Tuiscint a fháil ar staid na ndrugaí san Eoraip in 2024 - príomhfhorbairtí (Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2024)

Léiríonn an anailís is déanaí a rinne EMCDDA ar fheiniméan drugaí na hEorpa go bhfuil an margadh drugaí athléimneach agus go bhfuil sé faoi thionchar ag forbairtí atá ag tarlú ar an leibhéal domhanda. Cruthaíonn na fadhbanna leanúnacha sláinte agus slándála a bhaineann le drugaí aindleathacha seanbhunaithe agus níos nuaí, agus níos mó an t-idirghníomhú eatarthu níos mó, comhthéacs dúshlánach beartais chun freagairtí éifeachtacha a mhúnlú agus a chur chun feidhme. Tugtar léargas in Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2024 ar staid na ndrugaí san Eoraip bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil. Sa chuid tosaigh seo tugtar tráchtaireacht anailíseach ghairid ar chuid de na saincheisteanna tábhachtacha atá ar chlár oibre na hEorpa faoi láthair maidir le beartas drugaí.
Tá an leathanach seo mar chuid de Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2024, forléargas bliantúil EMCDDA ar staid na ndrugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 11 Meitheamh 2024
GACH ÁIT, GACH RUD, GACH DUINE
Freagairt d’fhadhbanna drugaí na hEorpa atá ag teacht chun cinn
Príomhtheachtaireacht ón anailís ar Thuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2024 is ea go bhfuil tionchar úsáid drugaí aindleathacha ann i mbeagnach gach áit inár sochaí sa lá inniu. Tá sé d’acmhainn ag beagnach gach rud a bhfuil airíonna sícighníomhacha acu a úsáid mar dhruga. Fágann sé sin go bhféadfadh úsáid aindleathach drugaí agus na fadhbanna a bhaineann leis dul i bhfeidhm, cibé acu go díreach nó go hindíreach, ar gach duine.
Gach áit

Sa lá atá inniu ann, bíonn tionchar ag saincheisteanna drugaí i mbeagnach gach áit. Sa bhaile, tá siad léirithe i bhfadhbanna casta beartais eile agus cuireann siad leis na fadhbanna sin, amhail easpa dídine, bainistiú neamhord síciatrach, agus coiriúlacht óige. Feicimid freisin leibhéil níos airde foréigin agus éillithe atá á spreagadh ag margadh na ndrugaí i roinnt tíortha. Go hidirnáisiúnta, tá fadhbanna drugaí ag fás i mórán tíortha ísealioncaim agus meánioncaim, rud a bhaineann an bonn den rialachas agus den fhorbairt agus a chuireann leis na dúshláin shuntasacha sláinte poiblí agus slándála poiblí atá roimh go leor tíortha cheana féin.
Gach rud

De réir a chéile, feicimid gur féidir beagnach gach rud a bhfuil airíonna sícighníomhacha acu a bheith ar fáil ar mhargadh na ndrugaí, agus iad lipéadaithe go mícheart nó i meascáin go minic, rud a fhágann go bhféadfadh tomhaltóirí a bheith aineolach maidir lena bhfuil á úsáid acu, a mhéadaíonn rioscaí sláinte agus a chruthaíonn dúshláin nua forfheidhmithe dlí agus rialála.
Gach duine

Le tionchar na bhforbairtí atá ag dul ar aghaidh, is dócha go mbeidh tionchar ag úsáid drugaí aindleathacha, ag oibriú an mhargaidh drugaí agus ag na fadhbanna a bhaineann leis ar gach duine ar bhealach éigin. Go díreach, feicimid é sin sna daoine a bhfuil fadhbanna acu agus a dteastaíonn cóireáil nó seirbhísí eile uathu. Go hindíreach, feicimid go bhfuil daoine óga leochaileacha á n-earcú i gcoiriúlacht, is léir an brú ar bhuiséid sláinte agus na costais shóisialta do phobail a bhraitheann neamhshábháilte nó ina mbaineann éilliú nó cleachtais choiriúla an bonn d’institiúidí nó do ghnólachtaí.
Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh – a thugann cumas níos fearr don Eoraip freagairt go héifeachtach d’fheiniméan drugaí atá níos casta agus atá ag athrú go tapa

Ó bunaíodh EMCDDA in 1993, tá athrú suntasach tagtha ar mhéid agus ar chineál fheiniméan na ndrugaí. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a bhaineann le saincheisteanna comhaimseartha drugaí, rinneadh athbhreithniú ar shainordú na gníomhaireachta, agus ar an 2 Iúil 2024 déanfar Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) den Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí.
Tacóidh EUDA leis an Aontas Eorpach agus lena Bhallstáit tríd an bhfaireachán a dhéanaimid ar úsáid drugaí agus ar fhadhbanna a bhaineann le drugaí a fheabhsú agus a leathnú, trí chur lenár n-ullmhacht bagairtí nua a shainaithint agus freagairt dóibh agus trí infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt inniúlachtaí. Cuideoidh na gníomhaíochtaí sin le hidirghabhálacha níos fearr a chur ar fáil sna réimsí sláinte agus slándála araon.
Cuirfidh EUDA seirbhísí ar fáil thar cheithre réimse fhorluiteacha: dúshláin nua agus dúshláin amach anseo a thuar; foláirimh a shainaithint agus a eisiúint maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn agus bagairtí a bhaineann le drugaí; riachtanais agus freagairtí atá ar fáil a mheas; agus cabhrú le páirtithe leasmhara trí eolas agus dea-chleachtas nua a mheas agus a scaipeadh.
Beidh bailiú, anailísiú agus scaipeadh sonraí fós ina bpríomhchúraimí ag EUDA agus déanfar iad a chomhlánú le hinniúlachtaí nua. Áirítear orthu sin infheistíocht níos mó i dtuiscint agus i bhfreagairt ar fhadhbanna a eascraíonn as úsáid ildrugaí agus acmhainneacht anailíseach a neartú trí líonra nua de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bhunú. Forbróidh EUDA córas foláirimh Eorpach nua maidir le drugaí chun cur leis an obair atá á déanamh faoi láthair ag ár gCóras Réamhrabhaidh maidir le substaintí sícighníomhacha nua agus déanfar é sin a chomhlánú le cumais nua maidir le measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála. Déanfar infheistíocht níos mó freisin chun bearnaí agus riachtanais taighde a shainaithint, agus cuideoidh cleachtaí fadbhreathnaitheachta agus scanta rialta le hullmhacht an AE a mhéadú chun freagairt do dhúshláin a bheidh ann amach anseo i réimse na ndrugaí. Leanfaidh EUDA de bheith ag obair i ndlúthchomhar le líonra pointí fócasacha náisiúnta drugaí Reitox, a ndéanfar a ról a threisiú. Cuirfear tacaíocht ar fáil chun beartais atá bunaithe ar fhianaise a mheas agus a fhorbairt, agus beidh an ghníomhaireacht in ann níos mó infheistíochta a dhéanamh ina cuid gníomhaíochtaí chun tacú le riachtanais bheartais ar leibhéal an AE. Beidh an ghníomhaireacht in ann níos mó a dhéanamh freisin chun idirghabhálacha fianaisebhunaithe agus dea-chleachtas a fhorbairt agus a chur chun cinn, ról idirnáisiúnta níos láidre a bheith aici agus tacú leis an Aontas Eorpach i mbeartas drugaí ar an leibhéal iltaobhach.
Staid na ndrugaí san Eoraip in 2024 – forléargas
Ard-infhaighteacht ar raon níos leithne de shubstaintí a bhíonn níos láidre go minic

Tugtar le fios in anailís ar na táscairí a bhaineann le soláthar le haghaidh na ndrugaí aindleathacha a úsáidtear go coitianta san Aontas Eorpach go bhfuil infhaighteacht fós ard maidir le beagnach gach cineál substainte. Ina theannta sin, tugann an fhaisnéis atá ar fáil le fios gur saintréith den mhargadh anois é raon níos leithne drugaí a bheith ar fáil go forleathan ná mar a bhí ar fáil san am a chuaigh thart, agus gur minic a bhíonn substaintí ar fáil ar neart ard nó ar íonacht ard nó i bhfoirmeacha, meascáin nó teaglamaí nua. Áirítear orthu sin substaintí núíosacha, i gcásanna ina bhféadfadh eolas an tomhaltóra agus an t-eolas eolaíoch araon a bheith teoranta maidir leis na rioscaí sláinte . Tá éagsúlacht mhéadaitheach sna foirmeacha inar féidir substaintí a bheith ar fáil ar an margadh agus, i gcásanna áirithe, amhail cannabas, mar shampla, sna bealaí tabhartha trínar féidir iad a úsáid, agus tá iteáin channabais agus cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí vapála ag teacht chun cinn. Méadaíonn na forbairtí seo imní go bhféadfadh na rioscaí a bhaineann le roinnt substaintí a bheith ag fás. Go háirithe, tá imní ann go bhféadfadh daoine a úsáideann drugaí a bheith i mbaol níos mó go mbeadh fadhbanna sláinte i ndán dóibh, lena n-áirítear nimhiú a d’fhéadfadh a bheith marfach, trí shubstaintí ardláidreachta nó níos núíosacha a úsaid, i ngan fhios dóibh b’fhéidir.
Tá baint ag an díriú ar bhonneagar tráchtála le hard-infhaighteacht drugaí

