Folúntais phoist ag EUDA
Glac páirt inár bhfoireann!
Ar mhaith leat difríocht a dhéanamh i réimse na ndrugaí aindleathacha trí chabhrú le tíortha an Aontais a bheith níos ullmhaithe chun bagairtí a bhaineann le drugaí a láimhseáil? Más ea, iarraimid ort a bheith páirteach i bhfoireann Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus cur lenár misean!
Lean ar aghaidh ag léamh chun níos mó a fhoghlaim faoi bheith ag obair ag EUDA nó cliceáil ar an gcnaipe thíos chun dul díreach chuig folúntais phoist reatha.

Mar bhall dár bhfoireann, beidh deis agat oibriú i dtimpeallacht dhinimiciúil agus idirnáisiúnta, agus comhoibriú le saineolaithe ó dhisciplíní éagsúla. Is mór againn an éagsúlacht agus cuirimid fáilte roimh ghairmithe ó chúlraí éagsúla, lena n‑áirítear taighde, eolaíochtaí sóisialta, sláinte phoiblí, staidreamh, anailís sonraí, forbairt beartais, cumarsáid, riarachán, agus go leor eile.
Is féidir oibriú ag EUDA den chuid is mó trí iarratas a dhéanamh ar ghlao ar iarratas seolta ag EUDA.
Tairgeann EUDA fostaíocht i gcatagóirí foirne éagsúla: baill foirne shealadacha, baill foirne ar conradh, oiliúnaithe agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht. Cliceáil ar na táib thíos chun tuilleadh a fhoghlaim faoi shonraí fostaíochta do gach catagóir foirne.
Bí linn agus cabhraigh le múnlú beartais drugaí fhianaisebhunaithe a agus le hEoraip níos sláintiúla agus níos sábháilte a chothú. I dteannta a chéile, is féidir linn difríocht a dhéanamh i réimse na handúile i ndrugaí agus athrú dearfach a chruthú inár sochaithe.
Táimid ag tnúth le d’iarratas a fháil agus fáilte a chur romhat chuig EUDA!
Cén cineál poist atá ar fáil?
Gníomhairí sealadacha
Earcaítear gníomhairí sealadacha chun folúntais laistigh de EUDA a líonadh ar feadh tréimhse shocraithe ama. Tá dhá chatagóir ann do ghníomhairí sealadacha ag EUDA: Riarthóirí (AD) agus Cúntóirí (AST).
Riarthóirí
Oibríonn riarthóirí in earnálacha éagsúla agus i measc na ndualgas a d'fhéadfadh a bheith le comhlíonadh acu tá beartais a fhorbairt; anailís agus obair chomhairleach a dhéanamh; cúraimí rialála a dhéanamh; páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht idirnáisiúnta; idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus le comhpháirtithe; dul i dteagmháil le saoránaigh; téacsanna dlí an Aontais a athbhreithniú agus a aistriú, agus neart dualgas eile.
Cúntóirí
Déanann cúntóirí gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a bhfuil leibhéal áirithe neamhspleáchais ag teastáil lena n‑aghaidh, go háirithe maidir le rialacha agus rialacháin nó treoracha ginearálta a chur chun feidhme, nó mar chúntóir pearsanta do chomhalta den institiúid, do Cheann oifige príobháidí Comhalta nó do (Leas-)Ardstiúrthóir nó do bhainisteoir sinsearach coibhéiseach.
Gníomhairí ar conradh
Is féidir oibriú do EUDA ar bhonn conartha ar théarma seasta. Tá gach post do ghníomhairí ar conradh roinnte i gceithre fheidhmghrúpa (leibhéil ghairme):
Feidhmghrúpa I – Cúraimí seirbhíse tacaíochta láimhe agus riaracháin.
Feidhmghrúpa II – Cúraimí cléireachais nó rúnaíochta, bainistiú oifige agus cúraimí coibhéiseacha eile.
Feidhmghrúpa III – Cúraimí feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus cúraimí teicniúla coibhéiseacha eile.
Feidhmghrúpa IV – Cúraimí riaracháin, comhairleacha, teanga agus cúraimí teicniúla coibhéiseacha.
