Galair thógálacha a bhaineann le drugaí – an staid reatha san Eoraip (Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2024)

Tá daoine a insteallann drugaí i mbaol ionfhabhtuithe a tholgadh as giuirléidí a bhaineann le húsáid drugaí a roinnt. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú an anailís is déanaí ar ghalair thógálacha a bhaineann le drugaí san Eoraip, lena n‑áirítear príomhshonraí ar ionfhabhtuithe VEID agus víris heipitíteas B agus C.
Tá an leathanach seo mar chuid de Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2024, forléargas bliantúil EMCDDA ar staid na ndrugaí san Eoraip.
An nuashonrú is déanaí: 11 Meitheamh 2024
Le téarnamh i bhfógraí VEID go leibhéil réamh-phaindéime, leagtar béim ar riachtanais forbartha seirbhíse
Tá daoine a insteallann drugaí i mbaol ionfhabhtuithe a tholgadh amhail heipitíteas víreasach B agus C (HVB agus HCV, faoi seach) agus an víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID), trí ghiuirléidí a bhaineann le húsáid drugaí a roinnt. Is féidir leis na hionfhabhtuithe sin a bheith ina gcúis le galair ainsealacha a bhféadfadh díobháil thromchúiseach a bhaineann leis an tsláinte a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear bás. Cé go bhfuil laghdú ag teacht san Aontas Eorpach ar an treocht fhadtéarmach in ionfhabhtuithe nua VEID a bhaineann le húsáid drugaí insteallta, tháinig méadú ar fhógraí nua VEID in 2022 i gcomparáid le 2021 i níos mó ná leathchuid de na tíortha tuairiscithe (Fíor 10.1). D’fhéadfadh an méadú a tharla in 2022 a bheith ina léiriú, i bpáirt ar a laghad, ar rátaí méadaithe tástála VEID tar éis deireadh a chur le srianta ar ghluaiseacht a bhain le COVID-19 agus tar éis filleadh ar fheidhmiú seirbhísí sláinte mar a bhí roimh an bpaindéim (lena n-áirítear tástáil VEID). D’fhéadfadh gluaiseacht mhéadaithe daoine a bhfuil diagnóis VEID ar eolas acu idir tíortha Eorpacha tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin a bheith ina cúis freisin. Dá bhrí sin, ní mór na sonraí seo a léirmhíniú go cúramach, toisc nach gá go léiríonn siad méadú ar rátaí ionfhabhtuithe nua. Ní gá ach an oiread go gcaitheann siad amhras ar an laghdú fadtéarmach ar fhógraí VEID. Mar sin féin, ní éiríonn leis an laghdú 38 % a tugadh faoi deara ó 2010 sprioc na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) laghdú 75 % a bhaint amach, rud a thugann le fios go bhfuil gá fós le hiarrachtaí méadaithe sa réimse sin.
Foinse: ECDC.
Ábhar imní eile is ea gur diagnóisíodh go déanach, in 2022, os cionn 40 % de dhiagnóisí nua VEID a bhaineann le húsáid drugaí insteallta san Aontas Eorpach. Tá othair a bhfuil diagnóis VEID déanach acu i mbaol méadaithe galrachta agus básmhaireachta a bhaineann le VEID agus d'fhéadfadh go mbeadh freagairt níos boichte acu ar chóireáil frith-aisvíreasach. Is réamhriachtanas é tástáil dheonach agus rúnda galar tógálach a dhéanamh ar dhaoine a insteallann drugaí chun nascadh le soláthar cúraim agus cóireála.
