % de scoláirí ESPAD úsáid laethúil toitíní, le céatadáin chomhchosúla ann ar fud na n-inscní. Feictear na rátaí is airde sa Bhulgáir agus sa Chróit (20 %), agus tá an ráta is ísle san Íoslainn (0.8 %).

Príomhfhigiúr eile is ea an úsáid laethúil a thuairiscíonn scoláirí a chuir tús le caitheamh tobac ag aois óg (13 bliana d’aois nó níos óige). Ar an meán, tagann 3.6 % de na scoláirí faoin gcatagóir sin, agus is sa Bhulgáir a chonacthas an cion is airde (8.7 %).

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 1995 go 2024

Idir an chéad suirbhé ESPAD agus an suirbhé deireanach ESPAD, tháinig laghdú seasta ar leitheadúlacht saoil úsáide toitíní, ó 68 % go 32 %, agus tharla an laghdú ba shuntasaí idir 2019 agus 2024 (laghdú 10 bpointe céatadáin). Le linn na tréimhse 30 bliain, bhí an laghdú ar leitheadúlacht níos mó i measc buachaillí, ó 70 % go 30 %. Is iad Oileáin Fharó, Éire, an Íoslainn agus an tSualainn na tíortha a bhfuil an laghdú is mó tagtha iontu.

Léiríonn an treocht san úsáid a baineadh as tobac sna 30 lá seo caite laghdú leanúnach freisin, ag laghdú ó 33 % go 18 %, agus treochtaí ag forluí beagnach, idir buachaillí agus cailíní. Breathnaítear patrún comhchosúil sa chaitheamh tobac laethúil, rud a laghdaíodh ó 20 % go 8 %.

Ar deireadh, cé go bhfuil laghdú tagtha freisin ar chion na ndaoine a chaitheann tobac go laethúil atá 13 bliana d’aois nó níos óige le tríocha bliain anuas (ó 10 % in 1995 go 3.6 % in 2024), léiríonn comparáid idir sonraí 2019 agus 2024 méadú beag (móide 0.6 %). Ós rud é nár tháinig aon athrú ar leitheadúlacht i measc buachaillí sa dá shuirbhé dheireanacha, tá an méadú sin mar gheall ar chailíní, a bhfuil a ráta ardaithe acu ó 2.5 % go 3.6 %, rud a dheimhníonn go bhfuil baint níos mó ag cailíní le beagnach gach ceann de na patrúin tobac a breathnaíodh.

Dé-úsáid

Cé gurb é caitheamh toitíní an cineál úsáide tobac is coitianta, trí dhíriú air sin amháin déantar gannmheastachán ar úsáid nicitín, mar gheall ar mhéadú ar tháirgí malartacha. I bhfianaise toitíní agus toitíní leictreonacha araon, tagann méadú ó 32 % go 47 % ar úsáid saoil, agus tá méaduithe móra cláraithe sa tSeicia agus san Eastóin, agus ardaíonn an úsáid atá ann faoi láthair ó 18 % go 28 %, le méadú suntasach i measc cailíní san úsáid saoil agus san úsáid reatha araon.

Agus breithniú á dhéanamh ar dhé-úsáid laethúil, ardaíonn an leitheadúlacht ó 7.9 % go 14 % (15 % i measc cailíní i gcomparáid le 12 % i measc buachaillí), agus tá tarluithe níos airde sa Bhulgáir agus san Ungáir (25 %).

Léiríonn úsáid laethúil ar cuireadh tús léi ag aois óg méadú suntasach freisin nuair a chuirtear dé-úsáid san áireamh, ag ardú ó 3.9 % go 6 %. Sa chás sin, tá na méaduithe is mó le tabhairt faoi deara sa Liotuáin agus san Eastóin, agus arís eile tá siad níos suntasaí i measc cailíní.

Úsáid toitíní leictreonacha

Ar an meán, tuairiscíonn 44 % de na scoláirí i dtíortha ESPAD gur úsáid siad toitíní leictreonacha uair amháin ar a laghad ina saol, agus go bhfuil leitheadúlacht náisiúnta ann sa réimse ó 22 % sa Phortaingéil go 57 % san Ungáir.

In 13 as 37 tír ESPAD, tá ar a laghad leathchuid de scoláirí tar éis triail a bhaint as toitíní leictreonacha, ach ní thuairiscíonn níos lú ná aon trian de na scoláirí úsáid saoil ach i sé thír (an Phortaingéil, Málta, an Íoslainn, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus Éire).

Cailín óg ag caitheamh toitín leictreonaigh; seat gar-amhairc dá haghaidh agus go leor deataigh ann

Ar an iomlán, tuairiscíonn cailíní (46 %) leitheadúlacht saoil níos airde úsáide toitíní leictreonacha ná buachaillí (41 %), cé is moite d’eisceachtaí sa Chosaiv, sa tSeoirsia, sa Mholdóiv, in Oileáin Fharó, sa Mhacadóin Thuaidh, san Úcráin agus sa Phortaingéil. Tá na difríochtaí inscne is mó i Lichtinstéin agus i Málta, áiteanna a sáraíonn leitheadúlacht i measc cailíní an leitheadúlacht i measc buachaillí le 13 phointe céatadáin, agus sa Chosaiv, áit a dtuairiscíonn buachaillí, os a choinne sin, leitheadúlacht 12 phointe céatadáin níos airde ná an leitheadúlacht i measc cailíní (51 % i gcomparáid le 39 %).

Ar an meán, bhain 16 % de scoláirí triail as toitíní leictreonacha nuair a bhí siad 13 bliana d’aois nó níos óige, agus na cionta is airde san Eastóin (33 %) agus sa Liotuáin (31 %), agus an céatadán is ísle sa Phortaingéil (5.4 %) agus i Montainéagró (7.4 %). Tá úsáid luath toitíní leictreonacha níos coitianta i measc cailíní ná buachaillí i bhformhór na dtíortha, agus tá na difríochtaí is mó le breathnú san Eastóin (37 % i gcás cailíní i gcomparáid le 29 % i gcás buachaillí), sa Laitvia (34 % i gcomparáid le 27 %) agus in Éirinn (18 % i gcomparáid le 12 %). Os a choinne sin, tuairiscíonn buachaillí sa Chosaiv leitheadúlacht 12 phointe céatadáin níos airde ná cailíní (25 % i gcomparáid le 13 %).

Creideann céatadán ard scoláirí (60 %) go bhfuil sé measartha éasca nó an-éasca toitíní leictreonacha a fháil más mian leo, agus difríochtaí móra ann idir tíortha, ó 33 % sa Chosaiv go 82 % sa Danmhairg. In 20 tír, tá an dearcadh sin os cionn an mheáin, agus 60 % ar a laghad de scoláirí den tuairim go mbíonn toitíní leictreonacha inrochtana go héasca. Ar an meán, tuairiscíonn buachaillí agus cailíní leibhéil chomhchosúla d’infhaighteacht a mheastar a bheith ann.

Tuairiscíonn 22 % de scoláirí (19 % i gcás buachaillí agus 25 % i gcás cailíní) úsáid reatha toitíní leictreonacha, a shainmhínítear mar úsáid sna 30 lá seo caite. Tá na rátaí is ísle le breathnú sa Phortaingéil agus in Oileáin Fharó (6.4 % araon) agus i Málta (10 %), agus tuairiscítear na rátaí is airde d’úsáid toitíní leictreonacha reatha sa Pholainn (36 %) agus sa tSeirbia (34 %).

Athraíonn úsáid laethúil toitíní leictreonacha ó thír go tír, ó 1.5 % in Oileáin Fharó go 20 % sa Pholainn. In 22 tír, tá úsáid laethúil toitíní leictreonacha níos airde go suntasach i measc cailíní, agus in dhá thír amháin, eadhon an Chosaiv (7.7 % i gcomparáid le 5.8 %) agus an tSeoirsia (4.2 % i gcomparáid le 1.2 %), tá sé níos airde i measc buachaillí.

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 2019 go 2024

Tá méadú mór tagtha ar an éileamh agus ar leitheadúlacht úsáide toitíní leictreonacha le deich mbliana anuas, agus tá méadú tagtha ar fhormhór thíortha ESPAD ó 2019 i leith.