Maidir le substaintí a ndéantar gáinneáil orthu isteach san Aontas Eorpach, spreagadh tábhachtach d’infhaighteacht mhéadaithe is ea cumas grúpaí coiriúla leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le bonneagar iompair tráchtála nua-aimseartha. Tarlaíonn beagnach 70% de na hurghabhálacha drugaí a dhéanann údaráis chustaim i gcalafoirt an Aontais Eorpaigh, agus braitheadh méideanna móra drugaí, go háirithe cócaon, i gcoimeádáin loingseoireachta idirmhódúla. Mar shampla, in 2023 thuairiscigh an Spáinn gur in aon lastas amháin a urghabhadh an méid cócaoin ba mhó a urghabhadh riamh, agus 9.5 tona den druga folaithe i mbananaí a tháinig ó Eacuadór. Bíonn eagraíochtaí gáinneála ag díriú go rialta ar chalafoirt mhóra sa Bheilg agus san Ísiltír freisin, agus tá imní ann go bhfuil calafoirt bheaga in áiteanna eile san Eoraip i mbaol níos mó anois.
Tá na modhanna a úsáideann grúpaí coireachta atá ag feidhmiú sa réimse seo ag éirí níos sofaisticiúla le cásanna dea-dhoiciméadaithe d’insíothlú slabhraí soláthair agus de dhúshaothrú príomhbhall foirne trí imeaglú agus éilliú. Mar fhreagairt air sin, áirítear i dTreochlár 2023 an AE i gcoinne Gáinneáil ar Dhrugaí bearta chun bainistiú riosca custaim a neartú agus chun drugaí gáinneáilte agus ceimiceáin réamhtheachtaí a bhrath. Áirítear leis sin tacú le hardtrealamh scanta coimeádán a chur in úsáid agus idir-inoibritheacht chórais faisnéise custaim an AE a mhéadú. Tacaíonn an Treochlár freisin le Comhghuaillíocht nuabhunaithe na gCalafort Eorpach, ar comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach í, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun athléimneacht phríomhionad lóistíochta na hEorpa a mhéadú i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus insíothlú ag grúpaí coiriúla eagraithe.
Tá méadú ag teacht ar na hábhair imní ó thaobh beartais de maidir le foréigean a bhaineann le drugaí agus dúshaothrú mionaoiseach

Tá imní ag dul i méid, mar thoradh ar ardinfhaighteacht drugaí, gáinneáil ar mhéideanna móra agus iomaíocht idir grúpaí coiriúla san Eoraip, go bhfuil méadú ag teacht ar fhoréigean agus ar chineálacha eile coiriúlachta i roinnt tíortha a bhaineann le hoibriú an mhargaidh drugaí. Go stairiúil, is iad tíortha táirgthe agus tíortha idirthurais lasmuigh den Aontas Eorpach a d’iompair an t-ualach coireachta foréigní is mó a bhaineann le margadh na ndrugaí, agus is amhlaidh atá fós. Mar sin féin, san Eoraip, go háirithe i dtíortha inar eol go dtagann líon mór drugaí isteach nó go dtáirgtear líon mór drugaí iontu, is cosúil go bhfuil méadú ag teacht ar na leibhéil foréigin a bhaineann le trádáil na ndrugaí. Ag gabháil leis seo, tá imní ag dul i méid freisin maidir le hearcú agus dúshaothrú ógánach ag líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le trádáil drugaí aindleathacha. Is léir an méid sin ón tosaíocht mhéadaithe atá á tabhairt ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun dul i ngleic leis na bagairtí sin. Faoi láthair, tá sé dúshlánach faireachán a dhéanamh ar threochtaí agus ar fhorbairtí sa choireacht a bhaineann le drugaí ar an leibhéal Eorpach. Mar fhreagairt air sin, tá infheistíocht á déanamh ag EMCDDA chun feabhas a chur ar uirlisí faireacháin sa réimse sin, agus is féidir sampla de sin a fheiceáil san obair a rinneadh le déanaí chun táscaire dúnbhásaithe a bhaineann le drugaí a fhorbairt. Déanfaidh EUDA, ag obair i ndlúthchomhar le Europol agus leis an gCoimisiún Eorpach, níos mó infheistíochta sa réimse sin amach anseo, ós rud é gur dócha go mbeidh faisnéis fhónta ina réamhriachtanas chun straitéisí éifeachtacha idirghabhála a cheapadh chun cur i gcoinne an fhoréigin, an éillithe agus an dúshaothraithe choiriúil a bhaineann níos mó agus níos mó le hoibriú roinnt margaí drugaí Eorpacha comhaimseartha.
Cuireann úsáid ildrugaí agus mídhíol drugaí leis na rioscaí don tsláinte

Is éard atá i gceist le húsáid ildrugaí dhá shubstaint shícighníomhacha nó níos mó a úsáid, cibé acu dleathach nó aindleathach, go comhuaineach nó go seicheamhach. Is saincheist ghaolmhar í gur féidir substaintí a dhíol ina bhfuil druga amháin nó níos mó seachas an ceann a raibh an ceannaitheoir ag súil leis, cibé acu i meascán leis an tsubstaint a raibh sé beartaithe acu a cheannach nó ina hionad. Fágann sé sin go bhféadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas faoin tsubstaint nó faoi na substaintí atá á n-úsáid acu i ndáiríre. Trí dhrugaí a úsáid i dteannta a chéile, d'fhéadfadh an baol a bhaineann le fadhbanna sláinte a mhéadú agus seachadadh idirghabhálacha éifeachtacha a dhéanamh níos casta, ar saincheist í, mar shampla, i bhfreagairt do ghéarnimhiú.
Príomhtheachtaireacht i dTuarascáil Eorpach ar Dhrugaí na bliana seo is ea go bhfuil úsáid ildrugaí coitianta i measc na ndaoine a úsáideann substaintí sícighníomhacha, agus trí dhrugaí a úsáid ar an mbealach sin is d'fhéadfaí cur leis an mbaol go mbeadh fadhbanna tromchúiseacha sláinte i gceist. Is cosúil go bhfuil dúshláin sa réimse sin ag fás freisin. Is amhlaidh atá sé i bpáirt mar gheall ar chomhtháthú margaidh méadaithe drugaí aindleathacha seanbhunaithe agus substaintí sícighníomhacha nua, agus i bpáirt mar gheall ar an infhaighteacht agus úsáid níos leithne substaintí sintéiseacha. I measc na n-ábhar imní sa réimse sin tá táirgí cannabais atá truaillmheasctha le cannaibionóidigh shintéiseacha, táirgí a dhíoltar mar MDMA ach a mbíonn cáitíonóin shintéiseacha iontu uaireanta mar thruaillmheascadh, agus ópóidigh shintéiseacha an-láidir a bheith ann atá measctha le substaintí eile nó a mhídhíoltar mar shubstaintí eile. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin gur féidir le húsáid alcóil i dteannta le drugaí aindleathacha rioscaí sláinte a mhéadú freisin, mar shampla nuair a thógtar alcól in éineacht le cócaon, ópóidigh nó beinsidé-asaipíní nua nó ‘sráide’.
Tá gá le foinsí nua sonraí fóiréinseacha, tocsaineolaíocha agus nuálacha

