Soláthar, táirgeadh agus réamhtheachtaithe drugaí – an staid reatha san Eoraip (Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023)

Cover of the European Drug Report 2023 drug supply, production, precursors

Tugtar le fios in anailís ar na táscairí atá ar fáil a bhaineann le soláthar maidir leis na drugaí aindleathacha a úsáidtear go coitianta san Aontas Eorpach go bhfuil an infhaighteacht fós ard maidir le gach cineál substainte. Ar an leathanach seo, tugtar forléargas ar sholáthar drugaí san Eoraip bunaithe ar na sonraí is déanaí a thacaítear le faisnéis suas chun dáta maidir leis na treochtaí ama ó thaobh urghabhálacha drugaí agus cionta dlí drugaí, mar aon le sonraí 2021 maidir le táirgeadh drugaí agus urghabhálacha réamhtheachtaithe.

Is cuid den Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023 ina dtugtar forléargas bliantúil EMCDDA ar staid na ndrugaí san Eoraip é an leathanach seo.

An nuashonrú is déanaí: 16 Meitheamh 2023

Rioscaí méadaithe don tsláinte phoiblí, don tsochaí agus don chomhshaol de dheasca éagsúlú i dtáirgeadh drugaí sintéiseacha

Tugtar le fios in anailís ar na táscairí atá ar fáil a bhaineann le soláthar maidir leis na drugaí aindleathacha a úsáidtear go coitianta san Aontas Eorpach go bhfuil an infhaighteacht fós ard maidir le gach cineál substainte. Is sainghné den mhargadh drugaí anois í an infhaighteacht réasúnta forleathan de raon níos leithne drugaí ar minic a chuirtear ar fáil ag ardneart nó ag ardíonacht. Áirítear leo sin substaintí nua nó níos nuálaí ar dócha gur teoranta é an t‑eolas do thomhaltóirí agus an t‑eolas eolaíoch atá ar fáil ina leith maidir leis na rioscaí sláinte a ghabhann leo. Tá méadú ag teacht freisin ar éagsúlacht na bhfoirmeacha ina bhféadfadh substaintí a chur ar an margadh agus, i gcásanna áirithe, ar na bealaí trína bhféadfaí iad a ídiú. Ar an iomlán, is léir ó na forbairtí sin go bhfuil imní ann go bhféadfaí úsáid ní ba mhó de na substaintí aindleathacha a bheith ann, agus go bhféadfadh sé gur ag fás atá na rioscaí a bhaineann le substaintí áirithe. Go háirithe, tá imní ann go bhféadfadh daoine a úsáideann drugaí a bheith i mbaol ní ba mhó go mbeadh torthaí díobhálacha sláinte i ndán dóibh, lena n‑áireofaí nimhiú agus bás, fiú, as substaintí ardnirt nó substaintí ní ba nuálaí a ídiú, cuir i gcás.

Is léir gur éascaitheoir tábhachtach é an domhandú ó thaobh na modhanna oibríochtúla atá in úsáid ag grúpaí coireachta eagraithe maidir le hinfhaighteacht ard drugaí san Eoraip. Tá fianaise ann go bhfuil baint níos dlúithe ag táirgeoirí drugaí agus ag gáinneálaithe drugaí Eorpacha le líonraí coiriúla idirnáisiúnta, rud a fhágann go bhfuil tuilleadh athléimneachta ann i sreafaí aindleathacha drugaí isteach san Aontas Eorpach agus amach as. Tá tíortha éagsúla i Meiriceá Theas, san Áise Thiar agus san Áise Theas agus san Afraic Thuaidh fós ina limistéir fhoinseacha thábhachtacha le haghaidh drugaí aindleathacha a thagann isteach san Eoraip, agus tá an tSín agus an India fós ina dtíortha foinseacha tábhachtacha le haghaidh substaintí sícighníomhacha nua, agus d’fhéadfadh ról na hIndia a bheith ní ba lárnaí i gcás roinnt substaintí. Tuairiscítear go minic gurb ón tSín a thagann réamhtheachtaithe drugaí agus ceimiceáin ghaolmhara.