Léiríonn sonraí ó 32 thír a bhailigh faisnéis maidir le húsáid toitíní leictreonacha le haghaidh 2019 agus 2024 araon gur tháinig méadú ar úsáid saoil ó 41 % go 43 %, agus gur tháinig méadú ar an úsáid reatha ó 14 % go 22 % le linn na tréimhse sin. As na 32 tír sin, thuairiscigh 11 thír céatadán níos ísle d’úsáid saoil, agus tugadh na laghduithe is mó faoi deara i Monacó (ó 63 % go 44 %), san Úcráin (ó 51 % go 37 %) agus sa Liotuáin (ó 65 % go 51 %). Fuarthas na méaduithe is airde ar úsáid toitíní leictreonacha sa tSeirbia (ó 18 % go 51 %) agus sa Ghréig (ó 35 % go 52 %).

Tugadh treochtaí comhchosúla faoi deara maidir le húsáid reatha toitíní leictreonacha, ar tháinig laghdú orthu go háirithe i Monacó agus sa Liotuáin, agus taifeadadh méaduithe móra sa tSeirbia (29 pointe céatadáin) agus sa Chróit (20 pointe céatadáin).

Úsáid alcóil

Íomhá dhoiléir de dhaoine óga i bpáirc súgartha agus buidéil ina lámha acu

Tuairiscíonn 73 % d’ógánaigh i dtíortha ESPAD go mbíonn alcól á ól acu ar feadh an tsaoil. Feictear na rátaí leitheadúlachta is airde san Ungáir (91 %) agus sa Danmhairg (90 %), agus is sa Chosaiv (29 %) agus san Íoslainn (41 %) a thaifeadtar na rátaí is ísle. Léiríonn difríochtaí inscne leitheadúlacht beagán níos airde i measc cailíní (74 %) ná buachaillí (72 %), treocht a tugadh faoi deara i níos mó ná leathchuid de na tíortha. Tá na difríochtaí inscne is suntasaí le fáil san Íoslainn (48 % i gcomparáid le 34 %), sa Laitvia (84 % i gcomparáid le 73 %) agus sa Liotuáin, i Málta agus i Monacó, agus tá bearna 10 bpointe céatadáin i ngach ceann acu siúd. I roinnt tíortha, áfach, aisiompaítear an treocht, go háirithe sa Chosaiv (37 % i measc buachaillí i gcomparáid le 23 % i measc cailíní).

Ar an meán, tuairiscíonn 33 % de scoláirí ESPAD go raibh a gcéad deoch alcólach acu ag 13 bliana d’aois nó níos óige, ar tomhas ar ólachán ag aois óg é, agus deir 8 % go raibh siad ólta ag an aois chéanna. Tuairiscítear na rátaí is airde ólacháin ag aois óg sa tSeoirsia (64 %) agus sa Mholdóiv (49 %), agus tá na rátaí is ísle san Íoslainn (12 %), sa Chosaiv agus san Iorua (14 %). Ar an gcaoi chéanna, tá meisce luath-aoise is leathadaí sa tSeoirsia (25 %) agus sa Bhulgáir (14 %), agus tá na rátaí is lú sa Chosaiv (3 %), sa Fhrainc agus sa Phortaingéil (3.6 %) agus in Oileáin Fharó (3.9 %).

Tuairiscíonn buachaillí rátaí beagán níos airde ná cailíní, maidir le halcól a ól (34 % i gcomparáid le 33 %) agus maidir le bheith ar meisce (8.2 % i gcomparáid le 7.8 %). Mar sin féin, maidir le húsáid alcóil ag aois 13 nó níos óige, leathnaíonn an bhearna i roinnt tíortha, rud a léiríonn rátaí níos airde do bhuachaillí, amhail sa Mhacadóin Thuaidh (35 % i gcomparáid le 22 %), i Montainéagró (47 % i gcomparáid le 36 %) agus sa tSeirbia (49 % i gcomparáid le 37 %). Os a choinne sin, sa Laitvia agus sa Liotuáin, is cailíní iad a thuairiscíonn an cion is airde (46 % i gcomparáid le 35 % agus 35 % i gcomparáid le 26 %, faoi seach). Maidir le bheith ar meisce ag aois óg, tagann difríochtaí inscne chun cinn ag an leibhéal náisiúnta freisin. Go sonrach, sa tSeoirsia, léiríonn buachaillí leitheadúlacht níos airde ná cailíní (30 % i gcomparáid le 20 %). Os a choinne sin, aisiompaítear an patrún sa tSeicia (14 % i measc cailíní i gcomparáid le 7.6 % i measc buachaillí) agus san Eastóin (14 % i gcomparáid le 9.3 %).

Measann triúr as gach ceathrar daltaí ESPAD (75 %) go bhfuil sé éasca deochanna alcólacha a fháil go measartha éasca nó go han-éasca. Tá an dearcadh sin níos airde sa Danmhairg agus sa Ghearmáin (94 %), agus sa Ghréig ina dhiaidh sin (92 %), agus tuairiscítear na cionta is ísle sa Chosaiv (42 %) agus san Íoslainn (54 %). Ar an iomlán, is gnách go measann cailíní go bhfuil sé níos éasca alcól a fháil ná a mheasann buachaillí (77 % i gcomparáid le 73 %), go háirithe sa Liotuáin (64 % i gcomparáid le 51 %), sa Chipir (78 % i gcomparáid le 66 %) agus sa Laitvia (74 % i gcomparáid le 62 %).

Tuairiscíonn 42 % de scoláirí úsáid reatha alcóil, a shainmhínítear mar úsáid sna 30 lá seo caite. Feictear an leitheadúlacht is airde sa Danmhairg (68 %) agus sa Ghearmáin (62 %), agus taifeadtar an leibhéal is ísle san Íoslainn (12 %) agus sa Chosaiv (14 %). Tá úsáid reatha alcóil beagán níos airde i measc cailíní (43 % i gcomparáid le 41 %), agus tá an bhearna inscne is leithne le fáil sa Laitvia (35 % i gcomparáid le 25 %), i Málta (42 % i gcomparáid le 33 %) agus san Úcráin (45 % i gcomparáid le 36 %). Mar sin féin, tá an patrún éagsúil sa Chipir, áit a dtuairiscíonn buachaillí rátaí níos airde ná cailíní (49 % i gcomparáid le 35 %).

Tuairiscíonn 13 % de na scoláirí ESPAD go léir go raibh siad ar meisce le halcól uair amháin ar a laghad sna 30 lá seo caite. Tá na rátaí is airde le fáil sa Danmhairg (36 %), san Ostair (24 %) agus san Ungáir (22 %), agus tá an ráta is ísle le fáil sa Chosaiv (4.9 %). Tríd is tríd, tá na céatadáin cothrom idir na hinscní. Ar an leibhéal náisiúnta, áfach, is minice a thuairiscíonn cailíní rátaí níos airde meisce ná buachaillí, agus an bhearna is mó le sonrú sa Chipir (12 % i gcás cailíní i gcomparáid le 4.4 % i gcás buachaillí).

Príomhthomhas d’ólachán trom is ea ragús óil, a shainmhínítear mar iontógáil cúig cinn nó níos mó de dheochanna in aon uair amháin sna 30 lá seo caite. Ar an meán, tá an leitheadúlacht ar fud thíortha ESPAD ag 31 %, agus tuairiscítear cionta níos airde sa Danmhairg (55 %), sa Ghearmáin (49 %) agus san Ostair (48 %), agus an céatadán is ísle san Íoslainn (8.9 %). Léiríonn buachaillí agus cailíní rátaí comhchosúla don phatrún seo ar an meán. Ag an leibhéal náisiúnta, áfach, tagann difríochtaí suntasacha inscne chun cinn: tuairiscíonn buachaillí leitheadúlacht níos airde i Montainéagró (27 % i gcomparáid le 18 %) agus i Lichtinstéin (41 % i gcomparáid le 35 %), ach tá rátaí níos airde i measc cailíní i Málta (34 % i gcomparáid le 25 %).

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 1995 go 2024

Ó 1995 go 2024, tá treocht laghdaitheach léirithe maidir le húsáid alcóil saoil i dtíortha ESPAD, ag laghdú ó 88 % go 74 %, cé go bhfuil roinnt luaineachtaí ann. Shroich leitheadúlacht 91 % i suirbhé 2003 sular tháinig laghdú uirthi sna blianta ina dhiaidh sin. Cé nach bhfuil na sonraí sin ar fáil go comhsheasmhach do gach tír ó 1995 i leith, tharla na laghduithe is mó san Íoslainn (ó 79 % go 41 %) agus sa tSualainn (ó 89 % go 56 %). Tá patrún céanna ann maidir leis na treochtaí do bhuachaillí agus do chailíní.

