Tá athruithe tapa ar mhargadh drugaí na hEorpa ag cruthú rioscaí nua sláinte agus slándála agus ag cur dúshlán faoi chumas freagartha an réigiúin. Tagann an rabhadh seo ó Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) ina Tuarascáil Eorpach ar Dhrugaí 2025: Treochtaí agus Forbairtí, arna n-eisiúint inniu (1). Bunaithe ar shonraí ó 29 tír (AE-27, an Iorua agus an Tuirc), leagtar béim san athbhreithniú bliantúil seo ar na treochtaí is déanaí agus ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn.
Tá an tuarascáil ina 30ú heagrán anois, agus cuirtear fianaise ar fáil inti le bonn eolais a chur faoi bheartas agus cleachtas drugaí. Léirítear ann an chaoi a bhfuil margadh drugaí na hEorpa ag forbairt i gcónaí, agus soláthraithe agus tomhaltóirí araon ag oiriúnú don éagobhsaíocht gheopholaitiúil, don domhandú agus don dul chun cinn teicneolaíoch. Tugann sé rabhadh freisin maidir le rioscaí don tsláinte phoiblí, bunaithe ar infhaighteacht agus úsáid raon substaintí atá ag éirí níos éagsúla i gcónaí, ar substaintí iad a mbíonn neart agus íonacht ard ag baint leo go minic. Tá úsáid ilsubstaintí fós ina hábhar imní, rud a dhéanann casta é seirbhísí éifeachtacha um chosc, cóireáil agus laghdú díobhála a chur ar fáil.
Tacaíonn EUDA leis an Aontas agus lena Bhallstáit chun réamh-mheas a dhéanamh ar dhúshláin nua a bhaineann le drugaí agus chun freagairt dóibh. Déanann sé amhlaidh trí réimse seirbhísí nua, lena n-áirítear foláirimh spriocdhírithe, measúnuithe tráthúla ar bhagairtí, rianú réamhtheachtaithe, agus grinnanailísí fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha. I measc na mbagairtí atá ag teacht chun cinn atá aibhsithe sa tuarascáil – agus a éilíonn ullmhacht ó na Ballstáit – tá: cáitíonóin shintéiseacha, ópóidigh shintéiseacha an-láidre agus táirgí láidre cannabais.
Margadh spreagthach na hEorpa: cáitíonóin ag dul i dtreis
Leagtar béim sa tuarascáil ar an méadú atá tagtha ar infhaighteacht na gcáitíonón sintéiseach, rud a léirítear in ‘allmhairí agus urghabhálacha nach bhfacthas a leithéid riamh’. Is spreagthaigh shintéiseacha iad seo, atá cosúil go ceimiceach le cáitíonón, an comhábhar gníomhach i gcát. Tuairiscíodh 37 tona ar a laghad de cháitíonóin shintéiseacha in 2023 (27 tona in 2022 agus 4.5 tona in 2021). Bhain an chuid is mó de sin le líon beag allmhairí ar an mórchóir ón India, go príomha tríd an Ísiltír.
Sainaithníodh seacht gcáitíonón sintéiseach nua in 2024 i gCóras Réamhrabhaidh AE (EWS) maidir le substaintí sícighníomhacha nua, rud a thug líon iomlán na substaintí sin a ndéantar faireachán orthu san Eoraip go 178. Tá EUDA tar éis measúnuithe riosca a dhéanamh le déanaí ar thrí cinn de cháitíonóin shintéiseacha nua: 2-meitilmeatcáitíonón (2-MMC), 4-brómaimeatcáitíonón (4-BMC) agus N-eitilnoirpheinteadrón (NEP). Faoi Eanáir 2025, bhí measúnú riosca déanta ag an ngníomhaireacht freisin, den chéad uair ar leibhéal an Aontais, ar ocht gceimiceán réamhtheachtacha a úsáidtear chun cáitíonóin shintéiseacha a tháirgeadh.
Cé gur ábhar imní fós é úsáid neamhbheartaithe a bhaint as cáitíonóin shintéiseacha i meascáin drugaí agus i dtáibléid, ceannaíonn tomhaltóirí na substaintí sin d’aon ghnó, freisin, mar an druga spreagthach is rogha leo. Léiríonn sonraí cóireála freisin láithreacht mhéadaitheach na gcáitíonón sintéiseach, agus méadú ar líon na n-iontrálaithe cóireála i measc tíortha a thuairiscíonn na sonraí sin (425 chliant in 2018 go 1 930 in 2023).
