Ráiteas deiridh ó Alexis Goosdeel, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUDA, ag deireadh a shainordaithe 10 mbliana

An Eoraip agus drugaí – athruithe, dúshláin agus dearcthaí amach anseo

Grianghraf d’Alexis Goosdeel

Agus mo shainordú 10 mbliana mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) ag teacht chun deiridh, ba mhaith liom mo mhachnamh pearsanta ar 10 mbliana inar tharla claochlú suntasach a roinnt. Is iad géarchéimeanna agus éiginnteachtaí a mhúnlaigh na blianta sin, i.e. mórionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip, éigeandáil na himirce, éagobhsaíocht sna réigiúin chomharsanachta, Brexit, paindéim COVID-19 agus, le déanaí, an cogadh san Úcráin agus teannas geopholaitiúil athneartaithe eile. Bhí tionchar ag gach ceann de na himeachtaí sin ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil agus ar an gcomhtháthú sóisialta. Sa chomhthéacs sin, tá forbairt tagtha ar fheiniméan na ndrugaí san Eoraip ar luas agus ar scála nach bhfacthas le linn na 35 bliana a chaith mise ag obair sa réimse.

10 mbliana de mhórathruithe

Nuair a chuir mé tús le mo shainordú in 2016, ba í hearóin an príomhdhruga a bhí ag cothú fadhbanna, agus bhíodh thart ar dhá shubstaint shícighníomhacha nua á mbrath againn gach seachtain. Cé go raibh nuálaíocht sa cheimic shintéiseach ag géarú cheana féin, tá an staid sa lá atá inniu ann thar a bheith difriúil. Le 27 mbliana anuas, tá níos mó ná 1 000 substaint nach bhfacthas cheana sainaitheanta a bhuí le córas luathrabhaidh an Aontais maidir le substaintí nua shícighníomhacha, agus gach bliain tagann idir 400 agus 450 substaint ar ais ar an margadh áit éigin san Aontas. Léiríonn sé sin nádúr síorathraitheach mhargadh na ndrugaí aindleathacha agus castacht mhéadaitheach an méid ar gá faireachán a dhéanamh air.

Ba é an t‑athrú ba shuntasaí é, áfach, an méadú easpónantúil ar tháirgeadh agus ar gháinneáil cócaoin. Thosaigh an treocht seo timpeall thráth na caibidlíochta síochána sa Cholóim, agus tá sí anois ina feiniméan nach bhfacthas a macasamhail riamh roimhe. Sa lá atá inniu ann, tá an cócaon níos inrochtana, níos inacmhainne agus níos cumhachtaí san Eoraip ná riamh. Tá athrú ó bhonn tagtha ar an timpeallacht oibríochtúil d’údaráis chustaim, d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha ós rud é go bhfuil sé ag teacht isteach i gcainníochtaí níos airde ná riamh trí choimeádáin mhuirí. Ag an am céanna, tá méadú tagtha ar tháirgeadh drugaí sintéiseacha (amfataimíní, meitiolamfataimíní, eacstais) laistigh den Aontas, le tacaíocht ó cheimiceáin réamhtheachtacha a fhaightear go hidirnáisiúnta agus a éascaítear a bhuíochas de lóistíocht choiriúil atá ag éirí níos sofaisticiúla.

Chuir an ‘ró‑infhaighteacht’ drugaí sin le claochlú ó bhonn ar phatrúin tomhaltais. Tá úsáid ilsubstaintí anois mar ghnáthnós, agus tá an teorainn idir drugaí aindleathacha, substaintí neamhaicmithe agus cógais mhí-úsáidte ag éirí níos doiléire. Úsáideann go leor daoine substaintí anois, ní hamháin mar dhrugaí áineasa, ach freisin chun strus, imní nó brúnna feidhmíochta a bhainistiú – rud lena léirítear géarchéim mheabhairshláinte níos leithne atá ag cur isteach go háirithe ar dhaoine óga, agus a chuaigh in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19. Ní drugaí ata sna substaintí seo go léir, agus níl gach ceann acu chomh contúirteach céanna – rud a chiallaíonn go gcaithfimid ár gcur chuige a athrú; ní féidir linn a mheas gur coirpigh nó ‘andúiligh drugaí’ iad go léir, mar sin teastaíonn samhail nua uainn lena gcuirtear castacht mhéadaitheach na staide san áireamh ar bhealach níos fearr.