Tá laghdú tagtha freisin ar úsáid alcóil sna 30 lá seo caite idir na chéad suirbhéanna ESPAD agus na suirbhéanna is déanaí, agus thit sé ó 55 % go 43 %. Is ionann an treocht seo agus an laghdú a tugadh faoi deara in úsáid saoil, agus ba é 63 % an leitheadúlacht is airde in 2003. Tá na laghduithe is mó le sonrú san Íoslainn (ó 56 % go 12 %), in Éirinn (ó 66 % go 35 %) agus san Fhionlainn (ó 57 % go 27 %).

Maidir le hólachán trom eipeasóideach, cé gur tháinig laghdú ar a leitheadúlacht ó 36 % go 30 % le linn na tréimhse breathnóireachta 30 bliain, shroich sé an leitheadúlacht is airde de 42 % in 2007 tar éis dó ardú ó 1995 i leith. Tá an treocht sin le feiceáil i measc buachaillí agus cailíní araon. I gcás buachaillí, tharla an bhuaic níos luaithe (47 % in 2003) agus coinníodh é in 2007, ach i gcás cailíní, taifeadadh buaic de 38 % in 2007. Mar sin féin, ní raibh sa laghdú foriomlán i measc cailíní ó 1995 go 2024 ach pointe céatadáin amháin.

Úsáid drugaí aindleathacha

Close up hands: one offering a pill to the other person

Ar an meán, tuairiscíonn 13 % de scoláirí ESPAD gur úsáid siad aon druga aindleathach uair amháin ar a laghad ina saol. Tá éagsúlacht mhór i leitheadúlacht saoil úsáid drugaí aindleathacha idir tíortha ESPAD, agus na rátaí is airde breathnaithe i Lichtinstéin (25 %) agus sa tSeicia (24 %), agus na rátaí is ísle sa tSeoirsia agus sa Mholdóiv (3.9 % an bheirt).

Ar an iomlán, ní thugtar faoi deara ach difríocht bheag inscne, agus 14 % de bhuachaillí agus 12 % de chailíní ag tuairisciú úsáid saoil drugaí aindleathacha. Tá difríocht measartha mór 8 bpointe céatadáin le tabhairt faoi deara idir buachaillí agus cailíní san Úcráin. Seasann Málta amach, áit a bhfuil leitheadúlacht saoil i measc cailíní níos mó ná leitheadúlacht saoil i measc buachaillí le sé phointe céatadáin (15 % i gcomparáid le 9.3 %).

Ag féachaint ar shubstaintí aonair, is é cannabas an druga is coitianta a úsáidtear (12 % úsáid saoil), agus ina dhiaidh sin cócaon (2.3 %), eacstais/MDMA (2.1 %), LSD nó siabhraiginí eile (1.8 %) agus amfataimín (1.8 %). Tá meánleitheadúlacht saoil meitiolamfataimín, cnagchócaoin, hearóine agus úsáid GHB fós níos ísle, ag thart ar 1 % i gcás gach druga. Ar an meán, léiríonn buachaillí rátaí leitheadúlachta saoil níos airde ná cailíní i gcás gach substainte.

Ar leibhéal na tíre, tá úsáid amfataimín sa réimse idir 0.7 % sa tSeoirsia agus i Monacó, go dtí 4.3 % san Ungáir, agus tá úsáid meitiolamfataimín sa réimse idir 0.5 % i Monacó agus sa Mhacadóin Thuaidh go 3.1 % sa Pholainn. Taifeadann an Chipir an leitheadúlacht saoil is airde i measc thíortha ESPAD maidir le húsáid LSD agus siabhraiginí eile (6.8 %) agus cócaoin (6.2 %). Tuairiscítear sa Chipir freisin an leitheadúlacht is airde maidir le heacstais/MDMA (4.7 %), cnagchócaon agus hearóin (4.1 % an bheirt) agus GHB (3.4 %).

Úsáid drugaí aindleathacha seachas cannabas

Cé gurb ionann cannabas agus an cion níos mó d’úsáid drugaí aindleathacha a thuairiscítear, tá leitheadúlacht saoil meánach d’aon úsáid drugaí aindleathacha seachas cannabas i bhfad níos ísle, ag 5 %. Ar leibhéal na tíre, athraíonn na rátaí ó 1.7 % sa tSeoirsia go 9.9 % sa Chipir, agus tuairiscítear leitheadúlacht measartha ard san Íoslainn (7.9 %) agus i Montainéagró (7.6 %). Ar an meán, tá leitheadúlacht níos airde i measc buachaillí ná cailíní (5.4 % i gcomparáid le 4.5 %).

Tá an ráta úsáide cócaoin/cnagchócaoin ag 13 bliana d’aois nó níos óige cothrom le 0.9 % ar an meán i measc na 17 dtír a bhailigh an fhaisnéis seo in 2024, agus taifeadadh an leitheadúlacht is airde san Úcráin (4 %). Tríd is tríd, is mó seans go dtosóidh buachaillí (1.2 %) go luath ná cailíní (0.5 %), cé go bhfuil an mheándifríocht fós faoi bhun pointe céatadáin amháin. Tagann patrúin chomhchosúla chun cinn maidir le hamfataimín/meitiolamfataimín agus eacstais/MDMA, agus is í an Úcráin a thuairiscigh na rátaí is airde (3.3 % agus 3.7 %, faoi seach) agus an chéad leitheadúlacht eile is airde (1.4 % don dá cheann) á léiriú ag an gCosaiv.

Tá an infhaighteacht mheasta drugaí aindleathacha, seachas cannabas, sách íseal. Ar an meán, tuairiscíonn 13 % de scoláirí rochtain éasca maidir le cócaoin, 11 % i gcás eacstaise/MDMA, 9 % i gcás amfataimín agus beagnach 8 % i gcás cnagchócaoin agus meitiolamfataimín araon.

Tá éagsúlachtaí móra idir tíortha maidir leis an infhaighteacht mheasta ar shubstaintí. Tuairiscíonn an Iorua céatadán níos airde de scoláirí a mheasann go bhfuil substaintí ar fáil go héasca, agus na rátaí is airde taifeadta maidir le cócaon (28 %), eacstais/MDMA (25 %) agus amfataimín (19 %). Tuairiscíonn an tSlóivéin an infhaighteacht mheasta is airde de chnagchócaon (13 %) i measc na 16 thír a bhailigh an fhaisnéis seo. Faightear rátaí arda infhaighteachta measta freisin i gcás amfataimín (18 %) agus meitiolamfataimín (15 %) i Montainéagró. I gcodarsnacht leis sin, tá infhaighteacht mheasta drugaí aindleathacha eile fós íseal sa tSeoirsia, sa Mholdóiv agus in Oileáin Fharó, idir 1.8 % agus 3.6 % de ghnáth.

De ghnáth bíonn infhaighteacht mheasta substaintí níos airde i measc buachaillí ná cailíní, cé is moite de chócaon, agus tuairiscíonn cailíní (13%) go mbíonn sé níos inrochtana ná a thuairiscíonn buachaillí (12 %), ar an meán. I gcás gach substainte, tá an mheándifríocht inscne fós faoi bhun 1.5 pointe céatadáin. Mar sin féin, tá éagsúlacht i bpatrúin éagothromaíochta inscne ar fud na dtíortha agus na substaintí. I roinnt tíortha, amhail Lichtinstéin agus Monacó, tuairiscíonn buachaillí infhaighteacht mheasta níos airde de shubstaintí aindleathacha, agus i dtíortha eile, lena n-áirítear an Chipir, an tSlóvaic, an Bhulgáir agus Málta, tuairiscíonn cailíní infhaighteacht mheasta níos airde ná a thuairiscíonn buachaillí.

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 1995 go 2024

Tríd is tríd, idir 1995 agus 2003, tháinig méadú ar leitheadúlacht saoil úsáide drugaí aindleathacha. Ó 2003 i leith, d’fhan an mheánleitheadúlacht cobhsaí ag 19 % go dtí 2015, agus ansin tháinig laghdú uirthi go 17 % in 2019 agus arís go 14 % in 2024.

