Sraith uirlisí maidir le galair thógálacha a bhaineann le drugaí

Last updated : 19.03.2026

Tá galair thógálacha a bhaineann le drugaí (DRIDanna) – lena n‑áirítear VEID, heipitíteas B agus heipitíteas C – fós ina mórdhúshláin sláinte do dhaoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí trí instealladh (PWIDanna). Cuireann fachtóirí riosca athraitheacha, rochtain theoranta ar sheirbhísí laghdaithe díobhála agus bacainní struchtúracha ar chúram sláinte le hualach díréireach ionfhabhtaithe, breoiteachta agus mortlaíochta laistigh den daonra sin.

Leis an bprótacal teicniúil nuashonraithe seo cuirtear ar fáil treoraíocht phraiticiúil chun suirbhéanna a phleanáil agus a chur i bhfeidhm i measc daoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí trí instealladh. Leagtar amach ann na cineálacha cur chuige modheolaíoch atá ar fáil, maille lena mbuntáistí agus a laincisí, agus cuimsítear ann samplaí de dhea-chleachtas ó gach cearn den Eoraip.

In éineacht leis na ceistneoirí agus na hacmhainní a ghabhann leo, tacaítear leis le foirne náisiúnta agus áitiúla chun staidéir láidre agus chomhoiriúnacha a dhearadh d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo deireadh a chur le heipitíteas víreasach mar bhagairt don tsláinte phoiblí, agus deireadh a chur leis an eipidéim VEID/SEIF i measc an phríomhphobail sin.

image with dark blue background with one green hexagon with notebook icon; and four pink hexagons with different icons: people, syringe, lab tubes and calendar
Categories

Prótacal teicniúil

Treoraíocht maidir le suirbhéanna a phleanáil, a dhearadh agus a dhéanamh ar ghalair thógálacha a bhaineann le drugaí i measc daoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí trí instealladh. Leagtar amach sa phrótacal seo roghanna modheolaíochta, breithnithe praiticiúla, samplaí léiritheacha agus tagairtí úsáideacha chun tacú le faireachán comhsheasmhach caighdeánaithe ar fud na mBallstát.

Ceistneoir – Leagan fada

Teimpléad atá deartha le haghaidh grinnsuirbhéanna ar ghalair thógálacha a bhaineann le drugaí (DRIDanna) i measc daoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí trí instealladh (PWIDanna). Bunaithe ar liosta na dtáscairí ón bprótacal teicniúil, cumhdaítear leis ualach, tosca riosca, cosc, leanúntas cúraim agus tionchar, lena gcuirtear uirlis iontaofa chuimsitheach ar fáil chun sonraí ardcháilíochta a bhailiú le himeacht ama.

Ceistneoir – Leagan gearr

Áirítear sa cheistneoir samplach seo ceisteanna lena gclúdaítear na príomhtháscairí ón bprótacal teicniúil. Rogha ghonta atá ann le haghaidh dálaí ina mbíonn gá le bailiú tapa nó ísealualaigh sonraí. Dírítear sa cheistneoir ar tháscairí eipidéimeolaíocha atá fíor-riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí le himeacht ama.

Samplaí dea-chleachtais de shuirbhéanna maidir le faireachán a dhéanamh ar DRIDanna

Cuirtear i láthair sa doiciméad seo samplaí ó thíortha Eorpacha ina dtaispeántar cineálacha éagsúla cur chuige maidir le suirbhéanna a dhéanamh i measc daoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí trí instealladh (PWIDanna). Leagtar béim sna cás-staidéir ar cheachtanna praiticiúla agus ar straitéisí éifeachtacha chun tacú le pleanáil suirbhéanna amach anseo. Is forlíonadh praiticiúil é aran bprótacal teicniúil maidir le DRIDanna.

Top