Todhchaí na ndrugaí agus réimse na handúile san Aontas faoi 2040 (creatchásanna don fhadbhreathnaitheacht straitéiseach)

Foresights Framework Scenarios for 2040 banner
man standing in front of glowing portals

Tabhairt isteach agus cúlra

Tá faisnéis le fáil ar an leathanach seo maidir leis an nuashonrú is déanaí ar chreatchásanna EUDA. Soláthraítear ann faisnéis chúlra faoin tionscadal, nótaí modheolaíochta agus rochtain ar na cásanna féin.

Cad is ‘cásanna’ ann

Úsáidtear cásanna go forleathan san fhadbhreathnaitheacht chorparáideach, agus tá ról láidir acu go traidisiúnta freisin i ngníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta institiúidí an Aontais agus a ngníomhaireachtaí teicniúla (1). Le pleanáil cásanna cumasaítear cur chuige straitéiseach chun ullmhú do raon leathan d’fhéidearthachtaúí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo: seachas tuar a dhéanamh ar cheann amháin de na cásanna sonracha is dóchúla a bheidh ann amach anseo, leagtar amach le pleanáil cásanna forbairtí malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann. Is féidir, ar an dóigh sin, impleachtaí na bhforbairtí sin a phlé agus machnamh a dhéanamh orthu, rud lena bhfeabhsaítear scileanna eagraíochta maidir le cinnteoireacht ionchasach. Le cásanna cuirtear i dtábhacht gur féidir tionchar a imirt ar an todhchaí; iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun torthaí inmhianaithe a bhaint amach agus conas conairí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a sheachaint.

Tá EUDA(2) ag cur lena chumas i dtaobh na fadbhreathnaitheachta ó 2019 i leith trí raon gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear ceardlanna maidir le scanadh fadbhreathnaitheachta agus treochtaí, sraith straitéisí cheardlann EUDA um threochtaí, agus forbairt a dhéanamh ar na chéad chreatchásanna píolótacha. Is é an aidhm atá leis scileanna agus uirlisí a fhorbairt a lena méadaítear ullmhacht na heagraíochta maidir le treochtaí, beartas agus cleachtas drugaí, chomh maith le tacú le páirtithe leasmhara seachtracha i bhfothú acmhainneachta fadbhreathnaitheachta. Tá na cásanna a chuirtear i láthair thíos mar chuid den chur chuige réamhbhreathnaitheach sin, agus tá sé mar aidhm leo cabhrú leis an eagraíocht forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a aithint go luath, lena n‑áirítear deiseanna agus dúshláin i gcomhthéacs tírdhreach drugaí domhanda a bhíonn de shíor ag athrú, agus ullmhúchán a dhéanamh do na forbairtí sin.

Cásanna: trí fhéidearthacht mhalartacha don todhchaí maidir le drugaí agus réimse na handúile do 2040

Roghnaigh ceann de na cásanna.

 

 

Cás 1: EU Harmony

green icon of people holding hands around the world

In 2040 bhí an neamhionannas sóisialta san Aontas ní b’ísle ná mar a bhí tráth ar bith eile le blianta beaga anuas. Tar éis dó teacht chun cinn ó raon géarchéimeanna i lár na 2020í, rinneadh dul chun cinn tapa ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, rud a d’fhág go raibh ardleibhéal folláine comhchoitinne ann: Beidh cúrsaí níos fearr ná riamh do ghnáthshaoránaigh. D’ainneoin gurb ann fós do dhrugaí, beidh an andúil níos ísle ná mar a bhí sí riamh, agus is lú ná riamh a bheidh an dochar a dhéanfar dá barr. Is laghdaithe go mór mór a bheidh an deighilt pholaitiúil, agus beidh an tsochaí ina hiomláine níos muiníní anois, rud a fhágfaidh go mbeidh sé i bhfad níos éasca líon méadaitheach na n‑oibrithe óga a bhogann chuig an Aontas (agus laistigh de) a lánpháirtiú. Beidh an imirce agus inimircigh ina gcuidiú láidir d’Eoraip a bheidh ag éirí níos éagsúla i gcónaí, rud lena gcuirfear leis an nuálaíocht agus lena gcuirfear borradh faoin mbreisluach.

Tuairisc cháis

Cá bhfuilimid, agus conas a bhaineamar amach é: An tAontas agus an domhan in 2040

In 2040 beidh ardchaighdeán saoil ag saoránaigh an Aontais sa mhéid is go mbeidh ‘Eoraip na folláine’ ag teacht chun cinn de réir a chéile. Cé go mb’fhéidir nár dhócha é i dtosach báire, ní bheidh na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcomhar idirnáisiúnta ar eirigh leis le linn phaindéim COVID-19 tar éis dul amú ar scála domhanda agus, tar éis na ngéarchéimeanna geopholaitiúla ag tús na 2020í, beidh cobhsaíocht an gheilleagair dhomhanda mar thoradh ar athbheochan an daonlathais. Faoi 2040 beidh toradh saothair na hoibre crua a bheidh á déanamh sna 2020í agus sna 2030í chun na tionchair is déine ar an athrú aeráide a mhaolú agus chun díghrádú comhshaoil a aisiompú le feiceáil de réir a chéile. Ina theannta sin tar éis níos mó ná deich mbliana ina raibh aird dhomhanda dírithe ní ba mhó agus ní ba mhó ar an tábhacht a bhaineann le nuálaíocht agus forbairt theicneolaíoch, tá neart maoinithe ann anois don taighde eolaíoch, agus sreabhaíonn eolais go neamhshrianta trí líonraí idirnáisiúnta.

An saol laistigh den Aontas in 2040

Beidh an comhtháthú san Aontas tar éis teacht chun cinn go suntasach. Faoi 2040 fágfaidh beartais éifeachtacha inimirce go ndéanfar imircigh nua a lánpháirtiú go tapa, agus go ndéanfaidh imircigh óga na héifeachtaí a bhainfidh le daonra (in aois oibre) a bheidh ag dul in aois go mall agus ag laghdú a chúiteamh. I gcás go leor tionscal beidh lá na nganntanas scileanna thart. Leis an gcéim dhigiteach chun tosaigh, a tabharfar chun críche faoi lár na 2030í, tabharfar gach duine agus beagnach gach rud, i ngach áit ar líne, agus a bhuí le bonneagair fheabhsaithe agus le hinfhaighteacht fheabhsaithe seirbhísí poiblí, beidh laghdú ar éagothromaíochtaí idir réigiúin an Aontais le breis agus deich mbliana anuas agus beidh siad i bhfad níos ísle anois ná mar a bhí in 2020. Mar thoradh air sin beidh an doicheall ginearálta tar éis titim den chuid is mó, agus beidh níos mó muiníne ag (an gcuid is mó) de dhaoine as institiúidí agus ní mheasfaidh siad a thuilleadh gur cluiche nialasach é an pholaitíocht. Beidh sé sin tar éis an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe a éascú freisin, rud a fhágfaidh gur dtiocfaidh laghdú suntasach ar gháinneáil ar dhrugaí agus ar fhoréigean a bhaineann le drugaí. Beidh laghdú ar an éilliú, agus rátaí robála, buirgléireachta agus gadaíochta, ós rud é nach mbeidh an t‑airgead tirim i seilbh ag líonraí coiriúla chun an bonn a bhaint den rialachas, agus níos lú ciontóirí á spreagadh ag an ngá a bheidh lena n‑andúil i ndrugaí a mhaoiniú. Beidh an fholláine chomhchoiteann ina gné lárnach de bheartais an Aontais agus na mBallstát, agus beidh toilteanas mór ann caipiteal polaitiúil agus airgeadais a chaitheamh air.