I measc na dtíortha a léiríonn méadú leanúnach thar iliomad rabhartaí bailithe sonraí ESPAD tá an Iorua, áit a bhfuil rátaí ag ardú ó 2011 i leith, agus Montainéagró, áit a bhfuil méadú seasta tagtha ar rátaí ó 2007 i leith, nuair a cuireadh tús le bailiú sonraí ESPAD ansin.

Idir 1995 agus 2019, lean cailíní agus buachaillí treochtaí comhchosúla, agus bhí an meánráta i measc cailíní i gcónaí idir 5 agus 6 phointe céatadáin níos ísle ná an meánráta i measc buachaillí. Idir 2019 agus 2024, áfach, laghdaigh an bhearna go dtí difríocht dhá phointe céatadáin, an difríocht is ísle riamh. Nuair a bhreathnaítear ar thíortha aonair, léiríonn an chuid is mó de thíortha ESPAD treochtaí comhthreomhara nó coinbhéirseacha idir buachaillí agus cailíní.

In 2007 bhí an leitheadúlacht saoil ab airde maidir le húsáid drugaí aindleathacha, seachas cannabas, agus tháinig laghdú beag uirthi ina dhiaidh sin go dtí 2019, agus í cobhsaí i gcónaí ina dhiaidh sin. Mar sin féin, leis an treocht fhoriomlán sin, déantar éagsúlachtaí tírshonracha a cheilt. Go sonrach, seasann an Chipir amach le méadú suntasach ó 2003 i leith, nuair a cuireadh tús le bailiú sonraí ESPAD sa tír sin.

Tá an treocht i gcéatadán na scoláirí a úsáideann drugaí aindleathacha seachas cannabas comhchosúil i gcás buachaillí agus cailíní, agus tuairiscíonn cailíní go comhsheasmhach rátaí pointe amháin go dhá phointe céatadáin níos ísle i ngach bliain suirbhé.

Úsáid cannabais

Hands of a girl rolling a cigarette

Tá cannabas fós ar an druga aindleathach is coitianta a úsáidtear ar fud na dtíortha ESPAD go léir. Ar an meán, tuairiscíonn 12 % de scoláirí gur bhain siad úsáid as cannabas uair amháin ar a laghad ina saol. Feictear an leitheadúlacht is airde sa tSeicia (24 %) agus sa Lichtinstéin (23 %), agus tá an leibhéal is ísle sa tSeoirsia (3.3 %) agus sa Mholdóiv (2.5 %). Cé go bhfuil laghdú tagtha ar an mbearna fhoriomlán idir na hinscní le himeacht ama, leanann buachaillí de bheith ag tuairisciú úsáid níos airde cannabais ná cailíní ar an meán (13 % i gcomparáid le 11 %). Tá an treocht sin le feiceáil i bhformhór na dtíortha, go háirithe san Úcráin (15 % i gcomparáid le 6.7 %) agus i Montainéagró (13 % i gcomparáid le 6.8 %). Mar sin féin, seasann Málta amach mar eisceacht, áit a bhfuil úsáid cannabais níos forleithne i measc cailíní (14 %) ná buachaillí (8.6 %).

Ar an meán, tuairiscíonn 2.4 % de scoláirí ESPAD gur úsáid siad cannabas den chéad uair ag 13 bliana d’aois nó níos óige. Taifeadtar na cionta is airde san Úcráin (4.9 %) agus sa tSeicia (4.1 %), agus is sa Mholdóiv (0.7 %) atá an cion is ísle. Tríd is tríd, tá úsáid luath cannabais níos coitianta i measc buachaillí ná cailíní, seachas sa Chipir, sa tSeicia, i Málta, sa tSlóivéin, san Ostair, sa tSlóvaic, sa Laitvia, sa Ghearmáin agus i Lichtinstéin.

Meastar gurb é cannabas an tsubstaint aindleathach is inrochtana, agus measann thart ar duine as gach ceathrar scoláirí ESPAD (26 %) go bhfuil sé measartha éasca nó an-éasca a fháil. Is airde an dearcadh infhaighteachta sa Danmhairg, sa Ghearmáin agus sa tSlóivéin (41 %) agus san Iorua (40 %). I gcodarsnacht leis sin, tuairiscítear an infhaighteacht mheasta is ísle sa Mholdóiv (5.3 %), san Úcráin (7.1 %), in Oileáin Fharó (11 %), sa Chosaiv agus sa tSeoirsia (12 %). Mar is amhlaidh le patrúin úsáide, is mó seans go measann buachaillí ná cailíní go bhfuil cannabas inrochtana go héasca (28 % i gcomparáid le 24 %).

Maidir le húsáid reatha, tuairiscíonn gach tír ESPAD rátaí leitheadúlachta faoi bhun 10 %, agus tá na figiúirí is ísle, faoi bhun 2 %, tugtha faoi deara sa Mholdóiv, sa tSeoirsia, sa Rómáin agus in Oileáin Fharó. Idir an dá linn, tá leitheadúlacht níos airde san Iodáil agus sa tSlóivéin (8.6 %) agus i Lichtinstéin (9.6 %). Arís eile, i gcás ina bhfuil bearna inscne ann, is gnách go dtuairiscíonn buachaillí níos mó úsáide reatha cannabais ná cailíní.

Déanann ESPAD measúnú freisin ar úsáid channabais ardriosca tríd an Tástáil Scagtha ar Mhí-úsáid Cannabais (CAST), a chuirtear i bhfeidhm ar scoláirí a thuairiscigh gur úsáid siad cannabas sa bhliain seo caite. Tá leitheadúlacht na húsáide ardriosca idir faoi bhun 1 % sa Mholdóiv agus sa tSeoirsia, go dtí uasmhéid 5.9 % sa tSeicia agus sa tSlóivéin. Ní thuairiscíonn ach cúpla tír ESPAD difríochtaí suntasacha inscne maidir le húsáid cannabais ardriosca, agus i ngach cás, léiríonn buachaillí figiúirí níos airde, seachas i Málta, áit a bhfuil leitheadúlacht beagán níos airde i measc cailíní (4.4 % i gcomparáid le 2.6 %).

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 1995 go 2024

Le tríocha bliain anuas, tá luaineachtaí suntasacha léirithe maidir le húsáid cannabais i measc ógánaigh na hEorpa. Shroich leitheadúlacht saoil na húsáide cannabais an céatadán is airde in 2003 agus in 2011 ag 18 %, ach ó shin i leith lean sí treocht laghdaitheach, ag sroicheadh 12 % in 2024, an leibhéal is ísle a taifeadadh ó cuireadh tús le ESPAD in 1995.

D’fhan úsáid reatha cannabais measartha cobhsaí le himeacht ama, ag athrú idir 6.7 % agus 7.4 % ó 1999 go 2019. Mar sin féin, léiríonn sonraí 2024 laghdú go 5 %, ag filleadh ar leibhéil gar dóibh siúd a breathnaíodh in 1995 (4.1 %).

D’ainneoin méadú seasta ar infhaighteacht mheasta cannabais go dtí 2019, nuair a thuairiscigh 33 % de scoláirí go raibh sé measartha éasca nó an-éasca é a fháil, thit an figiúr sin go tobann go 27 % in 2024, ag druidim leis an leibhéal a taifeadadh in 1995 (26 %).

Úsáid substaintí eile

Bailíodh sonraí sa suirbhé freisin maidir le substaintí eile, lena n-áirítear substaintí sícighníomhacha nua (NPS), drugaí sintéiseacha atá ceaptha chun aithris a dhéanamh ar éifeachtaí substaintí rialaithe traidisiúnta agus srianta dlíthiúla á seachaint ag an am céanna; cógais, lena n-áirítear suaimhneasáin nó támhacháin, a úsáidtear gan oideas dochtúra; pianmhúcháin, a úsáidtear chun siabhrán a bhaint amach; cógas airde/hipirghníomhaíochta, a úsáidtear gan oideas dochtúra, chomh maith le stéaróidigh anabalacha; ionanálaigh; agus, den chéad uair, ocsaíd nítriúil.

I measc scoláirí ESPAD, is ionann meánleitheadúlacht saoil úsáid NPS agus thart ar 3 %, agus taifeadadh na rátaí is airde sa Pholainn (6.4 %) agus sa tSlóivéin (6 %), agus taifeadadh na rátaí is ísle san Ísiltír, i Lichtinstéin, in Oileáin Fharó agus sa Mholdóiv (faoi bhun 1 %).