Coireacht eagraithe ag teacht chun cinn

Sna 10 mbliana a d’imigh thart, tá léirithe freisin a mhéid atá an choireacht eagraithe tar éis oiriúnú, leathnú agus éagsúlú. Agus cuid mhór d’aird na hEorpa dírithe ar an bhfrithsceimhlitheoireacht, bhí líonraí coiriúla i mbun a dtionchar a chomhdhlúthú. Mar a léiríodh i dTuarascálacha an Aontais ar Mhargaí Drugaí, bhí ar a laghad 30 % d’ioncam na coireachta eagraithe san Eoraip ag teacht ó gháinneáil ar dhrugaí cheana féin. Is é atá athraithe ná scála agus sofaisticiúlacht na n‑eagraíochtaí sin, maille lena gcumhdach geografach.

Tá grúpaí coiriúla tar éis a ngníomhaíochtaí a dhomhandú, agus tá siad ag feidhmiú go comhuaineach anois ina réigiúin tionscnaimh ar fud Bhallstáit an Aontais agus i dtíortha táirgthe drugaí. Leis an mborradh atá tagtha ar an éileamh ar chócaon, tá dlús curtha leis an iomaíocht fosta – rud a fhágann go bhfuil méadú tagtha freisin ar an bhforéigean a bhaineann leis an margadh, agus ar chumais choiriúla chomh maith leis sin. Treocht shainiúil is ea teacht chun cinn na ‘coire mar sheirbhís’, le líonraí speisialaithe a sholáthraíonn gach rud ó thógáil saotharlainne ar scála tionsclaíoch go soláthar ceimiceán, lóistíocht agus foréigean ar éileamh. Le blianta beaga anuas, léiríodh le himscrúduithe móra leibhéil chomhordaithe gan fasach idir grúpaí atá ag feidhmiú ar fud na mór-roinne.

Laistigh den Eoraip, tá méadú suntasach tagtha ar bhrath saotharlainne drugaí sintéiseacha, lena n‑áirítear saoráidí a bhfuil acmhainneacht táirgeachta thionsclaíoch acu. Léirítear le cuid acu comharthaí de thacaíocht theicniúil sheachtrach nó naisc idirnáisiúnta. Tá daoine óga á n‑earcú ar na meáin shóisialta agus á n‑iompar thar theorainneacha chun gníomhartha foréigneacha a thabhairt i gcrích. Leis na forbairtí sin cuirtear i dtábhacht inoiriúnaitheacht agus neamhthrócaireacht na líonraí lena mbaineann.

Timpeallacht idirnáisiúnta níos casta

Tá an tírdhreach idirnáisiúnta ag athrú freisin. Cé gurb iad an Cholóim, Peiriú agus an Bholaiv na príomhthíortha táirgthe cócaoin fós, tá easáitiú gníomhaíochtaí coiriúla tar éis tionchar mór a imirt ar thíortha comharsanachta, lena n‑áirítear Eacuadór. Is de bharr teorainneacha atá deacair a rialú agus conairí gáinneála seanbhunaithe atá leochaileachtaí nua ann.

Tá an staid maidir le táirgeadh agus gáinneáil amfataimín agus meitiolamfataimín i réigiúin eile – amhail an Meánoirthear agus an Áise Láir – ag athrú go tapa freisin mar thoradh ar athrú níos struchtúrtha i dtíortha nó i réigiúin shonracha, nó mar spreagadh don athrú sin. Mar shampla, nocht titim réimeas Assad sa tSiria leibhéal suntasach rannpháirtíochta na n‑údarás náisiúnta, ar an leibhéal is airde, i dtáirgeadh agus i ngáinneáil amfataimín ar a dtugtar ‘captagon.’