Staid na sláinte poiblí agus an chúraim sláinte in 2040

Beidh laghdú suntasach ar an ualach a bhainfidh le córas cúraim sláinte in 2040. Ar thaobh amháin beidh daoine níos sláintiúla, agus laghduithe ar astaíochtaí agus le sláinte agus sábháilteacht ceirde níos fearr as a dtiocfaidh sláinte fhisiciúil níos fearr. Ar thaobh amháin ciallóidh timpeallachtaí oibre nach bhfuil chomh strusmhar céanna agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr, chomh maith le heaspa brúnna agus déine eacnamaíochta, ualaí meabhracha níos éadroime agus, dá bhrí sin, i bhfad níos lú neamhoird ghaolmhara. Ar an taobh eile beidh feabhas ar chúram sláinte dá réir sin freisin. A bhuí le nascacht níos fearr beidh eolas maidir leis an tsláinte ar fáil beagnach i ngach áit, agus mar thoradh ar chomhar agus comhordú níos fearr ar fud an Aontais maidir le saincheisteanna sláinte (a bheidh fréamhaithe sa fhreagairt choiteann ar phaindéim COVID-19 agus a mbeidh gnás déanta díobh sna blianta ó shin), beidh tírdhreach cúraim sláinte ann a thabharfaidh rochtain chomhionann beagnach ar chóireáil, rud a bheidh ríthábhachtach do shochaí atá thar a bheith éagsúil. Beidh difríochtaí fós ann maidir le rochtain agus infhaighteacht, ach ciallóidh an fócas ar chúram faoi thionchar an phobail – agus a chuid fréamhacha in institiúidí áitiúla seanbhunaithe, i gcaidrimh agus i muinín – go gcoinneofar iad sin chomh híseal agus is féidir. A bhuí le hiarrachtaí Thionscnaimh an Aontais lena ndíreofar ar fhadmhaireacht, beidh níos mó agus níos mó cóireálacha le haghaidh galair sheanaoise agus ainsealacha ar fáil laistigh den soláthar ginearálta cúraim sláinte.

A mbeidh i gceist leis sin maidir le drugaí, beartais drugaí agus faireachán ar dhrugaí in 2040

Beidh comhtháthú, comhchuibhiú agus comhar trasteorann níos fearr le feiceáil freisin i mbeartais drugaí an Aontais agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin, agus i ngnéithe forlíontacha beartais, amhail cearta an duine, sábháilteacht phoiblí agus laghdú na coireachta, i measc nithe eile. Beidh beartais drugaí comhordaithe agus comhchruthaithe go hiomlán anois leis an tsochaí shibhialta, rud a fhágfaidh go mbeidh cláir choisc ‘na sochaí ina hiomláine’ ann a chuirfear chun feidhme go minic i gcomhthéacs clár cothromais shóisialta agus a thionscnófar d’fhonn ceartas sóisialta agus cothroime a fheabhsú. Mar gheall ar thionscnaimh dhea-mhaoinithe T&F, a thacófar le sonraí ardcháilíochta, freagrúla agus trédhearcacha maidir le húsáid drugaí, beifear in ann idirghabhálacha tapa spriocdhírithe a dhéanamh. Beidh na hidirghabhálacha sin ina ngnáthchleachtas mar fhreagairt ar phatrúin andúile a bheidh ag teacht chun cinn. Beidh roghanna nuálacha cóireála agus luathchoisc tagtha chun cinn a bheidh á n‑oiriúnú i gcónaí chun go mbeidh siad in oiriúint níos fearr do chastacht mhéadaitheach na bpróifílí riachtanas, agus a bhuí le teicneolaíochtaí nua, beifear in ann mear-idirghabháil a dhéanamh ar leibhéal an duine aonair anois. Ní hamháin gur gcuirfidh sé sin srian ar úsáid substaintí sícighníomhacha nua (NPSanna), beidh laghdú tagtha freisin ar rátaí mí-úsáide cógas leighis, rud a dtacóidh leathadh amach leighis phearsantaithe ar fud an Aontais leis. Le fócas soiléir ar dhíobhálacha a laghdú seachas díreach drugaí a chomhrac, déanfar roinnt drugaí a roghnófar go cúramach a dhlisteanú agus beidh siad ar fáil trí chainéil a bheidh rialaithe go cúramach. A bhuí le beartais nuálaíochta dhea-chothromaithe an Aontais agus leis an tionchar a bheidh aige ar an leibhéal domhanda, ní hamháin nach dtiocfaidh an bhagairt ar rabharta nua de dhrugaí dearthóra a samhlaíodh leis an intleacht shaorga (IS) chun cinn riamh, ach beidh ról lárnach ag an gcomhordú domhanda freisin sa chomhrac i gcoinne drugaí sintéiseacha i gcoitinne. Mar shampla déanfaidh náisiúin onnmhairithe an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí a chiorrú go tapa a luaithe a bhraifear mí-úsáid, agus déanfar monatóireacht agus cur isteach leanúnach ar mhargaí ar líne le haghaidh NPS agus drugaí eile.

Príomhléargais ar chásanna

  • Is é an toradh a bheidh ar chomhchruthú beartais leis an tsochaí shibhialta, go háirithe maidir le hathruithe ar rialacháin agus ar shuíomhanna le haghaidh úsáid drugaí, glacadh forleathan i measc grúpaí úsáideoirí.
  • Mar thoradh ar fhorbairt bheartais a bheidh dinimiciúil, oiriúnaitheach agus freagrúil lena mbainfear úsáid éifeachtach as fianaise, beidh freagairtí tapa, spriocdhírithe ar fhorbairtí nua, go háirithe maidir leis an mbagairt ó NPSanna.
  • Is é an toradh a bheidh ar rialacháin shoiléire chomhchuibhithe ar fud an Aontais freagairtí cobhsaí agus éifeachtacha a bhaineann le drugaí , agus seirbhísí sláinte lán-ullmhaithe do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann, agus frithnimheanna a bheidh ar fáil go forleathan (e.g. nalocsón le haghaidh ópóideach).
  • Cuirfidh nuálaíocht agus iarrachtaí comhsheasmhacha chun athmhachnamh a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus iad a fheabhsú le tionchar na scéimeanna coiscthe agus ceadófar leo freagairt níos luaithe do bhagairtí a bheidh ag teacht chun cinn.
  • Le húsáid drugaí níos ísle, laghdófar an foréigean agus na leibhéil choireachta a bheidh ina seachtháirge den mhargadh i substaintí neamhdhleathacha, rud lena saorfar acmhainní chun sochaí na folláine a chur chun cinn.
  • Ós rud é go mbeidh ról lárnach ag sonraí maidir le hiarrachtaí cóireála a stiúradh, beidh malartú faisnéise saor in aisce agus tráthúil ar fud an Aontais maidir le mí-úsáid substaintí ríthábhachtach chun scéimeanna cóireála éifeachtacha a chur ar fáil.