Oiliúnaithe
Is é na haidhmeanna atá le cláir oiliúna EUDA:
- deis a thabhairt do chéimithe ollscoile óga taithí a fháil ar chuspóirí agus ar phróiseas ginearálta lánpháirtíochta na hEorpa;
- eolas praiticiúil a chur ar fáil d’oiliúnaithe ar an gcaoi a n‑oibríonn gníomhaireacht Eorpach;
- cur ar chumas oiliúnaithe taithí phraiticiúil agus eolas praiticiúil a fháil ar obair laethúil EUDA agus a aonad;
- deis a thabhairt d’oiliúnaithe oibriú i dtimpeallacht éagsúil agus ilteangach, rud a chuirfidh le forbairt na comhthuisceana, na hiontaoibhe agus na caoinfhulaingthe;
- cur ar chumas oiliúnaithe an t‑eolas a fuair siad le linn a gcuid staidéir nó a slite beatha gairmiúla a chur i bhfeidhm.
Léigh tuilleadh sonraí faoin mbeartas maidir le Tréimhsí Oiliúna.
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
Is éard is saineolaithe náisiúnta ar iasacht iontu baill foirne atá fostaithe ag riarachán poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó ag eagraíocht idir-rialtasach (IGO), atá ar iasacht chuig EUDA chun malartú taithí gairmiúla i réimse na ndrugaí aindleathacha a chur chun cinn agus chun leas a bhaint as eolas gairmiúil agus as taithí ghairmiúil.
Fanann Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht sa tseirbhís agus faigheann siad tuarastail óna bhfostóirí le linn na tréimhse iasachta.
Maireann tréimhse na hiasachta idir sé mhí agus ceithre mhí is fiche ar dtús. Féadfar tréimhse na hiasachta a athnuachan, ach ní fhéadfaidh tréimhse iomlán na hiasachta a bheith níos faide ná ceithre bliana.
Léigh tuilleadh faoi
Rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do EUDA
Treoirlínte maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht a cheapadh ag EUDA
Teistiméireachtaí fostaithe
Céard atá le rá ag daoine a oibríonn ag EUDA? Féach cad atá le rá ag cuid de na daoine a oibríonn ann!

Maidir liom féin, ní hamháin gur fostaí EUDA mé; is cuid mhór de mo shaol é EUDA. Go deimhin, tá mé ag obair ar dhrugaí aindleathacha ó 1996, mar sin d’fhéadfá a rá gur chaith mé ní ba mhó ná leath mo shaol ar dhrugaí! Mar chuid de mo phost, bím ag obair leis na saineolaithe is fearr ó na gnéithe éagsúla go léir d’fheiniméan na ndrugaí, mar sin, gach lá, bíonn deis ann rud éigin nua a fhoghlaim, rud atá tábhachtach dar liom. Tá na comhghleacaithe go léir an-chairdiúil agus cabhrach agus cuirtear béim láidir ar obair foirne. Bíonn teagmháil againn freisin le comhghleacaithe ó gach cearn den Aontas Eorpach, agus is éard atá i gceist leis sin foghlaim faoi chultúir éagsúla, glacadh leis an éagsúlacht agus le luachanna Eorpacha. Is seantuiscint atá ann, ach bíonn tionchar ag úsáid drugaí ar gach duine, cuid acu níos mó ná a chéile, agus is dóigh liom trí, bheith ag obair sa Ghníomhaireacht, gur éirigh liom difríocht a dhéanamh i réimse a bhfuil an-spéis agam ann.
Andrew C.

Inês H.