In 2023, díchóimeáladh 53 láithreán táirgthe cáitíonón sintéiseach, a raibh cuid acu ar mhórscála, san Aontas (29 in 2022), go príomha sa Pholainn. Is léiriú amháin é sin ar an ngéarú suntasach ar tháirgeadh drugaí san Eoraip. In 2023, dhíchóimeáil na húdaráis saoráidí táirgthe ar fud na hEorpa, lena n-áirítear: 250 le haghaidh meitiolamfataimín, 93 le haghaidh amfataimín, 36 le haghaidh MDMA agus 34 le haghaidh cócaoin.
Ópóidigh shintéiseacha nua: tá baol nimhithe marfacha ag baint le níotaiséin
Measann EUDA gur tharla 7 500 bás de dheasca drugaí in 2023 (suas ó thart ar 7 100 in 2022), lenar bhain ópóidigh go príomha in éineacht le substaintí eile. Tá margadh ópóideach na hEorpa ag forbairt i gcónaí, agus tá substaintí éagsúla seachas hearóin ar fáil anois. Tá ról measartha beag ag ópóidigh shintéiseacha nua (substaintí sintéiseacha a ghníomhaíonn ar na gabhdóirí ópóideacha san inchinn, a bhfuil éifeachtaí acu atá cosúil den chuid is mó le hearóin), i margadh drugaí na hEorpa ar an iomlán. Mar sin féin, tá ról suntasach acu sna tíortha Baltacha. Tá imní ag dul i méid freisin maidir lena n-úsáid i roinnt Ballstát eile de chuid an Aontais. In 2024, d’eisigh EUDA Glao chun Gnímh do chomhpháirtithe an Aontais agus do na Ballstáit, inar áitíodh orthu teacht le chéile i gcoinne bhagairt na n-ópóideach sintéiseach nua.
Ó 2009 i leith, tá 88 ópóideach shintéiseacha nua tar éis teacht ar mhargadh drugaí na hEorpa. Is minic a bhíonn siad an-láidir, rud a chruthaíonn rioscaí nimhithe agus báis. In 2024, ba níotaiséiní iad na seacht n-ópóideach shintéiseacha nua uile ar tugadh fógra foirmiúil fúthu do EWS. Go dtí seo, tá faireachán á dhéanamh ar 22 níotaiséin san Eoraip. Fuarthas amach i measúnú píolótach ar bhagairtí EUDA a rinneadh le déanaí, inar díríodh ar ópóidigh shintéiseacha nua sna Stáit Bhaltacha, gur níotaiséin a ba chúis le sciar suntasach de bhásanna ródháileoige san Eastóin agus sa Laitvia. In 2024, thuairiscigh seacht mBallstát AE agus an Iorua ar a laghad díobhálacha a bhain le níotaiséiní.
Leagtar béim sa tuarascáil ar an méadú atá ag teacht ar infhaighteacht cógas bréige san Eoraip ina bhfuil níotaiséin, a dhéanann aithris de ghnáth ar dhrugaí dlisteanacha ar oideas (e.g. ocsacódón, beinsidé-asaipíní). Is cúis imní é sin go bhféadfadh raon níos leithne tomhaltóirí, lena n-áirítear daoine óga, na táirgí sin a úsáid. Mar gheall ar neart ard na níotaiséiní, tá baol suntasach ann ó nimhiú tromchúiseach agus ródháileog ag gabháil leis na cógais bhréige sin. Ceann de na príomhfhreagairtí ar ródháileog i gcás ópóideach is ea nalocsón a fháil ó ghairmí leighis nó mar chuid de chlár nalocsóin le húsáid sa bhaile (THN). Tá méadú ag teacht ar líon na dtíortha a chuireann cláir THN ar fáil (15 Bhallstát de chuid an Aontais in 2023, agus chuir trí Bhallstát eile tús le cláir phíolótacha in 2024).
D’fhéadfadh smacht na Síne ar 10 gcinn de níotaiséiní an margadh a atreorú ó níotaiséiní (e.g. meatánaitéin, prótonaitiséin) i dtreo díorthaigh núíosacha nó finte drugaí ópóideacha malartacha. In 2024, sainaithníodh substaintí ón bhfine ‘oirfín’ (e.g. cioglóirfín, spireaclóirfín) tríd an EWS, rud a chuir béim ar an ngá atá le dlúthfhaireachán.
Tá tuairimíocht ann go bhféadfadh ópóidigh shintéiseacha bearnaí sa mhargadh san Eoraip dá ndéanfaí aon laghdú amach anseo ar infhaighteacht hearóine san Eoraip, tar éis don Talaban toirmeasc a chur ar shaothrú poipíní agus táirgeadh óipiam san Afganastáin. Tá an fhéidearthacht ann freisin go n-úsáidfí spreagthaigh, amhail cócaon agus cáitíonóin shintéiseacha, mar ionadaithe do hearóin. Luaitear an méid seo a leanas sa tuarascáil: ‘I bhfianaise na héiginnteachta, ní mór don Eoraip feabhas a chur ar a hullmhacht chun díriú ar dhúshláin a d’fhéadfadh teacht as athrú margaidh den sórt sin’.