Cás 2: Ar éigean in ann aige

two pairs of hands exchanging money and other items

In 2040 is ar éigean a bheidh an tAontas idir dhá cheann na meá. Le géarchéim dhomhanda amháin i ndiaidh a chéile tár an mhór-roinn a bhualadh, beidh deighiltí sochaíocha i bhfad níos leithne ná riamh, agus beidh dearcadh gruama i réim i measc lucht ceaptha beartas an Aontais. De réir mar a bheifear ag éirí níos deacra ar dhaoine coinneáil suas le costas maireachtála a bheidh ag dul i méid, beidh méadú ar éagothromaíochtaí sláinte áitiúla agus sóisialta, rud a fhágfaidh gurb iad ioncam agus suíomh geografach – seachas gá – na príomhchinntithigh maidir le rochtain ar chóireáil cúraim sláinte. Ós rud é go mbeidh drugaí fós ina bpríomhbhealach déileála do go leor daoine, is ar éigean a bheidh údaráis an Aontais in ann coinneáil suas le castachtaí a bheidh ag dul i méid i ndáil le mí-úsáid drugaí agus cógas, andúil agus an méadú ar fhoréigean a bhainfidh le drugaí… ach ar feadh cá fhad eile?

Tuairisc cháis

Cá bhfuilimid, agus conas a bhaineamar amach é: An tAontas agus an domhan in 2040

Beidh an téarnamh ó ghéarchéimeanna luatha na 2020í fós mall. Ina theannta sin, ní thiocfaidh laghdú suntasach ar spleáchas eacnamaíoch ar náisiúin eachtracha sna 2030í, rud lena gcuirfear teorainn le smacht an Aontais ar a thionchar ar bheartas onnmhairiúcháin náisiún eile. Faoi 2040 beidh laghdú ar an gcomhar idirnáisiúnta chun sreabhadh seasta na trádála a áirithiú – thairis sin, is beag toilteanas a bheidh ann dul i ngleic le saincheisteanna i dteannta a chéile. Ina ionad sin, le deich mbliana anuas, beidh méadú ar fheachtais mhífhaisnéise d’aon ghnó, beidh oibríochtaí tionchair ina ngnáthchleachtas, agus ní fheicfidh formhór na stát aon bhuntáistí i dtaobh faisnéis a chomhroinnt gan bhac. Ós rud é go dtabharfar neamhaird den chuid is mó ar dhúshláin aeráide le 15 bliana anuas i bhfabhar gnóthachain eacnamaíocha ghearrthéarmacha, beidh tionchair an athraithe aeráide níos déine, agus le costais mhaolaithe ag fás i gcónaí, beidh an saol laethúil níos deacra do go leor saoránach san Aontas.

An saol laistigh den Aontas in 2040

In 2040 is beag comhartha a bheidh ann go mbeidh laghdú ar na bearnaí rachmais idir réigiúin an Aontais, agus i roinnt réimsí beidh siad tar éis a bheith ag méadú agus 10 mbliana fiú. Beidh tírdhreach eacnamaíoch an Aontais ró-mhíchothrom chun caighdeáin mhaireachtála chomhchosúla a chur ar fáil dá shaoránaigh uile. Beidh difríochtaí idir na Ballstáit freisin maidir le rialachas, agus roinnt acu ag dul i dtreo an uathlathais, agus beidh cineálacha nua rannpháirtíochta poiblí i bhfeidhm ag Ballstáit eile chun a bhfréamhacha daonlathacha a neartú. Mar gheall ar shaincheisteanna maidir le himircigh a lánpháirtiú, beidh ganntanas scileanna fós ann in go leor tionscal, nó – de réir mar a rachaidh daonra in aois – is ag dul i méid a bheidh siad. Cé go mbeidh go leor daoine san Eoraip fós ag baint taitnimh as ardchaighdeáin mhaireachtála agus folláine, beidh cuid eile acu i bhfad níos saoire, agus mar gheall ar an ardú seo ar éagothromaíocht eacnamaíoch beidh an choireacht eagraithe níos forleithne (agus níos normalaithe) i réigiúin ina mbeidh an t‑ionchas eacnamaíoch thar a bheith gruama. Beidh an t‑ionchas saoil ag dul i laghad, agus beidh an cion de bhlianta saoil sláintiúla laistigh den saolré ag laghdú go tapa. Is beag tionscnamh ar fud an Aontais lena bpléifear na saincheisteanna sin, as a dtiocfaidh meascán de chineálacha éagsúla cur chuige.

Staid na sláinte poiblí agus an chúraim sláinte in 2040

Is dearcadh é ‘Bhuel, thiocfadh leis a bheith ní ba mheasa i gcónaí’ a roinnfear go forleathan i measc gairmithe cúraim sláinte agus othar in 2040. Go dtí sin beidh córais sláinte tar éis a bheith in ann coinneáil suas leis an méadú a bheidh ag teacht ar líon na dtinneas (galair neamhtheagmhálacha agus saincheisteanna meabhairshláinte) ach beidh siad i ndeireadh na feide ó thaobh acmhainne de. Agus daoine ag streachailt leis an saol laethúil ar son sciar mór den daonra oibre, beidh níos mó agus níos mó daoine ag maireachtáil i dtimpeallachtaí neamhshábháilte, rud a fhágfaidh, ar ndóigh, go mbeidh méadú ar ghalair theagmhálacha, nó nach mbeidh aon laghdú orthu ar a laghad. Le 15 bliana anuas,beidh an Eoraip tar éis a bheith ag bogadh go mall ó bheith ina sochaí na folláine. Beidh neamhionannais ó thaobh rachmais de le feiceáil i ndáileadh mórthinneas, a mbeidh beagnach an ceathrú cuid den daonra thíos leo. Ní bheidh ar eolas fós, áfach, staid bheacht an chothromais sláinte réigiúnaigh agus eacnamaíoch, de réir mar a thiocfaidh iarrachtaí chun feabhas a chur ar chomhroinnt agus ar chomhoiriúnacht na sonraí sláinte chun cinn sna 2030í. Is rómhinic a bheidh rochtain ar chúram sláinte ag brath anois ar shaibhreas pearsanta agus áit chónaithe an duine. Beidh cúram sláinte ardleibhéil – toradh de ghnólachtaí nuálacha – ar fáil dóibh siúd a bheidh in acmhainn é a íoc; beidh daoine eile ag brath níos mó agus níos mó ar fhéinchúram agus ar fhéinleigheas, go háirithe maidir le saincheisteanna meabhairshláinte, agus beidh faoiseamh á lorg acu i margadh dubh le haghaidh drugaí ar oideas a bheidh ag dul i méid.