Sampla eile de thionchar domhanda na gcinntí áitiúla is ea an toirmeasc a chuir réimeas an Talaban san Afganastáin ar tháirgeadh óipiam agus an tionchar is dócha a bheidh aige sin ar mhargadh hearóine agus na n‑ópóideach sintéiseach na hEorpa. Maidir le héifeachtacht an toirmisc ar óipiam, meastar go bhféadfadh éifeacht iarmhartach a bheith aige san Eoraip – rud a spreagfadh triomach hearóine a bhféadfadh aistriú go húsáid ópóideach sintéiseach a bheith mar thoradh air, is é sin grúpa substaintí nua atá freagrach as níos mó ná 100 000 bás ródháileoige in aghaidh na bliana sna Stáit Aontaithe le 10 mbliana anuas.

Sa chomhthéacs sin, tá comhar idirnáisiúnta struchtúrtha ríthábhachtach i gcónaí, ar an leibhéal polaitiúil agus ar leibhéal na n‑oibríochtaí araon. Le 10 mbliana anuas, neartaíodh an comhar idir an tAontas agus réigiúin eile ar domhan, amhail Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, na Balcáin Thiar agus an Áise Láir.

Tá an t‑idirphlé polaitiúil le príomhthíortha comhpháirtíochta – go háirithe i dtaobh réamhtheachtaithe ceimiceacha agus treochtaí drugaí sintéiseacha – tar éis éirí níos doimhne, agus éireoidh níos criticiúla fós agus aghaidh á thabhairt ar mhargadh domhanda idirnasctha atá ag athrú go tapa. Cuireadh leis an gcomhar ar an leibhéal oibríochtúil freisin, trí chláir shonracha amhail EU-ACTEl PAcCTO, agus idir gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta, agus idir fórsaí póilíneachta agus custaim Eorpacha agus náisiúnta araon.

Patrúin athraitheacha maidir le díobháil sláinte agus shóisialta

Trasnaíonn tírdhreach drugaí atá ag athrú le leochaileachtaí sóisialta níos leithne. Tá dúshlán práinneach meabhairshláinte roimh an Eoraip, go háirithe i measc na hóige. Fiú sa tréimhse iar-COVID-19, ba léir go raibh méadú ag teacht ar leibhéil na hanacra síceolaíche; leis an bpaindéim agus an cur isteach ar an oideachas agus ar an saol sóisialta a d’eascair aisti rinneadh na fadhbanna sin ní ba mheasa. Sa chomhthéacs seo, is minic is bealach déileála é úsáid substaintí.

Saincheist amháin atá ina cúis imní ná spleáchas ar chócaon. Léiríonn an fhianaise moill de thart ar 12 go 13 bliana idir an chéad úsáid agus an chéad iarraidh ar chóireáil. Ós rud é gur tháinig méadú ar infhaighteacht cócaoin san Eoraip idir seacht agus ocht mbliana ó shin, ní mór dúinn ullmhú do mhéadú suntasach ar an éileamh ar chóireáil. Mar sin féin, níl prótacail chóireála atá éifeachtach ar an mórgóir ag an Eoraip fós maidir le cócaon agus spleáchas spreagthach, ná níl seirbhísí speisialaithe leordhóthanacha i bhfeidhm inti. Tá sé práinneach anois infheistíocht a dhéanamh sa taighde, sa nuálaíocht agus san acmhainneacht seirbhíse; sin í an áit inar féidir leis an Aontas difear a dhéanamh.

Tá ópóidigh agus ópóidigh shintéiseacha fós ina mbagairt mhór, áfach. Cé go bhfuil ár meánleibhéal seachadta freagraí maith go leor ar an iomlán, tá éagothromaíochtaí suntasacha ann idir tíortha agus réigiúin, agus idir an tAontas agus cuid dá chomharsana, amhail tíortha na mBalcán Thiar.

Is iad na príomhréimsí atá le feabhsú ná caighdeáin cháilíochta maidir le cóireáil a ghlacadh agus a chur chun feidhme, cláir choisc atá bunaithe níos mó agus níos mó ar fhorbairt fianaise do dhaoine aonair agus dá bpobail agus ar chláir laghdaithe díobhála a dhearadh agus a leathnú atá oiriúnaithe níos fearr do rioscaí agus do dhíobhálacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Mar shampla, tá ocht mBallstát as 27 mBallstát den Aontas fós gan aon bheart a ghlacadh maidir le tabhairt nalocsón i gcás ródháileoga ópóidigh. Tráth eipidéim na mbásanna a bhaineann le hópóidigh i Meiriceá Thuaidh, tá sé dlisteanach ábhair imní a chur in iúl, ach tá sé ríthábhachtach na cinntí cearta a dhéanamh in oirchill ráige a d’fhéadfadh a bheith ann san Aontas d’fhonn ullmhacht an Aontais a áirithiú.