Ceann de na dúshláin atá ann maidir le faireachas drugaí in 2024 is ea tuiscint níos doimhne a fháil ar na drugaí atá á n-úsáid i ndáiríre agus ar na teaglamaí atá ann. Dá bhrí sin, beidh sé ina thosaíocht d’obair EUDA amach anseo feabhas a chur ar fhaireachán ar phatrúin úsáide ildrugaí agus ár dtuiscint ar cad is idirghabhálacha éifeachtacha sa réimse seo ann a mhéadú. Beidh sé ríthábhachtach feabhas a chur ar fhoinsí sonraí tocsaineolaíocha agus fóiréinseacha agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn siad chun tuiscint níos fearr a fháil ar na substaintí atá á ndíol ar an margadh agus ar na drugaí nó na teaglamaí drugaí a bhfuil baint ar leith acu le díobháil. Ina theannta sin, leanfaidh EUDA d’infheistíocht a dhéanamh chun foinsí nua sonraí a fhorbairt ar féidir leo léargas níos mionsonraithe a thabhairt ar phatrúin úsáide drugaí, amhail sonraí ó sheirbhísí tástála drugaí nó ó staidéir faireacháin ar steallairí. Mar shampla, is minic a bhraitear substaintí iomadúla i steallairí úsáidte a bhailítear ag suíomhanna malartaithe steallairí, lena n-áirítear spreagthaigh agus ópóidigh go minic, rud a thugann le fios go n-úsáidtear na haicmí drugaí sin le chéile go coitianta i gcathracha na hEorpa.
Aghaidh a thabhairt ar shraith riachtanas níos éagsúla agus níos casta
Tacú le cosc fianaisebhunaithe ar úsáid substaintí a chur chun feidhme

Tá sé mar aidhm ag cosc ar úsáid substaintí deireadh a chur le húsáid drugaí sícighníomhacha nó moill a chur ar an úsáid sin. D’fhéadfadh sé cabhrú leo siúd a thosaigh substaintí a úsáid chun forbairt neamhoird úsáide drugaí a sheachaint. Go stairiúil, áfach, fuarthas amach nach bhfuil gach cur chuige a úsáidtear sa réimse seo éifeachtach, agus tá méadú ag teacht ar an spéis atá ann i sainaithint agus i gcur chun feidhme clár coisc atá bunaithe ar fhianaise. Tacaítear anois leis an gcuspóir sin a bhaint amach trí chlárlanna clár coisc, tionscnaimh oiliúna agus forbairt caighdeán cáilíochta a chur ar bun. Tá an Curaclam Eorpach um Chosc ceaptha chun éifeachtacht fhoriomlán na n-iarrachtaí coisc a fheabhsú. Tá oiliúnóirí náisiúnta Churaclam Eorpach um Chosc ag breis agus 25 Ballstát agus tíortha comharsanachta anois. Tacaíonn Xchange, clárlann Eorpach ar líne d’idirghabhálacha coisc a ndearnadh meastóireacht orthu, leis na hiarrachtaí coisc freisin. In ainneoin uirlisí ardcháilíochta a bheith ar fáil chun cabhrú le cláir a shainaithint ar dócha go mbeidh siad éifeachtach, tá easpa infheistíochta fós in obair chun drugaí a chosc i gcuid mhaith tíortha nó tá fianaise ann nach bhfuil acmhainní á n-úsáid go héifeachtúil trí infheistíocht a dhéanamh i gcláir nach bhfuil fianaise láidir éifeachtachta ag baint leo.
Méadaíonn éagsúlacht níos mó substaintí a instealltar rioscaí sláinte

Is príomh-shaincheist i gcónaí í freagairt éifeachtach agus chuimsitheach a áirithiú do dhaoine a insteallann drugaí san Eoraip, ó thaobh beartais agus cleachtais de má táthar chun an díobháil a bhaineann le drugaí a laghdú. Tá na dúshláin sa réimse seo ag éirí níos casta, áfach, de réir mar a léiríonn na sonraí a thuairiscítear anseo éagsúlacht mhéadaitheach na substaintí atá á n-instealladh san Eoraip agus gur féidir riosca níos mó a bheith ag baint leis an éagsúlacht sin.
Is minic a bhíonn daoine a insteallann drugaí i mbaol níos mó díobhálacha, mar shampla ionfhabhtuithe fuil-iompartha a tholgadh nó bás a fháil ó ródháileog drugaí, ná iad siúd a úsáideann bealaí tabhartha eile. Trí dhrugaí a instealladh d’fhéadfadh fadhbanna sláinte a bhí ann cheana a dhéanamh níos measa nó é a bheith ina chúis le heaspaí, seipticéime agus damáiste néaróg. Cé go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar instealladh drugaí san Eoraip le deich mbliana anuas, is ionann é fós agus sciar díréireach den díobháil ghéar agus ainsealach don tsláinte mar thoradh ar úsáid substaintí.
Go stairiúil, is é hearóin an príomhdhruga a bhaineann le hinstealladh san Eoraip, ach léiríonn sonraí iarmhar steallairí a thuairiscítear anseo conas a tháinig patrúin insteallta athraitheacha agus casta chun cinn. Tá réimse leathan drugaí, lena n-áirítear amfataimíní, cócaon, cáitíonóin shintéiseacha, cógais agónaíocha ópóideacha, cógais eile agus substaintí sícighníomhacha nua éagsúla, á mbrath anois in iarmhair steallairí, go minic i dteannta a chéile, rud a d’fhéadfadh an baol de ródháileog a mhéadú. Tacaíonn staidéir mhonatóireachta steallaire le sonraí eile a thugann le tuiscint go bhfuil instealladh spreagthach, go háirithe, tar éis éirí níos coitianta i measc daoine a instealladh drugaí. Is ábhar imní é seo, toisc go raibh baint ag instealladh spreagthach le hinstealladh níos minice agus le roinnt ráigeanna áitiúla VEID a tuairiscíodh san Eoraip le deich mbliana anuas. Tá ráigeanna áitiúla VEID a bhaineann le hinstealladh spreagthach fós á dtuairisciú sna sonraí is déanaí, lena n-áirítear ráig in Monza na hIodáile, in 2022.
Meastar anois go bhfuil cuir chuige chun díobháil a laghdú ríthábhachtach chun tarchur VEID a laghdú i measc daoine a insteallann drugaí, go háirithe an soláthar de threalamh insteallta steiriúla, lena n-áirítear dáileadh i bpríosúin agus trí chógaslanna. Arís eile, áfach, tugann ár n-anailís le fios nach leor clúdach agus rochtain ar chláir um shnáthaidí saor in aisce agus steallairí saor in aisce i gcuid mhaith tíortha san AE.
Filleann fógraí VEID ar leibhéil réamh-phaindéime

Cé go bhfuil laghdú ag teacht san Aontas Eorpach san fhadtéarma ar ionfhabhtuithe nua VEID a bhaineann le hinstealladh drugaí, tháinig méadú ar fhógraí nua VEID in 2022 i gcomparáid le 2021 i mbreis agus leathchuid de na tíortha a thuairiscigh sonraí. In 2022, tháinig méadú ar líon na bhfógraí nua VEID a bhaineann le hinstealladh drugaí san Aontas Eorpach go 968, i gcomparáid le 662 sa bhliain roimhe sin, ag filleadh ar leibhéal atá cosúil leis an leibhéal a bhí ann in 2019. D’fhéadfadh an méadú sin a bheith ina léiriú i bpáirt ar rátaí méadaithe tástála VEID tar éis deireadh a chur le srianta a bhaineann le COVID-19, agus seirbhísí sláinte, lena n-áirítear tástáil VEID, a bheith ag feidhmiú arís mar a bhí roimh an bpaindéim. Toisc eile a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach is ea gluaiseacht daoine a bhfuil diagnóis VEID ar eolas acu idir tíortha Eorpacha tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin. Beag beann ar an gcúis atá leis, is fiú tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar an gcinneadh sin, ós rud é go mbeadh aon athrú ar an treocht fhadtéarmach anuas a bhreathnaítear sa tacar sonraí seo ina ábhar imní. Ina theannta sin, cé go bhfuil an tAontas Eorpach i staid mhaith i gcomparáid le go leor réigiún eile ar domhan, ní éiríonn leis an laghdú 38% ar fhógraí VEID ó 2010 sprioc laghdú 75% na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) a bhaint amach, rud a léiríonn gur gá níos mó a dhéanamh chun deireadh a chur le tarchur VEID a bhaineann le drugaí san Eoraip.
Comharthaí go bhfuil céataimín ar fáil níos mó agus níos mó agus go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh

Cuid den mhisean a bheidh ag EUDA nua is ea ár gcumas faireacháin a leathnú chuig substaintí níos nuálaí nach bhfuil le feiceáil go leordhóthanach faoi láthair laistigh de na tacair shonraí a úsáidtear chun gnáthfhaireachán a dhéanamh ar dhrugaí. Sampla maith de seo is ea céataimín, áit a bhfuil an fhianaise atá ann teoranta ach a thugann le tuiscint gur dócha go mbeidh an druga seo ar fáil go comhsheasmhach i roinnt margaí náisiúnta drugaí agus go bhféadfadh sé a bheith ina dhruga roghnaithe seanbhunaithe i roinnt suíomhanna. Mar sin féin, in ainneoin fianaise starógaí go n-úsáideann roinnt grúpaí daoine óga céataimín go forleathan, níl tuiscint mhaith againn ar phatrúin úsáide na substainte seo.
Cé nach gá go bhfuil sé ionadaíoch ar an leibhéal Eorpach, tá an méid céataimín a urghabhadh agus a tuairiscíodh do Chóras Luathrabhaidh an AE maidir le substaintí sícighníomhacha nua éagsúil le himeacht ama, ach tá sé fós ag leibhéil sách ard le déanaí, agus tuairiscíodh gur tháinig méadú ar urghabhálacha ó bheagán faoi thona amháin in 2021 go 2.8 tona in 2022. Creidtear go dtagann an chuid is mó den chéataimín a urghabhadh san Eoraip ón India, ach d'fhéadfadh an Phacastáin agus an tSín a bheith ina dtíortha foinse don tsubstaint seo freisin.
Féadfar céataimín a úsáid ina aonar nó i gcomhcheangal le substaintí eile. In 2022, tuairiscíodh i sonraí ó ranna éigeandála ospidéil a bhí rannpháirteach sa líonra Euro-DEN Plus gurbh é cócaon an tsubstaint ba mhinice a tuairiscíodh in éineacht le céataimín i ndaoine a tháinig isteach le géarthocsaineacht.
Is minic a smúrtar céataimín , ach is féidir é a instealladh freisin, agus tá sé nasctha le díobhálacha géarmhíochaine agus ainsealacha éagsúla a bhíonn ag brath ar dháileog, lena n-áirítear tocsaineacht néareolaíoch agus cardashoithíoch, fadhbanna sláinte meabhrach agus deacrachtaí úireolaíocha, mar shampla damáiste don lamhnán ó dhianúsáid nó truaillmheascáin a bheith ann. Faoi láthair, tá ár dtuiscint ar an méid a bhaineann an druga seo le díobháil shuntasach san Eoraip teoranta i gcónaí, agus tá cás láidir ann chun feabhas a chur ar mhonatóireacht ar úsáid céataimín agus ar aon díobhálacha gaolmhara.
‘Cócaon bándearg’: sampla de mheascáin drugaí sintéiseacha nua atá ar mhargadh an AE

Féadfar céataimín a chur le meascáin drugaí eile, lena n-áirítear púdair agus táibléid MDMA, a d'fhéadfadh an riosca d’úsáid mhístaidéarach a mhéadú. D’fhéadfadh céataimín a bheith i meascáin a dhíoltar mar ‘chócaon bándearg’ freisin. Tá an táirge sin le feiceáil i gcodanna de mhargadh drugaí an AE, ach tá stair níos faide aige i Meiriceá Laidineach, áit ar tuairiscíodh go minic go bhfuil an tsubstaint 2CB ann, rud a léirítear ina ainm sráide malartach ‘tucibi’. San Eoraip, áfach, fuarthas raon substaintí sintéiseacha, lena n-áirítear céataimín agus MDMA, sa táirge sainiúil gealdaite seo. Ar go leor bealaí, is sampla é cócaon bándearg den mhargaíocht níos sofaisticiúla ar shubstaintí sintéiseacha do thomhaltóirí, ar dóigh nach mbeidh mórán tuisceana acu ar na ceimiceáin atá á n-úsáid acu i ndáiríre.
Freagairt na hEorpa ar channabas
Is gá tuiscint níos fearr a fháil ar na freagraí is éifeachtaí chun fadhbanna a bhaineann le cannabas a chóireáil

Tá cannabas fós ar an druga aindleathach is coitianta a úsáidtear san Aontas Eorpach, agus leitheadúlacht na húsáide thart ar chúig huaire níos mó ná leitheadúlacht na substainte eile is gaire (Sracfhéachaint ar an bhFigiúr). Tá baint ag úsáid cannabais le raon fadhbanna sláinte fisiciúla agus meabhrach; ceaptar go méadaítear na rioscaí le tús luath, úsáid rialta agus fhadtéarmach agus úsáid ard-dáileoige. Tá gá ann fós, áfach, tuiscint níos fearr a fháil ar na cineálacha fadhbanna a bhíonn ag úsáideoirí cannabais, chomh maith leis na bealaí atreoraithe cuí agus na roghanna cóireála éifeachtacha dóibh siúd atá ag lorg cabhrach maidir lena n-úsáid cannabais. Is ionann cannabas agus níos mó ná aon trian de na hiontrálacha uile a tuairiscíodh ar chóireáil drugaí san Eoraip. Tá sé deacair an toradh sin a léirmhíniú, i bpáirt mar gheall ar an raon leathan idirghabhálacha a chuirtear ar fáil d’úsáideoirí cannabais, a bhféadfadh idirghabhálacha gairide nó atreoruithe treoracha ón gcóras ceartais choiriúil a bheith san áireamh leo. Tá gá le tuilleadh oibre chun tuiscint níos fearr a fháil ar na cineálacha seirbhísí a thairgtear do dhaoine a bhfuil fadhbanna cannabais acu. Mar sin féin, tugann an fhaisnéis atá ann le fios go gcuirtear cóireálacha síceasóisialta, amhail teiripe iompraíochta cognaíocha, ar fáil go coitianta agus go bhfuil idirghabhálacha ríomhshláinte ar fáil níos mó agus níos mó.
Tá sé casta meastóireacht a dhéanamh ar an mbaol díobhála a bhaineann le húsáid cannabais mar gheall ar an raon táirgí atá bunaithe ar channabas atá ag méadú de réir a chéile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil do thomhaltóirí, lena n-áirítear iteáin, cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí vapála, táirgí ardchumais agus díorthaigh éagsúla den druga. D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an éagsúlacht seo ar an mbaol go mbeadh fadhbanna ag duine lena n-úsáid cannabais, ach ní thuigtear go maith iad seo. Dá bhrí sin, is réimse é sin a dteastaíonn níos mó taighde agus aird rialála ina leith.
Tá monatóireacht agus meastóireacht ríthábhachtach chun tionchar athruithe beartais cannabais a mheas

D'athraigh roinnt Ballstát AE a gcur chuige maidir le húsáid cannabais áineasa a rialáil, nó tá siad ag smaoineamh ar a gcur chuige a athrú, rud a chruthaíonn an fhéidearthacht go mbeidh rochtain níos fearr ar an druga ag roinnt úsáideoirí nó faoi choinníollacha áirithe. I mí na Nollag 2021, rith Málta reachtaíocht a bhí dírithe ar fhás sa bhaile agus úsáid cannabais in áiteanna príobháideacha, in éineacht le clubanna fáis pobail neamhbhrabúsacha. I mí Iúil 2023, rith Lucsamburg reachtaíocht chun fás sa bhaile agus úsáid phríobháideach a cheadú, agus i mí Feabhra 2024, rith an Ghearmáin reachtaíocht chun fás sa bhaile agus clubanna fáis cannabais neamhbhrabúsacha a cheadú. D’fhógair an tSeicia pleananna freisin le haghaidh córas dáileacháin rialáilte agus cáinghearrtha.
Tá saothrú, díol agus seilbh cannabais fós ina gcionta coiriúla san Ísiltír. Mar sin féin, tá glacadh le cainníochtaí beaga cannabais a dhíol le daoine fásta (os cionn 18 mbliana d’aois) i ‘siopaí caife’ le blianta fada anuas. Ceann de na cuspóirí beartais don chaoinfhulaingt seo ná an margadh cannabais a scaradh ón margadh le haghaidh drugaí eile. Is cúis imní leis an gcur chuige seo ná go gcuirtear cannabas a dhíoltar i siopaí caife ar fáil ón margadh mídhleathach agus, dá bhrí sin, baineann grúpaí coiriúla leas as an trádáil seo. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, tá múnla slabhra soláthair dúnta cannabais á phíolótú ag an Ísiltír, ina dtáirgtear cannabas a dhíoltar i siopaí caife in áiseanna rialáilte.
San Eoraip agus in áiteanna eile, is dóigh go leanfar leis an díospóireacht dhinimiciúil phoiblí agus bheartais atá ann faoi láthair maidir leis an gcaoi ar cheart cannabas a rialáil. Tá na margaí móra tráchtála don druga seo atá ann i Meiriceá Thuaidh agus in áiteanna eile ag spreagadh nuálaíochta cheana féin, agus is dócha go bhfuil tionchar indíreach acu ar an raon níos leithne táirgí cannabais atá ar fáil anois ar mhargadh na hEorpa. Ní léir cén treo a rachaidh beartais Eorpacha amach anseo. Is léir, áfach, gur cheart measúnú ar thionchar aon athruithe a thugtar isteach a bheith ag gabháil le haon fhorbairt beartais sa réimse seo. Beidh an cineál sin meastóireachta ag brath ar shonraí bonnlíne maithe a bheith ann; agus béim á leagan arís ar an ngá atá le feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéanaimid ar na patrúin úsáide atá ann faoi láthair maidir leis an druga aindleathach is minice a úsáidtear san Eoraip.
Cruthaíonn margaí cannabais atá ag athrú dúshláin nua maidir le beartais drugaí