A mbeidh i gceist leis sin maidir le drugaí, beartais drugaí agus faireachán ar dhrugaí in 2040

Déanfaidh na Ballstáit drugaí áineasa áirithe a dhíchoiriúlú cé acu go sainráite nó go hintuigthe, agus beidh tacadóirí teanntásacha ag gníomhú ar son díchoiriúlú breise, lena n‑áireofar brústocairí ón tionscal, agus ní bheidh an tírdhreach rialála leanúnach ó Bhallstát go Ballstát. Dá bhrí sin, beidh drugaí a bheidh neamhdhleathach i roinnt tíortha á gcur ar an margadh go hionsaitheach i dtíortha eile. Fágfaidh athruithe ar shreafaí trádála freisin go mbeidh roinnt drugaí ar fáil ar bhonn níos forleithne agus go mbeidh ganntanas de dhrugaí eile ann nó go mbeidh siad níos costasaí. Ní éireoidh go maith le hiarrachtaí chun úsáid drugaí a atá díobhálach ach dleathach a laghdú, mar shampla trí athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht rialaithe tobac an Aontais d’fhonn glúin saor ó thobac a chothú faoi 2040 nó trí chomhar idirnáisiúnta. Ar an iomlán, ní léireofar aon chomhartha go mbeidh laghdú ar an treocht maidir le húsáid drugaí agus mí-úsáid drugaí agus cógas. Beidh dístiogmatú agus díothacht shóisialta tar éis an margadh le haghaidh mí-úsáid substaintí a leathnú, rud a fhágfaidh go mbeidh deiseanna nua coiriúla ann, maidir le nuálaíochtaí i gcineálacha táirgí – go príomha i NPS agus drugaí sintéiseacha nua i gcoitinne – agus conairí dáileacháin a bheidh ag teacht chun cinn, a mbeidh na húdaráis ag streachailt coinneáil suas leo. Ag an am céanna, beidh méadú suntasach ar iompar coiriúil a bhaineann le drugaí, rud a fhágfaidh go mbeidh béim nua ar an tslándáil ar leibhéal an phobail. Ní bheidh iarrachtaí ‘luathrabhaidh’ ar comhchaighdeán fós. I roinnt Ballstát, beidh sé d’acmhainn ag saotharlanna eolaíochta fóiréinseacha substaintí sícighníomhacha nua agus a réamhtheachtaithe a shainaithint, agus tástáil leanúnach a dhéanamh ar shaoráidí cóireála fuíolluisce chun fianaise ar dhrugaí nua a fháil; i dtíortha eile, áfach, fágfaidh ciorruithe buiséid go mbeidh údaráis forfheidhmithe dlí de shíor ag breith suas mar fhreagairt ar dhúshláin níos éagsúlaithe. Is minic nach mbeidh úsáideoirí ar an eolas faoi na rioscaí sláinte a bhaineann le drugaí sintéiseacha nua agus, dá bhrí sin, beidh riosca níos mó ag baint leo. Beidh iompraíochtaí andúile tar éis éirí níos casta, agus is gnách i gcónaí cur chuige ‘a oireann do chách’ maidir le cóireáil, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an mbearna faisnéise a bheith ag dul i méid maidir le húsáid agus cineálacha nua andúile. Is measa fós a bheidh an bhearna eolais sin mar gheall ar éagothromaíochtaí ó thaobh an fhaireacháin de. Mar thoradh air sin, ní bheidh treoir mhionsonraithe ag á leanúint ag lucht déanta beartas, agus is minic nach ndíreofar ar infheistíocht i mbeartais frithdhrugaí. Ar an taobh eile, méadóidh coiriúlú roinnt drugaí agus roinnt beart forfheidhmiúcháin, agus is minice a tharlóidh gníomhaíocht pobail agus glacfar léi sin ar bhonn níos forleithne freisin, fiú mura measfaidh roinnt daoine nach inti ach comhartha sóirt de loiceadh stáit.

Príomhléargais ar chásanna

  • Mar gheall ar an gcastacht mhéadaitheach a bhaineann le galair agus próifílí drugaí, beidh sé níos deacra idirghabháil phoiblí a dhéanamh agus beidh gá le cur chuige tiomnaithe ‘cluas le héisteacht’.
  • De réir mar a mhéadóidh éagothromaíochtaí, is mó grúpaí a bheidh leochaileach dá mbarr, agus is minic a bheidh úsáid drugaí atá sonrach don réigiún mar thoradh air, agus beidh gá le faireachas a dhíriú ar (luath)bhrath.
  • Beidh síneadh curtha le hacmhainní forfheidhmithe dlí trí chogadh dhá fhronta a chomhrac i gcoinne méadú ar an gcoireacht eagraithe agus trí dhrugaí nua a fhorbairt, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos deacra scéimeanna coiscthe a chur chun feidhme.
  • Beidh gá le comhroinnt sonraí luathaithe chun cur i gcoinne easpa eolais maidir leis an mbealach is fearr chun infheistíocht a dhéanamh i straitéisí d’fhonn freagairt ar fhadhbanna úsáide drugaí agus ról na dteicneolaíochtaí nua (e.g. an intleacht shaorga, an bhith-theicneolaíocht, etc.) i monarú aindleathach drugaí. Seachas sin, beidh baol ann go ndéanfaidh brústocaireacht na bearnaí a líonadh.

Cás 3: Teach cártaí

icon with people looking confused with a column graphic, Sun, a big wave and w plant

Faoi 2040 beidh an tAontas ar fuaidreamh i gcóras idirnáisiúnta a bheidh gan treo agus luaineach. Déanfar neamhaird den chuid is mó de rialacha agus de rialacháin idirnáisiúnta, agus beidh bloic agus comhghuaillíochtaí polaitiúla ag titim as a chéile. Laistigh den Aontas, beidh scoilteadh polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch ann mar thoradh ar an gclaonadh chun ‘dul ar a gconlán féin’. I bhformhór na mBallstát, beidh sé sin tar éis tionchar diúltach, rí-shuntasach a imirt ar shláinte agus ar fholláine an daonra. Beidh córais sláinte ar tí cliseadh, den chuid is mó, agus is ar éigean a bheidh siad ag feidhmiú, agus beidh úsáid drugaí, a spreagfar go cothrom trí riachtanas agus tráchtálú a mheasfar a bheith ann, chun tosaigh i ngach sraith den tsochaí, agus dealrófar go mbeidh an andúil uileláithreach, chomh maith leis an bhforéigean a bhaineann le drugaí.

Tuairisc cháis

Cá bhfuilimid, agus conas a bhaineamar amach é: An tAontas agus an domhan in 2040

Sna 15 bliana roimh 2040, beidh an domhan tar éis éirí níos ilroinnte. Beidh bacainní ar thrádáil ardaithe idir náisiúin agus beidh an comhar idirnáisiúnta ar bun ar bhonn níos ísle ná riamh, agus beidh bearta díoltais ina ngnáthbhearta. Le deich mbliana anuas, beidh an tAontas tar éis a bheith ag streachailt chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shíoraí a bhí os a chomhair, agus ní mheasfar a thuilleadh – lasmuigh den Aontas agus laistigh de araon – go bhfuil mianach ann ó thaobh na polaitíochta de. Ní laghdófar an spleáchas ar sheachadtaí fuinnimh ó thíortha uathlathacha, agus is léir le fada an lá go gcaillfear na spriocanna aeráide uile – a luaithe a chaillfear siombailí d’Eorpach comhroinnte – go mór fada.

An saol san Aontas in 2040

I bhformhór na mBallstát, is uafásach a bheidh an staid eacnamaíoch. Caillfear poist mar thoradh ar theicneolaíochtaí nua, agus fágfaidh mainneachtain cláir oiliúna a bhunú le deich mbliana anuas go mbeidh an dífhostaíocht ard, agus nach gcoinneofar suas leis an mboilsciú ó thaobh pá de. Beidh lear mór daoine ag sracadh leis an saol agus ag lorg réitigh fhurasta. Ag an am céanna, beidh scoilteadh polaitiúil, agóidí agus frustrachas poiblí tar éis éirí níos measa ná riamh, agus ó na 2030í i leith, is gnách go mbeidh lucht déanta beartas cúbtha isteach orthu féin d’fhonn cobhsaíocht intíre a choinneáil ar bun. Ní fhéachann na Ballstáit i dtreo an Aontais le haghaidh réiteach a thuilleadh, agus is gnách go mbeidh an t‑údarásaíochas agus foirmeacha eisiatacha an náisiúnachais i réim. Cé go mbeidh líon domhanda na ndídeanaithe níos airde ná riamh agus go mbeidh ganntanas scileanna i dtionscal na hEorpa, cuirfear inimircigh ó dhoras ag teorainneacha an Aontais. Buailfear buille mór ar an nuálaíocht – nach mbeidh faoin am sin ach ina fhocal reatha ar bhéal an tsaoil mhóir – cé go mbeidh cistí suntasacha curtha ar leataobh le haghaidh.