Tá dul chun cinn suntasach déanta san Aontas le 30 go 40 bliain anuas, agus laghdú díobhála á chruthú agus á chur san áireamh mar phríomhphrionsabal de bheartas drugaí atá nua-aimseartha agus cothrom. Ach idirghabhálacha a dhearadh chun na rioscaí agus na hiarmhairtí díobhálacha a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú, tá beatha daoine sábháilte ag na seirbhísí sin agus tá dálaí maireachtála níos fearr curtha ar fáil dá mbarr do chliaint a cuireadh i gcroílár na n‑idirghabhálacha d’aon ghnó. Más mian leis an Aontas a bheith réidh agus ullamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, beidh sé ríthábhachtach daoine a úsáideann drugaí, agus a dteaghlaigh, a chuimsiú sa chomhrá.

An bhfuil smacht caillte ag an Eoraip?

Ar ndóigh, i bhfianaise scála na gáinneála agus fhás na coireachta eagraithe ardaítear an cheist an bhfuil smacht á chailleadh ag an Eoraip. Is soiléir é mo fhreagra ar an gceist sin: Níl an cath caillte ag an Eoraip go fóill. Tá dúshlán ollmhór roimpi fós, áfach, agus is den riachtanas í gníomhaíocht chomhchoiteann.

Is cloch mhíle thábhachtach í an bhliain seo; glacadh plean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí, mar aon le Straitéis athnuaite Drugaí an Aontais. Leis na hionstraimí sin tugtar isteach bearta nithiúla comhordaithe arna bhforbairt i gcomhar leis na Ballstáit, agus a bhfuil faireachán láidir i gceist leo. Ar fud na hEorpa, tá an tslándáil agus an comhordú á neartú ag calafoirt a bhuíochas de Chomhghuaillíocht na gCalafort Eorpach. Tá freagairtí breithiúnacha á dtreisiú, lena n‑áirítear bunú cúirteanna speisialaithe i dtíortha amhail an Fhrainc agus an Bheilg.

Mar sin féin, ní mór dúinn a aithint go bhfuil brú ar acmhainneachtaí stáit. Toisc géarchéim i ndiaidh géarchéime tá buiséid phoiblí laghdaithe go mór mór, agus tá líonraí coiriúla tar éis éirí níos láidre, níos saibhre agus níos idirnasctha. Beidh gá le hinfheistíocht leanúnach chun an staid sin a athchothromú, ní hamháin i dtaobh forfheidhmiú an dlí de, custam agus ceartas, ach freisin i dtaobh coisc, icóireáila, tacaíocht shóisialta agus forbairt pobail.

Athléimneacht agus comhar a neartú

Tá an t‑éilliú fós ina bhagairt leanúnach. Tá eagraíochtaí coiriúla in ann a modhanna a oiriúnú go sciobtha, i.e. de réir mar a dhéanann calafoirt córais rialaithe rochtana níos doichte, aistríonn siad a bhfócas chuig róil chriticiúla eile, amhail pleanáil lóistíochta. I roinnt tíortha, tá foireann córas ceartais coiriúil agus phríosúin faoi bhagairt. I gcás na hIodáile, ta sé léirithe go bhfuil neamhspleáchas breithiúnach láidir agus struchtúir speisialaithe frith-mhaifia fíor-riachtanach chun críoch a aisghabháil agus chun muinín as institiúidí poiblí a athbhunú.

Ní mór dúinn a aithint freisin go bhfuil comharsanachtaí in go leor cathracha Eorpacha a bhfuil fadhbanna a bhaineann le drugaí acu leis na blianta. Leis an méadú atá tagtha ar an bhforéigean le déanaí léirítear leochaileachtaí bunúsacha sóisialta agus eacnamaíocha. Ní mór neartú athléimneachta an phobail, feabhsú dálaí maireachtála agus cur ar fáil deiseanna do dhaoine óga a bheith mar chuid dár straitéis fhadtéarmach.