Tá meánleitheadúlacht saoil úsáid NPS beagán níos airde i measc buachaillí ná cailíní (2.8 % i gcomparáid le 2.6 %), cé go bhfuil difríochtaí inscne éagsúil idir tíortha. In 13 thír, tuairiscíonn cailíní leitheadúlacht saoil níos airde d’úsáid NPS in 2024. Feictear na bearnaí is mó i bhfabhar cailíní sa Chipir (6.6 % i gcás cailíní i gcomparáid le 2.9 % i gcás buachaillí) agus sa tSlóvaic (6.4 % i gcomparáid le 4.3 %), agus san Úcráin, tuairiscíonn buachaillí úsáid níos airde ar feadh an tsaoil ná cailíní (3.6 % i gcomparáid le 2 %).

Maidir le substaintí sonracha, tuairiscíonn 3.5 % de scoláirí ESPAD (bunaithe ar shonraí ó 23 as 37 tír) gur úsáid siad cannaibionóidigh shintéiseacha uair amháin ar a laghad ina saol, ó 0.7 % sa tSeoirsia go 16 % sa tSlóvaic. Ar an gcaoi chéanna, tuairiscíonn 1.1 % de scoláirí go n-úsáidtear cáitíonóin shintéiseacha ar feadh an tsaoil (meán arna ríomh ó 14 as 37 tír), agus is san Ungáir a fuarthas na figiúirí is airde (3.7 %). Tá éagsúlacht idir 0.6 % in úsáid ópóideach sintéiseach ar feadh an tsaoil sa tSeoirsia, in Éirinn agus sa Phortaingéil, agus 2.2 % san Eastóin, agus leitheadúlacht 1.1 % ar an meán ann (bunaithe ar shonraí ó 15 as 37 tír).

Ar an meán, léiríonn buachaillí leitheadúlacht úsáide beagán níos airde ná cailíní i gcás gach ceann de na trí aicme de shubstaintí sintéiseacha nua a áirítear sa suirbhé. Tá na heisceachtaí amháin le fáil sa Chipir, áit a dtuairiscíonn cailíní (9.1 %) leitheadúlacht níos airde d’úsáid shintéiseach cannaibionóidigh ná buachaillí (4.3 %), Málta (4.7 % i measc cailíní i gcomparáid le 2.4 % i measc buachaillí), an Laitvia (2.9 % i gcomparáid le 2.6 %) agus an Phortaingéil (2.1 % i gcomparáid le 1.7 %). Ina theannta sin, san Ungáir, tuairiscíonn cailíní go mbaineann siad úsáid níos airde ar feadh an tsaoil as cannaibionóidigh shintéiseacha (7.9 % i gcomparáid le 5.6 % i measc buachaillí) agus as cáitíonóiní sintéiseacha (4.3 % i gcomparáid le 2.9 %).

photo a hand holding a spray can

Is é 6.4 % ar an meán leitheadúlacht saoil na húsáide ionanálach, agus tá difríochtaí móra ann idir tíortha. Tá na rátaí is airde le fáil sa tSualainn (17 %) agus i Lichtinstéin (16 %), agus tuairiscítear na rátaí is ísle sa Chosaiv (1.3 %) agus sa Mhacadóin Thuaidh (2.1 %). In 2024, tá úsáid ionanálach níos airde i measc cailíní ar an meán (6.7 % i measc buachaillí i gcomparáid le 7.9 % i measc cailíní), agus tá sé níos airde i measc cailíní ná i measc buachaillí in 25 as 37 tír ESPAD. Den chéad uair riamh, rinneadh suirbhé ar úsáid ocsaíde nítriúla i measc scoláirí ESPAD in 18 dtír, agus thuairiscigh 3.1 % ar an meán úsáid ar feadh an tsaoil. Taifeadtar an leitheadúlacht is airde sa Bhulgáir (9.4 %) agus i Lichtinstéin (7.2 %), agus léiríonn an dá thír figiúirí níos airde do chailíní ná do bhuachaillí.

Tuairiscíonn thart ar 2.2 % de scoláirí ESPAD go n-úsáideann siad ionanálaigh den chéad uair ag 13 bliana d’aois nó níos óige, agus tá difríochtaí suntasacha ann idir tíortha. Tá úsáid ionanálach go luath sa réimse ó níos lú ná 1 % de scoláirí sa Phortaingéil (0.3 %) agus san Iodáil (0.4 %), go 5% nó níos mó sa Ghearmáin (5.9 %) agus sa tSlóivéin (5%).

Ar an meán, 14 % i dtíortha ESPAD is ea leitheadúlacht úsáide táirgí cógaisíochta ar feadh an tsaoil chun críoch neamhleighis, agus tá rátaí níos airde i measc cailíní (16 %) ná mar atá i measc buachaillí (11 %). Feictear an leitheadúlacht is airde sa Liotuáin (29 % ar an iomlán, 36 % i measc cailíní).

I measc na gcatagóirí éagsúla cógaisíochta, is iad suaimhneasáin agus támhúcháin neamhordaithe (8.5 %) na cinn is coitianta a úsáidtear, agus ina dhiaidh sin tá pianmhúcháin le siabhrán a bhaint amach, arna dtuairisciú ag 6.9 % de scoláirí ar an meán. Ar an iomlán, tuairiscíonn 3.4 % de scoláirí úsáid as drugaí airde/hipirghníomhaíochta, atá san áireamh i suirbhé ESPAD 2024 den chéad uair i bhfoshampla de 18 dtír. I ngach catagóir, tá úsáid chógaisíochta níos airde i measc cailíní de ghnáth, ach amháin sa Bhulgáir, áit a dtuairiscíonn buachaillí úsáid níos airde ar fud gach cineál cógas; Oileáin Fharó agus Éire le haghaidh suaimhneasán agus támhachán; an Chipir, an Bhulgáir, an Ghréig, an Iodáil, an Úcráin, an tSeoirsia, an Iorua agus an Spáinn le haghaidh pianmhúchán; agus an Danmhairg agus an Chosaiv le haghaidh drugaí airde/hipirghníomhaíochta.

Ar an meán, measann 19 % de scoláirí go bhfuil suaimhneasáin agus támhacháin neamhordaithe measartha éasca nó an-éasca a fháil, agus taifeadadh an infhaighteacht mheasta is airde sa Pholainn (49 %), sa Danmhairg (39 %) agus sa tSeicia (38 %). Is sa Mholdóiv (3.4 %) agus san Úcráin (5.9 %) a fheictear an infhaighteacht mheasta is ísle ar chógaisíocht. Is dóichí go measfaidh cailíní i ngach tír go bhfuil suaimhneasáin agus támhacháin ar fáil go héasca, seachas i gcás Mhonacó, na Macadóine Thuaidh, na Moldóive agus na Laitvia, áiteanna a dtuairiscíonn buachaillí go bhfuil infhaighteacht mheasta níos airde iontu.

Tuairiscíonn líon measartha beag scoláirí ar fud thíortha ESPAD go n-úsáidtear stéaróidigh anabalacha, ag 1.5 % ar an meán. Taifeadadh an céatadán is airde sa Chipir (4.2 %), agus ina dhiaidh sin an Pholainn (3.3 %) agus an Úcráin (2.8 %). Ar an iomlán, is mó seans go ndearna buachaillí ná cailíní triail as stéaróidigh anabalacha.

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 1995 go 2024

Lean úsáid saoil ionanálach i measc ógánaigh na hEorpa treocht mhéadaitheach go dtí 2011, agus tháinig laghdú ar an treocht ina dhiaidh sin. Sa lá atá inniu ann, tá na rátaí leitheadúlachta cosúil leis na rátaí a chonacthas i lár na 1990í. In 2024, leathnaíodh an bhearna inscne cúngaithe a tugadh faoi deara idir 2011 agus 2019, agus tá leitheadúlacht níos airde úsáide ionanálach i measc cailíní le feiceáil i bhformhór na dtíortha sa lá inniu. Mar sin féin, tá éagsúlacht sna treochtaí ar fud thíortha ESPAD. Cé go dtuairiscíonn roinnt tíortha, amhail an Bhulgáir, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iodáil agus an tSualainn méadú suntasach ar úsáid ionanálach ó 2011, go háirithe idir 2019 agus 2024, thuairiscigh tíortha eile laghdú, lena n-áirítear an Chróit, an tSeicia, an Eastóin, an Laitvia agus an Phortaingéil.