Staid na sláinte poiblí agus an chúraim sláinte in 2040

Ní hé nach gcuirfear iarracht isteach ann ach le beagnach deich mbliana anuas, beidh ag teip níos mó agus níos mó ar chórais sláinte san Aontas na dúshláin a thagann chun cinn a bhainistiú. Beidh an easpa maoinithe agus acmhainní níos measa mar gheall ar mhainneachtain comhghníomhaíochta idirnáisiúnta i bhfianaise bagairtí comhroinnte (e.g. paindéimí nua), rud a chiallóidh nach féidir aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí réigiúnacha agus séasúracha (e.g. tonnta teasa mar gheall ar athrú aeráide gan mhaolú). Agus dífhostaíocht fhorleathan, boilsciú agus bochtaineacht i réim, beidh dálaí maireachtála tar éis dul in olcas go mór mór i gcomparáid le tús na 2020í. Beidh go leor díobh thíos le dúlagar agus saincheisteanna meabhairshláinte eile, ach beidh roghanna cóireála teoranta, agus ní bheidh rochtain ag níos mó agus níos mó daoine san Aontas ar árachas sláinte. Fágann costais chomh maith le heaspa sonraí comhroinnte agus bonneagar digiteach cumhachtach nach ndéanfar réitigh leighis nuálacha (lena n‑áireofar ríomhshláinte) a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais.

A mbeidh i gceist leis sin maidir le drugaí, beartais drugaí agus faireachán ar dhrugaí in 2040

San Aontas agus sna Ballstáit, ní bheidh cur chuige coiteann ann a thuilleadh maidir leis saincheisteanna a bhaineann le drugaí. Mar thoradh ar scoilteadh polaitiúil, beidh dlíthe agus beartais forfheidhmiúcháin an-éagsúil ann, agus beidh eagraíochtaí fornáisiúnta beagnach gan chumhacht. A bhuí leis an bhfócas ar shlándáil inmheánach, beidh cos ar bolg seachas cóir leighis ina ghnáthchleachtas. Measfar go gcuireann cuir chuige maidir le cóireáil agus laghdú díobhála leis an bhfadhb agus beidh siad tearcmhaoinithe ar an mórgóir dá bharr sin, rud a fhágfaidh go mbeidh easpa ar leith eolais, pearsanra oilte agus caiteachas taighde ann. Ag an am céanna, gach seans go mbeidh fianaise ann mar gheall ar an úsáid fhorleathan a baineadh as substaintí ‘dópála inchinne’ roimhe sin, beidh úsáid drugaí díshaothraithe go forleathan, agus beidh úsáid drugaí sintéiseacha agus codlaidíneach mar aon le mí-úsáid táirgí cógaisíochta coitianta.

Leis an tráchtálú seo ar mhargadh na ndrugaí, beidh an tAontas ina mhórtháirgeoir drugaí sintéiseacha. Is léir freisin a bheidh na héagothromaíochtaí sóisialta a bheidh ann maidir leis an gcaoi a bhfeicfear drugaí ar leith agus an chaoi a ndéantar dlíthe maidir le drugaí a dhréachtú agus a fhorfheidhmiú. Beidh soláthróirí tráchtála sofaisticiúla agus nuálacha in ann freastal ar éilimh úsáideoirí an bhóna bháin le táirgí a bheidh dleathach mar thoradh ar bhrústocaireacht nó a bheidh i réimse éiginnte ó thaobh an dlí de agus a ndéanfaidh lucht forfheidhmithe an dlí neamhaird orthu, cé go rachaidh daoine bochta i muinín drugaí saora, a mhonarófar de ghnáth in oibríochtaí cúlsráide ina n‑úsáidfear clódóirí 3T haiceáilte le haghaidh drugaí ceimiceacha agus ‘pleananna priontála’ in-íoslódáilte. Ós rud é gur minic nach mbeidh úsáideoirí go hiomlán ar an eolas faoi éifeachtaí beachta na substaintí a bheidh in úsáid acu, tiocfaidh borradh faoi líon na n‑ospidéaluithe éigeandála agus na mbásanna áitiúla agus réigiúnacha mar thoradh ar na drugaí sintéiseacha sin. Chomh maith leis sin, ós rud é go mbeidh riachtanais chóireála fós gan chomhlíonadh, tiocfaidh méadú ar mhí-úsáid ilsubstaintí agus mí-úsáid phoiblí, go háirithe i gceantair thuaithe, mar gheall ar an méadú ar shaincheisteanna meabhairshláinte. Chun cur i gcoinne na bearna faisnéise agus gníomhaíochta a chruthófar de dheasca na bréagnuachta agus an scoilte pholaitiúil, líonfaidh grúpaí féinchabhrach faoi stiúir an phobail an folús a bheidh fágtha ag údaráis a bheidh go mór faoi bhrú, agus is minic a bheidh siad chomh naimhdeach céanna le gáinneálaithe drugaí agus a bheidh siad d’údaráis forfheidhmithe dlí. Éireoidh an saol níos foréigní de réir mar a réiteoidh gáinneálaithe díospóidí le forneart agus mar a rachaidh andúiligh i muinín na coiriúlachta d’fhonn a n-andúil a shásamh, agus is gnáthrud a bheidh ann daoine a bheith ag tabhairt faoina chéile mar gheall ar shiomptóim aistarraingthe nó athruithe pearsantachta de bharr drugaí.

Ina theannta sin, measfar i roinnt tíortha gur uirlis dhlisteanach sa chaidreamh idirnáisiúnta é tionchar díchobhsaitheach drugaí ar shochaithe agus cuirfidh siad tearmann ar fáil do tháirgeoirí drugaí agus do gháinneálaithe ceimiceán réamhtheachtach. Bainfidh daoine eile feidhm as substaintí sintéiseacha mar fhoinse ioncaim amháin, agus beidh sé níos deacra do líonraí coireachta trasnáisiúnta eagraithe – a bhí tráth i measc na dtairbhithe ba mhó den domhandú – oibriú i dtimpeallacht dhí-dhomhandaithe. Ag an am céanna, beidh infheistíocht chorparáideach in andúil dírithe go príomha ar ionadaithe dlíthiúla a fhorbairt agus ar chóireáil a chur ar fáil do chliaint atá go maith as. Ar an taobh eile, tiocfaidh feabhas ar an bhfaireachán, go háirithe mar sheirbhís don earnáil phríobháideach, ach beidh tar éis cliseadh air tionchar a imirt ar thorthaí andúile.