Ag féachaint amach romhainn

Le Brexit cuireadh isteach ar an gcomhar eolaíoch agus oibríochtúil atá ann le fada an lá, ach táim sásta a fhógairt go bhfuil ábhar comhaontaithe dhéthaobhaigh comhair nua leis an Ríocht Aontaithe curtha i gcrích againn anois. A luaithe a fhormheasfar go foirmiúil é, athbhunófar an comhar struchtúrtha leis i réimsí ríthábhachtacha amhail luathrabhadh, drugaí nua, díobhálacha agus idirghabhálacha pobalbhunaithe – rud a bheidh ina chéim thábhachtach don dá thaobh.

Agus mo shainordú á thabhairt chun críche agam, táim fíorbhuíoch as tiomantas mo chomhghleacaithe agus mo chomhpháirtithe ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Táim fós cinnte go bhfuil na huirlisí, an t‑eolas agus na comhpháirtíochtaí is gá ag an Eoraip chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Is bagairt ilghnéitheach í an bhagairt a bhaineann le feiniméan nua-aimseartha na ndruga, ar bagairt choiriúil, bagairt shóisialta agus bagairt a bhaineann leis an tsláinte phoiblí í. Chun aghaidh a thabhairt uirthi, tá gá le haontacht, le réadúlacht agus le diongbháilteacht, chomh maith leis an gcumas chun nuáil agus chun oiriúnú.

Mar sin féin, ionas go n‑éireoidh linn, beidh i bhfad níos mó i gceist ná acmhainní, uirlisí agus cistiú. Is éard a bheidh de dhíth ná ár dtiomantas dár luachanna, agus do shamhail den tsochaí atá bunaithe ar an daonlathas agus ar urraim do chearta bunúsacha gach duine, lena n‑áirítear daoine a úsáideann substaintí de chineál ar bith. Samhail lena gcuirtear an duine i gcroílár aici, a bhfuil sé mar aidhm aici folláine gach duine a chinntiú, agus lena gcuirtear idirphlé, meas agus luach ár n‑éagsúlachtaí chun cinn.

Is e sin an méid a rinne ár ngníomhaireacht Eorpach ó bunaíodh í mar an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí i mí Feabhra 1993, ag soláthar sonraí, faisnéise agus anailíse chun glacadh beartas a chumasú atá treoraithe ag an eolaíocht, ag an tsochaí shibhialta agus ag guthanna daoine a bhfuil taithí acu ar andúil.

Is ionann agus streachailt leanúnach in aghaidh na frithsheasmhachta maidir le hathrú, aineolas agus meon mímhacánta, iarfhírinne agus bréagnuachta é ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch a chur chun cinn agus tacú leis. Is mór an chreidiúint don Aontais í Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh – go háirithe lena sainordú nua leathnaithe – atá ag feidhmiú anois ó 2024 i leith.

Ba mhór an phribhléid agus an onóir dom a bheith i mo Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an nGníomhaireacht agus í ag rannchuidiú le hEoraip níos cothroime agus níos éifeachtaí a fhorbairt dá saoránaigh, dá cinnteoirí agus do dhaoine a úsáideann drugaí agus dá dteaghlaigh.

Fágaim an ról seo agus mé muiníneach go bhfuil EUDA réidh chun a mhisean nua a chomhlíonadh, agus tá súil agam gur go rathúil a stiúrfaidh mo chomharba, an Dr Lorraine Nolan, an Ghníomhaireacht agus í ag dul i ngleic leis na chéad dúshláin eile atá roimpi agus á forbairt amach anseo. Ar bhonn níos pearsanta, leanfaidh mé de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí chun Eoraip níos sábháilte, níos sláintiúla agus níos athléimní a fhorbairt, agus gabhaim buíochas ó chroí leo siúd uile a rannchuidigh leis an misean comhroinnte sin a bhaint amach le 10 mbliana anuas.

Spotlight

Top