Tá an deis a bheith ag obair ag EUDA cosúil le druga; bíonn fo-iarsmaí éagsúla le tabhairt faoi deara 😊 Cuirim tús maith le gach lá oibre; díol suntais ann féin i bhfianaise go gcuirim tús leis an lá i ndiaidh dom an cnaipe suain a bhrú ar dhá fhón. Tá an timpeallacht oibre anseo andúileach, agus sin mar gheall ar na daoine eile atá mórthimpeall orm. Tá seanfhocal Rómánach ann “omul sfinţeste locul” (= is iad na daoine a dhéanann áit a naomhú) (cosúil le “bíonn feirm mhaith ag feirmeoir maith ”). Ní comhghleacaithe amháin iad na comhghleacaithe; tá siad níos cosúla leis na comhchealgairí a theastaíonn uait go háirithe nuair is mian leat foghlaim conas rudaí a dhéanamh. Ina theannta sin, is maith liom gur féidir liom labhairt le duine éigin i gcónaí má theastaíonn cabhair uaim nó chun freagraí a fháil gan bheith ag mothú ciontach nó go bhfuil mé ag cur isteach ar aon duine – is mothú iontach é sin. I mbeagán focal, tá meascán deas ann idir gairmiúlacht agus timpeallacht bhríomhar; táimid ar fad dírithe ar chaighdeáin arda, ach ní bhíonn leisce orainn cruinniú oibre dian a fhágáil agus taitneamh a bhaint as sos caife bríomhar.
Robert P.
A bhfuil á thairiscint againn
Obair fhóinteach
Bí páirteach inár misean agus cuir le hEoraip níos sláintiúla agus níos sláine a chothú trí bheartas agus cleachtas níos eolasaí drugaí.
Fás gairmiúil
Tá EUDA tiomanta d’fhorbairt ghairmiúil a mball foirne a chothú. Cuirimid rochtain ar fáil ar chláir oiliúna, ar chomhdhálacha agus ar cheardlanna.
Comhoibriú agus líonrú
Oibrigh in éineacht le foireann éagsúil agus ildisciplíneach saineolaithe ó gach cearn den Eoraip. Bain tairbhe as comhroinnt eolais, comhoibriú ar thionscadail taighde agus forbair líonra gairmiúil láidir laistigh de réimse na ndrugaí.
An timpeallacht idirnáisiúnta
Mar ghníomhaireacht de chuid an Aontais, tacaímid le timpeallacht oibre idirnáisiúnta agus chuimsitheach. Déanaimid teagmháil le comhghleacaithe ó thíortha, ó chultúir agus ó chúlraí éagsúla, agus faighimid léargas luachmhar ar dhúshláin a bhaineann le drugaí ar fud na hEorpa.
Cothromaíocht oibre is saoil
Táimid airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil agus cuirimid socruithe oibre solúbtha ar fáil. Tugaimid tús áite do leas ár bhfostaithe agus cuirimid tacaíocht ar fáil do chomhtháthú sláintiúil oibre is saoil.
Cúiteamh agus sochair eile
Cuireann EUDA pá iomaíoch agus pacáiste leasa cuimsitheach ar fáil le liúntais bhreise ag brath ar chúinsí pearsanta na mball foirne.
Tá coinníollacha fostaíochta na foirne ag EUDA bunaithe ar rialacha, ar phrionsabail agus ar dhálaí oibre na seirbhíse sibhialta Eorpaí, mar a shonraítear sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach.
Buntuarastal
Tá buntuarastal ag gach grád ina bhfuil céimeanna éagsúla. Tarlaíonn dul chun cinn go dtí an chéad chéim eile go huathoibríoch gach dhá bhliain go dtí go sroichtear an chéim is airde laistigh den ghrád sin. Déantar buntuarastail a choigeartú gach bliain chun ailíniú leis an mboilsciú agus leis an gcumhacht cheannaigh laistigh de thíortha an Aontais.
Cuirtear comhéifeacht cheartúcháin i bhfeidhm maidir le luach saothair na mball foirne chun difríochtaí i ndálaí maireachtála a chúiteamh, i gcomparáid leis an mBruiséil agus le Lucsamburg. Chun meastóireacht a dhéanamh ar na difríochtaí sin i ndálaí maireachtála, úsáidtear difríochtaí i gcumhacht cheannaigh i Rialacháin Foirne an Aontais mar tháscaire atá iontaofa ó thaobh staidrimh de agus atá inríofa. I gcás na Portaingéile, is é 92.1 % an fachtóir ualúcháin áitiúil i gcomhair 2024.