Leanadh de bhrath urghabhálacha móra drugaí i gcoimeádáin loingseoireachta idirmhódúla le blianta beaga anuas, rud a thugann le fios nár cuireadh isteach ar an mórchóir ar an gcineál gáinneála sin le linn thréimhse na paindéime. In áiteanna eile, tá fianaise ann go bhfuil an margadh curtha in oiriúint den chuid is mó d’aon suaitheadh a tharla mar thoradh ar bhearta a tugadh isteach le linn na paindéime agus a d’fhéadfadh a bheith ann freisin mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin faoi láthair. Údar imní atá an-choitianta is ea go ndíríonn oibríochtaí gáinneála ar dhrugaí níos mó agus níos mó ar bhonneagar tráchtála dlisteanach a bhfuil baint aige leis an trádáil dhomhanda, le hiarrachtaí doiciméadaithe slabhraí soláthair a scagadh agus príomhfhoireann a shaothrú trí imeaglú nó trí chleachtais éillitheacha. Is léir an méid sin ón aire mhéadaithe atá á tabhairt ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí don bhagairt sin. Ar bhonn níos ginearálta, agus go háirithe i dtíortha na hEorpa arb eol go dtagann líon mór drugaí isteach iontu nó go dtáirgtear líon mór drugaí iontu, tá méadú ag teacht ar aitheantas i measc lucht déanta beartas agus an phobail gur saincheist í a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an bhforéigean agus leis na cleachtais éillitheacha a bhaineann le hoibríochtaí mhargadh na ndrugaí.

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar scála agus ar chastacht an táirgthe aindleathaigh drugaí laistigh den Eoraip, agus tá an Eoraip fós ina réigiún táirgthe le haghaidh cannabais agus drugaí sintéiseacha; is le haghaidh a ídithe san Eoraip an cannabas a tháirgtear anseo de ghnáth, agus is le haghaidh margaí neamh-AE a mhonaraítear drugaí sintéiseacha anseo freisin. In 2021, rinneadh 434 saotharlann táirgthe drugaí sintéiseacha aindleathacha, lena n‑áirítear roinnt saoráidí mórscála, a dhíchóimeáil san Aontas Eorpach. Ní hamháin gur léiríodh in athbhreithniú ar na láithreáin táirgthe sin an acmhainneacht shuntasach atá ann maidir le táirgeadh drugaí sintéiseacha san Eoraip ach freisin éagsúlacht mhéadaithe na bpróiseas táirgthe a úsáidtear le haghaidh roinnt drugaí. I gcomparáid le 2020, tháinig méadú in 2021 ar líon na saotharlann a díchóimeáladh chun cócaon agus meitiolamfataimín a tháirgeadh, agus d’fhan sé cobhsaí le haghaidh amfataimín, agus chonacthas laghdú beag i gcás láithreáin táirgthe cáitíonón sintéiseach. Tháinig laghdú aon cheathrú freisin ar bhrath láithreáin táirgthe MDMA, rud a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar aistriú i dtreo substaintí sintéiseacha eile a tháirgeadh. Mar sin féin, ní mór na sonraí sin a léirmhíniú go cúramach, mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bpaindéim ar ghníomhaíochtaí póilíneachta agus ar thuairisciú agus, ina theannta sin, toisc go bhféadfadh tionchar a bheith ag go leor tosca ar éifeachtúlacht choibhneasta fhorfheidhmiú an dlí maidir le láithreáin táirgthe a bhrath. Tugann brath saoráidí ar leith le haghaidh táirgeadh, eastóscadh, gearradh agus pacáistiú cócaoin le fios, áfach, go bhfuil táirgeadh cócaoin seanbhunaithe san Eoraip anois agus go bhfuil modhanna níos nuálaí á n‑úsáid chun teacht isteach san Eoraip an druga sin a éascú.

Is léir go bhfuil nuálaíocht i gceist le próisis táirgthe freisin ó roinnt gabhálacha ceimiceán le déanaí is féidir a úsáid chun na ceimiceáin réamhtheachtacha a mhonarú is gá chun amfataimín, meitiolamfataimín agus MDMA a tháirgeadh agus ar an gcaoi sin dul timpeall ar na rialuithe atá i bhfeidhm chun infhaighteacht na ndrugaí sin a laghdú. Tá samplaí ann freisin den gháinneáil ar dhíorthaigh cáitíonón sintéiseach atá ceilte go ceimiceach agus atá beartaithe lena dtiontú iar-allmhairiúcháin ina gcáitíonóin atá oiriúnach lena ndíol san Aontas Eorpach.