Táirgí láidre cannabais agus cannaibionóidigh leathshintéiseacha a bheith ar fáil ar bhonn níos forleithne
Tá forbairtí sa mhargadh cannabais ag cruthú dúshláin nua maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn tíortha don druga aindleathach is coitianta san Eoraip — meastar gur bhain 24 milliún duine fásta Eorpach (15–64 bliana d’aois) úsáid as cannabas le bliain anuas. Tháinig méadú faoi dhó ar mheánchion THC i roisín cannabais le 10 mbliana anuas go 23 % in 2023, níos mó ná dhá oiread an chion den channabas luibhe (cobhsaíoch ag 11 %). Tá sé casta sa lá atá inniu ann meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí sláinte a bhaineann le cannabas de bharr an raoin níos leithne táirgí atá ar fáil, lena n‑áirítear úisc agus iteáin ardnirt.
D’fhéadfadh roinnt táirgí a dhíoltar ar an margadh aindleathach mar channabas a bheith truaillithe le cannaibionóidigh shintéiseacha láidre nua, i ngan fhios d'úsáideoirí. Déanann na substaintí seo aithris ar éifeachtaí THC, an príomh-chomhábhar sícighníomhach i gcannabas (agus gníomhaíonn siad ar na gabhdóirí céanna san inchinn). Laghdaigh rialuithe na Síne ar channaibionóidigh shintéiseacha in 2021 a n-infhaighteacht san Eoraip. Mar sin féin, tá méadú tagtha ar infhaighteacht cannaibionóidigh leathshintéiseacha (is féidir a tháirgeadh ó CBD, comhábhar eile i gcannabas), amhail heicseaihidreacannaibionól (HHC), a cuireadh faoi rialú idirnáisiúnta le déanaí. In 2024, as an 20 cannaibionóideach nua a braitheadh tríd an EWS, cannaibionóidigh leathshintéiseacha ab ea 18 díobh. I mí an Mheithimh 2024, thuairiscigh an Ungáir ráig de 30 nimhiú géar neamh-mharfacha a bhí nasctha le ‘gumaí’ ina raibh cannaibionóidigh leathshintéiseacha láidre.
Ó thaobh an bheartais de, tá athrú déanta ag roinnt Ballstát AE (e.g. an Ghearmáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír), nó tá sé beartaithe acu athrú a dhéanamh ar a gcur chuige i leith úsáid agus soláthar an channabais áineasa. Áirítear i measc na n-athruithe sin rialacháin nua maidir le fás sa bhaile, clubanna fáis neamhbhrabúis agus úsáid cannabais go príobháideach. Leagtar béim in EUDA ar an ngá atá le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na forbairtí sin chun tuiscint iomlán a fháil ar a dtionchar ar shláinte phoiblí, ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar an margadh inmheánach.
Cócaon: ábhair imní sláinte atá ag dul i méid agus infhaighteacht ard
Is é cócaon an druga spreagthach aindleathach is mó a úsáidtear san Eoraip, agus d’úsáid thart ar 1.4% (4 mhilliún) d’aosaigh na hEorpa (15–64 bliana) é sa bhliain seo a chuaigh thart. Tá méadú ag teacht ar na hábhair imní atá ann maidir leis an tionchar diúltach atá aige ar an tsláinte phoiblí. Is é seo an dara druga aindleathach is coitianta a thuairiscigh daoine a théann isteach i seirbhísí cóireála drugaí den chéad uair (35 000 in 2023 i gcomparáid le 31 500 in 2022). Tugtar le fios sna sonraí ó ospidéil tháscacha Euro-DEN Plus in 2023, gurb é cócaon an tsubstaint is minice a thuairiscigh na daoine a chuaigh i láthair ranna éigeandála ospidéil – a luaitear in 25 % (1 695) de chásanna géarthocsaineachta drugaí. Tuairiscítear instealladh cócaoin agus úsáid cnagchócaoin i líon méadaitheach tíortha. In 2023, measadh go raibh 9 900 iontráil chóireála a bhain le cnagchócaon (8 100 in 2022).