Slándáil Shóisialta agus cáin
Íocann baill foirne cáin chomhphobail ag an bhfoinse agus rannchuidíonn siad leis na nithe seo a leanas:
- Árachas sláinte (1.7 %), agus árachas tionóisce (0.1 %): Cuirtear clúdach ar fáil duit, ag tosú ó do chéad lá oibre. Áirítear leis an gcumhdach cuimsitheach sin cosaint in aghaidh breoiteachta, ospidéalú, costais leighis a bhaineann le toircheas, tionóiscí agus galair cheirde. Coinníonn tú an tsaoirse chun liachleachtóir de do rogha féin a roghnú, beag beann ar do shuíomh ar fud an domhain. Tá aisíocaíocht suas le 85 % de na speansais ar fáil, ag brath ar chineál na cóireála agus laistigh de theorainneacha sonraithe. Faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh céilí agus leanaí a bheith incháilithe do chlúdach árachais breoiteachta freisin, cé nach bhfuil árachas tionóisce san áireamh dóibh.
- Scéim pinsin an Aontais: Deonaítear pinsean scoir do bhaill foirne a chuireann 10 mbliana seirbhíse ar a laghad i gcrích le chéile sa Ghníomhaireacht nó in Institiúid Chomhphobail eile, ar choinníoll go bhfuil aois inphinsin (65 nó 66 bliain d’aois) slánaithe acu. Ní éilítear aon íostréimhse nuair a shroichtear an ghnáthaois scoir agus é nó í i mbun seirbhíse. Is féidir cearta pinsin a fuarthas le scéimeanna náisiúnta eile a aistriú; ní áirítear an t‑aistriú sin i ndáil leis an ‘10 mbliana seirbhíse’. Má fhágann tú na hInstitiúidí sula mbeidh 10 mbliana caite agat sa tseirbhís, beidh ort a iarraidh go n‑aistreofar tú ó na cearta a fuair tú leis an Aontas Eorpach go scéim eile.
- Árachas dífhostaíochta (0.81 %).
- Cáin Ioncaim: Gearrtar cáin ioncaim de réir a chéile ag ráta idir 8 % agus 45 % den chuid inchánach de do thuarastal. Ríomhtar tobhach speisialta (6 %) ar an gcuid den luach saothair a sháraíonn an luach saothair íosta. Tá do thuarastal díolmhaithe ó cháin na Portaingéile. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an prótacal maidir le díolúintí an Aontais Eorpaigh.
Liúntas easaoránachta
Íoctar an liúntas easaoránachta le hoifigigh nach náisiúnaigh iad agus nach raibh riamh ina náisiúnaigh den Stát ar ina chríoch atá an áit ina bhfuil siad fostaithe, agus nach raibh gnáthchónaí orthu nó nach raibh a bpríomhghairm ar siúl acu laistigh de chríoch an Stáit sin le linn na 5 bliana a chríochnaigh 6 mhí sular tháinig siad isteach sa tseirbhís chun críocha na forála seo, ní chuirtear imthosca a eascraíonn as obair a rinneadh do stát eile nó d’eagraíocht idirnáisiúnta san áireamh;
Is féidir an liúntas easaoránachta a íoc freisin le hoifigigh atá nó a bhí ina náisiúnaigh den Stát ina bhfuil an áit ina bhfuil siad fostaithe suite, ach a raibh gnáthchónaí orthu lasmuigh de chríoch Eorpach an Stáit sin i rith na 10 mbliana dar chríoch dáta a dteacht isteach sa tseirbhís, ar chúiseanna seachas dualgais a chomhlíonadh i seirbhís stáit nó i seirbhís eagraíochta idirnáisiúnta.
Is ionann an liúntas easaoránachta agus 16 % den bhuntuarastal.
Liúntas cónaithe eachtraigh
Ball foirne nach náisiúnach den Stát ina bhfuil sé nó sí fostaithe ach nach gcáilíonn do liúntas easaoránachta, gheobhaidh sé nó sí liúntas a chomhfhreagraíonn do 4 % den bhuntuarastal iomlán.
Liúntais teaghlaigh
- Liúntas teaghlaigh: Baill foirne a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu, nó atá pósta agus tá ioncam an chéile faoi bhun teorann sonraithe. Is ionann é agus EUR 231.51 móide 2 % den bhuntuarastal míosúil.