Tá éagsúlacht na dtáirgí cannabais atá ar fáil san Eoraip ag méadú. Is fíor sin i gcás mhargadh na ndrugaí aindleathacha. Is fíor é sin freisin maidir le margadh na dtomhaltóirí, áit a bhfuil táirgí le feiceáil ina bhfuil leibhéil ísle THC, nó substaintí eile a d'fhéadfaí a dhíorthú ón bplanda cannabais, mar CBD, nó an dá rud. Ar mhargadh na ndrugaí aindleathacha, is ábhar imní ar leith é an infhaighteacht ard d’eastóscáin agus d’iteáin ardnirt, agus tá sé sin nasctha le géarthocsaineacht i ndaoine a thagann isteach i rannóga éigeandála ospidéil. Ina theannta sin, tá imní ann go bhféadfadh roinnt táirgí a dhíoltar ar an margadh aindleathach mar channabas nádúrtha a bheith truaillithe le cannaibionóidigh shintéiseacha láidre.
Tá roinnt cannaibionóideach leathshintéiseacha le feiceáil le déanaí ar an margadh tráchtála i gcodanna den Eoraip. Is dócha gurb é an cannaibionóideach leathshintéiseach is coitianta a bhíonn ann ná heicsi-hidreachannabanól (HHC), ach freisin le déanaí tá heicsi-hidreachannabaforól (HHC-P) agus teitri-hidreachannabaforól (THCP) ar fáil go tráchtála i roinnt Ballstát den AE. Díoladh na substaintí sin mar roghanna malartacha ‘dlíthiúla’ ar channabas, más fíor, rud a chuireann leis na dúshláin rialála sa réimse seo. Cé go bhfuil eolas teoranta ar éifeachtaí HHC i ndaoine, ardaíodh imní de réir mar a tháinig staidéir chun cinn, lena n-áirítear roinnt tuairiscí ar naisc le síocóis. Tuairiscíodh freisin go raibh meisce i measc leanaí de bharr iteáin a ithe ina bhfuil HHC.
Tá ról níos mó anois ag cócaon agus ag spreagthaigh shintéiseacha i bhfadhbanna drugaí na hEorpa
Don séú bliain as a chéile, urghabhadh na cainníochtaí cócaoin is mó riamh san Eoraip

D’urghabh Ballstáit an Aontais na cainníochtaí cócaoin is mó riamh arís in 2022, arbh ionann é sin agus 323 tona ar a laghad. Tá urghabhálacha Eorpacha anois níos mó ná iad siúd a dhéantar sna Stáit Aontaithe, ar tír í a mheastar go stairiúil a bheith i measc na margaí is mó don druga seo. Tagann cócaon isteach san Eoraip trí bhealaí éagsúla, ach meastar gur gné shuntasach í an gháinneáil ar líon mór cócaoin trí chalafoirt na hEorpa i gcoimeádáin loingseoireachta tráchtála idirmhódúla i dtaca le hinfhaighteacht ard an druga sin.
Tá an gháinneáil ar dhrugaí aindleathacha an-dinimiciúil agus téann sí in oiriúint go tapa d’fhorbairtí geopholaitiúla, do choinbhleachtaí réigiúnacha agus d’athruithe ar bhealaí trádála. Ceaptar gur chuir forbairtí sa Cholóim, sa Bhrasaíl agus in Eacuadór leis an méadú a chonacthas i gcócaon a gháinneáiltear chuig an Aontas Eorpach. De réir mar a méadaíodh bearta díchumasaithe ag príomhphointí iontrála aitheanta don druga, is cosúil go bhfuil gáinneálaithe ag díriú níos mó agus níos mó ar chalafoirt bheaga i dtíortha eile de chuid an AE agus i dtíortha atá ar theorainn an Aontais Eorpaigh, áit a bhféadfadh sé nach gcuirfí bearta díspreagthacha i bhfeidhm chomh dian céanna. Thuairiscigh roinnt tíortha i dtuaisceart na hEorpa, lena n-áirítear an tSualainn agus an Iorua, urghabhálacha níos mó cócaoin ná a urghabhadh riamh ag calafoirt in 2023, rud a thugann le fios go bhfuil gach pointe iontrála chuig an Aontas Eorpach leochaileach anois.
Léiríonn láithreáin táirgthe cócaoin san Eoraip an chaoi a mbíonn grúpaí gáinneála nuálach chun brath a sheachaint

Trí shaotharlanna próiseála cócaoin ar mhórscála a bhrath go rialta ar fud na hEorpa, go háirithe sa Bheilg, sa Spáinn agus san Ísiltír, léirítear an chaoi a bhfuil líonraí coiriúla trasnáisiúnta ó dhá thaobh an Atlantaigh ag obair le chéile chun modhanna nua a fhorbairt chun cócaon a gháinneáil isteach san Eoraip. Is féidir é sin a fheiceáil in úsáid trealaimh speisialaithe agus i rannpháirtíocht ceimiceoirí a bhfuil saineolas acu maidir le ceilt agus próiseáil cócaoin. Is gnách go mbíonn eastóscadh tánaisteach cócaoin a ionchorpraítear in ábhair eile i gceist le próiseáil cócaoin san Eoraip chun an riosca braite a laghdú nuair a áirítear é i lastais tráchtála earraí dlisteanacha. I measc na modhanna gáinneála seo tá tuile shimplí cócaoin isteach in ábhar, agus ceiltí ceimiceacha níos sofaisticiúla, áit a ndéantar an druga a ionchorprú i bplaistigh, polaiméirí nó coimpléisc mhiotail éagsúla.
Ina theannta sin, tá taos cócó agus bonn cócaoin á ngáinneáil isteach san Eoraip anois, agus na céimeanna deiridh próiseála chuig hidreaclóiríd cócaoin á gcur i gcrích i saotharlanna folaitheacha. Ní fios na cúiseanna leis sin, ach moladh go bhféadfadh sé a bheith ina fhreagairt ar an nganntanas coibhneasta ceimiceán próiseála cócaoin i Meiriceá Laidineach agus ar an mbuntáiste eacnamaíoch a bhaineann le céimeanna deiridh an phróisis táirgthe san Eoraip a rialú.
An tionchar a bhíonn ag infhaighteacht ard cócaoin ar an tsláinte phoiblí ag éirí níos feiceálaí

Is é cócaon, tar éis cannabais, an dara druga aindleathach is coitianta a úsáidtear san Eoraip. Tá comharthaí ag méadú go bhfuil tionchar diúltach méadaitheach ag infhaighteacht ard leanúnach an druga seo ar shláinte phoiblí san Eoraip. Cé go bhfuil ilchineálacht gheografach shuntasach le feiceáil sna sonraí, is é cócaon go foriomlán an dara druga aindleathach is minice a thuairiscítear, ag iontrálaithe céaduaire ar sheirbhísí cóireála drugaí, agus san fhaisnéis níos teoranta atá ar fáil maidir le daoine a thagann isteach chuig ranna éigeandála ospidéil agus géarthocsaineacht drugaí orthu. Thuairiscigh seirbhísí seiceála drugaí Eorpacha, cé nach bhfuil siad ionadaíoch go náisiúnta, gurbh é cócaon an tsubstaint ba choitianta a scagthástáil siad in 2022. Tugann na sonraí tocsaineolaíocha atá ar fáil le fios go raibh baint ag an druga le thart ar an gcúigiú cuid de bhásanna ródháileoige drugaí in 2022, go minic i gcomhar le substaintí eile. Thairis sin, toisc gur féidir le húsáid cócaoin fadhbanna bunúsacha cardashoithíocha a ghéarú, ar cúis mhór báis é sin san Eoraip, is dócha nach n-aithnítear go leordhóthanach rannchuidiú foriomlán an druga seo le básmhaireacht.
Tháinig méadú freisin ar iarmhair chócaoin i bhfuíolluisce cathrach in dhá thrian de chathracha a bhfuil sonraí acu le haghaidh 2023 agus 2022. Tugann sé seo, mar aon le faisnéis eile, le fios go bhfuil cócaon ar fáil níos mó agus níos mó, agus mar sin tá a dháileadh geografach agus sóisialta ag leathnú freisin. Is cúis imní ar leith é, i roinnt tíortha, gur cosúil go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid cócaoin i measc grúpaí níos imeallaithe. Tá sé seo i gcodarsnacht leis an dearcadh atá ag an bpobal gurb iad daoine atá comhtháite go sóisialta agus saibhir a úsáideann an druga níos coitianta ná daoine eile. Tá baint ag caitheamh tobac agus ag instealladh cócaoin le fadhbanna sláinte níos mó ná atá ag inséideadh srónach, agus dá bhrí sin is cúis imní é go dtuairiscítear go bhfuil instealladh cócaoin agus úsáid cnagchócaoin ag fás i roinnt tíortha. Is cineál druga é cnagchócaon inchaite den druga atá nasctha le patrúin úsáide níos achrannaí agus le húsáid ag grúpaí níos imeallaithe. Mar a luadh in áiteanna eile sa tuarascáil seo, tá instealladh cócaoin nasctha le roinnt ráigeanna áitiúla VEID san Eoraip le blianta beaga anuas.
Tá an Eoraip fós ina táirgeoir suntasach de dhrugaí sintéiseacha