Cé nach bhfuil sé coitianta, leanadh de chomhshaotharlanna nó de láithreáin táirgthe ildrugaí a bhrath idir 2017 agus 2020. De ghnáth, táirgtear roinnt drugaí spreagthacha éagsúla, amhail amfataimín nó MDMA le meitiolamfataimín, ag an suíomh céanna. Is díol spéise é gur thuairiscigh ní ba mhó Ballstát AE láithreáin táirgthe meitiolamfataimín a dhíchóimeáil in 2021 agus réamhtheachtaithe a urghabháil chun é a tháirgeadh, rud a chuir leis an imní go bhféadfadh infhaighteacht an druga sin a bheith i gceist i gcás tuilleadh tíortha. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur minic a bhíonn táirgeadh meitiolamfataimín ceaptha lena onnmhairiú chuig margaí éadálacha lasmuigh den Aontas Eorpach. Tugann méadú ar bhrath saotharlainne agus ar urghabhálacha réamhtheachtaithe le tuiscint gur dócha go mbeidh an Pholainn ina suíomh tábhachtach do tháirgeadh cáitíonón sintéiseach san Eoraip. Tá sé fós doiléir a mhéid a bhaineann an táirgeadh sin le margaí na hEorpa nó le honnmhairiú chuig tíortha lasmuigh den Eoraip.

Is dúshlán casta do chustaim, d’fhorfheidhmiú an dlí agus don rialáil dhlíthiúil é tacar níos leithne ceimiceán a bheith in úsáid chun substaintí nua agus próisis sintéise éagsúla a chruthú le haghaidh drugaí atá níos seanbhunaithe. Tá táirgeadh drugaí sintéiseacha aindleathacha laistigh den Aontas Eorpach lena n‑onnmhairiú agus lena gcur ar mhargaí áitiúla araon fós ina fhoinse rioscaí don tsláinte phoiblí, do dhaoine a úsáideann na substaintí a d’fhéadfadh a bheith guaiseach agus mar gheall ar an dochar féideartha don chomhshaol ar bhonn áitiúil de thairbhe a dtáirgthe. Ós rud é gur príomhsprioc iad slabhraí soláthair lóistíochta riachtanacha le haghaidh insíothlú ag grúpaí coireachta eagraithe, tá iarrachtaí chun oibrithe agus oifigigh a thruailliú ina gcuid níos tábhachtaí de na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag margaí drugaí aindleathacha ar phobail de dheasca an fhoréigin a ghabhann leis sin agus chleachtas éillitheach na ngrúpaí sin.

Príomhshonraí agus príomhthreochtaí

Treochtaí soláthair drugaí

  • Ar an iomlán, léiríonn treochtaí innéacsaithe gur tháinig méadú ar líon na ndrugaí go léir a urghabhadh san Aontas Eorpach idir 2011 agus 2021, go háirithe le cúig bliana anuas, cé go raibh roinnt luaineachta sna cainníochtaí amfataimín agus meitiolamfataimín a urghabhadh le trí bliana anuas.

  • Idir 2011 agus 2021, ba iad na méaduithe ba mhó cócaon (+ 416 %), cannabas luibhe (+ 260 %), meitiolamfataimín (+ 135 %), hearóin (+ 126 %), MDMA (+ 123 %), roisín cannabais (+ 77 %) agus amfataimín (+ 42 %). In ainneoin go bhfuil margaí tomhaltóirí suntasacha le haghaidh na ndrugaí seo san Eoraip, is dócha go léiríonn an méadú ar na cainníochtaí a urghabhtar – i bpáirt, ar a laghad – an ról níos lárnaí atá ag an Eoraip mar ionad táirgthe, onnmhairithe agus idirthurais ó thaobh na ndrugaí sin de.

  • Níl sé éasca treochtaí in urghabhálacha drugaí a léirmhíniú de bhrí go bhfuil tionchar ag straitéisí agus tosaíochtaí forfheidhmithe póilíneachta agus dlí orthu, ag an rath a bhíonn ar ghrúpaí gáinneála nó ar an dul chun cinn a dhéanann siad ar shlí éigin eile chun brath a sheachaint, agus ag aon athrú bunúsach ar infhaighteacht agus úsáid.

  • Tuairiscíodh thart ar aon mhilliún urghabháil san Aontas Eorpach in 2021, agus ba iad táirgí cannabais ba mhinice a urghabhadh, arb ionann iad agus trí cheathrú de líon na n‑urghabhálacha ar fad.