- Liúntas linbh chleithiúnaigh; Baill foirne a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu faoi bhun 18 mbliana d’aois (nó suas go dtí 26 bliana d’aois má dhéanann an leanbh cúrsa breisoideachais). Is ionann é agus EUR 505.87 in aghaidh an linbh in aghaidh na míosa.
- Liúntas réamhscoile: Baill foirne ag a bhfuil leanaí in aois réamhscoile, nach bhfuil ag freastal ar bhunoideachas go fóill. Is ionann é agus EUR 123.59 in aghaidh an linbh in aghaidh na míosa.
- Liúntas oideachais: Aisíoctar suas le huasteorainn na costais chlárúcháin, tinrimh agus iompair do do leanaí atá páirteach sa chóras oideachais bunscoile, meánscoile nó ollscoile.
Liúntas chun dul i mbun dualgas
- Liúntas suiteála chun cabhrú leis an bhfoireann socrú isteach san áit fostaíochta. Íoctar an liúntas seo nuair a chuirtear cruthúnas suiteála ar fáil (i.e. comhaontú cíosa fadtéarmach nó gníomhais mhaoine).
- Liúntas laethúil lena mbeartaítear costais a bhaineann le cónaí sealadach a fhritháireamh.
- Costais aistrithe a aisíoc.
- Taisteal tosaigh ón áit earcaíochta go dtí an áit fostaíochta don bhall foirne agus don teaghlach díreach.
Saoire bhliantúil
Tá baill foirne i dteideal saoire bhliantúil 24 lá oibre móide laethanta saoire EUDA, saoire a chomhfhreagraíonn do roinnt laethanta saoire náisiúnta de chuid na Portaingéile agus d’imeachtaí na Cásca, na Nollag agus d'imeachtaí eile. Deonaítear laethanta saoire breise d’aois, do ghrád agus má tá tú i dteideal an liúntais easaoránachta. Deonaítear saoire speisialta le haghaidh imthosca áirithe amhail pósadh, breith linbh nó imeachtaí teaghlaigh eile.
Fleisc-am agus teilea-obair
Tá creat solúbtha i bhfeidhm ag EUDA lena gcuimsítear gnéithe éagsúla d’obair laethúil na foirne, lena n‑áirítear uaireanta oibre, fleisc-am agus teilea-obair.
Tá áiseanna corpacmhainne ar fáil ar an áitreabh
Próiseas iarratais agus roghnúcháin
Anseo thíos gheobhaidh tú forbhreathnú ar an bpróiseas iarratais agus roghnúcháin
Fógraítear poist oscailte ar shuíomh gréasáin EUDA agus ar chainéil.
Ní mór d’iarrthóirí ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an bpost trí iarratas ríomh-earcaíochta EUDA.
Déantar gach iarratas a sheiceáil de réir na gcritéar incháilitheachta a bhfuil tuairisc orthu san fhógra folúntais agus ní ghlactar ach leo siúd atá incháilithe don nós imeachta roghnúcháin.
Déanfaidh an coiste roghnúcháin anailís ar iarratais chun incháilitheacht na n‑iarrthóirí a fhíorú agus chun a mheas an gcomhlíonann siad na ceanglais atá sonraithe sa ghlao ar iarratais.
Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta chun agallaimh agus chun triail scríofa a dhéanamh. I gcás post áirithe, d’fhéadfadh uirlisí earcaíochta eile amhail cás-staidéir agus trialacha inniúlachta a bheith i gceist freisin.
Cuirtear ainmneacha na n‑iarrthóirí a n‑éiríonn leo sna nósanna imeachta roghnúcháin ar phainéal. Is éard atá sa phainéal ionadaithe díorma d’earcaigh fhéideartha a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a úsáid chun poist fholmha den chineál céanna, a bhaineann leis an bhfeidhmghrúpa agus leis an ngrád céanna a líonadh. Mar sin féin, ní ráthaítear fostaíocht in EUDA má chuirtear duine ar phainéal ionadaithe.