Cé go mbíonn sé dúshlánach i gcónaí faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht aindleathach, tugann an fhaisnéis atá ar fáil le fios go bhfuil méadú ag teacht i gcónaí ar scála agus ar chastacht tháirgeadh drugaí aindleathacha laistigh den Eoraip. In 2022, tuairiscíodh gur díchóimeáladh na céadta saoráid táirgthe drugaí sintéiseacha san Aontas Eorpach. Bhí substaintí éagsúla á dtáirgeadh ag na saoráidí sin, lena n-áirítear amfataimín, meitiolamfataimín, cáitíonóin shintéiseacha agus MDMA. Braitheadh saoráidí do na céimeanna deiridh de tháirgeadh hearóine freisin. Ina theannta sin, le brath rialta suíomhanna ar leith le haghaidh táirgeadh, eastóscadh, gearradh agus pacáistiú cócaoin le blianta beaga anuas, tugtar le fios go bhfuil táirgeadh tánaisteach cócaoin seanbhunaithe anois i gcodanna den Eoraip, rud a éascaíonn úsáid modhanna nuálacha chun an druga sin a cheilt agus a gháinneáil go ceimiceach san Eoraip.
Tugtar nuálaíocht i bpróisis táirgthe le fios freisin de bharr urghabhálacha ceimiceán le déanaí is féidir a úsáid chun na ceimiceáin réamhtheachtaithe a tháirgeadh a theastaíonn chun amfataimín, meitiolamfataimín agus MDMA a mhonarú, ar an gcaoi sin dul timpeall ar na rialuithe atá i bhfeidhm chun infhaighteacht na ndrugaí seo a laghdú.
Dúshlán sa réimse seo is ea go bhfágann úsáid tacar níos éagsúla ceimiceán agus tabhairt isteach bealaí nua sintéise ceimicí gur féidir deacrachtaí a bheith ag custaim, ag forfheidhmiú an dlí agus ag rialacháin atá ann cheana coinneáil suas le forbairtí sa mhargadh. Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar drugaí sintéiseacha aindleathacha a tháirgeadh, tá méadú ag teacht ar an bhfeasacht ar na rioscaí don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol a bhaineann le méideanna móra substaintí guaiseacha a úsáidtear sa phróiseas táirgthe drugaí a dhumpáil nó a dhiúscairt.
Léiríonn táirgeadh agus gáinneáil meitiolamfataimín go bhféadfaí úsáid níos mó a bhaint as an meitiolamfataimín san Eoraip

Ar fud an domhain, is cosúil go bhfuil fadhbanna meitiolamfataimín ag fás, agus tá an spreagthach sintéiseach seo ag cur go mór le díobhálacha a bhaineann le drugaí i go leor áiteanna ar domhan. San Eoraip, cé is moite de chúpla tír, is spreagthach sách neamhchoitianta é meitiolamfataimín. Mar sin féin, tá treochtaí drugaí ag éirí níos dinimiciúla agus is féidir leo athrú go tapa. Is cúis imní é, dá bhrí sin, go bhfuil roinnt comharthaí ann go bhféadfadh úsáid meitiolamfataimín a bheith ag scaipeadh chuig níos mó tíortha, fiú má bhíonn na leibhéil fhoriomlána úsáide íseal. Ábhar imní eile is ea an fhianaise leanúnach ar tháirgeadh san Eoraip. Cé gur tháinig laghdú beag ar an líon láithreán táirgthe meitiolamfataimín a díchóimeáladh in 2022, athraíonn an líon foriomlán sin ó bhliain go bliain, ós rud é go léiríonn siad den chuid is mó go leor ‘saotharlann cistine’ ar mionscála. Is feiniméan seanbhunaithe é táirgeadh meitiolamfataimín ísealtoirte d’úsáid áitiúil i gcodanna den Eoraip, amhail an tSeicia, agus úsáideann pobail sheanbhunaithe an druga sin. Le déanaí, áfach, tá fianaise mhéadaitheach ann go bhfuil saoráidí ar scála níos mó ann, atá lonnaithe go minic in áiteanna eile san Eoraip, a tháirg an druga seo i méideanna móra lena n-onnmhairiú chuig margaí neamh-AE.
Tháinig méadú suntasach ar urghabhálacha díorthach glicideach BMK in 2022, ar réamhtheachtaí é a úsáidtear le haghaidh táirgeadh meitiolamfataimín ar mhórscála, agus urghabhadh ceimiceáin mhalartacha nua freisin ónar féidir BMK a dhéanamh. Ina theannta sin, leanadh de mhéideanna móra d’aigéad tartarach a urghabháil. Úsáidtear aigéad tartarach i dtáirgeadh na foirme meitiolamfataimín atá láidir agus a bhfuil tóir uirthi (d-mheitiolamfataimín, a úsáidtear le haghaidh ‘meitiolamfataimín criostail’). I dteannta a chéile tugtar le fios leis an bhfaisnéis sin go bhfuil táirgeadh meitiolamfataimín ar mhórscála seanbhunaithe anois san Aontas Eorpach. Faoi láthair, is cosúil gur le haghaidh onnmhairiú chuig margaí neamh-AE den chuid is mó atá táirgeadh ar an scála sin. Is ábhar imní ann féin é seo, ach tá baol ann freisin go bhféadfadh úsáid an druga seo a bheith níos coitianta san Aontas Eorpach, dá n-éireodh dálaí an mhargaidh fabhrach dó seo.
Is dúshlán atá ag dul i méid iad cáitíonóin sintéiseacha
Leagtar béim ar nádúr dinimiciúil mhargadh drugaí na hEorpa le tuairiscí méadaithe ar tháirgeadh agus ar úsáid cáitíonón sintéiseach, aicme drugaí atá sách nua don Eoraip. Léirítear i gcónaí sna sonraí a thuairiscítear i dtaca leis sin an gháinneáil mhór ar chaitíonóin shintéiseacha isteach san Eoraip ó thíortha foinseacha amhail an India. Ag an am céanna, tá méadú ag teacht ar an bhfianaise ar tháirgeadh san Aontas Eorpach, go háirithe sa Pholainn. Bíonn éagsúlacht i méid agus i scála na láithreán táirgthe a thuairiscítear mar láithreáin arna ndíchóimeáil ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ó shaotharlanna ‘ar scála cistine’ atá measartha beag go saoráidí atá in ann cainníochtaí móra de na substaintí sin a tháirgeadh. I bhfianaise líon na gceimiceán réamhtheachtach a urghabhtar anois agus idircheapadh ceimiceán malartach neamhrialáilte, is cosúil go bhfuil táirgeadh ar mhórscála ar siúl anois do mhargaí Eorpacha agus seachtracha araon.
Cruthaíonn forbairtí sa limistéar ópóideach dúshláin nua do bheartais drugaí agus do shamhlacha freagartha araon
Ba cheart aitheantas níos fearr a thabhairt do shubstaintí iomadúla a bheith ann i bhformhór na mbásanna ópóideacha