Príomhléargais ar chásanna

  • De réir mar a rachaidh dálaí eacnamaíocha in olcas, tiocfaidh méadú ar líon na n‑úsáideoirí leochaileacha agus imeallaithe, agus ag an am céanna fágfaidh tosaíochtaí poiblí athraitheacha agus acmhainní airgeadais ar an ngannchuid go mbeidh roghanna cóireála ag dul in éag ann mar aon le heaspa fócais ar chosc.
  • Éireoidh tírdhreach na ndrugaí níos casta i gcónaí, agus beidh drugaí á gcur ar an margadh ag raon i bhfad níos leithne soláthróirí ag sraitheanna ioncaim éagsúla agus á gcur chun cinn le haghaidh riachtanais shonracha, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos deacra idirghabhálacha beartais a dhéanamh.
  • Beidh substaintí sintéiseacha nua ag teacht chun cinn i gcónaí, agus beidh iarmhairtí tromchúiseacha acu d’úsáideoirí nach mbeidh ar an eolas fúthu, agus is minic a chuirfear brú ar sheirbhísí sláinte áitiúla agus réigiúnacha agus ar ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí dá mbarr.
  • Ós rud é go mbeidh difríocht mhór idir na rialacháin a bheidh i bhfeidhm ar fud Bhallstáit an Aontais, ní bheidh aon fhreagraí cobhsaí ná éifeachtacha ann ar rialú drugaí ná ar shaincheisteanna gaolmhara eile.

Cur chuige modheolaíochta

An chaoi ar cuireadh cásanna EUDA le chéile

I sraith de cheardlanna le foireann EUDA, lucht déanta beartas, ionadaithe ó phointí fócasacha náisiúnta Reitox agus rannpháirtithe ag Andúil Liospóin 2019 (ina raibh thart ar 120 rannpháirtí ar an iomlán páirteach) maidir lena bhfuil i ndán so staid na ndrugaí, rinneadh an tacar de 14 JRC Megatrends [14 mheigithreocht ACT] (3) a mheas agus a phlé de réir an tionchair is dócha a bheidh ag gach treocht ar staid na ndrugaí agus na handúile. Mar thoradh ar an bpróiseas sin, sainaithníodh cúig threocht ar dócha go mbeadh an tionchar ba mhó acu ar an réimse go dtí 2040. Ina theannta sin, sainaithníodh i gcleachtadh scanta ionchais, lenar áiríodh athbhreithniú ar thuarascálacha EUDA, sé threocht eile atá ag teacht chun cinn a bhfuil a fhianaise díobh le feiceáil cheana féin i réimse na ndrugaí agus faoinar féadtar a mheas go mbeidh siad réasúnta ‘láidir’, infheicthe nó ina bhforbairtí suntasacha.

Tábla 1.  Príomhthosca le haghaidh chreatchásanna EUDA

Teideal Catagóir STEEP Tuairisc

Athrú daonra

Sochaí

Athruithe ar dhéimeagrafaic agus ar phatrúin imirce, i dtéarmaí, e.g. ionchas saoil, rátaí breithe agus cóimheasa gnéis, chomh maith le bealaí agus sreafaí imirce.

Neamhionannais a éagsúlú

Sochaí

Na héagothromaíochtaí idir daoine i dtaobh ioncaim, rochtain ar oideachas, tithíochta agus cúram sláinte, nó cumhachta polaitiúla, mar shampla, agus an leibhéal comhtháthaithe shóisialta a eascraíonn as sin.

Dúshláin athraitheacha i dtaobh na sláinte

Sochaí

Fobairtí tinneas (lena n‑áirítear galair neamhtheagmhálacha) agus roghanna córa leighis, chomh maith le hathruithe ar an tuiscint fhoriomlán ar an tsláinte maidir le paindéimí domhanda nó meabhairshláinte, mar shampla.

Dlús a chur leis an athrú teicneolaíoch agus leis an hipearnascacht

Teicneolaíocht

Dul chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta agus na nascachta domhanda de i réimsí amhail nanaitheicneolaíocht nó córais faisnéise coitinne, mar shampla.

Athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil

An comhshaol

Próiseas an téimh dhomhanda, a mbíonn éifeachtaí díreacha aige ar an gcomhshaol nádúrtha, a léirítear le teochtaí a bheith ag ardú, méadú ar líon na n‑eachtraí adhaimsire, ardú ar leibhéil na farraige, etc. Ós rud é go n‑athraíonn na tionchair sin ar bhonn réigiúnach, is amhlaidh a athraíonn bearta oiriúnaithe freisin.

Creat rialála atá ag athrú

Polaitíocht

Athruithe ar dhlíthe agus ar bheartais a bhaineann le cúrsaíocht agus úsáid drugaí a rialáil, amhail díchoiriúlú, mar shampla.

Beartais channabais atá ag teacht chun cinn

Polaitíocht

Athruithe polaitiúla laistigh den Aontas i dtaobh stádas dlíthiúil cannabais, maidir leis an idirdhealú idir críocha leighis agus úsáid áineasa, mar shampla.

Impleachtaí an gheilleagair dhomhanda

Geilleagar

Athruithe sa gheilleagar domhanda a dhéanann difear do bheartas drugaí agus d’fhaireachán drugaí, lena n‑áirítear, mar shampla, athruithe ar dheiseanna cistiúcháin, bearta déine rialtais, seasamh polaitiúil, etc.

Mí-úsáid cógas

Sochaí

An t‑athrú ar mhí-úsáid cógas, e.g. maidir le scála agus stíl, agus cur chun cinn sásraí rialaithe faoi seach ó thaobh cleachtais nó riachtanais taighde a fhorordú de, mar shampla.

Próifílí casta riachtanas agus idirghabhálacha saincheaptha aonair

Sochaí

Athruithe ar chastacht na húsáide drugaí, amhail cé a úsáideann drugaí agus cad iad na cúiseanna atá léi sin, agus an gá gaolmhar le hidirghabhálacha saincheaptha maidir le leochaileachtaí sonracha daoine nó roghanna rannpháirtíochta, mar shampla.

Nuálaíocht agus uirlisí nua

Teicneolaíocht

Ionstraimí nua a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar úsáid cógas agus drugaí nó chun iad a bhrath, chomh maith le feidhmchláir chun an tsláinte fhoriomlán a fheabhsú, amhail teicneolaíochtaí cóireála nua nó cineálacha nua cumarsáide, mar shampla. 

Teacht chun cinn IS

(cuireadh leis é in 2024)

Teicneolaíocht

Úsáid IS i monarú agus i mbrath substaintí neamhdhleathacha, chomh maith le cóireáil andúile agus forfheidhmiú reachtaíochta gaolmhaire.

Luaineacht gheopholaitiúil

(cuireadh leis é in 2024)

Polaitíocht

De réir mar a éiríonn an domhan níos ilpholaí, ní léir cinniúint na n‑institiúidí idirnáisiúnta ná na sásraí comhair. Áirítear leis sin comhoibriú sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí.

Bunaithe ar an liosta seo de 11 threocht san iomlán atá sonrach do EUDA (féach Tábla 1 thuas), in éineacht le cuardach córasach breise ar an litríocht ábhartha (4) chun tuilleadh léargas agus forbairtí a chur leis, tugadh faoi phróiseas struchtúrtha ag baint úsáid as modheolaíocht atá bunaithe ar phríomhfhachtóirí (5), rud a d’fhág gur cruthaíodh trí chás fréamhshamhla.