Deimhníonn sonraí urghabhála go bhfuil infhaighteacht cócaoin san Eoraip fós ard. Don seachtú bliain as a chéile, d’urghabh Ballstáit AE na cainníochtaí cócaoin ba mhó riamh, arbh ionann iad agus 419 tona tuairiscithe in 2023 (323 tona in 2022). B’ionann an Bheilg (123 tona), an Spáinn (118 tona) agus an Ísiltír (59 tona) agus beagnach trí cheathrú (72 %) den chainníocht iomlán a urghabhadh, rud a léiríonn a ról mar phríomhphointí iontrála le haghaidh cócaon a gháinneáiltear isteach san Eoraip (tugann réamhshonraí le haghaidh 2024 le fios go bhfuil an staid ag athrú). Táthar ag díriú ar thíortha eile freisin mar phointí iontrála, mar shampla an Ghearmáin (43 tona), an Fhrainc (23 tona) agus an Phortaingéil (22 tona).
Tarraingíonn urghabhálacha móra i gcalafoirt na hEorpa aird ar an gcaoi a mbaineann gáinneálaithe drugaí aindleathacha leas as slabhraí soláthair tráchtála i gcónaí. In 2024, thuairiscigh an Spáinn an urghabháil cócaoin ba mhó riamh in aon lastas amháin (13 thona), é ceilte i mbananaí de thionscnamh Eacuadór. Faoi Threochlár an Aontais chun gáinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac, tá sé d’aidhm ag Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach borradh a chur faoi athléimneacht na gcalafort i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí agus insíothlú coiriúil.
Tá an iomaíocht laistigh de mhargadh na ndrugaí aindleathacha ag spreagadh coireacht a bhaineann le cócaon, lena n-áirítear foréigean atá bainteach le dronga agus dúnmharuithe. In 2024, d’eisigh EUDA Glao chun Gnímh chun timthriall an fhoréigin a bhaineann le drugaí a bhriseadh, tar éis na chéad chomhdhála Eorpaí ar an ábhar. Leag sé sin béim ar an ngéarghá atá le comhar trasearnála chun Eoraip níos sábháilte agus níos sláine a áirithiú.
Tá comharthaí ann go bhfuil tionchar ag an méadú seasta ar infhaighteacht cócaoin san Aontas le blianta beaga anuas ar úsáid cócaoin, mar a fheictear i roinnt foinsí sonraí, amhail anailís fuíolluisce. Tháinig méadú ar iarmhair chócaoin i bhfuíolluisce cathrach i mbreis agus leathchuid de na cathracha a bhfuil sonraí acu maidir le 2023 agus 2024. Ós rud é go bhfuil an t-aga moille measta idir an chéad úsáid cócaoin agus an chéad éileamh cóireála thart ar 13 bliana, d’fhéadfadh an t-ardú infhaighteachta méadú a dhéanamh ar an éileamh cóireála sna blianta amach romhainn. Chuige sin, ní mór measúnú práinneach a dhéanamh ar acmhainneacht freagartha Bhallstáit an Aontais ag súil le méadú a d’fhéadfadh teacht ar an éileamh ar chóireáil.
Ullmhacht an Aontais maidir le drugaí a neartú: seirbhísí nua EUDA
Chun tacú le hullmhacht na hEorpa i bhfianaise fadhbanna drugaí atá ag éirí níos casta, tá sraith nua seirbhísí comhtháite á forbairt ag EUDA (2). Tá siad sin dírithe ar cheithre phríomhréimse: dúshláin a bhaineann le drugaí agus a n-iarmhairtí atá ag teacht chun cinn a thuar; foláireamh a thabhairt i bhfíor-am maidir le rioscaí agus bagairtí nua drugaí; cabhrú leis an Aontas agus a Bhallstáit a bhfreagairtí a neartú; agus malartú eolais agus foghlaim ar fud an Aontais a éascú le haghaidh beartais agus idirghabhálacha fianaisebhunaithe maidir le drugaí.
Tá tionscnaimh nua — amhail Córas Eorpach um Fholáireamh Drugaí agus Córas um Measúnú ar Bhagairtí Sláinte agus Slándála, á bhforbairt chun réamhrabhadh agus feasacht staide a fheabhsú. Idir an dá linn, déanfaidh Líonra Eorpach na Saotharlann Fóiréinseach agus Tocsaineolaíoch anailís ar shamplaí drugaí, cuirfidh sé oiliúint ar shaineolaithe agus malartóidh sé faisnéis maidir le forbairtí nua, amhail bagairtí ó ópóidigh shintéiseacha nua. Tá ról nua ag an ngníomhaireacht freisin maidir le faisnéis faoi réamhtheachtaithe drugaí agus a n-atreorú agus a ngáinneáil a bhailiú agus a anailísiú, rud a chuireann ar a cumas fógra a thabhairt do na Ballstáit maidir le hócáidí braite nua agus tacú leis an gCoimisiún Eorpach trí shonraí eolaíocha a chur ar fáil. I dteannta a chéile, beidh na hiarrachtaí sin ina mbonn láidir le haghaidh freagairt Eorpach níos athléimní ar dhrugaí.