Is minic a mhúnlaítear treochtaí in úsáid cógaisíochta chun críoch neamhleighis le hathruithe ar an tsraith chógas atá san áireamh. Tríd is tríd, tá méadú tagtha ar úsáid saoil na suaimhneasán agus na dtámhachán ar fud na hEorpa i measc buachaillí agus cailíní araon, agus tuairiscíodh méaduithe suntasacha san Ostair, sa Ghearmáin, san Íoslainn, sa Liotuáin, san Iorua, sa tSualainn agus san Úcráin. Tá rátaí níos airde úsáide cógaisíochta tuairiscithe go seasta ag cailíní le himeacht ama.

Cearrbhachas ar airgead

Photo of young person lying on a sofa gambling/betting on mobile phone

Ar an meán, tuairiscíonn 23 % de scoláirí ESPAD go bhfuil cearrbhachas déanta acu ar airgead le 12 mhí anuas, cibé acu go pearsanta nó ar líne, trí chluichí áidh, amhail meaisíní sliotán, cluichí cártaí nó dísle, crannchuir, nó gealltóireacht ar spóirt nó ar rásaí ainmhithe.

Is san Iodáil atá an leitheadúlacht is airde cearrbhachas i measc scoláirí (45 %), agus ina dhiaidh sin tá an Íoslainn (41 %) agus an Ghréig (36 %), agus tá an ráta is ísle sa tSeoirsia (9.5 %).

Tuairiscíonn buachaillí go háirithe rannpháirtíocht níos airde sa chearrbhachas ná cailíní, ar an meán (29 % i gcomparáid le 16 %) agus i bhformhór na dtíortha araon. Is í an Íoslainn an t-aon eisceacht, áit a bhfuil an leitheadúlacht beagnach comhionann, agus 42 % de bhuachaillí agus 41 % de chailíní tar éis cearrbhachas a dhéanamh sna 12 mhí seo caite.

I measc scoláirí ESPAD a thuairiscíonn cearrbhachas ar airgead sa bhliain seo caite, roghnaigh formhór mór na scoláirí (85 %) cearrbhachas a dhéanamh i suíomhanna fisiciúla, amhail beáir agus clubanna. Tá an céatadán seo sa réimse idir 68 % sa tSualainn agus 98 % san Iodáil agus 97 % sa Chipir. Cé go bhfuil leitheadúlacht an chearrbhachais talamhbhunaithe i measc buachaillí beagnach dhá oiread níos forleithne ná i measc cailíní (25 % i gcomparáid le 14 %), tá an cion a rinne cearrbhachas in áiteanna fisiciúla beagán níos airde i measc cailíní (86 %) ná buachaillí (84 %) ar an meán, agus ní thugtar ach difríochtaí beaga inscne faoi deara i bhformhór na dtíortha.

Thart ar bheirt as triúr (65 %) de scoláirí ESPAD a thuairiscigh go ndearna siad cearrbhachas ar airgead le bliain anuas, rinne siad é trí ardáin ar líne, cibé acu go heisiach nó in éineacht le suíomhanna fisiciúla. Tá na cionta is airde le tabhairt faoi deara sa tSualainn (81 %), sa tSlóivéin (77 %), sa Chosaiv (76 %), san Íoslainn (75 %), i Montainéagró (75 %), sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic (74 % an ceann), agus tá na cionta is ísle le fáil san Iodáil (28 %) agus sa Spáinn (44 %). Tá leitheadúlacht na rannpháirtíochta cearrbhachais ar líne i measc buachaillí (20 %) níos mó ná dhá oiread na rannpháirtíochta i measc cailíní (8.7 %). Fiú i measc scoláirí a thuairiscíonn cearrbhachas ar airgead a dhéanamh sa bhliain seo caite, tá an céatadán díobh siúd a roghnaíonn an cainéal ar líne níos airde i measc buachaillí (70 %) ná i measc cailíní (54 %). Murab ionann agus cearrbhachas talamhbhunaithe, tugtar éagsúlacht mhór faoi deara i ndifríochtaí inscne ar fud tíortha: is sa Phortaingéil a fheictear an leibhéal is airde (80 % i measc buachaillí i gcomparáid le 43 % i measc cailíní), cé nach bhfuil aon difríochtaí inscne nó difríochtaí an-bheag idir na hinscní sa Mhacadóin Thuaidh, sa Chosaiv, sa Mholdóiv, san Íoslainn, sa Spáinn, sa Ghearmáin agus i Lichtinstéin.

Déanann ESPAD measúnú freisin ar iompar díobhálach cearrbhachais a d’fhéadfadh a bheith ann tríd an ionstraim scagthástála Lie/Bet, a chuirtear i bhfeidhm ar scoláirí a thuairiscíonn rannpháirtíocht chearrbhachais sa bhliain seo caite. Tá an céatadán de chearrbhaigh ar scoláirí iad a léiríonn iompar díobhálach cearrbhachais a d’fhéadfadh a bheith ann sa réimse idir níos lú ná 5 % i Lichtinstéin, sa tSeicia, in Oileáin Fharó agus i Monacó, agus 22 % ar a mhéad sa Chosaiv. Cé go bhfuil an céatadán de chearrbhaigh ar scoláirí iad agus a d’fhéadfadh iompar díobhálach a bheith acu níos airde i measc buachaillí (11 % i gcomparáid le 4.6 % i measc cailíní), ar an meán agus i bhformhór mór na dtíortha, ní hamhlaidh an cás i Málta (7.1 % i gcomparáid le 3.7 %) agus sa Chipir (8.3 % i gcomparáid le 5 %).

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 2015 go 2024

Cé gur ghlac go leor tíortha Eorpacha le rialacháin chearrbhachais níos déine le blianta beaga anuas, agus béim níos mó á leagan ar mhionaoisigh a chosaint, d’fhan cearrbhachas i measc ógánaigh na hEorpa cobhsaí ó chuir ESPAD tús le himscrúdú a dhéanamh ar an tsaincheist den chéad uair in 2015. Mar sin féin, tá athruithe suntasacha tagtha chun cinn le himeacht ama.

Go sonrach, tháinig laghdú beag ar rannpháirtíocht chearrbhachais i measc buachaillí, ó 32 % in 2015 go 30 % in 2024, agus tháinig méadú beag air i measc cailíní, ó 14 % go 16 % thar an tréimhse chéanna.

Tá fás suntasach tagtha ar an gcearrbhachas ar líne, agus tá méadú tagtha ar a leitheadúlacht ó 7.9 % in 2019 go 14 % in 2024. Cé go bhfuil an bhearna idir na hinscní i gcearrbhachas ar líne fós ann, d’fhás rátaí rannpháirtíochta níos mó ná leathchuid i measc buachaillí (ó 13 % in 2019 go 20 % in 2024) agus d’fhás siad faoi thrí i measc cailíní (ó 2.7 % in 2019 go 8.7 % in 2024).

Tá méadú suntasach tagtha ar chéatadán na gcearrbhach ar scoláirí iad a léiríonn próifíl chearrbhachais a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, ar méadú beagnach faoi dhó é ó 4.7 % in 2019 go 8.5 % in 2024. Cé go bhfuil an céatadán seo i bhfad níos airde i measc buachaillí, tá an méadú níos suntasaí i measc cailíní.

Léiríonn na figiúirí sin tírdhreach athraitheach chearrbhachas na n-ógánach, go háirithe ról méadaitheach an chearrbhachais ar líne agus dinimic inscne atá ag athrú, rud a éilíonn faireachán leanúnach agus idirghabhálacha saincheaptha.

Cluichíocht agus na meáin shóisialta

Young person gaming on a computer with headphones

Ar an iomlán, tuairiscíonn 80 % de scoláirí ESPAD gur imir siad cluichí digiteacha uair amháin ar a laghad sa mhí seo caite. D’imir thart ar 70 % ar ghnáthlá scoile sna 30 lá seo caite, agus d’imir 77 % ar lá nach lá scoile é. Ar fud thíortha ESPAD, tá leitheadúlacht na cluichíochta sa mhí seo caite ar an leibhéal is ísle sa Chosaiv (59 %) agus sa Mholdóiv (66 %), agus tuairiscítear an leibhéal is airde i Lichtinstéin (95 %) agus sa Ghearmáin (91 %). Is mó seans go rachaidh buachaillí i mbun cluichíochta ná cailíní (89 % i gcomparáid le 71 %), rud a léiríonn bearna chomhsheasmhach idir na hinscní i rannpháirtíocht cluichíochta ar fud na dtíortha. Tá an bhearna sin an-leathan sa Ghréig agus san Íoslainn, sa réimse ó 33 go 35 pointe céatadáin, cé go bhfuil sí fíorbheag nó in easnamh sa Chipir, san Úcráin agus sa Bhulgáir (0 go 5 phointe céatadáin).