Faoi 2022, ní raibh spriocanna uile EDS 95-95-95 maidir le leanúntas cúraim i measc daoine a insteallann drugaí a bhfuil VEID orthu bainte amach fós ag aon tír tuairiscithe de chuid EMCDDA. Is é is aidhm do na spriocanna sin tástáil a dhéanamh ar 95 % de na daoine a bhfuil VEID orthu, go mbeidh teiripe fhrith-aisvíreasach á fáil ag 95 % de na daoine sin agus go mbeidh sochtadh víreasach á bhaint amach ag 95 % de na daoine sin faoi 2030. Tríd is tríd, i measc daoine a bhfuil VEID orthu, is lú an seans go ndéanfar diagnóisiú orthu siúd a insteallann drugaí, go mbeidh siad nasctha le cúram agus go mbainfidh siad sochtadh víreasach amach. Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil riosca níos mó ann maidir le galracht agus básmhaireacht a bhaineann le VEID, chomh maith leis an bhféidearthacht go dtarchuirfear níos mó ar aghaidh. Tacaíonn treoir le déanaí ó EMCDDA agus ECDC maidir le galair thógálacha a chosc agus a rialú i measc daoine a insteallann drugaí le cur chun feidhme seirbhísí tástála pobalbhunaithe saincheaptha. Áirítear leis sin tástáil lasmuigh de shuíomhanna foirmiúla cúraim sláinte, mar shampla i seirbhísí for-rochtana, agus leagtar béim leis ar an gcaoi a bhfuil cur chuige níos comhtháite maidir le tástáil agus nascadh le cúram ina bhealach éifeachtach chun an neamhionannas leanúnach sláinte sin a laghdú. Meastar anois go bhfuil cuir chuige chun díobháil a laghdú ríthábhachtach chun tarchur VEID a laghdú i measc daoine a insteallann drugaí, go háirithe an soláthar de threalamh insteallta steiriúla, lena n-áirítear i bpríosúin agus trí chógaslanna. Mar sin féin, níl cumhdach ná rochtain ar sholáthar snáthaidí agus steallairí saor in aisce leordhóthanach fós i gcuid mhaith tíortha, agus níor bhain ach 5 cinn de na 17 dtír a bhfuil sonraí ar fáil acu spriocanna soláthair seirbhíse EDS amach in 2022 (Fíor 10.3). D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach i roinnt tíortha maoiniú slán a fháil le haghaidh seirbhísí laghdaithe díobhála a oibríonn le daoine a insteallann drugaí. Mar shampla, bhí deacrachtaí maoinithe agus soláthair ag eagraíochtaí neamhrialtasacha sa Bhulgáir agus sa Rómáin le blianta beaga anuas, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar an soláthar. I Sóifia, le linn na tréimhse inar laghdaíodh soláthar steallairí, tháinig méadú ar rátaí leitheadúlachta VEID ó ghnáththástálacha diagnóiseacha a rinneadh in ionaid chóireála drugaí, ag sroicheadh 15 % in 2022, rud a léiríonn an riosca go dtiocfadh méadú ar ionfhabhtuithe nuair nach bhfuil na leibhéil seirbhíse leordhóthanach.
An Iorua ar an mbóthar ceart chun deireadh a chur le HCV mar bhagairt sláinte poiblí i measc daoine a insteallann drugaí
San Eoraip, tá ualach mór de heipitíteas víreasach ainsealach ar dhaoine a insteallann drugaí freisin, agus is é úsáid drugaí insteallta an fachtóir riosca is coitianta le haghaidh diagnóisí nua HCV. Fuarthas amach i staidéar a rinneadh le déanaí go bhfuil baint ag 36 % ar a laghad de leitheadúlacht fhoriomlán HCV ainsealach i mBallstáit AE, san Iorua agus san Íoslainn le húsáid drugaí insteallta. Tá fianaise ann freisin gur féidir le seirbhísí laghdaithe díobhála, amhail cláir snáthaidí agus steallairí, chomh maith le cóireáil agónaí ópóideach a sholáthar, an baol go dtarchuirfear HCV a laghdú. Mar a luadh roimhe seo, tá éagsúlacht mhór idir cumhdach na n-idirghabhálacha sin agus an rochtain orthu ó thír go tír san Eoraip (Fíor 10.4). Agus aghaidh á tabhairt ar na díobhálacha a bhaineann le hionfhabhtú HCV, tá sé tábhachtach daoine aonair atá ionfhabhtaithe go hainsealach leis an víreas a aithint, toisc go bhfuil siad i mbaol ciorróise agus ailse, agus is féidir leo an víreas a tharchur chuig daoine eile trí aon ghiuirléidí insteallta a bhí i dteagmháil lena gcuid fola a roinnt. Mar sin féin, tá bacainní ann in go leor tíortha maidir le glacadh tástála agus cóireála HCV agus d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí go leor ionfhabhtuithe HCV a dhiagnóisiú agus a chóireáil.

Tá na sonraí ar leibhéal NUTS 2 nó 3. Chun faisnéis a fháil faoi NUTS (ainmníocht na n-aonad críche maidir le staidreamh) féach suíomh gréasáin Eurostat. Ní chiallaíonn an easpa sonraí ar leibhéil NUTS 2 nó 3 nach bhfuil an idirghabháil ar fáil laistigh de thír.