Inár n-anailís ar bhásanna de dheasca drugaí, ar a dtugtar ‘básanna ródháileoige’ uaireanta, tarraingítear aird arís ar an mbarúil go bhfuil patrúin úsáide drugaí ag éirí níos dinimiciúla agus níos casta. Is iad ópóidigh an grúpa substaintí is coitianta a bhíonn i gceist, ach is minic a fhaightear iad i gcomhcheangal le substaintí eile, a léiríonn an chaoi a bhfuil patrúin úsáide ildrugaí ina spreagadh tábhachtach do dhíobhálacha a bhaineann le drugaí san Eoraip. Is minic a thuairiscítear beinsidhé-asaipíní, alcól nó cócaon, mar shampla, taobh le hópóidigh sna sonraí tocsaineolaíochta atá ar fáil, agus is dócha gur toisc thábhachtach é, ach nach n-aithnítear go leordhóthanach i gcónaí é, comhúsáid na n-aicmí éagsúla drugaí sin chun mortlaíocht a bhaineann le drugaí a thuiscint agus chun freagairt di.
Ar an leibhéal AE, tá an chuma ar an scéal go bhfuil na treochtaí le déanaí maidir le básanna ina luaitear ópóidigh mar chúis cobhsaí, ach tá méadú ag teacht ar sciar na mbásanna in aoisghrúpaí níos sine. Meastar go raibh hearóin páirteach i níos mó ná 1 800 bás in 2022 san Aontas Eorpach, agus is é an druga is coitianta é a sainaithníodh i mbásanna a bhaineann le hópóidigh i roinnt tíortha in iarthar na hEorpa. Mar sin féin, tugann na sonraí atá ar fáil le fios go bhfuil hearóin i láthair anois i bhformhór na mbásanna ródháileoige i mionlach tíortha amháin, agus go bhfuil ról níos tábhachtaí ag ópóidigh eile agus ag drugaí eile. Tríd is tríd, is cosúil go bhfuil an staid níos ilchineálaí ná mar a bhí san am atá caite, agus ópóidigh seachas hearóin, lena n-áirítear meatadón agus, ar bhonn níos lú, búipreanoirfín, ar cógas faoisimh pian é ina bhfuil ópóidigh, agus ópóidigh shintéiseacha níos nuálaí eile, a bheith bainteach le sciar suntasach de bhásanna ródháileoige i roinnt tíortha.
Tugann na sonraí atá ar fáil le fios go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbásanna ina bhfuil spreagthaigh i gceist i roinnt tíortha. Mar sin féin, tá sé deacair na sonraí sin a léirmhíniú, toisc gur dócha go mbeidh baol ar leith ann go ndéanfar tearcthuairisciú ar bhásanna a bhaineann le spreagthaigh, agus toisc gur minic a bhíonn spreagthaigh bainteach le básanna ina bhfaightear drugaí eile, lena n-áirítear ópóidigh.
Tá imní ag dul i méid go bhfuil ópóidigh shintéiseacha an-láidir ina mbagairt shuntasach don tsláinte phoiblí

Is ábhar imní tábhachtach maidir le sláinte phoiblí san Eoraip iad básanna a bhaineann le húsáid ópóideach, ach faoi láthair níl iontu ach codán beag de líon na mbásanna a bhaineann leis an aicme drugaí seo a thuairiscítear i Meiriceá Thuaidh. Bhí éigeandáil sláinte poiblí sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada araon a bhí spreagtha ag ópóidigh shintéiseacha, díorthaigh feantainile den chuid is mó. Tá an staid san Eoraip an-difriúil. Cé gur dócha go raibh roinnt tearcthuairiscithe ann, ní raibh díorthaigh feantainile nasctha ach le 163 bás in 2022. Áirítear ar na básanna sin freisin básanna a bhaineann le feantainil a atreoraíodh ó úsáid míochaine seachas í a fuarthas ón margadh aindleathach.
In ainneoin na difríochta sin sa scála, tá imní ag dul i méid go bhfuil ópóidigh shintéiseacha an-láidir le feiceáil níos mó agus níos mó ar mhargadh drugaí na hEorpa agus go bhfuil siad ag déanamh dochair. Thairis sin, fiú más difriúil é comhthéacs Mheiriceá Thuaidh, tugann sé rabhadh ar cé chomh tapa agus is féidir le treochtaí in úsáid ópóideach dul chun cinn, agus impleachtaí suntasacha ann don tsláinte phoiblí. Is ábhar imní é, dá bhrí sin, go bhfuil 81 ópóideach shintéiseacha nua á dtuairisciú do Chóras Luathrabhaidh an AE ó 2009 i leith, agus go bhfuil 7 substaint nua le feiceáil in 2023. Bhí sé cinn díobh seo ina n-óipóidigh nitiséine an-láidir. Tuairiscíodh nitiséiní don EMCDDA den chéad uair thart ar 2019. Ó shin i leith, aithníodh 16 nitiséin san Eoraip, agus tá formhór na dtíortha tar éis ceann de na substaintí seo a bhrath ar a gcríoch.
Ópóideach nitiséine a bheith ann bainteach le díobháil cheana féin i roinnt tíortha

Díoladh nitiséiní in ullmhóidí atá cosúil le hearóin sráide, nó ar líne mar ‘hearóin sintéiseach’, agus bhí siad le fáil freisin i dtáibléid a mídhíoladh mar ópóidigh íocshláinte nó mar chógais eile. Tá tuairiscí ann freisin ar mheascáin chaithimh a bhí thruaillmheasctha le nitiséiní. Tá nasc idir na drugaí sin agus méadú ar bhásanna de dheasca drugaí san Eastóin agus sa Laitvia in 2023, áit arb ionann iad anois agus sciar suntasach de bhásanna ródháileoige. Tuairiscíodh ráigeanna nimhithe áitiúla in Éirinn agus sa Fhrainc in 2023 freisin. In Éirinn, díoladh nitiséiní go mícheart mar hearóin, rud a d’fhág go raibh ródháileoga iomadúla ann, agus bhí baint acu freisin le ródháileoga in dhá phríosún in 2024. Lasmuigh den Aontas Eorpach, tá nitiséiní nasctha le ródháileoga drugaí san Astráil, i Meiriceá Thuaidh agus sa Ríocht Aontaithe. Níl na drugaí sin le feiceáil go soiléir faoi láthair sna gnáthshonraí atá ar fáil ar leibhéal an AE. Mar gheall ar a neart ard agus ar a n-úire, áfach, tá imní ann nach féidir ópóidigh nitiséine a bhrath go rialta i nósanna imeachta a úsáidtear go coitianta le haghaidh tocsaineolaíochta iarbháis. Ardaíonn sé seo an fhéidearthacht go bhféadfadh líon na mbásanna nó na nimhithe neamh-mharfacha a chuirtear i leith na substaintí seo a bheith ina ghannmheastachán.
Tá na forbairtí seo ag tarlú i gcomhthéacs comharthaí eile le déanaí maidir le hathruithe imníocha ar mhargadh na n-ópóideach san Eoraip. Áirítear orthu sin teacht chun cinn ‘tranq-dóp’ in 2021, ina measctar ópóidigh shintéiseacha le xiolaisín, an támhachán agus anailgéiseach ainmhithe, agus ‘benzo-dope’ in 2022, ina measctar ópóidigh shintéiseacha le beinsidhé-asaipíní nua (amhail brómasólam). Tá meascáin den sórt sin le fáil go coitianta i gcodanna de Mheiriceá Thuaidh, áit a raibh baint acu le raon imní sláinte.
Dúshláin nua maidir le beartas, cleachtas agus taighde