Sna 30 lá seo caite, tuairiscíonn 17 % de scoláirí ESPAD ceithre uair an chloig nó níos mó ar an meán d’am cluichí ar ghnáthlá scoile agus 32 % ar ghnáthlá nach lá scoile é, agus rátaí dhá oiread níos airde i measc buachaillí i gcomparáid le cailíní sa dá chás.

Déanann ESPAD measúnú freisin ar an riosca féinmheasta a bhaineann le cluichíocht agus úsáid na meán sóisialta trí scála trí mhír a d’fhorbair Holstein agus comhghleacaithe in 2014. De réir na n-údar, léiríonn scór 2 nó 3 go bhfuil ardriosca féinmheasta fadhbanna ann a bhaineann le cluichíocht agus úsáid na meán sóisialta.

In 2024, scóráil 22 % de scoláirí ESPAD 2-3 phointe ar an scála riosca cluichíochta measta. Tá an beart seo ag an gcéatadán is ísle sa tSeicia (12 %), sa Danmhairg (13 %), san Ostair agus san Fhionlainn (14 %), agus ag an gcéatadán is airde sa Chipir (37 %), sa Liotuáin agus san Ísiltír (31 % an bheirt).

Ar an iomlán, tá níos mó ná dhá oiread seans ann go bhfaighidh buachaillí (30 %) scór dearfach ar an scála riosca cluichíochta measta ná cailíní (13 %). Tá na difríochtaí inscne is mó le feiceáil sa Phortaingéil agus sa Ghearmáin, áiteanna a mbíonn scóir 25-26 pointe céatadáin níos airde ag buachaillí ná a bhíonn ag cailíní. I gcodarsnacht leis sin, is beag an bhearna atá ann sa Chipir (lúide 1 phointe céatadáin) agus d’aisiompaíodh í san Ísiltír fiú, áit a bhfaigheann cailíní scór 7 bpointe céatadáin níos airde ná a fhaigheann buachaillí.

Maidir le húsáid na meán sóisialta, scórálann beagnach leathchuid de na scoláirí (47 %) 2–3 phointe ar scála riosca úsáide na meán sóisialta measta. Tá an leitheadúlacht is airde le fáil san Ostair (58 %), i Lichtinstéin (57 %) agus sa Ghearmáin (56 %), agus tá an ráta is ísle le fáil sa tSeicia (29 %), san Ungáir agus sa Pholainn (32 % an bheirt).

Tá seans níos fearr ann go bhfaighidh cailíní (53 %) scór dearfach ná buachaillí (42 %) ar scála riosca úsáide na meán sóisialta measta. Sa chás sin, tagann na difríochtaí inscne laistigh de réimse níos cúinge, ó 3 phointe go 17 bpointe céatadáin, go comhsheasmhach i bhfabhar cailíní. Tá na bearnaí is mó le sonrú in Oileáin Fharó, i Lichtinstéin agus sa tSlóvaic (17 %).

Na treochtaí a rianú: an chaoi ar tháinig athrú ar chúrsaí ó 2015 go 2024

Léiríonn na torthaí ESPAD is déanaí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar leitheadúlacht cluichíochta i measc scoláirí 16 bliana d’aois le himeacht ama, ag ardú ó 47 % in 2015 go 80 % in 2024. Tá an treocht thar a bheith suntasach i measc cailíní, agus tá méadú níos mó ná faoi thrí tagtha ar a leitheadúlacht cluichíochta, ó 22 % in 2015 go 71 % in 2024. Cé go dtuairiscíonn buachaillí rannpháirtíocht cluichíochta níos airde go comhsheasmhach, tá an méadú sin céim ar chéim, ag ardú ó 71 % in 2015 go 89 % in 2024. Tugann an bhearna inscne atá ag laghdú le fios go bhfuil an chluichíocht, gníomhaíocht fireann í tráth den chuid is mó, tar éis éirí níos coitianta i measc cailíní.

D’fhan leitheadúlacht an riosca cluichíochta measta measartha cobhsaí, agus tháinig méadú beag ar na rátaí foriomlána ó 20 % in 2015 go 22 % in 2024. I measc buachaillí, d’fhan an céatadán comhsheasmhach ag thart ar 30 %, agus tá méadú tagtha air i measc cailíní ó 9.5 % in 2015 go 13 % in 2024, rud atá i gcomhréir lena rannpháirtíocht cluichíochta atá ag dul i méid.

Tá méadú tagtha ar úsáid fhadhbach mheasta na meán sóisialta ó 38 % in 2015 go 47 % in 2024 ar an iomlán. Bhí an méadú níos suntasaí i measc buachaillí, ag méadú ó 30 % go 41 %, agus i measc cailíní d’fhan an ráta ard go seasta, ag thart ar 53-54 %.

Folláine mheabhrach

Tar éis phaindéim COVID-19 agus le linn coinbhleachtaí leanúnacha san Eoraip agus sa Mheánoirthear, neartaigh ESPAD a fhócas ar fholláine mheabhrach na n-ógánach. Tá méadú tagtha ar na hábhair imní maidir le meabhairshláinte na hóige mar gheall ar éifeachtaí leanúnacha an leithlisithe shóisialta, an tsuaite oideachais agus na héagobhsaíochta socheacnamaíche.

Chun measúnú agus faireachán córasach a dhéanamh ar an tsaincheist sin, áiríodh i suirbhé ESPAD 2024 den chéad uair Innéacs Folláine EDS-5, tomhas bailíochtaithe ar staid mheabhrach bunaithe ar eispéiris saoil a tharla le déanaí. Meastar go léiríonn scór os cionn 50 as 100 dea-fholláine mheabhrach.

Ar an meán, tuairiscíonn 59 % de scoláirí go bhfuil dea-fholláine mheabhrach acu. Ar bhonn réigiúnach, tá na rátaí folláine is airde le fáil i dtuaisceart na hEorpa, agus léiríonn Oileáin Fharó (77 %), an Íoslainn (75 %) agus an Danmhairg (72 %) an leitheadúlacht is airde. Is í an Úcráin (43 %) an tír ag a bhfuil an ráta dea-fholláine féintuairiscithe is ísle, áit a bhfuil, ó 2022 i leith, ógánaigh nochta d’eachtraí trámacha agus áit a bhfuil rochtain theoranta acu ar chúram meabhairshláinte, agus ina dhiaidh sin an tSeicia (46 %), an Ungáir (47 %), an Chipir agus an Pholainn (49 %).

Is iondúil go mbíonn dea-fholláine mheabhrach níos airde i measc buachaillí ná cailíní, ar an meán (69 % i gcomparáid le 49 %) agus ar fud thíortha uile ESPAD araon. Tá na difríochtaí inscne is mó le sonrú san Iodáil (66 % i measc buachaillí i gcomparáid le 35 % i measc cailíní), sa Pholainn (64 % i measc buachaillí i gcomparáid le 33 % i measc cailíní) agus sa tSualainn (78 % i measc buachaillí i gcomparáid le 48 % i measc cailíní). Tá na bearnaí inscne is lú le fáil sa Chipir (52 % i measc buachaillí i gcomparáid le 46 % i measc cailíní), san Úcráin (48 % i measc buachaillí i gcomparáid le 39 % i measc cailíní), in Oileáin Fharó (83 % i measc buachaillí i gcomparáid le 72 % i measc cailíní) agus sa tSeoirsia (75 % i measc buachaillí i gcomparáid le 62 % i measc cailíní).