Tá treochtaí ama i leitheadúlacht ionfhabhtaithe ghníomhaigh HCV i measc daoine a insteallann drugaí úsáideach chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchar an choisc agus na cóireála. Déanann EMCDDA faireachán ar an dul chun cinn náisiúnta trína bharaiméadar díothaithe. I measc na dtíortha a thuairiscíonn do EMCDDA, níl fianaise ach ag an Iorua go bhfuil laghdú 80 % bainte amach acu ar leitheadúlacht víreasach HCV i measc daoine a rinne drugaí a instealladh idir 2015 agus 2021, a bhfuil gá leis chun Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3.3 maidir le díothú HCV a bhaint amach faoi 2030. Tháinig laghdú níos mó ná 80 % idir 2015 (46 %) agus 2022 (8.9 %) ar leitheadúlacht an ionfhabhtaithe ghníomhaigh HCV, arna thomhas ag HCV-RNA i staidéar mór séirealeitheadúlachta i measc daoine a insteallann drugaí agus a úsáideann seirbhísí laghdaithe díobhála in Osló. Chonacthas treocht chomhchosúil maidir le leitheadúlacht ionfhabhtuithe gníomhacha in Bergen agus in Stavanger, agus tugann obair shamhaltaithe le fios go bhfuil laghdú 79 % tagtha ar mhinicíocht i measc daoine a insteallann drugaí ar an leibhéal náisiúnta le linn na tréimhse céanna.
Chun freagairt d’idirghníomhaíochtaí idir tógáil drugaí ardriosca agus iompraíochtaí gnéis, tá gá le comhpháirtíochtaí ilghníomhaireachta
Tugtar chemsex ar úsáid spreagthach aindleathach agus drugaí eile chun teagmhálacha gnéis grúpa a éascú, uaireanta ar feadh tréimhse fada, i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir. I measc na ndrugaí a bhaineann leis an gcleachtas seo tá spreagthaigh shintéiseacha, dúlagráin agus ábhair dhícheangail, agus d'fhéadfadh tógáil drugaí ardriosca agus iompraíochtaí gnéis ardriosca a bheith ar siúl i roinnt suíomhanna, rud a fhágann gur réimse tábhachtach é seo le haghaidh for-rochtana agus chun díobháil a laghdú. Cuireann úsáid ardriosca cuid de na drugaí seo, lena n-áirítear úsáid drugaí insteallta, daoine i mbaol galar tógálach, géarthocsaineachta drugaí agus fadhbanna sláinte eile. Is minic nach mbíonn daoine a úsáideann drugaí ar an mbealach seo i láthair mar chliaint i gclinicí cóireála drugaí ach d'fhéadfadh siad a bheith i dteagmháil le seirbhísí eile, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis. Is dúshlán fós é freagairtí éifeachtacha chun díobháil a laghdú a chur ar fáil do dhaoine atá ag gabháil do na hiompraíochtaí ardriosca sin, agus tá gá le hidirghabhálacha saincheaptha a fhorbairt. San Eoraip, de ghnáth déantar seirbhísí cóireála le haghaidh fadhbanna sláinte drugaí agus gnéis a mhaoiniú ar leithligh, bíonn critéir incháilitheachta éagsúla ag baint leo agus is annamh a bhíonn siad comhlonnaithe. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair cúram comhtháite a chur ar fáil do dhaoine atá neamhchosanta ar an dá riosca a bhaineann le gnéas gan chosaint agus le húsáid drugaí ardriosca i gcomhthéacs úsáid drugaí gnéasaithe.
Tá gá fós le tuilleadh infheistíochta chun spriocanna domhanda a bhaint amach
Tá gealltanas tugtha ag lucht ceaptha beartas an AE do straitéisí na hearnála sláinte domhanda EDS chun deireadh a chur le SEIF agus le heipidéimí heipitítis víreasaigh agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha faoi 2030. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, áfach, tá gá fós le hinfheistíocht mhéadaithe i seirbhísí laghdaithe díobhála, tástáil agus nascadh le cóireáil, ós rud é nach leor an soláthar i gcuid mhaith tíortha. Dá bhrí sin, tá gá le hiarrachtaí níos mó chun ráigeanna amach anseo a chosc agus tarchur a laghdú, agus ar an gcaoi sin ualach an ghalair a bhaineann le VEID, HCV, HBV agus ionfhabhtuithe eile a laghdú i measc daoine a insteallann drugaí.
Príomhshonraí agus príomhthreochtaí
VEID/SEIF
- In 2022, tháinig méadú ar líon na bhfógraí nua VEID a bhaineann le húsáid drugaí insteallta san Aontas Eorpach go 968, i gcomparáid le 662 an bhliain roimhe sin (Fíor 10.5).