Folúntais
Glaonna leanúnacha
Anseo thíos is féidir leat faisnéis a fháil faoi aon fholúntas poist atá á fhógairt ag EUDA faoi láthair. Chun iarratas a dhéanamh ar fholúntais phoist nó chun féachaint ar aon ghlao ar iarratais roimhe seo, bain úsáid as córas Ríomh-Earcaíochta EUDA.
Status | Vacancy | Reference | Contract type | Closing date | Grade |
---|---|---|---|---|---|
Open | Scientific analyst, Health and social responses (Health promotion and crime prevention) | AD.2025.02 | Temporary agent | 18.07.2025 at 23h59, Lisbon time |
AD6 |
Open | Capacity development officer | AST.2025.04 | Temporary agent | 30.06.2025 at 23h59, Lisbon time |
AST3 |
Applications under assessment | Administrative assistant | CA.2025.01 | Contract agent | 05.06.2025 at 23h59, Lisbon time |
FGII |
Applications under assessment | Scientific analyst, Health and social responses (harm reduction) | AD.2025.01 | Temporary Agent | 11.03.2025 at 23h59, Lisbon time |
AD6 |
Glaonna dúnta
Status | Vacancy | Reference | Contract type | Closing date | Grade |
---|---|---|---|---|---|
Closed | IT service manager | AST.2025.01 | Temporary agent | 17.02.2025 at 23h59, Lisbon time |
AST 4 |
Closed | Scientific analyst, Health and social responses (drug prevention) | AD.2024.12 | Temporary agent | 22.01.2025 at 23h59, Lisbon time |
AD 6 |
Closed | Scientific analyst, Drug policy | AD.2024.09 | Temporary Agent | 15.01.2025 at 23h59, Lisbon time |
AD6 |
Closed | Chief Scientist | AD.2024.11 | Temporary Agent | 14.01.2025 at 23h59, Lisbon time |
AD10 |
Closed | Head of Unit ‘Risks to public safety and security unit (policy, crime and markets)’ | AD.2024.10 | Temporary Agent | 11.12.2024 at 23h59, Lisbon time |
AD9 |
Closed | Reitox and external partners unit - ICS-EU4MD project traineeship | 2025/TR/RTX-ICS-EU4MD | Traineeship | 28.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Trainee for the Public health unit | 2025/TR/HEA-PRS | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Trainee for the Communication unit and the Information and communication technology unit | 2025/TR/COM_ICT | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Trainee for Risks to public safety and security unit | 2025/TR/SAS-AND | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Trainee for the Resources management and administrative services unit | 2025/TR/ADM-HRMS | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Trainee for the Information and communication technology unit | 2025/TR/ICT | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Trainee for the Public health unit - Head of sector Trends and analysis | 2025/TR/HEA-TAS | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Reitox and external partners unit traineeship (2025/TR/RTX) | 2025/TR/RTX | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Reitox and external partners unit - International cooperation traineeship | 2025/TR/RTX-IC | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
|
Closed | Communication unit traineeship | 2025/TR/COM | Traineeship | 11.11.2024 at 23h59, Lisbon time |
Glaonna ar iarratas roimhe seo
Molaimid duit athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar na riachtanais agus ar na cáilíochtaí do gach post agus d’iarratas a chur isteach laistigh den spriocdháta sonraithe.
Cosaint sonraí
Ní bhainfear úsáid as na sonraí pearsanta ar fad a bhaileofar don phróiseas earcaíochta ach amháin chun críocha an nós imeachta sin agus ní dhéanfar iad a tharchur chuig aon tríú páirtí i gcás ar bith. Déileálfar le haon sonraí a chuirtear ar fáil faoi rún daingean agus de réir ardchaighdeán slándála. Na doiciméid uile a chuirfear ar fáil do EUDA le linn an nós imeachta earcaíochta, coinneofar i gcomhaid EUDA iad agus ní thabharfar ar ais d’iarratasóirí iad. Ní choinneofar doiciméid iarratais ach chomh fada agus a bheidh sé éigeantach chun ceanglais na nósanna imeachta iniúchóireachta/rialaithe is infheidhme maidir le EUDA atá ann cheana a chomhlíonadh.