Gníomhaíochtaí coisctheacha

Students in a classroom

Tuairiscíonn thart ar 72 % de scoláirí ESPAD gur ghlac siad páirt in idirghabháil choisctheach amháin ar a laghad sa dá bhliain sula ndearnadh an suirbhé. I measc na n-idirghabhálacha sin tá imeachtaí feasachta, atá dírithe ar fhaisnéis a chur ar fáil amháin, agus cláir atá bunaithe ar scileanna, ina gcuimsítear gníomhaíochtaí idirghníomhacha atá deartha chun scileanna pearsanta agus sóisialta a fhorbairt. Is é seo an chéad bhailiúchán sonraí inar áiríodh faisnéis maidir le rannpháirtíocht i gcláir choisctheacha, lena dtugtar léargas nua ar rannpháirtíocht na hóige i dtionscnaimh den sórt sin. Tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir nach bhfuil gach idirghabháil choisctheach bunaithe ar fhianaise.

Tuairiscíonn níos mó ná leathchuid de na scoláirí (56 %) gur fhreastail siad ar imeachtaí feasachta nó faisnéise maidir le substaintí dleathacha agus aindleathacha nó iompraíochtaí riosca. Tá na rátaí rannpháirtíochta is airde sa tSlóvaic (77 %) agus san Ungáir (74 %), agus tá na rátaí is ísle sa Chosaiv (31 %) agus i Montainéagró (38 %).

Is é an t-alcól an topaic is minice a dtugtar aghaidh air, agus tuairiscíonn 49 % de na scoláirí go raibh siad rannpháirteach in imeachtaí faisnéise gaolmhara. Ar an leibhéal náisiúnta, tá na céatadáin is airde sa tSlóvaic (70 %) agus sa Chróit (67 %), agus taifeadtar na céatadáin is ísle sa Chosaiv (18 %).

Is iad imeachtaí a bhaineann le tobac an dara ceann is minice a tuairiscíodh, agus freastalaíonn 38% de scoláirí orthu. Feictear na rátaí freastail is airde sa tSlóvaic agus san Ungáir (59 %), agus is sa Chipir (22 %) agus sa tSeoirsia (23 %) atá na rátaí is ísle.

Ní thuairiscíonn ach 31 % de scoláirí ESPAD, ar an meán, gur fhreastail siad ar imeachtaí feasachta nó faisnéise maidir le substaintí aindleathacha. Tá na rátaí rannpháirtíochta is airde sa tSlóvaic (60 %) agus san Íoslainn (56 %), agus tá na rátaí is ísle sa Chosaiv (10 %), sa tSeoirsia agus sa tSualainn (11 % an bheirt).

Is iad na hábhair is lú a dtugtar aghaidh orthu iompraíochtaí riosca nach mbaineann le substaintí, amhail cearrbhachas, cluichíocht nó neamhoird idirlín, agus tuairiscíonn 28 % ar an meán de scoláirí ESPAD rannpháirtíocht. Taifeadtar an ráta rannpháirtíochta is airde san Íoslainn agus sa tSlóivéin (48 %), agus is sa Chosaiv atá an ráta is ísle (9.4 %).

Is iad cailíní is minice a thuairiscíonn rannpháirtíocht in imeachtaí feasachta nó faisnéise a bhaineann le substaintí. Mar sin féin, i gcás imeachtaí a bhaineann le cearrbhachas, le cluichíocht agus le neamhoird idirlín, tuairiscíonn buachaillí (30 %) rannpháirtíocht níos airde ná cailíní (24 %).

Maidir le gníomhaíochtaí oiliúna idirghníomhacha, ar comhpháirt lárnach d’iarrachtaí coisctheacha í, tuairiscíonn 55% de scoláirí ESPAD go nglacann siad páirt in idirghabhálacha atá dírithe ar scileanna sóisialta, scileanna pearsanta nó litearthacht sna meáin a fhorbairt. Ar an leibhéal náisiúnta, tá rannpháirtíocht sa réimse idir 35 % in Oileáin Fharó agus 36 % sa tSualainn, go 71 % i Málta agus sa Spáinn agus 72 % san Fhionlainn.

Díríonn an cineál oiliúna is minice a thuairiscítear ar scileanna sóisialta, 41 % ar an meán, arb é is aidhm dó idirghníomhaíocht agus cumarsáid le daoine eile a fheabhsú (e.g. mothúcháin a chur in iúl, comhbhá a chur in iúl agus dul i ngleic le piarbhrú). Taifeadann an Fhionlainn an ráta rannpháirtíochta is airde (64 %), agus léiríonn an tSualainn an ráta is ísle (25 %).

Tuairiscíonn cion comhchosúil de scoláirí (40 %) go nglacann siad páirt in oiliúint litearthachta na meán, lena ndírítear ar anailís chriticiúil a dhéanamh ar fhógraí agus ar inneachar na meán chun teachtaireachtaí atá beartaithe a aithint agus chun soghabháltacht i leith ionramhála a laghdú. Bhí na gníomhaíochtaí oiliúna sin is leitheadaí san Fhionlainn (60 %) agus sa Danmhairg (59 %), agus is lú coitianta sa Chosaiv (20 %).

Díríonn an cineál oiliúna is lú forleithne ar scileanna pearsanta a fheabhsú, straitéisí a thabhairt do scoláirí go ginearálta chun déileáil le cásanna dúshlánacha saoil ar bhealach sláintiúil, arna dtuairisciú ag beagán os cionn aon trian de scoláirí ESPAD (36 %). Tá na rátaí rannpháirtíochta is airde sa Liotuáin (56 %) agus i Málta (55 %), agus ta na rátaí is ísle in Oileáin Fharó (23 %) agus sa tSualainn (24 %).

Ar an iomlán, tá an bhearna idir na hinscní maidir le rannpháirtíocht a thuairisciú níos suntasaí i gcás na n-idirghabhálacha sin, agus thuairiscigh 60 % de chailíní go raibh siad rannpháirteach i gcomparáid le 51 % de bhuachaillí. Bíonn an patrún seo comhsheasmhach i gcónaí i ngach cineál oiliúna.

Cé gur gnách go mbíonn imeachtaí feasachta nó faisnéise níos comhchruinnithe in oirthear na hEorpa, tá tionscnaimh choisctheacha bunaithe ar scileanna, a mheastar a bhfuil acmhainneacht éifeachtúlachta níos airde acu i gcomparáid le himeachtaí feasachta nó faisnéise, níos forleithne in iarthar agus i ndeisceart na hEorpa.

Tíortha rannpháirtíochta

Ghlac na tíortha seo a leanas páirt in eagrán 2024 de shuirbhé ESPAD:
An Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Oileáin Fharó, an Fhionlainn, an Fhrainc, an tSeoirsia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Chosaiv (1), an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Málta, an Mholdóiv, Monacó, Montainéagró, an Ísiltír, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Úcráin.

Sonraí foinseacha

Tá na sonraí a úsáidtear chun léirshamhluithe sonraí a ghiniúint ar an leathanach seo le fáil thíos, agus inár gCatalóg Sonraí. Cumhdaítear an tacar sonraí seo le ceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Nóta maidir le sannadh, bain úsáid as ‘Tionscadal Suirbhé Scoileanna na hEorpa maidir le hAlcól agus Drugaí Eile (ESPAD)’.

Maidir le ESPAD

Is iarracht chomhoibríoch é an Tionscadal Suirbhé Scoileanna na hEorpa maidir le hAlcól agus Drugaí Eile (ESPAD) d’fhoirne taighde neamhspleácha i níos mó ná 40 tír Eorpacha agus is é an tionscadal taighde trasnáisiúnta is mó é ar fud an domhain maidir le húsáid substaintí i measc ógánach. Is í aidhm fhoriomlán an tionscadail sonraí inchomparáide a bhailiú arís agus arís eile maidir le húsáid substaintí i measc scoláirí 15-16 bliana d’aois san oiread tíortha Eorpacha agus is féidir. Is príomh-chomhpháirtí é EUDA i dtionscadal ESPAD.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin ESPAD.

    Maidir leis an bhfoilseachán seo

    Lua molta: Grúpa ESPAD (2025), Key findings from the 2024 European School Survey Project on Alcohol and Other Drugs (ESPAD) [Príomhthorthaí ó Thionscadal Suirbhé Scoileanna na hEorpa 2024 maidir le hAlcól agus Drugaí Eile (ESPAD)], Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh, Liospóin, https://www.euda.europa.eu/publications/data-factsheets/espad-2024-key-findings_en

    Aitheantóirí

    HTML: TD-01-25-003-GA-Q
    ISBN: 978-92-9408-045-5
    DOI: 10.2810/3954718

    (1) Is gan dochar atá an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/99 agus tuairim CBI faoi dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    Acmhainní gaolmhara


    Top