  • Ó thaobh an méid de, rinneadh ní ba lú urghabhálacha in 2021 de roisín cannabais (− 37 %), de channabas luibhe (− 6 %), de chócaon (− 3 %), d’amfataimín (− 18 %) agus de hearóin (− 40 %) ná mar a rinneadh in 2011. D’fhéadfaí a rá go léireofaí leis sin athruithe ar chleachtais phóilíneachta seachas athruithe ar phatrúin tomhaltais ná ar infhaighteacht drugaí.

  • Ba i gcás meitiolamfataimín (+ 121 %) agus MDMA (+ 42 %) na méaduithe ba mhó a chonacthas ar líon na n‑urghabhálacha idir 2011 agus 2021.

Fíor. Urghabhálacha drugaí san Aontas Eorpach – líon na n‑urghabhálacha drugaí a tuairiscíodh, miondealú de réir drugaí, 2021 (%)
 
Fíor. Urghabhálacha drugaí san Aontas Eorpach – líon na n‑urghabhálacha drugaí, treochtaí innéacsaithe (2011 = 100)

Is fianaise iad na treochtaí innéacsaithe d’athruithe coibhneasta ar urghabhálacha drugaí thar thréimhse deich mbliana, ach ní léirítear na méideanna iarbhír iontu.

Fíor. Urghabhálacha drugaí san Aontas Eorpach – líon na ndrugaí a urghabhadh, treochtaí innéacsaithe (2011 = 100)

Is fianaise iad na treochtaí innéacsaithe d’athruithe coibhneasta ar urghabhálacha drugaí thar thréimhse deich mbliana, ach ní léirítear na méideanna iarbhír iontu.

Fíor. Urghabhálacha drugaí san Aontas Eorpach – líon na n‑urghabhálacha in 2021
 
Fíor. Urghabhálacha drugaí san Aontas Eorpach – an chainníocht a urghabhadh in 2021 (tonaí)

Rinneadh táibléid MDMA a thiontú go maischoibhéisí trí ghlacadh le mais de 0.25 gram MDMA in aghaidh an táibléid.

Treochtaí cionta faoin dlí drugaí

  • In 2021, tuairiscíodh thart ar 1.5 milliún cion faoin dlí drugaí san Aontas Eorpach arb ionann é sin agus méadú 24 % ó 2011 i leith. Baineann níos mó ná leath de na cionta sin (77 % nó 1.1 milliún) le húsáid nó le seilbh ar mhaithe le húsáid phearsanta.

  • As na 1.5 milliún cion measta faoin dlí drugaí, ní thuairiscítear an druga a luaitear sa chion ach i thart ar 1 mhilliún cion; bhain 746 000 cion le seilbh nó le húsáid, bhain 180 000 cion le soláthar agus bhain 11 600 cion le cineálacha eile ciona. D’fhéadfadh sainmhínithe éagsúla ar cad is cion a bhaineann le soláthar ann a bheith i gceist ag brath ar an tír lena mbaineann.

  • Agus thart ar 566 000 cion a tuairiscíodh in 2021, b’ionann cannabas agus ní ba mhó ná trí cheathrú de na cionta úsáide nó seilbhe (76 %) – dá bhfuil an druga ar eolas – agus beagán os cionn leath nó 100 000 de na cionta soláthair drugaí (55 %). Léiríonn an chuid is mó de na cionta ó thaobh soláthair agus seilbhe de lenar bhain cannabas seasamh ceannasach an druga sin i measc substaintí aindleathacha agus fianaise is ea an méid sin freisin den tábhacht bheartais a bhaineann leis an druga sin.

  • Tá cionta soláthair drugaí fós ag leibhéil níos airde ná mar a bhí in 2011 le haghaidh gach druga seachas hearóin.

Fíor. Cionta dlí drugaí – cionta seilbhe nó úsáide, treochtaí innéacsaithe (2011 = 100)

Is le haghaidh cionta ar tuairiscíodh an druga ina leith a bhaineann na sonraí.

Fíor. Cionta dlí drugaí – cionta soláthair, treochtaí innéacsaithe (2011 = 100)

Is le haghaidh cionta ar tuairiscíodh an druga ina leith a bhaineann na sonraí.

Fíor. Cionta dlí drugaí – líon na gcionta, soláthar agus úsáid nó seilbh
 

Is le haghaidh cionta ar tuairiscíodh an druga ina leith a bhaineann na sonraí.

Sonraí táirgthe agus réamhtheachtaithe AE le haghaidh 2021

  • Cannabas: Thuairiscigh Ballstáit AE 11 600 urghabháil, arbh ionann iad agus 4.3 milliún planda agus 32.5 tona in 2021 (2.8 milliún planda agus 50 tona in 2020).