Le linn Cheardlann Rannpháirtíochta Cásanna EUDA ag Lisbon Addictions 2022, úsáideadh na creatchásanna mar thúsphointe don phlé ceardlainne (le haghaidh an chur i láthair tosaigh, féach Future Impacts, 2022 [Tionchair a bheidh ann amach anseo]). Thacaigh éascaitheoirí ó na Future Impacts amach anseo agus EUDA le 25 rannpháirtí (6) chun iniúchadh a dhéanamh ar na cásanna agus d’fhonn díospóireacht a dhéanamh ar na himpleachtaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo laistigh de thréimhse ama 2040 don tsochaí i gcoitinne, do staid na ndrugaí agus don andúil, agus don bhfaireachán agus don bheartas drugaí. Cuireadh ábhar breise ar fáil trí chleachtadh ‘litreacha ón todhchaí’ inar sainaithníodh moltaí maidir leis an mbeartas atá ann faoi láthair. Trí úsáid a bhaint as na haschuir struchtúrtha a bailíodh, rinneadh na trí chás a leathnú amach, a bheachtú agus a nuashonrú ansin.

Fíor 1. Forbhreathnú ar an gcur chuige modheolaíochta

Toimhdí maidir le cásanna

Roghnaíodh an bhliain 2040 mar fhráma ama do na cásanna toisc gur measadh go raibh sé sách fada amach chun smaointeoireacht a spreagadh tar éis an chéad timthrialla straitéisigh eile, rud a d’fhág go raibh sé ní b’fhurasta díospóireacht a dhéanamh lasmuigh de chur chuige ‘gnó mar is gnách’. Ina theannta sin, ciallóidh an méid sin go mbeidh an spás cáis fós insamhlaithe don phobal léitheoireachta agus nach n‑imeofar ar strae isteach i ndomhan na samhlaíochta leis.

I rith na tréimhse inar cruthaíodh na cásanna, bhí leibhéal réasúnta ard luaineachta agus suaite, go háirithe maidir le paindéim COVID-19 agus athruithe sa tírdhreach geopholaitiúil. Dá bhrí sin, rinneadh na forbairtí a bheidh ann amach anseo is bonn leis na cásanna a léirmhíniú trí lionsa an chreata VUCA (volatile, uncertain, complex and ambiguous) [luaineach, éiginnte, casta agus débhríoch]. Dá bhrí sin, glacadh leis go mbeadh imeachtaí amach ansin, go pointe áirithe, tapa agus dothuartha, leis an ngaol idir cúis agus éifeacht deacair go leor a léirmhíniú. Mar sin féin, ní chuirtear chun tosaigh leis na cásanna leibhéil fhoircneacha de chur isteach ná de luaineacht (e.g. ráig de phaindéim a raibh ardleibhéal marfachta ag baint léi, nó tús an Chogaidh Dhomhanda III). Dírítear leo níos mó ar an gcaoi a bhféadfadh an nuálaíocht, an geilleagar, sochaithe, comhar agus teicneolaíocht teacht chun cinn, agus ar a mhéid a d’fhéadfadh gnéithe de na tosca sin a bheith suaiteach. D’fhéadfaí ionchuir a bhaineann leis na saintréithe de luaineachta níos foircní a chumhdach i ngníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta EUDA amach anseo.

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndéantar insintí dhá cheann de na cásanna a forbraíodh a shíneadh d’aon ghnó go dtí imeall ‘cón na bhféidearthachtaí’, agus go mbeidh an cás ‘gnó mar is gnách’ díreach ‘ar an sprioc’. Fágann sé sin gur féidir an raon is leithne impleachtaí a ghabháil. Cé go bhféadfaí go sílfeá, ar an gcéad amharc, go mbhfuil an cás dearfach ró-mhaoithneach agus neamhréalaíoch bunaithe ar na conairí reatha, is é an luach atá leis an deis a thugann sé don léitheoir féachaint conas a d’fhéadfaí beartas a stiúradh i dtreo na dtorthaí sin.

Modheolaíocht atá bunaithe ar phríomhfhachtóirí

Leis an modheolaíocht atá bunaithe ar phríomhfhachtóirí, úsáidtear príomhfhachtóirí mar chnámh droma próisis atá trédhearcach, córasach agus inscálaithe go hiomlán. Tosaíonn an próiseas amach le scrúdú cúramach ar na tosca sainaitheanta go léir a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an réimse ábhair atá i gceist (‘tosca tionchair’). Sainaithnítear forbairtí ar dócha go mbeidh tionchar suntasach i gceist leo mar ‘phríomhthosca’ (KFanna). Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le gach KF bunaithe ar athbhreithniú litríochta, ar shuirbhéanna saineolaithe nó ar fhoinsí eile, rud as a n‑eascraíonn roinnt ‘réamh-mheastacháin’ le haghaidh gach KF lena gcuirtear i dtábhacht conairí forbartha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Is minic a chuirtear na torthaí i láthair i bhfoirm bosca moirfeolaíoch, i.e. maitrís dhéthoiseach chinnidh, ina bhfuil ainm KF ar bharr gach colúin, agus ina dtugtar tuairisc ar na réamh-mheastacháin thíos, le bosca amháin do gach réamh-mheastachán (féach Céim 3 i bhFíor 2 thíos). Fágann sé sin gur féidir a chinneadh agus a léirshamhlú cé na teaglamaí de réamh-mheastacháin atá comhoiriúnach ó thaobh struchtúir de, a ghabhann ina chéile agus atá comhsheasmhach. Dá bhrí sin, cruthaítear cásanna as teaglamaí de réamh-mheastachán amháin in aghaidh na príomhthoisce. Bunaithe orthu sin, is féidir na cásanna a dhréachtú (‘dréachtanna cáis’), ina dtugtar tuairisc le gach ceann acu ar an gcaoi ar féidir le forbairtí éagsúla i réimsí sóisialta éagsúla forbairt shochreidte amach anseo a chruthú.

Mar gheall ar a chineál córasach, is féidir an próiseas sin a nuashonrú nó a uas-scálú nó a laghdú go measartha furasta trí phríomhthosca agus/nó réamh-mheastacháin a chur leis, a oiriúnú nó a bhaint, rud a fhágann gur féidir cásanna a oiriúnú go tapa do cheanglais agus do dhálaí athraitheacha má thagann faisnéis nua chun solais agus nuair a thagann an fhaisnéis sin chun solais. Laistigh den chreat modheolaíochta sin, is féidir ‘micreachásanna’ a chur isteach ina ndírítear isteach ar ábhair shonracha nó cásanna réigiúnacha sonracha a chruthú lena léirítear forbairtí i réigiún nó i dtír amháin, cé go mbeidh siad fós ailínithe leis na creatchásanna (nó leis na macrachásanna).

Fíor 2. Forbhreathnú ar an modheolaíocht atá bunaithe ar phríomhfhachtóirí i bpróiseas cruthaithe cásanna EUDA

Nuashonrú 2024

Níl na cásanna seasta. Ní mór faireachán a dhéanamh orthu, iad a chur faoi réir tástálacha struis agus iad a thabhairt cothrom le dáta. D’fhonn an tionchar is mó is féidir a bhaint amach, ní mór cásanna a bheith mar chuid de phróiseas buan ina gcuirtear i gcomparáid go rialta iad le forbairtí le déanaí, caithfear a bheith i mbun díospóireachta maidir leo agus caithfear iad a oiriúnú, agus tátail nua á mbaint.