- Tháinig méadú freisin ar sciar na gcásanna nua VEID a bhaineann le húsáid drugaí insteallta idir 2021 agus 2022: ó 4.8 % go 5.9 % de chásanna nua a bhfuil bealach aitheanta tarchuir ag baint leo. In 2022, bhí sciar na gcásanna nua VEID a bhain le húsáid drugaí insteallta níos mó ná 10 % sa Laitvia (25 %), san Fhionlainn (21 %), i Lucsamburg (19 %), sa Ghréig (15 %), sa Liotuáin (14 %), sa Ghearmáin (11 %) agus san Iorua (11 %).
- In 2022, tugadh fógra san Aontas Eorpach faoi 165 diagnóis nua SEIF a bhain le húsáid drugaí insteallta.
- Saintréith shuntasach den bhraisle VEID is déanaí a aimsíodh san Aontas Eorpach ba ea diagnóis mhoillithe agus tionscnamh cóireála moillithe i measc daonraí imeallaithe. Suite i réigiún na Lombairde san Iodáil, bhain sé le 20 ionfhabhtú a bhí nasctha go hanailíseach agus a fuarthas idir 2006 agus 2022 agus a rianaíodh siar go dtí an tréithchineál VEID céanna a léiríonn sócháin a bhaineann leis an bhfrithsheasmhacht.
HCV agus HBV
- Tá meastacháin leitheadúlachta le déanaí ag cúig thír Eorpacha maidir le hionfhabhtú gníomhach HCV i measc daoine a insteallann drugaí agus a fhaigheann rochtain ar sheirbhísí drugaí. Bhí leitheadúlacht an ionfhabhtaithe ghníomhaigh HCV a dhíorthaítear ó staidéir séirealeitheadúlachta idir díreach faoi bhun 9 % (Oslo, 2022) go 27 % (an Bhaváir, 2022), agus bhí torthaí ó ghnáth-thástálacha diagnóisice HCV sa raon idir 15 % (an Bheilg, 2019) agus 59 % (an Ostair, 2020) agus 62 % (an tSualainn, 2014) (Fíor 10.6).
- Tugann roghbhlúirí ar dhiagnóis agus ar chóireáil HCV i roinnt tíortha Eorpacha léargas ar naisc le cúram. In 2022, léirigh sonraí ó chláir chóireála sa Ghréig, as an 26 % de na daoine a insteallann drugaí a fuair toradh dearfach ar thástáil le haghaidh HCV-RNA, gur thuairiscigh 85 % díobh go raibh cóireáil ordaithe dóibh, agus go raibh diagnóis de chóireáil chríochnaithe HCV ag 54 % díobh siúd. San Iorua, fuarthas amach i staidéar bliantúil séirealeitheadúlachta a rinneadh i measc síor-instealltóirí a bhí ag freastal ar sheirbhísí drugaí in Osló go raibh laghdú suntasach tagtha ar leitheadúlacht HCV-RNA idir 2015 (46 %) agus 2022 (8.9 %), rud a léiríonn tionchar na mbeart coiscthe agus cóireála.
- In 2023, tuairiscíodh go raibh srianta cliniciúla nó airgeadais ar dhaoine a insteallann drugaí maidir le rochtain a fháil ar chóireáil HCV frithvíreasach a ghníomhaíonn go díreach i gcúig Bhallstát AE.
- Maidir le meastacháin i ndáil le hionfhabhtú HBV (arna dtomhas de réir láithreacht na hantaigine dromchla heipitíteas B), a díorthaíodh ó na staidéir séirealeitheadúlachta is déanaí i measc daoine a insteallann drugaí, bhí siad idir 0.4 % (an tSeicia, 2022) agus 5.3 % (an Spáinn, 2021).
- In 2023, bhí 20 Ballstát AE ann a raibh beartas maidir le heipitíteas víreasach acu lenar áiríodh daoine a insteallann drugaí. Tá sé ríthábhachtach tástáil agus cóireáil le haghaidh HCV, HBV agus VEID a chomhtháthú i laghdú díobhála, i gcóireáil drugaí agus i seirbhísí sláinte príosúin chun leanúntas na spriocanna cúraim a bhaint amach do dhaoine a insteallann drugaí.
Fianaise íseal | Fianaise mheasartha
Sonraí foinseacha
Taispeáin na táblaí foinseacha
Tá an tacar iomlán sonraí foinseacha le haghaidh na Tuarascála Eorpaí ar Dhrugaí 2024 lena n-áirítear meiteashonraí agus nótaí modheolaíochta ar fáil inár gcatalóg sonraí.
Is féidir fo-thacar de na sonraí seo, a úsáidtear chun grafaicí eolais, cairteacha agus eilimintí comhchosúla a ghiniúint ar an leathanach seo, a fháil thíos.