  • Hearóin: Díchóimeáladh trí láithreán táirgthe hearóine san Aontas Eorpach (an Ísiltír) in 2021 (ceithre laithreán in 2020). Thuairiscigh an Bheilg, an Laitvia agus an Ísiltír ceithre urghabháil den cheimiceán réamhtheachtach hearóine ainhidríd aicéiteach, arb ionann iad agus 5 730 lítear (5 110 lítear in 2020).

  • Cócaon: Thuairiscigh Ballstáit AE gur díchóimeáladh 34 saotharlann táirgthe cócaoin in 2021 (23 in 2020). Thuairiscigh an Spáinn gur díchóimeáladh 16 shaotharlann táirgthe cócaoin, thuairiscigh an Bheilg 11 láithreán próiseála cócaoin, agus rinne an Ísiltír 7 saotharlann eastósctha tánaisteacha cócaoin a dhíchóimeáil (arbh iad láithreáin mhórscála cuid acu). Ina theannta sin, aimsíodh 14 láithreán gearrtha nó pacáistithe san Ísiltír. Is léir ó roinnt urghabhálacha móra den cheimiceán réamhtheachtach shármhanganáit photaisiam san Ísiltír (637 cileagram, in dhá urghabháil) agus sa Bheilg (387 cileagram, in dhá urghabháil) go dtarlaíonn céimeanna den táirgeadh cócaoin ar mhórscála laistigh den Aontas Eorpach.

  • In 2021, thuairiscigh seacht mBallstát AE go ndearnadh 105 saotharlann amfataimín a dhíchóimeáil (102 in 2020): An Ghearmáin (35), an Ísiltír (32), an Pholainn (25), an Bheilg, an Bhulgáir agus an Spáinn (4), agus an tSualainn (1). Sa Ghearmáin agus sa Pholainn, bhí saotharlanna tiontaithe ar na láithreáin sin inar próiseáladh ola amfataimín ina púdar (28 agus láithreán 15 láithreán faoi seach). De réir údaráis na Gearmáine, is ón Ísiltír a thagann an ola i saotharlanna tiontaithe de ghnáth.

  • Meitiolamfataimín: Thuairiscigh 12 Bhallstát AE gur díchóimeáladh 261 saotharlann mheitiolamfataimín (213 in 2020), lena n‑áirítear saoráidí meánscála agus mórscála sa Bheilg (9) agus san Ísiltír (15). Aimsíodh 188 saotharlann mheitiolamfataimín ar scála beag agus ar mheánscála den chuid ba mhó sa tSeicia in 2021 (182 in 2020). Thuairiscigh 15 Bhallstát AE urghabhálacha de na réamhtheachtaithe eifidrín agus súideifidrín arbh ionann iad agus 723 cileagram (idir phúdair agus táibléad) in 2021 (955 cileagram ag 12 Bhallstát AE in 2020).

  • Ina theannta sin, rinneadh 5 100 lítear BMK (4 750 lítear in 2020) agus 4.5 tona MAMDPA, a úsáidtear chun PMK a dhéanamh, le haghaidh mhonarú MDMA, agus 9.7 tona MAPA – a úsáidtear chun BMK a dhéanamh – a urghabháil san Aontas Eorpach in 2021 le haghaidh amfataimín nó monarú meitiolamfataimín.

  • MDMA: Thuairiscigh an Ísiltír 12 shaotharlann MDMA in 2021 (21 in 2020), agus thuairiscigh an Bheilg agus an Fhrainc 2 shaotharlann agus saotharlann amháin faoi seach. Thuairiscigh an Pholainn (2) agus an Spáinn (1) láithreáin táirgthe taibléid MDMA. Tháinig méadú ar réamhtheachtaithe urghabhálacha MDMA go 2.5 tona in 2021, suas ó 2 thona in 2020.

  • Cáitíonóin: In 2021, díchóimeáladh 15 láithreán táirgthe cáitíonón sintéiseach (18 in 2020), 14 sa Pholainn agus láithreán amháin san Ísiltír, lenar áiríodh roinnt láithreán mórscála. Bhí 3-meitilmeatacáitíonón (3-MMC) á phróiseáil freisin ag an saotharlann MDMA a fuarthas sa Fhrainc in 2021. B’ionann urghabháil réamhtheachtaithe cáitíonón sintéiseach agus 555 cileagram in 2021, ar urghabhadh ní ba mhó ná a leath díobh sa Pholainn (311 cileagram).