Cruthaíonn teacht chun cinn ópóideach sintéiseach nua agus an-chumhachtach dúshláin nua maidir le beartas agus cleachtas drugaí. Leagtar béim ann freisin ar bhearnaí tábhachtacha eolais a bhfuil grinnscrúdú taighde ag teastáil ina leith. Níl go leor de na substaintí seo faoi réir rialú drugaí nuair a bhíonn siad le fáil den chéad uair. Maidir leis sin, tá an t-ádh ar an Eoraip sásra mear a bheith curtha ar bun aici, trína Córas Luathrabhaidh, chun drugaí a shainaithint, measúnú riosca a dhéanamh orthu agus iad rialú. Tá sé ríthábhachtach, áfach, go dtacódh na Ballstáit leis an sásra sin le bearta náisiúnta iomchuí. Faoi láthair, is cosúil go soláthraítear an chuid is mó de na hópóidigh shintéiseacha nua ó thíortha na hÁise. Mar thoradh air sin, is dócha go mbeidh obair leantach iltaobhach tábhachtach. Is eol go dtáirgtear roinnt díorthach feantainile san Eoraip, ach go dtí seo bhí sé sin teoranta. Mar sin féin, tá na bacainní teicniúla ar tháirgeadh na substaintí sin sách íseal, agus dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach machnamh a dhéanamh ar na bearta a d’fhéadfadh a bheith ina mbearta éifeachtacha chun cosc a chur ar tháirgeadh mórscála na ndrugaí sin laistigh den Aontas Eorpach.
Is léir ón taithí a fuarthas le déanaí laistigh den Aontas Eorpach gur féidir nimhithe iomadúla tarlú thar thréimhse ghearr mar thoradh ar theacht chun cinn tobann ópóideach sintéiseach láidir, agus d’fhéadfadh sé go sárófaí seirbhísí áitiúla. Is féidir athléimneacht sa réimse sin a mhéadú trí phlean mearfhreagartha ilghníomhaireachta a bheith i bhfeidhm, lena n-áirítear comhpháirt éifeachtach cumarsáide riosca chun foláireamh a thabhairt dóibh siúd atá i mbaol agus do sheirbhísí túslíne araon. Ina theannta sin, ní mór samhlacha freagartha sa réimse seo a leathnú mar aitheantas, ós rud é gur díoladh na substaintí sin mar mheascáin le substaintí eile nó i meascáin leo, nach gá go mbeadh an daonra atá i mbaol teoranta dóibh siúd a raibh ópóidigh á n-úsáid acu roimhe seo. Beidh an acmhainneacht chun láithreacht ópóideach an-láidir ar mhargaí drugaí áitiúla a shainaithint go tapa tábhachtach freisin. Riachtanas ríthábhachtach de shamhlacha freagartha sa réimse seo is ea a áirithiú go mbeidh soláthairtí leordhóthanacha de nalocsón, an freasaitheach ópóideach, ar fáil d'oibrithe túslíne, mar phóilíní, otharcharr agus soláthraithe seirbhíse ísealtairsí, agus go gcuirfear ar a gcumas an druga seo a thabhairt nuair is gá. Ar deireadh, tá ár mbonn fianaise san Eoraip maidir lena bhfuil i gceist le freagairtí éifeachtacha ar fhadhbanna ópóideach bunaithe den chuid is mó ar ár dtaithí stairiúil ar fhreagairt ar fhadhbanna hearóine. Dá bhrí sin, tá géarghá le taighde chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh coigeartú a bheith ag teastáil ó na samhlacha freagartha atá againn faoi láthair chun fanacht oiriúnach don fheidhm i gcomhthéacs ópóideach níos nuálaí agus an-láidir a bheith ar fáil, go háirithe má tá na substaintí sin le fáil i meascáin le drugaí eile amhail xiolaisín.
An bhféadfadh meath ar infhaighteacht hearóine a bheith ina chúis le margadh níos mó ópóideach sintéiseach?

I mí Aibreáin 2022, d’fhógair an Talaban toirmeasc ar shaothrú poipíní óipiam. In 2001, mar gheall ar thoirmeasc den chineál céanna, cé go raibh sé gearrthéarmach, tugadh isteach substaintí athsholáthair, lena n-áirítear spreagthaigh agus ópóidigh shintéiseacha, isteach sa mhargadh Eorpach. Bhí na hathruithe sin gearrthéarmach i bhformhór na dtíortha, ach breathnaíodh athruithe fadtéarmacha sa mhargadh ópóideach i líon beag tíortha. Ós rud é gurb í an Afganastáin an phríomhfhoinse hearóine a úsáidtear san Eoraip, spreag an toirmeasc is déanaí ar óipiam tuairimíocht go bhféadfadh ganntanas hearóine a bheith ann amach anseo, agus d'fhéadfadh soláthar méadaithe ópóideach sintéiseach agus úsáid mhéadaithe san Eoraip a bheith mar thoradh air.
Measann Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) gur tháinig laghdú 95% ar tháirgeadh óipiam in 2023. Cé go bhfuil éiginnteacht shuntasach ann sa réimse seo, tugann fianaise le fios go bhfuil fardal suntasach óipiam fós san Afganastáin. D’fhéadfadh sé sin cabhrú lena mhíniú cén fáth nár thugamar fianaise faoi deara maidir le haon chur isteach ar shreafaí hearóine i dtreo an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, b'fhéidir gur tharla roinnt coigeartuithe margaidh mar fhreagairt ar mhéadú tuairiscithe ar phraghsanna óipiam san Afganastáin. Agus é seo á scríobh, tá sé ró-luath a rá an gcoinneofar an toirmeasc reatha ar tháirgeadh óipiam le himeacht ama. Mar sin féin, bheadh sé stuama ullmhú do ghanntanas hearóine a d’fhéadfadh a bheith ann ag deireadh 2024 nó in 2025. D'áireofaí le freagairt láithreach a áirithiú go mbeadh go leor áiteanna cóireála drugaí ar fáil dóibh siúd atá ag lorg cabhrach chun a n-úsáid ópóideach a bhainistiú. Bheadh sé tábhachtach freisin dlúthfhaireachán a dhéanamh le féachaint an raibh tionchar ag athruithe i soláthar hearóine ar infhaighteacht nó ar úsáid substaintí eile. I measc na substaintí atá le breithniú tá ópóidigh shintéiseacha láidre, ach substaintí níos seanbhunaithe freisin, amhail spreagthaigh.
An bhféadfadh Maenmar teacht in ionad na hAfganastáine mar fhoinse hearóine don Eoraip?
Go stairiúil, ba fhoinse shuntasach óipiam agus hearóine í Maenmar, cé nach foinse í do mhargaí na hEorpa go ginearálta. Meastar go ndéantar hearóin ó Mhaenmar a gháinneáil chuig tíortha éagsúla san Áise agus san Aigéine. Tar éis tréimhse meatha, tuairiscíodh go bhfuil méadú tagtha ar shaothrú óipiam le trí bliana anuas. Measann UNODC gur tháirg Maenmar 1 080 tona óipiam in 2023, méadú 36% ar 2022, ach go bhfuil sé fós i bhfad níos ísle ná na cainníochtaí a táirgeadh san Afganastáin le blianta beaga anuas. I bhfianaise an luacha a d’fhéadfadh a bheith ann do gháinneálaithe ar an mbarr sin nuair a thiontaítear go hearóin é, agus i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar shreafaí trádála muirí idir an Áise Thoir Theas agus an Eoraip, d’fhéadfadh baol a bheith ann go bhféadfaí cuid díobh a atreorú chun freastal ar mhargaí brabúsacha san Eoraip amach anseo. Is fiú, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar aon fhianaise hearóine ón réigiún sin, ach tá sé fós dúshlánach i bhfianaise an chomhthéacs slándála i Maenmar, atá sáite i gcogadh cathartha ó 2021 i leith. Mar sin féin, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, is cosúil nach dócha go dtiocfaidh hearóin a tháirgtear sa réigiún seo in ionad líon na hearóine a sholáthraítear go dtí seo do mhargadh na hEorpa ón Afganastáin.
Sracfhéachaint
Sonraí foinseacha
Tá na sonraí a úsáidtear le haghaidh na ngrafaicí eolais agus na gcairteacha ar an leathanach seo le fáil thíos.
Aoisghrúpa | Substaint | Úsáid anuraidh (milliúin) | Úsáid anuraidh (%) | An meastachán náisiúnta is ísle (%) | An meastachán náisiúnta is airde (%) | Úsáid saolré (milliúin) | Úsáid saolré (%) |
---|---|---|---|---|---|---|---|
Daoine fásta (15–64) | Amfataimíní | 2.3 | 0.8 | 10.3 | 3.6 | ||
Daoine fásta óga (15–34) | Amfataimíní | 1.5 | 1.5 | 0 | 4 | ||
Daoine fásta (15–64) | Cannabas | 22.8 | 8 | 85.4 | 29.9 | ||
Daoine fásta óga (15–34) | Cannabas | 15.1 | 15 | 3.4 | 21.5 | ||
Daoine fásta (15–64) | Cócaon | 4 | 1.4 | 15.4 | 5.4 | ||
Daoine fásta óga (15–34) | Cócaon | 2.5 | 2.5 | 0.5 | 5.5 | ||
Daoine fásta (15–64) | MDMA | 2.9 | 1 | 12.3 | 4.3 | ||
Daoine fásta óga (15–34) | MDMA | 2.2 | 2.2 | 0.3 | 9.8 |
Saintréith | Luach |
---|---|
Úsáideoirí ópóideach ardriosca | 860 000 |
Cóireáil agónaí ópóideach (an líon daoine a fhaigheann í) | 513 000 |
Ópóidigh: sciar na n-iarratas ar chóireáil drugaí (%) | 24 |
Drugaí eile: sciar na n-iarratas ar chóireáil drugaí (%) | 76 |
Ópóidigh: sciar na ródháileog marfach (%) | 74 |
Drugaí eile: sciar na ródháileog marfach (%) | 26 |