Léirítear sa doiciméad seo an chaoi ar tugadh na creatchásanna bunaidh cothrom le dáta. Le haghaidh an nuashonraithe seo a rinneadh in 2024, d’athamhairc Future Impacts ar a bhunobair chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh cruinn agus a bhí toimhdí, agus tugadh athbhreithniú litríochta gearr i gcrích mar chuid de freisin. Tháinig sé chun solais go raibh tionchar i gceist le forbairtí nua ar réimse na ndrugaí nár léiríodh go hiomlán leis an tsraith príomhthosca a bhí ann roimhe seo, agus sheas roinnt gnéithe amach. Baineann ceann amháin díobh sin leis na forbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn go tapa i réimse IS; ceann eile is ea luaineacht gheopholaitiúil leanúnach, agus na chéad chomharthaí de dhrugaí a bheith á n‑úsáid chun giaráil pholaitiúil a chruthú. Chomh maith leis sin, an méadú atá tagtha ar shubstaintí sícighníomhacha nua agus ar dhrugaí sintéiseacha – a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh méadú ar scála na substaintí sin laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin – tá sé le feiceáil i ngach ceann de na trí chás, agus bíonn a leitheadúlacht ag brath ar fhorbairt na bpríomhthosca eile.

Leanfaidh EUDA de na cásanna sin a fhorbairt tuilleadh amach anseo.

Tagairtí

EUDA (Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh) (2022), A foresight toolbox for the drug field [Sraith uirlisí um fhadbhreathnaitheacht le haghaidh réimse na ndrugaí]

EUDA (2023), The future of drug monitoring in Europe to 2030: a report summary the results and lessons learned from the EMCDDA’s ‘futures study’ [Todhchaí an fhaireacháin drugaí san Eoraip as seo go dtí 2030: tuarascáil ina ndéantar achoimre ar na torthaí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ‘staidéar EMCDDA ar a bhfuil i ndán dúinn’]. 

EUDA (2024), Understanding Europe’s drug situation in 2024 – key developments (European drug report 2024) [Tuiscint a fháil ar staid na ndrugaí san Eoraip in 2024 – príomhfhorbairtí (Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2024].

Future Impacts (2022), 3 Scenarios, 3 Alternative Addiction Futures for 2040. [Tionchair a bheidh ann amach anseo (2022), Trí chás, trí thodhchaí mhalartacha i ndail leis an andúil do 2040]. Cur i láthair do Cheardlann Rannpháirtíochta Cásanna EMCDDA ag LxAddictions22

JRC (An tAirmheán Comhpháirteach Taighde) (2023), Reference foresight scenarios: scenarios on the global standing of the EU in 2040 [Cásanna fadbhreathnaitheachta tagartha: cásanna maidir le seasamh domhanda an Aontais in 2040]. 

LEE (an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil) (2020), Population trends 1950 – 2100: globally and within Europe [Treochtaí daonra 1950-2100: ar fud an domhain agus laistigh den Eoraip]. 

LEE (2021), Trends and projections in Europe 2021 [Treochtaí agus réamh-mheastacháin san Eoraip 2021]. 

IOM (An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce) (2020), The future of migration to Europe [Todhchaí na himirce chun na hEorpa]. 

Kosow, H. and Gaßner R. (2008), Methods of future and scenario analysis: overview, assessment, and selection criteria [Modhanna anailíse amach anseo agus ar chásanna: forbhreathnú, measúnú agus critéir roghnúcháin]. 

Oxfam (2020), Global megatrends: mapping the forces that affect us all [Meigithreochtaí domhanda: mapáil na bhfórsaí a théann i bhfeidhm orainn go léir]. Plépháipéir Idirnáisiúnta Oxfam

Nótaí

(1) Féach, mar shampla, na cásanna tagartha le haghaidh 2040 a d’fhoilsigh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (JRC, 2023), cásanna EEA mar chuid dá thionscadal um Eoraip inbhuanaithe in 2050 (EEA, 2021), an úsáid a bhaineann EUAA as cásanna ina thuarascáil 2023 maidir le todhchaí na cosanta idirnáisiúnta san Eoraip (EUAA, 2023a) nó mapáil Eurofound torthaí socheacnamaíocha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an Aistriú Cóir i gceithre chás (Eurofound, 2023).

(2) Ón 2 Iúil 2024 ar aghaidh, rinneadh Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) de EMCDDA, agus athbhreithníodh an sainordú atá aige. Cé gur tharla na gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta a rinneadh idir 2018 agus 2024 fad is a thugtaí EMCDDA ar an eagraíocht fós, sa pháipéar seo déanaimid tagairt don ghníomhaireacht mar EUDA, arb é a hainm nua.

(3) Sainmhínítear meigithreochtaí mar fhórsaí fadtéarmacha tiomána athraithe atá inbhraite faoi láthair agus a mbíonn tionchar mór acu ar gach gné den saol ar fud an domhain, agus leanfaidh siad orthu de dhéanamh amhlaidh ar feadh roinnt blianta amach anseo.

(4) Áiríodh leis sin staidéir fadbhreathnaitheachta de chuid an Aontais le déanaí inar cumhdaíodh an tréimhse chéanna ama (go dtí 2040) chomh maith le hoibreacha inar pléadh forbairtí a bhain go sonrach le réimse na ndrugaí.

(5) Cé go bhfuil a láidreachtaí agus a laigí féin i gceist le gach cur chuige éagsúil maidir le modheolaíocht cásanna (féach, mar shampla, Curry and Schultz, 2009), is é an bealach ‘modúlach’ nó moirfeolaíoch chun cásanna a thógáil (i.e. an mhodheolaíocht atá bunaithe ar phríomhfhachtóirí) is fearr a oireann do riachtanais an tionscadail seo. Ba í foireann ag EU-JRC a d’fhorbair an mhodheolaíocht ar dtús, agus is ann do leaganacha éagsúla den mhodheolaíocht. Le tuilleadh sonraí a fháil faoin gcur chuige, féach, mar shampla, Kosow agus Gaßner (2008).

(6) Bhí réimse leathan cúlraí réigiúnacha (lena n‑áirítear cúlraí neamh-Eorpacha) agus gairmiúla ag na rannpháirtithe, lena n‑áirítear mar bhaill de phobail eolaíochta agus leighis, agus mar ionadaithe ó institiúidí náisiúnta ábhartha agus ó institiúidí ábhartha an Aontais.

Admhálacha

Tionchair a bheidh ann amach anseo agus an tacaíocht a thugtar leis an tionscnamh chun turas fadbhreathnaitheachta EUDA a threorú, lena n‑áirítear forbairt na gcásanna agus na huirlisí lena mbaineann.

Maidir le Tionchair a bheidh ann amach anseo

Leis na Tionchair a bheidh ann amach anseo, déantar próisis fadbhreathnaitheachta a dhearadh agus a chur chun feidhme i dtaca le ceisteanna faoin todhchaí d’eagraíochtaí agus do chorparáidí araon. Tugaimid tionscadail fhadbhreathnaitheachta i gcrích sa lá atá inniu ann d’fhonn roghanna a shainaithint le haghaidh gníomhaíochtaí atá dírithe ar a bhfuil i ndán dúinn. Chuige sin, bainimid úsáid as anailís treochtaí, cásanna agus suirbhéanna Delphi, nó cuirimid le chéile iad, i measc cineálacha eile cur chuige. Chomh maith lenár bhfócas ar chluichí fadbhreathnaitheachta aonair a fhorbairt agus a chur chun feidhme, dírímid freisin ar fhothú acmhainneachta i dtaobh na fadbhreathnaitheachta. Tacaímid lenár gcliaint chun a gcumas agus a scileanna fadbhreathnaitheachta a leathnú trí oiliúint, foirne uirlisí agus cóitseáil.

Lógó Tionchar a bheidh ann amach anseo

Top