  • In 2019, d’urghabh póilíní na hÍsiltíre 350 cileagram den cheimiceán neamhrialaithe 3-MMC analógach N-aicéitil-3-MMC – de bhunadh Indiach – ar dhócha a beartaíodh le haghaidh a thiontaithe iar-allmhairiúcháin ina dhruga rialaithe 3-MMC.

  • Drugaí eile: Thuairiscigh an Ísiltír go ndearnadh saotharlann chéataimín amháin a dhíchóimeáil.

  • Láithreáin dumpála: In 2021, thuairiscigh an Bheilg (24) agus an Ísiltír (204) in 2021 228 láithreán dumpála le haghaidh dramhaíl agus trealamh táirgthe drugaí (195 in 2020).

Achoimre ar urghabhálacha réamhtheachtaithe sceidealaithe an Aontais agus ceimiceán neamhsceidealaithe a úsáidtear le haghaidh drugaí a tháirgtear san Aontas Eorpach, 2021
Tábla. Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh MDMA
Substaint An chainníocht urghafa
Díorthaigh ghlicéideacha PMK (cileagraim) 1 577
Pipearónal (cileagraim) < 1
PMK (lítir) 895
Safról (lítir) 2
Tábla. Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh amfataimín agus meitiolamfataimín
Substaint An chainníocht urghafa
APAA (cileagraim) 50
APAAN (cileagraim)  
Beansaildéad (cileagraim) 11
Beinsilciainíd (cileagraim) 2006
Díorthaigh ghlicéideacha BMK (cileagraim) 737
MAMDPA (cileagraim) 4464
MAPA (cileagraim) 9650
BMK (lítir) 5098
EAPA (lítir) 86
AIBN (cileagraim) 89
Aigéad tartarach (cileagraim) 4537
Tábla. Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh hearóine
Substaint An chainníocht urghafa
Ainhidríd aicéiteach (lítir) 5731
Tábla. Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh feantainile agus díorthach feantainile
Substaint An chainníocht urghafa
NPP 0
Tábla. Réamhtheachtaithe a bhaineann le táirgeadh cáitíonón
Substaint An chainníocht urghafa
2-Bróma-4-clóireaprópóifeanón (cileagraim) 20
2-Bróma-4-meatocsaprópóifeanón (cileagraim) 291
2-Bróma-4-meitilprópóifeanón (cileagraim) 139
4-Meitilpróipiofeanón (cileagraim) 105
Tábla. Ceimiceáin a bhaineann le próiseáil cócaoin
Substaint An chainníocht urghafa
Sármhanganáit photaisiam (cileagraim) 1098
Aicéatáit eitile (lítir) 26366

Sonraí foinseacha

Tá na sonraí a úsáidtear le haghaidh na ngrafaicí faisnéise agus na gcairteacha ar an leathanach seo le fáil thíos.

List of tables

Table 1. Number of reported drug seizures, breakdown by drug, 2021
Substance Percentage
Herbal cannabis 39
Cannabis resin 32.8
Cannabis plants 1.9
Cocaine and crack 11.2
Heroin 3
Amphetamine 3.5
Methamphetamine 1.2
MDMA 1.6
Other substances 5.7
Table 4. Drug seizures in the European Union — number of seizures in 2021.
Drug Methamphetamine MDMA Heroin Amphetamine Cocaine Cannabis resin Herbal cannabis
Number of seizures 7196 10110 18709 21816 67832 201631 240289
Table 5. Drug seizures in the European Union — quantity seized in 2021 (tonnes)
Drug Methamphetamine MDMA Amphetamine Heroin Herbal cannabis Cocaine Cannabis resin
Quantity seized 1 2 7 10 256 303 816
Table 8. Drug law offences – number of offences
Drug Possession/use Supply
Cannabis 566089 99547
Heroin 23439 9882
Cocaine 65856 30571
Amphetamines 55830 8602
MDMA 9188 4453
Other substances 26033 27085

Maidir leis an leathanach seo 

Lua molta: An Lárionad Faireacháin Eorpach ar Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (2023), Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2023: Treochtaí agus Forbairtí, https://www.emcdda.europa.eu/publications/european-drug-report/2023_en

Aitheantóirí:

HTML: TD-AT-23-001-EN-Q
ISBN 978-92-9497-865-3
DOI: 10.2810/161905


Top